Pota Focal Intergaelic
C | ceo | cob | coc | cod
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An Rinn Ring, Co. Waterford
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
chomhordaitheoir co-ordinator
" Thosaigh mé ag obair leis an eagraíocht i 1994, mar chomhordaitheoir ar an bhFéile Phan-Cheilteach ar dtús.
ag comhoibriú co-operating
" Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith "ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.
comhoibriú idirnáisiúnta international co-operation
" Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda.
Comharchumann co-operative
" Chuir sé isteach ar phost mar bhainisteoir le Comharchumann Dúiche Sheoigheach i gConamara i mí Dheireadh Fómhair 1973, fuair sé é agus chuaigh i mbun oibre ar an 2 Eanáir 1974, áit ar fhan sé go dtí an lá deireanach de 1991.
ag comhoibriú co-operating
" Bhí an t-ádh orainn go raibh eagraíocht chultúrtha darb ainm Cantref gníomhach sa cheantar agus le cúpla bliain anuas tá muid ag comhoibriú leosan agus leis an chomhairleoir áitiúil Elwyn Edwards (Plaid Cymru) sa scéim chun leacht cuimhneacháin cuí a thógáil.
chomhoibriú co-operation
" "Ar cúl, tá pictiúir de dhroichid a sheasann do chomhoibriú, ní hamháin laistigh den Eoraip ach leis an gcuid eile den domhan chomh maith" de réir an Bhainc Ceannais.
chomharchumann co-operative
" Plean an-simplí atá ann - rud a rinne mórán grúpaí eile trí na blianta (na *Mounties*, múinteoirí meánscoile, ceoltóirí traidisiúnta, grúpaí Críostaí): píosa talaimh a cheannach mar chomharchumann chun laethanta saoire a chaitheamh le chéile.
comhtharlúint co-incidence
" Polasaí nua ======= Is cinnte go mbeidh an-tóir ar an taispeántas seo agus, dár ndóigh, ní comhtharlúint é go bhfuil an gailearaí ag gearradh táille ar dhaoine ar mian leo cuairt a thabhairt air, an chéad uair a tharla sé seo i gcás an Ghailearaí Náisiúnta.
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
comhoibriú co-operation
" Na laethanta seo, tá comhoibriú níos fearr idir Gaeilgeoirí na hAstráile, ach is fadhb mhór dúinn i gcónaí an fhad atáimid óna chéile.
Comhordnóir co-ordinator
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is mé Comhordnóir an tionscadail Breacadh.
Comhar na gcomarsan neighbourly co-operation
comhoibriú co-operation
" Tá díomá air, áfach, nach bhfuil comhoibriú níos fearr idir iad féin agus na meáin Ghaeilge eile.
Eidhneach Inagh, Co. Clare
" Bhí tionchar mór ag a athair Gilbert air, le ceol a tháinig anuas ón bpíobaire dall as Eidhneach, Garret Barry.
chomhtharlúint co-incidence
" Trí chomhtharlúint, bhí siad sa tuaisceart ag an am.
Teamhair The Hill of Tara, Co. Meath
" Bhuail seisean isteach gan choinne le buíochas a chur in iúl do Chathal as ucht dán a chur ar fáil dó le léamh ag pósadh faoin aer i dTeamhair an deireadh seachtaine roimhe sin.
ag comhoibriú co-operating
" Dúirt Willie Hay, a bhí mar Ard-Mhéara ar Dhoire lá den tsaol, go bhfeicfeadh sé an t-am nuair a thiocfadh le páirtí s'aige bheith ag comhoibriú le Sinn Féin.
ag comhscríobh amhrán co-writing songs
" " Chomh maith le bheith ag cumadh dánta, tá de Paor ag comhscríobh amhrán lena sheanchara scoile, an t-amhránaí John Spillane, le roinnt mhaith blianta anois fosta.
Comhtharlúint co-incidence
" Comhtharlúint, nó díreach in am do na príomhfheasacháin nuachta ar chósta thoir na Stát Aontaithe? "Éirí amach" Bhasra.
