Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
choire cauldron
" Anois nuair a chaitheann tú Iosrael agus an Phalaistín, an Rúis agus an tSín isteach sa choire céanna tá stobhach sách spíosrach agat.
ag fágáil na coire sin orm attributing that crime to me
" "Nach bhfuil tusa ar fad ag fágáil na coire sin orm.
déantóir coire commiter of crime
" Ach cad é mar is féidir *modus vivendi *a chothú má tá an chodarsnacht íospartach/déantóir coire beo beathaíoch? Caithfidh poblachtánaigh bheith ábalta níos mó ná "seo na fáthanna gur mharaigh muid do Dhaidí" nó "phléasc muid do chosa ó do cholainn mar rinne an RUC seo nó siúd" a rá.
lucht déanta na coire perpetrators
" "Ní íospartaigh muid anois ach lucht déanta na coire, nó lucht féachana nach bhfuil sásta focal a rá.
coire boiler
" Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am agus, le linn dó a bheith ag déanamh a mhúin, bhí sé mar a bheadh uisce as coire a bhí á bhrú amach aige.
ag fiosrú na coire. investigating the crime.
" Ach ba é ab iontaí faoin eachtra ná gur cháin Gerry Adams agus Martin McGuinness an dúnmharú agus gur iarr siad ar dhaoine cuidiú a thabhairt don PSNI agus iad ag fiosrú na coire.
Coire an Tulaich the hillock corrie
" Baill den club sléibhteoireachta An Teallach ab ea iad, agus bhí siad ag dul suas Buachaille Etive Mór (1022m) tríd Coire an Tulaich nuair a bhuail maidhm shneachta faoin mhullach orthu agus plúchadh ann iad, na créatúir.
coire corry
" Ach lá deas geal a bhí ann an lá dár gcionn agus os rud é go raibh mo chairde ag iarraidh dul ar a gclár sneachta, chuaigh mé suas na sléibhte arda i m'aonar - Carn Gorm (1245 m), thart barr coire an tSneachda go dtí Carn Lochan (1215m).
Coire Cáithníní pot of fragments
" Coire Cáithníní ===== Tá réimse leathan de thruailliú plaisteach sna balscóidí seo.
ár gcoire our pot
" Íomhánna áille ar fud na tíre, ar maidin go háirithe, agus é chomh fuar! Bhí aimsir mar seo cheana, na céadta bliain ó shin: Sádhail ár gcoire dá dhrol, Is aistreach lon Leitir Cró, Do mhínigh sneachta Coill Ché, Deacair dréim le Beanna Bó.
lucht déanta na coire sin those who committed that crime
" Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní a ladar isteach sa scéal.
coire mór millteach great large pot
" Chríochnaigh muid an lá éagsúil seo le seacláid the as coire mór millteach i siopa seacláide sa bhaile mór – fianaise eile go raibh an aimsir i bhfad níb fhuaire ná aimsir na hAstráile um Nollaig.
shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre the sites of the crimes were nationwide
" Ní hé go ndearnadh na gníomhartha fill seo in aon chúinne amháin den tír ach an oiread mar gheall gur shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre ó München, Heilbronn agus Nürnberg i nDeisceart na Gearmáine, go Dortmund agus Kassel in iarthar agus i lár na tíre, síos go Hamburg agus Rostock sa taobh ó thuaidh.
ag láthair na coire at the scene of the crime
" Bhí grianghraif de roinnt de na corpáin a glacadh ag láthair na coire, agus iad ar maos ina gcuid fola féin.
lucht déanta na coire a ghabháil capture the offenders of this crime
" Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil.
coire mór miotail a large metal cauldron
" Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí.
mar amhrasán i mbun coire as a suspect committing a crime
" Is é bun agus barr an scéil ná gur minic a bhreathnaítear ar fhear Gorm atá ag siúl ar an tsráid mhícheart mar amhrasán i mbun coire, seachas mar chuairteoir soineanta ar an gceantar.