Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcomórtas le compared to
" Maireann an cúrsa seo trí huaire a chloig gach seachtain go cionn dhá bhliain, agus cé nach mór an líon ama é i gcomórtas le hábhair eile is tréimhse í a thugann seans domsa agus do Emma Nic Chárthaigh, an múinteoir eile Gaeilge, roinnt mhaith den teanga a mhúineadh dóibh.
i gcomórtas lena chéile in competition with one another
" Samhlaím sa chás seo an pictiúr sin a fheicimid ar an teilifís den éan beag ar dhroim an tsrónbheannaigh - níl siad i gcomórtas lena chéile.
comórtas na mbailte slachtmhara Tidy Towns Competition
" Baile beag an-néata é na Gleanntaí, a bhain craobh na hÉireann i gcomórtas na mbailte slachtmhara cúpla uair agus a bhfuil cúpla céad duine ina gcónaí ann.
comórtas peile football competition
" Bhí comórtas peile buaite ag an gcumann aitiúil.
comórtas a imrítear a competition which is played
" Geit as Baile Átha Cliath ======= An chéad chorn a bhuaigh Contae na Mí faoi stiúir Sheán Boylan ná Corn Uí Bhroin, comórtas a imrítear go luath gach bliain i measc chontaetha Chúige Laighean.
an gComórtas Amhrán Eoraifíse The European Song Contest
" Ní cheapfadh mórán daoine go raibh baint ar bith ag an gComórtas Amhrán Eoraifíse le dul chun cinn na tráchtála leictreonaí i dtíortha atá i mbéal forbartha.
i gcomórtas leis compared to
" Cill Chainnigh arís ======= Maidir le Cúige Laighean, is deacair do dhuine a chur ina luí air féin go dtiocfaidh aon athrú suntasach ar thorthaí na gcluichí i gcomórtas leis an bhliain seo caite.
comórtas competition
" "Nuair a bhí Gaoth Dobhair ag imirt i gCraobh Pheile Sinsir na Contae le déanaí (comórtas a bhuaigh siad den chéad uair ó bhí 1961 ann), bhí ríomhphostanna ag teacht isteach ó dhaoine a bhí ag éisteacht leis an chluiche i gceantracha ar fud na cruinne.
De réir comórtais dhomhanda according to a world competition
" De réir comórtais dhomhanda, is í seo an tríú trá is áille ar domhan.
chomórtas na cláirsí harp competition
" Tá duais €600 ag gabháil le chuile cheann acu! I gcás na píbe uilleann tá turas freisin chuig Féile Lorient! Ach i gcás chomórtas an veidhlín i mbliana níl ach trí iarratas ann! Níl ach trí iarratas ann do chomórtas na cláirsí! Tá an phíob uilleann agus ceol beirte thar barr agus beidh an-tráthnóna ceoil ann! Tá an caighdeán ann ceart go leor, ach níl an líon.
chlár na gcomórtas the competition programme
" AÓF: Má chuireann muid an comórtas don veidhlín ag an Fhleadh i gcomparáid leis an gcomórtas seo … LÓM: D'fhéadfá dul chuig aon fhleadh réigiúnach agus b'fhéidir go mbeadh 50 nó 60 duine ann! AÓF: Mar sin, an cheist atá agatsa ná cá bhfuil an 50 duine sin, mar shampla, a bheadh ag cur isteach ar chomortáisí i mBaile Átha Cliath? LÓM: Go díreach! Cén fáth nach bhfuil siad sin páirteach i gcomórtaisí an Oireachtais? AÓF: An gceapann tú go bhfuil a fhios acu faoi? LÓM: Bhuel, sheol muid amach os cionn 2,000 cóip de chlár na gcomórtas i mbliana.
chun an comórtas a bhuachaint to win the competition
" An freagra a fuair sé ná go raibh "éinín", sé sin buille faoi phar, ag teastáil chun an comórtas a bhuachaint.