Comharchumann Forbartha Development Co-operative
" Níos deise de bhaile, tá Comharchumann Forbartha ar an oileán le thart fá 30 bliain anois agus bainisteoir gairmiúil fostaithe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha a bhrú chun cinn.
comhoibriú libh to co-operate with you
" "Tá ceannaireacht Shinn Féin sásta agus toilteanach comhoibriú libh," arsa Martin McGuinness ag an Ard-Fheis.
chomhordanáidí na bhfón the co-ordinates of the phones
" Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón.
Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma The Leitrim Organic Farmers Co-operative
" Thosaigh cuid acu ar fheirmeoireacht nó garraíodóireacht orgánach, ansin bunaíodh Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma .
chomhordaitheoir for-rochtana outreach co-ordinator
" Cithfholcadán múirín ======= Chuaigh mé thart ar an ionad le Hans Wieland, atá ag obair ansin mar chomhordaitheoir for-rochtana.
comhtharlúint co-incidence
" comhtharlúint ======= Thug mé faoi deara comhtharlúint nuair a bhí mé ag léamh *Borstal Boy* le Brendan Behan 30 bliain ó shin.
comhoibriú co-operation
" Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i mbaol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.
comhoibriú co-operation
" Léiríonn na páipéir oifigiúla seo go raibh comhoibriú suntasach idir an Roinn Cosanta anseo agus MI6 le linn an Dara Cogaidh Domhanda, ach go raibh eagla ar Rialtas na Breataine go dteipfeadh air seo dá mbeadh easaontas sa todhchaí idir an dá thír.
comhoibriú co-operate
" Go bunúsach, le tamall anuas ní raibh siad sásta comhoibriú leis na ceardchumainn sa choláiste, NATFHE agus UNSION, i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, cé go bhfuil dualgas orthu, de réir an dlí (Health and Safety at Work Act 1974), é sin a dhéanamh.
comhordú co-ordination
" Mar shampla, is gá eagrúchán a dhéanamh ar an tSeachtain, dearadh a dhéanamh ar fhoilseacháin na Seachtaine, comhordú a dhéanamh ar na himeachtaí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do na grúpaí atá ag eagrú imeachtaí, airgeadas a láimhseáil, urraíocht a fháil, déileáil leis na meáin chumarsáide, srl.
Dala go leor dá chomhoibrithe like many of his co-workers
" Dala go leor dá chomhoibrithe, bhí caighdeán maith maireachtála ag Buckley; d'óladh sé cúpla pionta tar éis na hoibre agus bhaineadh sé sult as cluichí spóirt ag an deireadh seachtaine.
chomhléiriú co-production
" Rinneadh é mar chomhléiriú idir Telegael in Éirinn; Porchlight Entertainment agus Discovery Channel in L.
dá chomhoibrithe of his co-workers
" Ar an 11 Meán Fómhair, 2001, fuair McEneaney bás i gcuideachta go leor dá chomhoibrithe.
comhbhunaitheoirí co-founders
" An mhí seo caite, rinne duine de na comhbhunaitheoirí, Larry Sanger, nach bhfuil bainteach leis an suíomh a thuilleadh, gearán agus labhair faoi "iontaofacht éagothrom".
as lámh a chéile in co-operation
" Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil.
rud a chothaigh spiorad iontach comhair something which fostered a great spirit of co-operation
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
comhoibrithe co-workers
" Níl suim agam a bheith ag caitheamh anuas ar oifigigh ar comhoibrithe de mo chuid iad nó atá i gceannas orm.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
de thoradh ar chomhoibriú as a result of co-operation
" Is cosúil gur de thoradh ar chomhoibriú idir na Australian Federal Police (AFP) agus póilíní na hIndinéise a gabhadh iad.
