Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bóna collar
" (Chuir tuairisc amháin in iúl, fiú, go raibh náire ar shagairt anois a mbóna a chaitheamh go poiblí.
oibrí coiléir ghoirm blue collar worker
" Teachtaireacht shoiléir ======= Deir Berlusconi gur oibrí coiléir ghoirm é, fiontraí, agus fear a thuigeann na feirmeoirí agus na ceardaithe.
ó stáit na n-oibrithe láimhe from the blue-collar states
" Dá bhrí sin, tá Marlin den tuairim le fada gurb iad na Caitlicigh ghníomhacha ó stáit na n-oibrithe láimhe sa Mheán-Iarthar a shocróidh toradh an toghcháin.
na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha the Irish-American blue-collar workers
" Agus go dtí go mbeidh muid sásta a admháil cén fáth a raibh an oiread sin dúile ag daoine i McCarthy – ní hamháin na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha ach fosta dream na gcuirtíní lása mar Joe Kennedy – tá an baol ann nach dtabharfaidh muid faoi deara na comharthaí rabhaidh nuair a thiocfaidh McCarthy eile ar an fhód.
bónaí crua sciathánacha hard winged collars
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
ár ndealracháin our collar-bones
" "Briseann muid ár ndealracháin go minic," a d'inis duine acu dom.
a dhealrachán. his collar-bone.
" Bhog Seán go Watford nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois agus ansin go Chelsea, áit ar bhris sé a dhealrachán.
smiolgadáin above the collar bone
" Le James, is é an matán a úsáideann sé ná Sternocleidomastoid - matán an smiolgadáin, nó matán taobh an mhuiníl! Tá fáinne plaisteach ceangailte timpeall a mhuiníl - luch an ríomhaire faoina smig, a ríomhaire ceangailte leis an idirlíon agus é ag cliceáil leis ó mhaidin go hoíche.
bhóna collar
" Ní dheachaigh sé áit ar bith ar chlár na cruinne i scairdeitleán an rialtais gan fáinne na Gaeilge a bheith ar taispeáint go bródúil aige ar a bhóna.
a bhóna his collar
" Bhí madra mór taobh leis, Alsatian, agus spící miotail ar a bhóna.