Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhtharlúint shuimiúil an interesting coincidence
" Nuair a léann tú giota eolais mar sin i nuachtán bíonn an dealramh air nach bhfuil ann ach comhtharlúint shuimiúil.
Comhtharlú coincidence
" Comhtharlú??? Táthar ann a déarfadh nach ea.
comhtharlúint coincidence
" Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s'acusan agus an SDLP? I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae.
comhtharlúint coincidence
" Tá roinnt mhaith macallaí d'Éirinn le fáil anseo, agus ní comhtharlúint atá i gceist.
comhtharlú coincidence
" Tchím féin é le mo mhac 19 mí d'aois, Neil Óg; tá rian amháin a sheinnim dó san oíche, comhtharlú atá ann gur píobaí agus ceolfhoireann atá i gceist, agus tá a fhios agam go cinnte go gciúnaíonn sé síos é - níl a fhios aige cén dígh nó cén fáth ach téann sé isteach ann agus tá a shaol níos fearr dá bharr.
Is ar éigean gur comhtharlúint é it's hardly a coincidence
" Is ar éigean gur comhtharlúint é gur tharla an méadú seo ag an am céanna is a mhéadaigh costas na dtithe 194%.
chomhtharlú coincidence
" Mar chomhtharlú breá, tá gá le ríomhairí an-chumhachtacha chun é sin a dhéanamh i gceart.
trí chomhtharlúint by coincidence
" Go mí-ámharach, áfach, cailleadh an t-údar agus go gairid ina dhiaidh sin foilsíodh leabhar faoina shaol ina raibh (trí chomhtharlúint) an-chuid den eolas céanna a bhí bailithe ag Bríd.
Dearbhchomhtharlú glan a total and utter coincidence
" Dearbhchomhtharlú glan amach is amach é gur ionadaithe de chuid an pháirtí pholaitíochta chéanna iad an ceathrar seo, agus nach gcaitheann duine ar bith acu léine ghorm ná rós dearg.
chomhtharlú teagmhasach fortuituous coincidence
" Agus ansin, mar chomhtharlú teagmhasach, bhí eagraíocht Éireannach i gCanberra, Cairde na hÉireann, ag déanamh iarrachta rang Gaeilge a bhunú agus iarradh orm cabhrú leo.
comhtharlúint coincidence
" " B'fhéidir, ar ndóigh, gur comhtharlúint atá ann gur fógraíodh an plean ag an am seo.
trí chomhtharlúint iomlán through a total coincidence
" Féach ar an bhfoirgneamh," a deir sé, agus muid, trí chomhtharlúint iomlán, ag tiomáint thart leis.
chomhtharlúint coincidence
" Deir mo mháthair go gcuirinn ceisteanna teicniúla uirthi de shíor! 'Cad as a dtagann an solas nuair a bhrúnn tú ar an lasc?' agus 'Cén fáth a dtagann an t-uisce amach nuair a chuireann tú an sconna ar siúl?' Bhíodh sí bréan díom agus de na ceisteanna sin!" B'innealtóir é a hathair agus, trí chomhtharlúint, bhí sé ag obair san earnáil teileachumarsáide fosta - i mbun cúrsaí traenála in Telecom Éireann.
trí chomhtarlúint iomlán through a total coincidence
" Mar sin, conas a tharla sé gur chaith sé na blianta ag obair le Gael Linn - an t-eagras Gaeilge is tábhachtaí sa tír ag an am? “Tharla sin trí chomhtarlúint iomlán,” a deir sé.
comhtharlúint coincidence
" ” B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
chomhtharlúint coincidence
" Is aisteach an chomhtharlúint é gur as an gcontae sin triúr de na fir is gníomhaí i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i nGaillimh ó na seachtóidí ar aghaidh: Pól Ó Foighil a bhásaigh le gairid, Pádraig Ó hAoláin atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus Donncha féin.
comhtharlúint coincidence
" ” B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
Comhtharlúint coincidence
" Comhtharlúint? Ní dóigh liom é! Cén fhad a bheidh sé go dtí go mbeidh an craoltóir náisiúnta sásta an scéal seo a insint? *As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail.
comhtharlúint coincidence
" An comhtharlúint é go bhfuil na scéalta seo sa nuacht ar lá foilsithe thuarascáil an IMC? Níl mé ag rá, dar ndóigh, nach ann don smuigleáil phoblachtánach ach is cuid de cheist chasta í.
trí chomhtharlú by coincidence
" Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.
trí chomhtharlú by coincidence
" Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú.
Mar chomhtharlú, by coincidence
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
faoin chomhtharlú about this coincidence
" Níl a fhios agam cé acu an raibh a fhios acu faoin chomhtharlú seo nuair a bhuail siad lena cheile i mBaile Átha Cliath.
trí chomhtharlú through coincidence
" Is ceoltóir mé agus tharla sé, d'fhéadfá a rá, trí bhotún nó trí chomhtharlú go raibh mé páirteach i scannáin cúpla uair.
comhtharlú coincidence
" ” B’fhéidir gur comhtharlú é, ach téann fréamhacha ‘intleachtacha’ na nuachoimeádach siar go Chicago chomh maith, áit a raibh Richard Perle agus Paul Wolfowitz i measc an chaidre de mhic léinn a bhí ag an Ollamh Albert Wohlstetter in Ollscoil Chicago.
comhtharlú coincidence
" Maíonn na Daonlathaigh (páirtí an rialtais faoi láthair) nach bhfuil ann ach comhtharlú, ach, agus an ceistiú seo ar siúl os comhair coiste seanaid, tá díospóireacht ar siúl ar urlár an tseanaid faoi reachtaíocht nua a chuirfeas srian ar na comhluchtaí móra.
chomhtharlú coincidence
" Ní foláir nach aon chomhtharlú é caint den saghas seo agus an laghdú atá ag teacht ar bhuiséid chúnaimh na dtíortha saibhre le blianta beaga anuas.
gcomhtharlúint coincidence
" D'fhógair Google an tseachtain seo i gcomhtharlúint (mar dhea) go bhfuil Google+ anois ar oscailt do chách; go dtí an tseachtain seo, bhí gá le cuireadh ó úsáideoir eile de chuid Google+.
Comhtharlú staire a coincidence of history
" Comhtharlú staire a bhí ann mar sin.
comhtharlúint dochreidte an incredible coincidence
" Léigh mé cáinteoir amháin a rinne mórán de rud gur comhtharlúint dochreidte a bhí ann gur tharla seo ar ócáid comórtha 60 bliain ó bhás Turing.
gcomhtharlúint dochreidte an unbelievable coincidence
" Aon Bhuille Amháin le Toradh Taighde Datalogix ======================== Ansin an tseachtain seo caite i gcomhtharlúint dochreidte d’fhógair Twitter agus Facebook céimeanna chun tosaigh fá choinne siopadóireacht ar líne.