chomhoibriú le náisiúnaithe eile co-operation with other nationalists
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
i gCill Dhéagláin in Ashbourne [Co. Meath
" Antaine Ó Faracháin: A Bhernadette, tá coróin “Rós Fodhla” á caitheamh agat anois, agus comhghairdeachas leat, ach cén chaoi ar tharla sé gur chuir tú isteach ar an gcomórtas sin ar an gcéad dul síos? Bernadette Nic Gabhann: Bhuel, tá an-bhaint agam féin agus ag mo mhuintir leis an teanga agus leis an gcultúr anseo i gCill Dhéagláin.
comhoibriú co-operation
" Tá súil agam go mbeidh coistí Gaeilge á laidriú ar fud an chontae, agus go mbeidh comhoibriú ar siúl leo chun gur féidir leo imeachtaí a reáchtáil ina gceantar féin.
comhordanáidí co-ordinates
" Tá bunachar sonraí *geolocation *mór ag an tSuirbhéaracht Ordanáis agus an An Post, ina bhfuil comhordanáidí beachta gach foirgnimh sa tír, cheana féin.
comhordanáidí co-ordinates
" Tá bunachar sonraí *geolocation *mór ag an tSuirbhéaracht Ordanáis agus an An Post, ina bhfuil comhordanáidí beachta gach foirgnimh sa tír, cheana féin.
ag comhoibriú co-operating
" Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil.
comhoibriú trasteorann cross-border co-operation
" Bheadh comhoibriú trasteorann ann go fírinneach agus tá an dá áit chomh gar sin dá chéile nach mbeadh fadhb taistil ag duine ar bith.
Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha Cultural Co-operation And Touring
" Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Ealaíona Deonacha Éireann agus Voluntary Arts Wales/Celfyddydau Gwirfoddol Cymru, le tacaíocht ó CCAT (Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha), an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
comhbhunaitheoir co-founder
" Agus tá a lán saineolaithe bainteach léi anois; is riarthóir é Michael Everson, mar shampla, comhbhunaitheoir an Chaighdeáin *Unicode *agus duine a bhí fostaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun clónna ríomhaire a chruthú do theangacha mionlaigh.
Chomhordaitheoir Acadúil Academic Co-ordinator
" Cén ról atá agat féin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (AOG) agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Chomhordaitheoir Acadúil san Acadamh le bliain nó mar sin.
comhoibriú co-operation
" ” Deir sé gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh sé nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez.
gan comhoibriú not to co-operate
" Tá siad ag rá freisin gurb é polasaí an rialtais gan comhoibriú le póilíní thar lear i gcásanna go bhféadfaí pionós báis a ghearradh ar dhaoine as an Astráil.
comhoibriú co-operation
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
comhordaitheoir an tionscadail the co-ordinator of the project
" Cén ról atá agat féin in An Droichead agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise comhordaitheoir an tionscadail, rud a chiallaíonn go bhfuil mé (a) freagrach as bainistiú na foirne agus an lárionaid, (b) i mbun cúrsaí airgeadais agus scríobh iarratas maoinithe, agus (c) mar stiúrthóir laethúil na heagraíochta iomláine.
comhoibriú trasteorann cross-border co-operation
" Tá siad ag tuar má bhíonn trí mhórchomhairle náisiúnacha in iarthar na Sé Chontae, go mbeidh na comhairlí sin ábalta an comhoibriú trasteorann a chur chun tosaigh diaidh ar ndiaidh agus gur Éire Aontaithe *de facto* a bheas ann dá bharr roimh i bhfad.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag comhoibriú co-operating
" Feachtas mór poiblíochta a bheas ann agus tá leithéidí Fhoras na Gaeilge, Chonradh na Gaeilge, Sheachtain na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag comhoibriú linn.
a n-iar-chomhoibrí their former co-worker
" Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha.
