Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suaitheadh coirp exercise
" Ach nach tábhachtaí go mór áiseanna spóirt de gach cineál ag leibhéal áitiúil ná airgead a chaitheamh i dtreo *elite* beag? Ar fud na tíre tá gá le hallaí ina bhféadfadh gasúir agus daoine fásta taitneamh agus tairbhe a bhaint as suaitheadh coirp le linn an gheimhridh fhada, fhliuch in áit a bheith suite os comhair na teilífíse nó, níos measa fós, istigh i dteach tábhairne ag breathnú ar an gcluiche is déanaí sa Premiership.
fágadh na coirp the bodies were left
" Maraíodh na mná agus na páistí uilig agus fágadh na coirp ar an trá mar chomhartha do na fir.
cruth a coirp the shape of her body
" * (1926) tá bean ghiobógach, nocht le feiceáil ina suí ag féachaint amach ar fhuinneog seomra, craiceann a coirp lasta ag solas an lae, a haghaidh clúdaithe ag a cuid gruaige, cruth a coirp ag léiriú éadóchais.
coirp bodies
" Nócha bliain tar éis don chogadh críochnú, tá a rian fós le feiceáil sna díoga, agus faightear uirlisí díge, pléascáin agus coirp, fiú, ar na feirmeacha ansin go minic.
coirp sheargtha shrivelled bodies
" I 1990, nochtadh na coirp sheargtha de dhá chat san Éigipt - Etak agus Tikk, a bhí beo as bhliain 3000 Roimh Chríost.
suaitheadh coirp physical exercise
" Ach é sin ráite, is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé go maith do shláinte an duine go mbeadh aclaíocht nó suaitheadh coirp de shaghas éigin mar chuid dá shlí mhaireachtála, is é sin gur rud sláintiúil é an spórt, bíodh sé i bhfoirm reatha nó siúil nó snámha nó dreapadóireachta nó cluichí foirne (níl snúcar ná dairteanna inghlactha mar spórt sa chomhthéacs seo!) Maidir le buachaillí scoile nach bhfuil in ann rith ach ar éigean, is dóigh liom gur údar imní é sin do phobal na tíre i gcoitinne go bhfuil a leithéid ann agus ba chóir go mbeadh sé ina údar imní dá dtuismitheoirí.
málaí coirp in body bags
" An eagla atá ar an Rialtas ná go dtiontódh an pobal in éadan an mhisin, agus in éadan an Rialtais Choimeádaigh atá i ndiaidh é féin a ionannú leis, dá seolfaí saighdiúirí Ceanadacha abhaile i málaí coirp ar bhonn rialta.
na coirp the bodies
" Fuair dáréag bás san eitleán, a tháinig ó bhunáit an RAF ar Loch Éirne Íochtair, agus thug Arm na hÉireann na coirp d’údaráis na Breataine ag an teorainn.
coirp chnaíte emaciated bodies
" Bhí Ken dulta i dtaithí ar scéala físiúla a insint – má bhíonn cogadh i gceist, feiceann tú toradh uafásach na mbuamaí agus na n-urchar; má bhíonn gorta i gceist, is léir duit na coirp chnaíte.
mball coirp body members
" An Spéis ina Leithscéal Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
d'aimsigh na coirp found the bodies
" Chas muid ar ár gcara Glynn, an ball den fhoireann a d'aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste.
coirp bodies
" Géaga móra fada dubha; coirp fhoirfe; chomh caol le cúanna; gach matán le feiceáil; Adonises; gan pioc geire ar ’nduine acu.
coirp bodies
" Is i seantobar ar thailte Treiber a fuarthas coirp na beirte agus d’úsáid sé cárta bainc duine acu le hairgead a thógáil as acra bainc agus iad marbh.
coirp bodies
" Is é an dóigh gur tógadh ise ar an Mall, an tsráid a thrialladh muintir Shligigh leis na coirp a bhailítí gach oíche lena gcur in olluaigh le taobh Otharlann Fiabhrais Shligigh.
scanóirí coirp body scanners
" Díreach i ndiaidh na heachtra aistí ar Eitilt Northwest 253 lá Nollag, bhí Michael Chertoff ar fud na meán ag cur scanóirí coirp chun cinn mar an réiteach is fearr ar fhadhbanna slándála aerthaistil SAM.
Coirp na Caillí Deirge the poppy bodies
" Coirp na Caillí Deirge =========== Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
coirp physical
" Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
na coirp a iompar amach to lift out the bodies
" Ní raibh cead cainte ná cead an cillín a fhágáil, agus tháinig na gardaí uair amháin sa lá chun anraith a thabhairt dóibh agus na coirp a iompar amach.
coinníodh baill coirp a n-iníne body parts of their daughter were kept
" Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
chleachtadh coirp physical exercise
" Déarfadh lucht siúl sléibhe, ar láimh amháin, gurb é an leas coiteann é cead a thabhairt d'achan saoránach a bheith ag spaisteoireacht faoin tuaith ina thír féin, spreagadh a thabhairt do chleachtadh coirp amuigh fán spéir agus borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre.
inar caitheadh coirp beirt bhall foirne where the bodies of two staff members were deposited
" Deir daoine eile gur scéith a mháthair, Margaret, eolas chuig na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh go gairid roimhe sin.
coirp na gcimí eile a crochadh the bodies of other prisoners
" D’iarr an Ceallach ar na húdaráis a chorp a chur i dtalamh coisricthe, ach caitheadh a chorp in aolchlais le coirp na gcimí eile a crochadh um an dtaca sin.
gach cruth agus déanamh coirp every shape and make of body
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
ball coirp body parts
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.