Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhaltaí members
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
comhaltaí achrannacha quarrelsome members
" Moltaí cruthaitheacha curtha chun cinn aige agus d'éirigh leis smacht a choinneáil ar chuid de na comhaltaí achrannacha.
Comhalta Member
" Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc: Eagarthóir ar an iris *Comhar* (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.
comhaltaí members
" Níorbh aon ionadh é, b’fhéidir, agus go leor ball de chuid Chlub 1001 ina gcomhaltaí de chuid Broederbond, cumann cumhachtach san Afraic Theas a raibh sé mar aidhm acu siúd a bhí bainteach leis réimeas an chine ghil a choinneáil sa tír sin.
chomhalta ar a member of
" De réir Michael Casey áfach, iar-oifigeach an Bhainc Cheannais agus atá ina chomhalta ar bhord an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, tá athruithe níos bunúsaí de dhíth.
comhaltaí a roghnú to choose members
" Níl ach mí fágtha go mbeidh na toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn le comhaltaí a roghnú do na comhairlí contae, comhairlí cathrach agus do na comhairlí baile.
comhaltaí members
" Bheadh leasú le déanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis an Fhoras agus leis an Údarás, atá éagsúil ó bhord stáit ar bith eile sa mhéid is go dtoghtar formhór a gcuid comhaltaí.
comhaltaí members
" Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
chomhalta members
" Chomh maith le sin, de bharr go raibh Breitheamh amháin – ’sé sin an Breitheamh Geoghegan - mar ghuth mionlaigh sa chás sin, ciallaíonn sé nach raibh ach beannacht beirte as ochtar chomhalta de chuid na Cúirte Uachtaraí luaite le fasach Uí Bheoláin.
chomhaltaí an fhóraim the forum members
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
comhaltaí members
" Gníomhaíocht na Roinne P & T ================= “Beartas in éadan neamhspleáchais agus dínite an náisiún Éireannaigh atá sa chomhairle seo ó údaráis poist na Breataine Móire,” a scríobh an tUasal Ó Maolfabhail thar ceann an Choimisiúin chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar an 24 Meitheamh 1980: “Mheabhraigh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile gur gnách leo litreacha faoin seoladh ceart Gaeilge a fháil tríd an bpost ó thíortha an domhain.
comhaltaí members
" Tá an tÚdarás éagsúil ó bhord stáit ar bith eile sa mhéid is go dtoghtar formhór a gcuid comhaltaí.
comhalta a member
" Is comhalta den Straitéis mé, d’fhéadfaí a mhaíomh.
chomhalta boird bord member
" Ní fhéadfadh sé níos mó a dhéanamh ar son Iosrael dá mbeadh sé ina chomhalta boird san Anti-Defamation League ar nós Carl Pearlman, a sheanathair Giúdach, lena raibh sé ina chónaí nuair a chéadiompaigh sé ina Mhoslamach radacach.
gcomhaltaí aonair individual members
" Níl amhras ar bith faoi dhindiúirí pearsanta na gcomhaltaí aonair boird agus gur fheidhmigh siad le dea-rún.
comhaltaí boird board members
" D’fhéadfadh, áfach, go raibh na comhaltaí boird ar an eolas faoi na deacrachtaí ach nach raibh siad ábalta a dhath a dhéanamh fúthu.
comhalta member(s)
" Tá trí scór comhalta sa tSeanad reatha, comhdhéanta mar seo a leanas: - 43 Seanadóir tofa as cúig phainéal gairmiúil ((a) Cultúr agus Oideachas (b) Tionsclaíocht (c) Talamhaíocht (d) Saothar (e) Riarachán.
gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath the number of members ought to be cut in half
" Ar dtús báire, measaim gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath – ó trí scór go 30 Seanadóir.
comhalta member
" Ní hamháin sin, ach sáraíodh gealltanas reachtúil a bhí déanta ag an Gharda Síochána ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún Gaeltachta.
comhalta a fellow
" Is comhalta sa Roinn Staire ag Ollscoil Melbourne é Noone agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí Éireannacha-Astrálacha.
Comhalta den Tionól Reachtach a member of the Legislative Assembly
" Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro.
cheap an tAire seachtar comhalta the minister appointed seven members
" Ina áit sin, cheap an tAire seachtar comhalta.
comhaltaí tofa elected members
" Féachann Breandán Delap siar ar an téarma atá curtha isteach ag na comhaltaí tofa agus bronnann marc ar gach duine acu as an obair atá déanta aige nó aici.