an cur chuige comhoibríoch seo this co-operative approach
" Laghdaíonn an cur chuige comhoibríoch seo an t-ualach oibre go mór! Tugann an cur chuige seo i bhfoireann deis do a lán eagraíochtaí beaga leas níos mó a bhaint as an idirlíon.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
a chomhordú to co-ordinate
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Coláiste na nGael? Tá duine proifisiúnta, lánaimseartha de dhíth orainn chun an obair atá tosaithe againn a chomhordú, a chur chun cinn agus a leathnú mórthimpeall na hEorpa agus níos faide.
ag comhoibriú co-operating
" Tarlaíonn sé sin, go mí-ámharach, i gcásanna nach bhfuil na tuismitheoirí sásta bheith ag comhoibriú leat.
a n-iar-chomhoibrí their former co-worker
" Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha.
comharchumann grianghrafadóireachta photographic co-operative
" com), comharchumann grianghrafadóireachta a bunaíodh i 1947.
an cur chuige comhoibríoch seo this co-operative approach
" Laghdaíonn an cur chuige comhoibríoch seo an t-ualach oibre go mór! Tugann an cur chuige seo i bhfoireann deis do a lán eagraíochtaí beaga leas níos mó a bhaint as an idirlíon.
a chomhordú to co-ordinate
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le Coláiste na nGael? Tá duine proifisiúnta, lánaimseartha de dhíth orainn chun an obair atá tosaithe againn a chomhordú, a chur chun cinn agus a leathnú mórthimpeall na hEorpa agus níos faide.
comhoibriú rúnda secret co-operation
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
cur chuige comhordaithe co-ordinated approach
" “Is é an t-athrú atá anois ann ná go bhfuil cur chuige comhordaithe idir an Roinn (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus an tÚdarás agus, lena chois sin, tá ciste ar leith airgid curtha ar fáil san Údarás le cúig bliana anuas.
comhoibriú leo to co-operate with them
" Mhol sé dom comhoibriú leo, ach labhairt leo i stáisiún na bpóilíní.
féidearthachtaí comhoibrithe co-operation possibilities
" Ní nach ionadh, chuir Feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
lena gcomhoibrithe with their co-workers
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
ag comhoibriú co-operating
" Ach má shásaítear Sinn Féin ar cheist na póilíneachta, tá sé geallta ag Paisley go dtosóidh sé ag comhoibriú leo.
ar féidir comhoibriú leis. with whom one can co-operate.
" Ní bean choimhlinte in aon chor mé, ach chaithfinn a rá, ó thosaigh mé ag obair le *Village*, is é an taithí atá agam ná gur duine é Vincent ar féidir comhoibriú leis.
an easpa comhoibrithe the lack of co-operation
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
comhoibriú le chéile to co-operate with each other
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
ón gcomhoibriú from the co-operation
" “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.
Comharchumann ban a women's co-operative
" Comharchumann ban a bhí agus atá ann, agus shíl na dílseoirí gur sprioc easca é.
comhordú co-ordinating
" Agus ná habair faic faoin dualgas atá ar an tír astuithe carbóin a laghdú! Mar sin, cá háit ar féidir linn smaointeoireacht chomhtháite a fháil? Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair, Martin Cullen, Údarás Iompair Átha Cliath a chur ar bun, chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí iompair sa chathair.
ag feidhmiú mar chomhordaitheoir acting as co-ordinator
" Bím ag feidhmiú mar chomhordaitheoir idir Comhairle Ealaíon na hÉireann agus na Comhairlí Ealaíon ar fud an domhain, na hambasáid agus na hinstitiúidí cultúrtha.
an comhoibriú neamhráite sin that unspoken co-operation
" Is é an comhoibriú neamhráite sin idir oifigigh an chomhairimh agus an pobal a thugann an tallaí dúinn.
comhoibriú co-operation
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
comhoibriú leis an aos óg to co-operate with the young people
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
sa chomhoibriú seo, in this co-operation,
" Creideann an bheirt againn sa chomhoibriú seo, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil baint ag daoine éagsúla ón dá thaobh den phobal leis.
comhoibriú lena chéile. to co-operate with each other.
