Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
an chloch is mó ar a phaidrín his biggest concern, his priority
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
tá cloch eile ar a phaidrín something else is concerning him
" Agus anois, tá cloch eile ar a phaidrín.
an chloch ba mhó ar a bpaidrín the thing they were most concerned with
" Agus, ó thaobh reitrice ar aon nós, bhí athaontú na tíre mar an chloch ba mhó ar a bpaidrín.
Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín their biggest priorities
" Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná Foclóir Béarla-Ultais/Ultais-Béarla; suirbhé ar "chainteoirí dúchais" ina ndéanfaí téipeanna de na cainteoirí sin a thaifeadadh; aistriúchán Ultaise ar an Bhíobla; stóras leictreonach de litríocht na hAlbainise Uladh; seirbhís aistriúcháin agus córas don chaighdeánú litrithe agus nuathéarmaíochta.
Is iad na clocha is mó ar a paidrín her biggest priorities are
" Is iad na clocha is mó ar a paidrín ná an comhshaol, dí- armáil núicléach agus an eagraíocht The Chernobyl’s Children’s Project, a bhunaigh sí ag tús na nóchaidí.
ar an chloch is mó ar a phaidrín his first priority
" Fós féin, bhí an Ghaeilge ar an chloch is mó ar a phaidrín le linn na tréimhse úd: “Cé bhéarfas deimhin dúinn go mbeidh deis againn ar ball ar an rud sin a dhéanamh gur leasg linn tabhairt faoi san am i láthair? Measaim féin gur chiallmhaire go mór d’Éireannaigh a ndícheall do dhéanamh chun an méid is féidir dá gcruadh-bhearta do réiteach gan mhoill.
na clocha is mó ar a phaidrín his greatest concern
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
an chloch is mó ar a bpaidrín the most urgent matter
" Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh ná smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt? Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú lá i ndiaidh lae, an é an chloch is mó ar a bpaidrín (cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nó nath cainte brí má bhaintear barraíocht feidhme as.
an chloch is mó ar a bpaidrín their greatest concern
" Thuigfeá cad tuige nach mbeadh tógáil na macasamhla ar an chloch is mó ar a bpaidrín ag am nuair atá pinginí gann agus an bhróg ag teannadh ar gach aon eagraíocht.
an chloch is mó ar a phaidrín his greatest concern
" Ag Obadh Obama agus ag Neartú Netanyahu ================= Ní hamháin gurb é Iosrael an chloch is mó ar a phaidrín, ach is cosúil nach bhfuil cloch ar bith eile air.
an chloch is mó ar a phaidrín the greatest priority
" ” Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
an chloch ba mhó ar a bpaidrín their greatest concern
" Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!).
ina cloch is mó ar a bpaidrín is their greatest concern
" Chuige sin, is í an tSínis atá ina cloch is mó ar a bpaidrín – cé nach bhfuil a fhios ag cuid acu cén rud é an paidrín.
an t-airgead an chloch is mó ar a bpaidrín money is what they’re all about
" Déarfadh Comhairle Chontae Dhún na nGall nach bhfuil siad ach ag iarraidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a shaothrú, ach tá gach aon dealramh ar an scéal gurb é an t-airgead an chloch is mó ar a bpaidrín.
an chloch is mó ar a bpaidrín the matter which most concerns them
" An Dushlán ===== Tá aidhm ríthábhachtach ag an bpobal, ag bailte, agus ag tuismitheoirí an chloch is mó ar a bpaidrín agus a dtuairimí a chur in iúl don Rialtas agus an Roinn Oideachais.
Leag Siad Cloch ar a gCarn Féin the set a (commemorative) stone on their own mound
" Leag Siad Cloch ar a gCarn Féin ========== Tá Carn Tóchair luaite i dTáin Bó Cuailgne, fírice a thugann léargas duit ar a luaithe is atá na ‘*dreary steeples*’.
ar a fhágadh imircigh cloch upon which emigrants used to leave a stone
" Ag tarraingt ar bharr Chnoc Charn Tóchair, chonaic mé Carn na nImirceach, carn ar a fhágadh imircigh cloch agus iad ar a bhealach go Doire le himeacht chun na coigríche ar an bhóthar ársa a bhfuil a iarsmaí le feiceáil go fóill.