Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le teacht i bhfeidhm come into being
" com" cláraithe anois, tá scata ainmneacha fearainn nua le teacht i bhfeidhm ag deireadh na bliana.
ag teacht i mbun a méide coming into its own
" Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin.
tháinig siadsan ar an bhfód they came into existence
" An chéad ghrúpa, is dócha, ná Ceoltóirí Chualann agus tháinig siadsan ar an bhfód ag deireadh na tréimhse seo.
ag teacht i bhfeidhm coming into force
" Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.
ó tháinig sé ar an bhfód since it came into existence
" Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig sé ar an bhfód, tá forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, tá daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus tá ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.
ón uair a tháinig sé i bhfeidhm since it came into force
" Rinne an nuachtán sin iniúchadh ar líon na n-iarratas a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) ón uair a tháinig sé i bhfeidhm naoi mbliana ó shin.
ní thiocfaidh an comhaontú nua i bhfeidhm the new agreement won't come into force
" Mar shólás do British Airways ní thiocfaidh an comhaontú nua i bhfeidhm go deireadh mhí an Mhárta 2008 (in áit mhí Dheireadh Fómhair 2007, mar a moladh ar dtús), ach is sólás beag dóibh é, agus cúis áthais dá gcuid iomaitheoirí mar Lufthansa agus Air France.
tháinig sé isteach inár gcloigeann arís it came into our heads again
" Bhí muid ag smaoineamh air i ndiaidh an tórraimh ach tháinig sé isteach inár gcloigeann arís roimh an Nollaig.
ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. since the ceasefire has come into operation.
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
a thiocfadh i mbláth which would come into bloom
" Nochtann an híomhánna seo cuid de na téamaí a thiocfadh i mbláth ina cuid próis agus filíochta níos moille ina saol.
Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm the regulations would come into effect
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu. that the family came into possession of them through inheritance
" Nuair a chuirtí ceist orthu faoin áit ar tháinig siad ar na hearraí, deireadh siad i gcónaí gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu.
a tháinig i réim who came into power
" Ceannaire an RPF is ea Kagame, a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus atá i gcumhacht go fóill.
tháinig sí i gcumhacht she came into office/power
" An té a bhí ag éisteacht le Máire Ní Chochláin ag labhairt ar Morning Ireland an mhí seo caite, cheapfadh sé gur inné a tháinig sí i gcumhacht agus tá an chuid eile acu, go léir, amhlaidh.
tagtha ar an bhfód come into being
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
teacht i bhfeidhm come into effect
" An Ghéarchéim a Tuaradh ============ **SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?** SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san.
thig an duine nuabheirthe ar an saol newly born human comes into the world
" Nuair a thig an duine nuabheirthe ar an saol, bíonn an chuid is mó dá inchinn liog-rianaithe do ghné thábhachtach amháin.
tháinig ar an bhfód which came into being
" Údarás Láidir ====== **SMM: An tÚdarás a tháinig ar an bhfód, ní féinriail é ná níl sé chomh cumhachtach is atá Comhairle nan Eilean Siar in Albain, abair, ach an bhfeictear duit – tharla a mhalairt ag tarlú le tamall anuas - go gcuirfear feabhas air nó an bhfágfar é mar atá sé?** SÓC: Tá an chontúirt ann gurb é an chaoi go n-imeodh sé ar fad agus tá sé gaibhte sách gar dhó anois.
fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair he seldom came into work
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
ag teacht i dtreis anois coming into its own
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc whether the gloomy prophesy shall come into being
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
tháinig canúint uathúil na tíre seo ar an bhfód the country’s unique dialect came into being
" Is léir nach dtarlódh a leithéid mura raibh an Ghaeilge i bhfeidhm go forleathan abhus le linn na tréimhse inar tháinig canúint uathúil na tíre seo ar an bhfód.
tháinig an chríochdheighilt isteach partition came into being
" Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire.
ar an saol (came) into being
" Tháinig Idle No More ar an saol i mí na Samhna 2012, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.
Ar bhealach tháinig ann do in a way they came into being
" Fealsúnacht na nGael Óg =========== **Colm: Cén fhealsúnacht nó cur chuige atá taobh thiar de bhunú Na Gaeil Óga?** Ruadhán: “Ar bhealach tháinig ann do Na Gaeil Óga mar fhreagra ar easpa deiseanna úsáide don Ghaeilge i measc daoine óga i mBaile Átha Cliath.
le teacht i bhfeidhm ar to come into effect on
" Cealú Maoinithe ====== Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo.
a bheas ag teacht ar an bhfód which shall come into being
" Agus tá impleachtaí móra aige seo d'aon nuachtán nua a bheas ag teacht ar an bhfód.
agus an bhliain úr buailte linn as we come into the new year
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
chuaigh sé i dteagmháil leis he came into contact with
" Cuairt Giacometti ar Flórans ============= Thug Giacometti a “chuairt mhór” ar an Iodáil idir 1920-21, turas a bhí coitianta ag ealaíontóirí agus ag an uasalaicme san am, agus chuaigh sé i dteagmháil leis an ealaín chlasaiceach, nuachlasaiceach agus bharócach ansin.
ag teacht faoi bhláth coming into bloom
" Insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn mar gheall ar na heachtraí áirithe a thug misneach dósan agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.
ag teacht ar an margadh coming into the market
" Ní fios na deiseanna atá ag teacht ar an margadh lá i ndiaidh lae.