Pota Focal Intergaelic
caib | clab | clic | climb | clip
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clib bheag a small tag
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
déantar an chlib sin a mhúchadh that tag is turned off
" Bíonn clib bheag ar gach earra atá ar díol sna siopaí sin agus déantar an chlib sin a mhúchadh ag an gcuntar tar éis do dhuine an t-earra a cheannach.
clibeanna frithghadaíochta anti-theft tags
" Go dtí seo is maighnéid agus comhpháirteanna simplí leictreonacha a bhí in úsáid sna clibeanna frithghadaíochta i siopaí.
clibeanna aitheantais radaimhinicíochta radio-frequency identification tags
" Tugtar clibeanna aitheantais radaimhinicíochta ar na gléasanna nua seo go teicniúil - agus giorraítear é sin go dtí "clibeanna RFID" de ghnáth.
scamall clibe. tag cloud.
" Taispeánann an t-inneall cuardaigh seo torthaí na gcuardach i bhfoirm scamall clibe.
clibeanna tags
" ie/) i bhfeidhm ag doladhroichid an M50 agus de réir tuairiscí sna nuachtáin, tá go leor daoine fós ag fanacht ar na clibeanna leictreonacha atá ordaithe acu.
chlib tab
" An rud is maith liomsa faoi *Audioboo* thar iPadio ná go bhfuil caighdeán na fuaime iontach agus gur féidir síntiús a ghlacadh in iTunes ar chlib ar leith in ionad a bheith ar chraoltóir amháin.
cuirtear clibeanna tags are put
" Sula dtéann siad ar ais, cuirtear clibeanna ar a n-eireaball, ionas go bhfuilimid ábalta gluaiseacht nó taisteal na rónta a thaifeadadh.
clib tag
" Na Duartain in Aisce ======== Is minic anois go mbíonn sé indéanta cóip a fháil go ‘mídhleathach’ nuair nach féidir aon ní a fháil go dleathach: féach mar shampla an clib TV ar do chuid iTunes: níl faic ann ach is féidir duartan a fháil den tsraith is nuaí ar teilifís áit ar bith ar domhan: ná caill do shobalchlár Filipíneach is ansa leat arís go brách! Nó an raibh tú féin chomh díomach is bhí mé féin faoi raon clár a bhí ar fáil ó Netflix nuair a seoladh iad le rí-rá mór anseo le déanaí? Is cinnte go luíonn bochtanas an rogha seo ag doras na gcomhlachtaí móra foilseacháin agus rialtas na tíre seo mar nach féidir leo réiteach a shocrú le leitheidí iTunes, Netflix, Spotify srl.
an chlib the tab
" Má giolcann siad, nó má fhreagraíonn siad giolc a bhfuil nasc go Amazon ann agus an chlib #AmazonCart leis, rachaidh an táirge luaite ann isteach ina gcart siopadóireachta.
clibeanna tags
" Tá impleachtaí maidir le príobháideacht ag na clibeanna atá comhlachtaí ag brath a chur ar earraí amach anseo, dar le Diarmaid Mac Mathúna.