Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tugtha don chócaoin addicted to cocaine
" Bhí turas timpeall Havana againn le tiománaí a bhí tugtha don chócaoin agus a bhí ag tiomáint go han-dainséarach.
andúileach cócaoin cocaine addicts
" I 1986, d'fhreastail trí dhuine dhéag ar an ionad ach faoi 1988 bhí 29 andúileach cócaoin ag freastal air.
ag snortáil cóic snorting cocaine
" Ná tar ar ais chugam le scéal eile faoi Mhicheál Ó Muircheartaigh ag snortáil cóic amach as Corn Sam Mhic Uidhir, nó faoi Joe Mac Donncha ag tabhairt óráide a mhair níos lú ná sé uair an chloig.
cóicín cocaine
" Taispeánann figiúirí de chuid an Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí do 2002/2003 gur bhain suas le 5% de dhaoine óga idir 15-34 bliain triail as cóicín ar a laghad uair amháin.
tugtha don chóicín addicted to cocaine
" Tháinig méadú ar an líon daoine ar cuireadh cóir leighis orthu de bharr iad bheith tugtha don chóicín ó 86 i 1998 go 155 in 2002, agus mhéadaigh an líon daoine a raibh fadhb acu leis an eacstais ó 835 i 1998 go 1,615 in 2002.
cóicín cocaine
" Ach bhí sé rómhall – rug na póilíní orthu agus níos moille fuair muid amach an fáth go raibh siad chomh callánach sin: bhí lear mór cóicín ina seilbh.
droch-chóicín bad cocaine
" Faoiseamh ó amaidíocht Lanzarote – deoch, damhsa, droch-chóicín, drochghnéas Agus níos measa fós - drochghigeanna.
scéal an chóicín. the story of cocaine
" Is millteanach an scéal é scéal an chóicín.
a bhuíochas sin don chóicín ar fad thanks to all of the cocaine
" *(Tá sorry orm, a eagarthóir!)* Ní raibh Nollaig bhán ann ar fud na tíre, ach bhí an Nollaig bán go leor in áiteanna áirithe, a bhuíochas sin don chóicín ar fad a bhí dá smúradh ag liúdair agus ag óinseacha agus ag gamail na hÉireann.
líonta le cócaon, filled with cocaine,
" Thuirling na scairdeitleáin agus airm ar bord do na *Contras*, agus d’imigh siad leo arís líonta le cócaon, ag triall ar chathracha na Stát Aontaithe.
le haicíd an chócaoin with the disease of cocaine
" Ba é rialtas nua na Bolaive a chuir tús le haicíd an chócaoin sna Stáit Aontaithe, dar le Michael Levine, iaroifigeach de chuid DEA agus údar *The Big White Lie*.
i measc burlaí cócaoin amongst wads of cocaine
" Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin! Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile.
ag caitheamh cnagchócaon using crack cocaine
" Thosaigh na raflaí thart ar bhliain ó shin: tá físeán ann de Rob Ford a thaispeánann an méara ag caitheamh cnagchócaon in éineacht le cúpla duine eile.
cócaon cocaine
" Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag tógáil an druga cócaon, ach níl iarracht cheart á déanamh ag an stát dul i ngleic leis an bhfadhb.
scéal an chóicín. the story of cocaine
" Is millteanach an scéal é scéal an chóicín.