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
cómhaireachtáil shíochánta peaceful co-existence
" Ar leibhéil áirithe, bheifeá ag súil nach mbeadh comhoiriúnacht idir aidhmeanna agus nósanna na ngrúpaí éagsúla thuasluaite, ach le linn ár dtréimhsí ansin feictear dúinn go bhfuil cómhaireachtáil shíochánta eatarthu, agus go bhfuil siad ag tarraingt go han-mhaith lena chéile.
a chomhordú, to co-ordinate,
" Déanann an Council for Scottish Archaeology an clár a chomhordú, agus eagraíonn grúpaí deonacha cuid mhaith de na himeachtaí.
barraíocht comhoibrithe too much co-operation
" Ach nach é *raison d'être* na ngunnaí céanna an tAontas a choinneáil slán? Cad é a tharlódh dá measfadh an UDA go raibh barraíocht comhoibrithe ag dul ar aghaidh idir an dá stát ar an oileán seo? Nach é a ndualgas é Ulaidh a shábháil ó dhaorsmacht phoblachtánach, nó an bhfuil dearmad déanta acu ar “an cheist náisiúnta”.
féidearthachtaí comhléirithe co-production possibilities
" ”Fadhb eile atá ann ná an drogall atá ar chuid acu páirtíocht a bhunú le comhlachtaí eile, nó féidearthachtaí comhléirithe a fhiosrú.
ag comhoibriú san Fheidhmeannas, co-operating in the Executive,
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
an comhoibriú the co-operation
" Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann.
a chomhbhunaigh who co-founded
" Fir agus mná den traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
Chuir sé muinín ina chomhoibrithe he placed trust in his co-workers
" Chuir sé muinín ina chomhoibrithe agus thug sé saoirse dóibh ina gcuid oibre le go dtiocfadh siad faoi bhláth.
comhoibriú co-operation
" Tá dúshláin roimh Fhoras na Gaeilge nach féidir a shárú gan comhoibriú a bheith i gceist leis na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an Ghaeilge ar bhonn laethúil.
comhordú na seirbhísí éigeandála co-ordination of the emergency services
" Mar gheall ar go n-úsáidtear satailítí le grianghraif a thógáil ón spás, is féidir eolas a bhailiú go tapa agus cabhraíonn na seirbhísí teileachumarsáide le comhordú na seirbhísí éigeandála agus iad i mbun tarrthála.
a chomhordú co-ordinate
" Déanann Seachtain na Gaeilge na himeachtaí seo ar fad a chomhordú ina mbunachar sonraí agus cuireann siad tacaíocht ar fáil do dhaoine, do scoileanna agus do ghrúpaí éagsúla ar mian leo a bheith páirteach san fhéile.
ag comhoibriú co-operating, working with
" Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.
ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú looking to find opportunities for co-operation
" Níos tábhachtaí fós, beidh lucht na comhdhála ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú a chuirfidh ar ár gcumas ár misean coitianta a chur i gcrích.
comhordú ceart proper co-ordination
" Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí.
comhoibriú co-operation
" Is éard atá i gceist ná go mbeidh gach eagraíocht a bheas lonnaithe sa lárnionad i mbun a gcuid oibre féin, ach go mbeidh comhoibriú i gceist idir na heagraíochtaí sin nuair is cuí.
comhoibriú struchtúrtha structural co-operation
" Cé go mbeadh sé de chumhacht ag an stát seo fanacht amuigh as gníomhaíocht mhíleata, tá próiseas nua le tabhairt isteach ar a dtabharfaí comhoibriú struchtúrtha a ligfeadh do chuid de na stáit teacht le chéile i mion-chomhghuaillíochtaí le cead, le hairgead agus le háiseanna iompair an AE.
comhoibriú breithiúnach judicial co-operation
" Bhainfeadh na cinntí seo le réimsí chomh leathan le fuinneamh, tearmann, inimirce, comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus cúrsaí spóirt.