Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar comhaois le the same age as
" "Tá tú ar comhaois le Miss Gulliver, nach bhfuil?" "Is fíor sin," ar sise.
ar comhaois leo the same age as they are
" Is minic a deirtear nach mbíonn deis ag an aos óg daoine eile ar comhaois leo féin, atá ina gcónaí taobh amuigh dá gceantar féin, a chloisteáil ag canadh.
ar comhaois léi the same age as she was
" Bhí aithine mhaith ag Joyce Taylor ar a lán daoine a mharaigh sé, mar gur mhná a bhí ar comhaois léi ab ea an chuid is mó acu.
ar comhaois leo féin of the same age as themselves
" **Antaine:** Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar? **Neansaí:** Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim.
ar comhaois liom the same age as I was
" Beo!: Cé hiad na daoine is mó a chabhraigh leat agus tú i mbun fhoghlaim na Gaeilge? AH: Daoine ar nós Liam Uí Chuinneagáin ó Oideas Gael agus Pheadair Mhic An Iomaire ó Ollscoil na Gaillimhe, a chinntigh go bhfuair mé árasán i mbloc na Gaeilge (a bhí ann ag an am sin) ar champas na hollscoile, áit ar chaith mé bliain i mo chónaí i measc daoine ar comhaois liom a labhair Gaeilge.
ar comhaois the same age
" Bhí lúcháir orm fosta nuair a fuair mé amach go raibh na páistí ansin a bhí ar comhaois liom féin an-chairdiúil.
atá ar comhaois leis féin who are the same age as he is
" Fiú in Iorras i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil cóir curtha aige ar sheanteach scoile, níl Gaeilge, a deir sé, ach ag an dream atá ar comhaois leis féin den chuid is mó.
ar comhaois leo the same age as they are
" Nuair a chuireann tú scrúdú béil orthu faigheann tú amach go bhfuil beirt nó triúr acu páirteach in *Riverdance *agus an domhan siúlta acu - nó léimte acu! - tar éis a bheith in áiteacha nach raibh cloiste agam fúthu nuair a bhí mé ar comhaois leo.
ar comhaois leis the same age as
" Féile ársa é Am Mòd, mar sin, ach mar a tharlaíonn sé tá sé ar comhaois leis an dá cheann eile.
ar comhaois liom equal in age
" Bheadh an brú sin níos measa mura mbeadh amhráin ná fiú ceol agam ach go hiondúil bíonn daoine sásta go bhfuil tú in ann rud éicint a dhéanamh agus nach bhfuil tú go hiomlán gan mhaith! AÓF: An bhfuil aon steip dhamhsa agat? RNicD: Arís ar ais bhínn ag damhsa ag na feiseanna nuair a bhí mé níos óige - mar a bhí go leor eile ar comhaois liom ag an am freisin.
Mo lucht aitheantais atá ar comhaois liom people I know who are the same age as I am
" Mo lucht aitheantais atá ar comhaois liom agus a d’fhan sa Pholainn, tá siad go léir pósta, níl aon duine singil ina measc.
ar comhaois the same age
" Ach bhí post ag teastáil uaim agus, ar aon nós, ní hé gurbh é airgead an t-aon luach saothair a bhainfinn as post a bheith agam i gcoláiste Gaeilge – coláiste a bhí lán de bhuachaillí, iad ar comhaois liom féin .
go leor de lucht a chomhaoise. plenty of people who were his age.
" Murach an scoláireacht sin, ní bheadh an dara rogha ag Liam ach aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá nó ar Camden Town, mar a rinne go leor de lucht a chomhaoise.
ar comhaois of the same age
" Shíl muid go mbeadh sé iontach dá mbeadh deis ag páistí daoine atá ar comhaois leo a chloisteáil ar an raidió, ag labhairt faoi na rudaí a bhfuil spéis acu iontu.
atá ar comhaois liomsa. who are the same age as I am.
" Agus chuile sheans go mbeidh áit chomh lárnach ag carachtair mar Bhrian na mBromanna i saol na bpáistí sna glúnta atá le teacht is a bhí ag Judge agus Sneaky the Snake agus Foxy i saol na ndaoine atá ar comhaois liomsa.
ar comhaois liom féin, the same age as myself,
" Bheadh Julian ar comhaois liom féin, cúpla bliain níos sine b’fhéidir, agus molaim an seasamh atá aige i leith na hoibre deonaí – níl aithne agam ar mhórán daoine a mbeadh an dearcadh céanna acu.
ar comhaois liom of my age
" Cosúil le formhór na ndaoine i gCorcaigh a bhí ar comhaois liom ag an am fuair mé páirt mar aisteoir breise sa scannán The First Great Train Robbery.
dá dream comhaoise for those of her own age
" Casadh dom iníon tuismitheora sa ghaelscoil, cailín atá le tabhairt faoin ardteist agus ar mian léi roinnt dá dream comhaoise a tharraingt chuig lúb comhrá Gaeilge.
formhór na ndaoine ar comhaois liom the majority of people at my age
" Gaelainn thruaillithe atá agamsa agus formhór na ndaoine ar comhaois liom ach níl aon leigheas againn air ach táimíd ag déanamh ár ndíchill.