Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
searmanas an chlabhsúir the closing ceremony
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
Ag dúnadh an chiorcail Closing the circle
" ‘Ag dúnadh an chiorcail’ an t-ainm a bheas ar an turas sin.
úd sna soicindí deireanacha a try in the closing seconds
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
mar thoradh ar dhúnadh na monarchana as a result of the closing of the factories
" Agus mar thoradh ar dhúnadh na monarchana ar eastáit thionsclaíocha in áiteanna mar Croxteth, ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh.
dhúnadh na bearna closing of the gap
" “Tá sé ríthábhachtach dúinn taighde agus forbairt a dhéanamh go leanúnach ar na rudaí a bheas ag teacht chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de, ó thaobh riachtanais na gcraoltóirí de, i dtaobh an idirlín agus i dtaobh dhúnadh na bearna idir an teilifís agus an t-idirlíon.
dúnadh na carcrach closing (of) the jail
" Céasadh Ar ndóigh, i gcomparáid le rudaí eile a bhí ag déanamh scime do mhuintir Mheiriceá, ba rud sách beag é dúnadh na carcrach, ach ba léir go raibh Obama ag tabhairt leide.
druidim closing
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
ag teannadh linn closing in on us
" Ar nós an mharcaigh toinne, chonaic mé an tonn mhór ag teannadh linn i bhfad sular theagmhaigh sé linn.
dúnadh closing
" Theip orthu an Ghaeilge a athréimniú 1893-1965/71 (dúnadh na gCol.
Druidim closing
" Druidim Siopaí ======== Níl deireadh le héabhlóid an idirlín fós, ná baol air, ach sílim go dtuigfimid anois nach mbeidh sé chomh cinniúnach is a ceapadh ar dtús.
ag brú isteach closing in
" Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta.
ag druidim isteach ar an slua closing in on peoples’ space
" Brú, Bagairt is Béicíl gan Ghá ============= Ansin thosaigh siad ag béicíl agus ag drantú agus ag druidim isteach ar an slua a bhí fós ag caint agus ag comhrá i bhforsheomra an óstáin.
ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile closing one after the other
" Tá daichead ’s a cúig staisiún Garda druidte le mí anuas; tá siopaí ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile agus tá foirne peile gan imreoirí agus iad ag impí ar na seanimreoirí toggáil amach arís.
raibh an drochaimsir ag teannadh linn the bad weather was closing in on us
" Thug fear an tarrtháil sléibhe ag an ionad seiceála foláireamh dúinn go raibh an drochaimsir ag teannadh linn agus gur cheart a bheith ar an airdeall agus muid ag dul síos an mala go Loch Ochóige.
raibh am druidte ann it was closing time
" Shílfeadh duine go raibh am druidte ann, agus iad ag carnadh piontaí chucu féin.
ag druidim le closing on
" Cúltacaigh gach Ní! ======= Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil (agus táimid ag druidim le 20 bliain ó thosnaigh mé ann!) bhí cead againn aistí scríofa de láimh a thabhairt isteach.
le híoc as dúnadh na bportach lagáin to pay for closing the raised bogs
" An t-airgead mór a thug an Eoraip dúinn le híoc as dúnadh na bportach lagáin, caitheadh ar na bóithre é.
ag druidim closing
" "Sin ráite, ní hé go raibh an t-airgead againn lán tí de leabhair a cheannach Bhí an leabharlann áitiúil ag druidim agus cheannaigh Mamaí na leabhair seo uilig ar 10 nó 20 pingin an leabhar!" Faoi Oiliúint ag Mac Péice ============= Chomh maith leis an ábhar léitheoireachta, bhí neart ealaíne agus ceol i gcónaí sa teach.
dúnadh na lánaí tráchta closing of the traffic lanes
" An lá sin, d'fhoilsigh nuachtán eile as Nua-Gheirsí scéal a thug le fios go raibh dlúthbhaint ag an nGobharnóir Christie le dúnadh na lánaí tráchta ar Dhroichead George Washington trí mhí roimhe sin le linn feachtas atofa an uachtaráin.
dúnadh Tollán Mhuir nÍocht closing the Channel Tunnel
" B'ionann an gníomh agus dúnadh Tollán Mhuir nÍocht, nó dúnadh Aerfort Heathrow.