comórtas competition
" An chéad bhliain chuir muid an banna le chéile chun dul isteach ar an gcomórtas ag an bhFleadh.
chomórtas neamhspleách independent competition
" Bíodh Craobhchomórtas na Mumhan agus Craobhchomórtas Laighean ann má theastaíonn siad sin ó na cúigí sin, ach bíodh Craobhchomórtas na hÉireann ina chomórtas neamhspleách ann féin ina mbeadh gach contae páirteach ón tús ar bhonn cothrom, agus é a imirt gach dara deireadh seachtaine (Déardaoin go Domhnach) ó Mheitheamh go Meán Fómhair.
chomórtas competition
" Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
chomórtas competition
" Bhí na hamhráin uilig acu agus bhí na hamhráin ina chineál de chomórtas acu, achan duine ag iarraidh a bheith chomh maith leis an duine eile, ach gan duine ar bith sásta a admháil go raibh an duine eile chomh maith leis.
i gcomórtas compared with
" Cé gur beag an líon mac léinn atá ag foghlaim na Gaeilge i gcomórtas le teangacha eile, tá an t-éileamh agus méid na ranganna ag fás de réir a chéile.
i gcomórtas le compared with
" In Éirinn, an ghnáth-ardíocaíocht in aghaidh an éilimh ná €19,000, i gcomórtas le €1,600 sa Ríocht Aontaithe.
comórtas sinsearach fidléireachta senior fiddling competition
" Bhuaigh mac Ghearóid agus Anne, Ciarán Ó Maonaigh, Gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, anuraidh agus tá comórtas sinsearach fidléireachta an Oireachtais bainte aige le dhá bhliain anuas.
comórtas competition
" 1989 Bhuaigh Muintir Chrónáin an chéad áit arís i gcomórtas Glór na nGael.
comórtas sacair cúigear an taobh five-a-side soccer competition
" Is iad Kevin Maguire agus Jason Caldwell a eagraíonn an comórtas sacair cúigear an taobh seo i mBaile Átha Cliath, agus imríonn foirne ó lucht leanúna Arsenal, Manchester United agus clubanna eile in éadan a chéile ar an Pháirc Astro i dTamhlacht.
comórtas gnó business competition
" Bíonn comórtas gnó againn gach bliain i rith Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le plé leanúnach le gnólachtaí.
comórtais competitions
" Tá feachtas chun sráidainmneacha a Ghaelú ar bun againn, comórtais scoile agus feachtas comharthaíochta.
chomórtas idirnáisiúnta international competition
" Is muidne atá aitheanta mar Aonad Fódhla chun Rós Fódhla (Rós na Gaeilge) a roghnú do chomórtas idirnáisiúnta Rós Thrá Lí.
i gcomórtas na portaireachta in the lilting competition
" Bhí mé ag moltóireacht ag Fleadh Cheoil na hÉireann le déanaí i gcomórtas na portaireachta.
i gcomórtas leis compared with
" Ní gá ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn sna páipéir faoi na cluichí Gaelacha, faoi shacar Shasana, faoi rugbaí agus faoi rásaí capall i gcomórtas leis an méid a scríobhtar faoi lúthchleasaíocht, leadóg, dornálaíocht, cispheil agus na spóirt eile ar fad a thagann inár láthair gach ceathrú bliain.
le linn na gcomórtas luathbhliana during the competitions early in the year
" Fógraíodh roimh an Nollaig go raibh sé i gceist ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) athruithe áirithe ar rialacha na peile agus na hiomána a chur ar a dtriail agus é sin a dhéanamh le linn na gcomórtas luathbhliana ar nós Chorn Uí Bhroin agus na Sraithe Náisiúnta peile agus iomána.
comórtais na hathbhliana the new year competitions
" Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile! Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach.
i gcomórtais dornálaíochta in boxing competitions
" Bhí clú ar na *Liverpool Irish *i gcomórtais dornálaíochta.
