Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i rith na gcogaí domhanda during the world wars
" I dtaca leis Am Mòd (nó "tionól" sa Ghaeilge), tá sé bunaithe le fada agus rinneadh céad bliain na féile (bhí sos ann i rith na gcogaí domhanda) a cheiliúradh anuraidh san Oban, Earraghàidheal.
an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda the First and Second World Wars
" * Le linn an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda rinneadh an deilbhín as plástar mar chomhartha tacaíochta don fheachtas náisiúnta cogaidh.
ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda in which the wrongs of the Second World War will be remembered
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.
Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda. Six million Poles died as a result of the Second World War.
" Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda.
sna cogaí domhanda in the world wars
" Bíonn "Little Britain"* *le feiceáil ar TVNZ, agus bíonn na buachaillí scoile (fiú agus iad aois na hardteiste) gléasta i mbríste gearr agus stocaí fada ar nós Shasanaigh na ndaichidí! Ach i ndáiríre, tá an bhratach seo ríthábhachtach do go leor daoine sa Nua-Shéalainn, mar go gcuimhníonn siad ar thraidisiúin a sinsear agus ar shaighdiúirí sna cogaí domhanda (seanaithreacha, aithreacha agus uncailí na glúine atá sa tír faoi láthair).
i rith na gcogaí domhanda, during the world wars,
" Ach is cuan mór nádúrtha den scoth é Caolas Chrombaidh, agus i rith na gcogaí domhanda, ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é.
na cogaí domhanda the world wars
" Shílfeá go gcaithfeadh na cogaí domhanda na ciníocha le chéile, agus b'fhéidir gur chaith.
Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda Poland suffered greatly because of the world wars
" Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin.
Dara Cogadh Domhanda Second World War
" Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin.
ach amháin le linn na gCogaí Domhanda except for during the World Wars
" Tá na cluichí á n-eagrú acu chuile bhliain ó shin i leith, ach amháin le linn na gCogaí Domhanda.
Cogadh Domhanda World War
" Agus má ionsaítear an Iaráin, chuile sheans go gcuirfear tús leis an Tríú Cogadh Domhanda.
Dara Cogadh Domhanda WWII
" Tá ionchas saoil níos faide ann anois ag daoine sa Fhrainc thar mar a bhí ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.
dara cogadh domhanda second world war
" Is cathair í Brest a d’fhulaing go mór ag deireadh an dara cogadh domhanda, nuair a scriosadh an chuid is mó de na foirgnimh ag buamaí Mheiriceá.
dara Cogadh Domhanda WWII
" Tá siad mórtasach as an chaoi ar sheas an Fhionlainn an fód i gcoinne an Airm Dheirg le linn an dara Cogadh Domhanda.
cogaí domhanda world wars
" Throid saighdiúirí na dtíortha gualainn ar ghualainn sna cogaí domhanda agus i gcogaí eile sa chéad seo caite.
an dara chogadh domhanda the second WW
" Bhí an tUachtarán ansin le labhairt mar “fhíorspiorad na hÉireann” agus d’aithin sí go raibh an Ardeaglais a leagadh le linn an dara chogadh domhanda mar chomhartha den mhaithiúnas agus den chaoinfhulaingt.
Dara Cogaidh Domhanda WWII
" Luaigh sé fosta Alan Turing, fear den dís a d'fhuascail an cód Enigma le linn an Dara Cogaidh Domhanda.
Dara Cogadh Domhanda i leith WWII up to the present
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
an dara cogadh domhanda WWII
" Cás-Staidéar a 1: Guatamala ============== Bhí Guatamala ar an líon beag tíortha i Meiriceá Laidineach a raibh tréimhse dhaonlathach ann i ndiaidh an dara cogadh domhanda.
an dara Cogadh Domhanda WWII
" Léiríonn sé arís dúinne, an ghlúin nach bhfuil cuimhne againn ar an dara Cogadh Domhanda, agus don ghlúin níos óige fós nach bhfuil cuimhne acu ar an Chogadh Fhuar, chomh contúirteach uafásach is atá na hairm eithneacha.
Dara Cogaidh Domhanda WWII
" Bhí an triúr ag déanamh bolscaireachta do scannán nua, *The Monuments Men*, atá dírithe ar bhuíon ón Dara Cogaidh Domhanda a bhí freagrach as saothar ealaíne, a ghoid na Naitsithe, a aimsiú agus a shaoradh, nuair a dúirt Clooney, go mbeadh sé cui agus cóir (agus iad ag caint faoi ealaín chreachta) dá dtabharfadh Iarsmalann na Breataine an saothar sin ar ais do phobal na Gréige.
Cogadh Domhanda World War
" Táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh agus tá an chuma ar an scéal gur gairid uainn an Tríú Cogadh Domhanda dar le Maidhc Ó Cathail.