Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cúpla ball éadaigh a few items of clothing
" Cúpla ball éadaigh, glan ach fós fliuch, ag crochadh ón mála droma.
gan snáithe éadaigh without a stitch of clothing
" B'éigean dó gabháil thart san óstán i lár na hoíche agus gan earrach gan snáithe éadaigh idir é agus fuacht na hoíche ach drár a raibh spota buí ar a thóin.
ball éadaigh item of clothing
" Bhí dearcadh an-náisiúnach aige agus ba mhinic a bhíodh ball éadaigh á chaitheamh aige agus an dath buí air.
éide dhubh black clothing
" Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon.
gan toint ort without a stitch of clothing/naked
" "Féadann tú a freagairt gan mhoill nó ní thig leat a dhul chuig agallamh agus gan toint ort," arsa Emma.
ceirt piece of clothing
" Bhain sí an cluasán deis de m’athair—bhí pláta mór i lámh amháin aige, ceirt sa lámh eile.
tugadh éadaí cosanta isteach, protective clothing was brought in,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
ribe éadaí stitch of clothing
" Scáthbhrait agus scáthanna báistí móra; téitheoirí allamuigh; toilg; agus pluideanna fiú! Agus mar a dúirt mé – daoine áille – gach ribe éadaí a chaitheann siad ó dhearthóir éigin.
héadaí geimhridh winter clothing
" Bíonn sé te go minic an tráth seo bliana i bPáras, ag dearbhú go bhfuil an t-am tagtha finalement chun na héadaí geimhridh a chur i stóras.
An Sionnach i gCraiceann Caorach wolf in lambs clothing
" An Sionnach i gCraiceann Caorach ================== Ar ndóigh, tá an méid seo ag teacht salach ar mhaíomh Soros nach bhfuil aon bhaint aige le hIosrael.
an t-aon snáth glan, tirim the only clean dry clothing
" Chaith mé orm an t-aon snáth glan, tirim a bhí agam – t-léine bhán le muinchillí fada, agus sciorta dubh.
faoi cheilt ina gcuid éadaigh surreptitiously in their clothing
" “Tá cluinte agam go bhfuil sé de rún ag mná óga áille áirithe cóipeanna de na hirisí seo a thabhairt isteach agus iad faoi cheilt ina gcuid éadaigh, le dáileadh ar bhunadh an oileáin; ach beidh mise ag fanacht leo ar an ché le hiad a friskeáil.
ruainne ar bith den éadach sin a tiny piece of that clothing
" ** Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, ná fiú oiread is uinge den ór.
gléasta in éadaí carcrach dressed in prison clothing
" Bíonn roinnt daoine san arm craiceáilte gléasta in éadaí carcrach le reanna saighde orthu chun cur i gcuimhne don dream eile gur bunaíodh coilíneacht Bhriotanach abhus mar áitreabh pionóis agus gur de shliocht na gcimí iad na hAstrálaigh.
gléasta in éadaí an ochtú haois déag dressed in 18th century clothing
" Sheol aon bhád déag suas an cuan agus daoine go leor orthu gléasta in éadaí an ochtú haois déag.
gléasta in éide dhorcha dressed in dark clothing
" Go tobann ón láimh dheis, tháinig corradh le céad duine, iad gléasta in éide dhorcha agus thuig mé gur seo na Giúdaigh agus iad ag siúl i dtreo na seomraí gáis.
stiallacha éadaigh strips of clothing
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.
d’éadaí galánta i dtaisce of fine clothing in storage
" *’ Fear é seo a bhfuil slabhra de Neachtlanna Tirime aige! Agus feisteas fairsing d’éadaí galánta i dtaisce aige, gan trácht ar ghúnaí faiseanta - stuif nár tháinig éinne ar ais chun iad a bhailiú.
ghreamú ar éadach an pháiste to stick on the child’s clothing
" Nuair a théann an mháthair amach don chéad uair ba cheart nazar beag a ghreamú ar éadach an pháiste chun é a chosaint.
cibé ball éadaigh eile whatever other piece of clothing
" Agus comhairlíonn siad caipín, pluid, stocaí, seaicéad nó cibé ball éadaigh eile a chur uirthi go dti mbíonn sí chomh te le hoigheann! Fásann na páisti suas agus faitíos orthu roimh an bhfuacht, ar ndóigh.
i leith éadaí ban in regard to women’s clothing
" Is léir go raibh an tsúil ghéar ag Balenciaga agus go raibh an-chumas ann i leith éadaí ban ar shlí a bhí tarraingteach agus álainn, slí a léirigh áilleacht agus meanma áirithe an duine sin.
shaibhreas an éadaigh the wealth of the clothing
" Déanann a cuid éadaí galánta coimhthíoch codarsnacht le héadaí bána uirísle na beirte eile agus tarraingíonn sé ár n-aird arís ar shaibhreas an éadaigh.
a arm agus a éide his weapons and clothing
" Ní bhíodh de shaoltacht ag gach ridire acu ach a arm agus a éide agus a chapall, agus ní bhíodh de chuallacht aige ach a ghiolla.
ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh the business of used clothing charity(-ies)
" Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.