i gcomórtas an tsaoil in the competition of life
" An pointe ná i gcomórtas an tsaoil, i gcomórtas an tsaoil pholaitiúil agus i gcomórtas an rialtais, tá ról agatsa agus caithfidh tú an ról sin a chomhlíonadh chomh maith is a thig leat.
comórtas luthchleasaíochta athletics competition
" Is minic tuairisc cloiste agam ar rás nó comórtas luthchleasaíochta san Eoraip, cuir i gcás, áit a ndeirtear linn go raibh Astrálach sa seachtú háit.
chomórtas oscailte an open competion
" Roghnaíodh na healaíontóirí súl trí phróiseas inar ainmníodh 50% agus inar glacadh le 50% eile trí chomórtas oscailte a reáchtáladh idir an dá thír.
comórtais ghiústála joustling competitions
" Is féidir pósadh sa chaisleán i seanstíl na meánaoiseanna agus bíonn comórtais ghiústála acu uair sa mhí.
tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain after being banished from the World Cup competition
" Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain.
comórtas competition
" An cuimhin libh cá raibh sibh deich mbliana ó shin, i mí na Samhna 2005? An mhí ar cailleadh George Best; an mhí a d’fhág Roy Keane Manchester United (agus, féach, níor bhuaigh siad comórtas ar bith ó shin!); an mhí ar ceiliúradh an céadú ócáid de chuid an chlub Sult (rud atá deacair a chreidiúint, anois agus muid chun freastal ar an 250ú ceann i mBaile Átha Cliath, agus Sult ina bhranda idirnáisiúnta na laethanta seo); agus an mhí ar foilsíodh Transport21, plean straitéiseach an Rialtais do chóras iompair na hÉireann.
chomórtais competitions
" “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.
i gcomórtas in comparison
" Cuir an dá chúrsa i gcomórtas lena chéile: tá páipéar sa bhreis sa nGaeilge ar a bhfuil an litríocht seo uilig.
i gcomhair na gcomórtas for the competitions
" AÓF: D’inis éinín dom go mbíodh cúpla amhrán agat i gcomhair na gcomórtas.
comórtais idir-ranna inter-departmental competitions
" Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig in áit na Gaeilge éigeantaí.
is a cheapfá i gcás comórtais dá leithéid as you would think in the case of a competition of its type
" Níl an scaipeadh ó thaobh buaiteoirí, neasóirí agus an 3ú háit chomh forleathan is a cheapfá i gcás comórtais dá leithéid.
i gcomórtas in competition
" Admhaíonn sé nár mhaith leis dul i gcomórtas le roinnt de na daoine óga is fearr atá ag plé leis an léann faoi láthair.
do chomórtais arduithe céime in competitions for promotion
" Chuir sí rudaí ina cheart sa Roinn maidir le marcanna breise a bheith bronnta ar iarrthóirí le Gaeilge do chomórtais arduithe céime.
ag féachaint ar an gcomórtas watching the competition
" Agus bhí an t-ádh dearg freisin leo siúd a bhí ag féachaint ar an gcomórtas ar an teilifís – bhí na liathróidí gailf ar fad níos soiléire ar an scáileán ná riamh i mbliana toisc go raibh teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine (nó HD) in úsáid.
fiú dá gcaillfidís an comórtas even if they lost the competition
" Sílim go mbeadh sé sin fíor fiú dá gcaillfidís an comórtas.
i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta in a big victory in a famous international competition
" Rud eile, is annamh a bhuann cuid d’imreoirí na hEorpa aon chomórtas astu féin, agus mar sin, tugann sé sásamh ar leith dóibh nach mbíonn le fáil acu ach go hannamh bheith páirteach i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta.
mar chomórtas as a competition
" Bhí an cluiche thart mar chomórtas tar éis 10 nóiméad (críochnaithe roimh an deireadh ar nós an ghailf!) Bhí daoine ag croitheadh a gcinn ag an bpointe sin agus ag guí go slogfadh an talamh iad.
ar chomórtais, on competitions,
" ***AÓF: Cé nach leagaim féin an iomarca béime ar chomórtais, tá ag éirí go maith libh iontu le tamall anuas, nach bhfuil? Inis dom beagán faoin taobh sin de.
meath na gcomórtas cúige the decline of the provincial competitions
" Ach thosaigh meath na gcomórtas cúige ó thaobh thacaíocht an phobail de le bunú Telefís Éireann i 1961.
ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner on the short-list of the annual Turner art competition
" Is minic a spreagann na saothair a bhíonn ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner conspóid agus, go deimhin, ní eisceacht é taispeántas na bliana seo.
a bhuamar comórtas nó corn ar bith that we won any competition or cup
" Ba é sin an chéad uair a bhuamar comórtas nó corn ar bith agus rinneamar ceiliúradh cuí.
cláracha comórtais competition programmes
" Dúirt sé liom go bhfuil seomraí acu atá plódaithe le boscaí de nuachtáin is irisí is doiciméidí is ticéid cheolchoirme is cláracha comórtais is comhfhreagras idir píobairí ar chúrsaí feadán agus aon ní a bhaineann le hábhar na bpíb.
comórtas cumadóireachta amhrán. a songwriting contest.
" Is dócha gur thuigeas go rabhas ábalta amhráin a chumadh nuair a bhíos trí bliana déag, nuair bhuaigh mé comórtas cumadóireachta amhrán.
comórtas competition
" Bhain siad comórtas Channel 4, CD of the Year, in 2004 agus bhí John Peel féin an-tógtha leo - is minic a bhíodh a gcuid ceoil le cloisteáil ar an seó a bhí aige ar an BBC sula bhfuair sé bás go tobann i mí Dheireadh Fómhair 2004.
Comórtas sacair soccer competition
" Comórtas sacair atá i gceist – bhí Peel an-tógtha le Liverpool FC – agus tarlaíonn sé in Acadamh Traenála LFC.
i gcomórtas le tarbh, compared to a bull,
" Thuigfeá uaidh go mba chuma cén spórt a bheadh i gceist ach, mar a d'admhaigh siad féin, feileann sé féin agus a dheartháir don pheil Astrálach toisc go bhfuil siad ard agus tanaí (tanaí i gcomórtas le tarbh, abair!) B’fhéidir gurbh í an mhír ba thaitneamhaí agus ba dhaonna den chlár ar fad, agus ar chuir go leor daoine suim ann, ná turas Sheáin Óig chuig a áit dhúchais agus áit dhúchais a mháthar, Oileán Rotuma, Fidsí.
comórtas sraithe league competition
" Bhí an comórtas sraithe níos oscailte ná mar a bhí sé le fada mar tá cluiche nó dhó buaite agus caillte ag gach foireann.
comórtas áirithe a certain competition
" Bíonn lóistín ar leith le fáil ag lucht oilithreachta an chosáin – *albergue* – agus bíonn comórtas áirithe ann le leaba a fháil agus, níos tábhachtaí, cithfholcadh a fháil ag deireadh an lae.
ag cur isteach ar chomórtais entering competitions
" AÓF: An mbíonn tú ag cur isteach ar chomórtais le do chuid uirlisí? YB: Bhuel, níor chuir go dtí seo.
Comórtas Oscailte na Breataine the British Open Championship
" Is é an galfaire Pádraig Harrington an té atá i gceist agam agus is é an t-éacht atá bainte amach aige ná a bhua i gComórtas Oscailte na Breataine ag Carnoustie, an machaire cáiliúil gailf in Albain.
Comórtas Lúthchleasa an Domhain World Athletic Championship
" Bua Stephen Roche sa Tour de France sa bhliain 1987, cuir i gcás, mar aon le bonn óir Eamonn Coughlan sa rás 3,000 méadar ag Comórtas Lúthchleasa an Domhain sa bhliain 1983.
comórtas foirne team competition
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
comórtas luachmhar a valuable competition
" Bhuaigh Pádraig comórtas luachmhar anseo is ansiúd.
ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta at the National Ploughing Championships
" An comhartha eile é seo go bhfuil Ahern ag cailleadh smachta ar chúrsaí? Rud eile a chuir le fadhbanna Ahern ná an freagra a thug sé ar cheist iriseora agus é ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta in Uíbh Fhailí ag deireadh na míosa.
an bheirt a thionscain an comórtas seo, the two who initiated this competition,
" Ní bheidh teorainn ama ar bith leis na hiarrachtaí damhsa anseo, ach deir Emer de Barra agus Loretta Ní Churraighín ó Oifig an *ERECTI*, an bheirt a thionscain an comórtas seo, go bhfuil siad ag súil le toradh roimh Erectus na bliana seo chugainn.
an áit a mbíonn an comórtas ar siúl. the place where the competition is held.
" Agus níl ansin ach na grúdlanna a raibh an t-airgead acu le taisteal go Colorado, an áit a mbíonn an comórtas ar siúl.
chuig comórtas chath na mbannaí. to a battle of the bands competition
" Tá muid ag breathnú ar amaidíocht Jack Black sa scannán *The School of Rock *agus é ag tógáil scaifte páistí scoile chuig comórtas chath na mbannaí.
comórtais thrialacha, test matches
" Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe – cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás.
sraith de chomórtais thrialacha a series of test matches
" Is údar bróid ar leith é i measc na nAstrálach nár chaill a bhfoireann náisiúnta sraith de chomórtais thrialacha ar an bhfód dúchais le blianta fada anuas.
leantóirí na gcomórtas trialach followers of test cricket
" D’fhreastail mé ar chluichí lae cúpla uair, agus measaim go bhfuil an seasamh céanna i leith an alcóil ag a lucht leanúna is a bhí ag leantóirí na gcomórtas trialach tríocha bliain ó shin.
an comórtas céanna the same competition
" Ní gá a rá gur geall le fógra ar ré úr an rachmais ab ea an comórtas céanna i gcás na hÉireann i 1988.
sa dóigh is nach maireann an comórtas so that the competition does not last
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
i gComórtas Oscailte na Breataine. in the British Open
" Ba é an t-éacht ba mhó spóirt a baineadh amach in 2007 – chomh fada agus a bhaineann leis an tír seo – ná bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine.
i gComórtas na Sé Náisiún. in the Six Nations
" Bheinn ag súil go mbuafaidh na hÉireannaigh agus iad ag imirt i gcoinne na nIodálach, agus b’fhéidir i gcoinne na hAlban, i gComórtas na Sé Náisiún.
don Chomórtas Amhrán Eoraifíse. for the Eurovision Song Contest.
" ” An Comórtas Amhrán Eoraifíse Ní raibh Carrie ach bliain in RTÉ nuair a fuair sí glaoch teileafóin ag iarraidh uirthi triail ceamara a dhéanamh don Chomórtas Amhrán Eoraifíse.
leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair to present the Eurovision Song Contest
" Roghnaigh an stáisiún í leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.
sna comórtais léime, in the jump competitions
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta in interational competition was organised
" Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta le plean don chathair nua a choimisiúnú agus bhuaigh ailtire Meiriceánach, Walter Burley Griffin, é sa bhliain 1912.
ag coimhéad Chomórtas na Eurofíse. watching the Eurovision Song Contest.
" Turcaí Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí na hEorpa, tá súil ag Balor go raibh gach uile dhuine agaibh ag coimhéad Chomórtas na Eurofíse.
ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta competing in a singing competition
" Is cuimhin liom a bheith ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós i seomra ranga i Scoil Chuimsitheach Bhaile Munna.
comórtais oscailte pháirce open field competitions
" I dteannta na bpíobairí, tagann iomaitheoirí ó na réigiúin sin le páirt a ghlacadh sna comórtais oscailte pháirce agus lúthchleasaíochta.
comórtais neamhfhoirmiúla unformal competitions
" D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart; le hardú agus le caitheamh clocha móra; le *teilgeil a’ chabair*.
sa chomórtas tarraingthe téide in the tug-of-war competition
" I mbliana, mar shampla, sa chomórtas tarraingthe téide faoi aois ceithre bliana déag, bhí triúr is fiche ar an dá thaobh den rópa! DuaiseannaMaidir le duaiseanna, bíonn idir choirn, bhoinn agus airgead le buachan ag na hiomaitheoirí.
comórtais competitions
" Tá na céilithe agus na ranganna dírithe go hiomlán ar na rincí féin agus ar iad a theagasc ar bhealach taitneamhach; ní bhíonn comórtais ar bith ar siúl.
páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta participating in big international competitions
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
i gcomórtas in competition
" Ní bheadh aon fhoilseachán eile i gcomórtas leis an nuachtán seachtainiúil ó thaobh léitheoirí nó fógraí a mhealladh agus bheadh líon níb fhairsinge scríbhneoirí acu le tarraingt as.
comórtais competitions
" Bíonn an-éileamh ar na comórtais damhsa ar an sean-nós, le linn an Oireachtais.
Chomórtas Sé Náisiúin The Six Nations Cup
" Bhain na cailíní an cheathrú áit sa ‘Chomórtas Sé Náisiúin’ amach anuraidh.
gcraobh chomórtais championship
" I bPáirc Semple D’imir Corcaigh i gcoinne Thiobraid Árann i gcraobh chomórtais na Mumhan i nDurlas Éile agus bhí an bua ag Tiobraid Árann ag deireadh cluiche breá iománaíochta.
i gcomórtas leis competing with
" Rachadh suíomhanna idirlín i gcomórtas leis na nuachtáin agus dá n-éireodh thar cionn leo, bheadh deireadh leis an tsean-nuachtán.
comórtais áilleachta beauty competition
" Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir comórtais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó.
gcomórtas comparison
" Is cosúil gurb ionann “sceimhlitheoir” agus namhaid Iosrael in aigne Frum, agus is cosúil go bhfuil sé ag iarraidh namhaid Iosrael a chur i gcomórtas leis na Naitsithe.
comórtas competition
" Chuala mé go raibh comórtas ar siúl ar leathanach Facebook Puddleducks ar son mála scoile nua.
gcomórtais competitions
" Tá príomhdhuais i gcomórtais éagsúla de chuid Chomórtais Liteartha an Oireachtais buaite aige le ceithre bliana anuas as a chéile.
chomórtas competition
" com) Tá clú ar Ghlór na nGael in Éirinn mar chomórtas pobail a thugann aitheantas as obair dheonach na Gaeilge a chur chun cinn.
chomórtais competitions
" Bronnadh dhá ghradam le déanaí ar shuíomhanna idirlín i nGaeilge in dhá cheann de chomórtais thábháchtacha agus ba i measc dhá phobail an-éagsúla a tharla: pobal na Gaeilge agus pobal an ghréasáin.
i gcomórtas leis as against, compared to
" D’athraigh siad a mbunreacht chun cur leis an chumhacht atá ag an pharlaimint i gcomórtas leis an chumhacht atá ag an rialtas féin.
comórtas competition
" Maítear uaireanta go bhfuil an comórtas faisin ag Flemington níos tábhachtaí ná an rás é féin.
comórtas comparison
" Ag féachaint siar ar bhillí aibhléise don tréimhse Meitheamh 2008/2009 don árasán ina bhfuil cónaí orm féin anseo sa Fhrainc agus don teach ina raibh mo mhac agus triúr eile ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, is féidir liom comórtas éigin a dhéanamh idir chostas an dá thír.
chomórtas competition
" Sea, thugadar an taispeántas ab fhearr a thugadar le linn réamhchluichí chomórtas Chorn an Domhain, ach chailleadar.
Comórtas competition
" ie roimh an 20 Nollaig 2009 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht.