Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomharba comharba
" Tá an próiseas earcaíochta ar siúl an mhí seo le príomhfheidhmeannach a cheapadh ar Fhoras na Gaeilge, mar chomharba ar Mhícheál Ó Gruagáin.
chomharba successor
" Tá ag éirí go han-mhaith le TG4 anois, a bhuíochas sin ar lucht bunaithe an stáisiúin, saineolas an chéad cheannasaí Cathal Goan agus an modh oibre straitéiseach atá ag a chomharba Pól Ó Gallchóir agus a fhoireann.
chomharba successor
" Is fiú a lua gurb é an duine a scríobh an t-alt ná an t-iriseoir agus an staraí Gael-Mheiriceánach Terry Golway, fear a bhfuil beathaisnéis urramach den Chairdinéal John O'Connor, an fear ar tháinig an Cairdinéal Egan mar chomharba air i Nua-Eabhrac, díreach foilsithe aige.
comharba successor
" An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta? Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
chomharba successor
" Is é bun agus barr an scéil go bhfuil muinín caillte ag daoine as Meiriceá agus go síltear go bhfuil Bush ag dul thar fóir, i gcomparáid le stuamacht an té ar tháinig sé mar chomharba air, Bill Clinton.
a tháinig i gcomharbacht ar mo chomharba who succeeded my successor
" Nach breá do Noel (blíp-ing) Ó Díomá a tháinig i gcomharbacht ar mo chomharba sa Roinn Éadóchais.
chomharba successor
" Bhí gach pobalmheas roimh an toghchán ag tuar go mbeadh an bua ag Mariano Rajoy, an t-iarrthóir ón Partido Popular (Páirtí an Phobail) agus an fear a bhí mar chomharba ar José María Aznar.
chomharba successor
" Seachtain i ndiaidh na toghcháin, fógrófar cé atá le theacht mar chomharba ar Romano Prodi mar uachtarán ar an Choimisiún Eorpach.
a gcomharbaí their successors
" Ar ndóigh, pearsantachtaí láidre iad an bheirt seo agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfaighidh a gcomharbaí, Allister agus Martin Morgan ón SDLP, an líon céanna vótaí (192,762 a bhí ag Paisley agus 190,731 ag Hume) an iarraidh seo.
a comharba her successor
" Príobháidiú an réiteach a bhí aici ar gach rud agus roinn a comharba John Major an córas sular dhíol sé é.
comharba cumasach able successor
" Is léir go ndearna Brian Cowan an-dul chun cinn le linn a thréimhse sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; éireoidh chomh maith céanna leis cibé áit a rachaidh sé agus tá comharba cumasach, Dermot Ahern, tagtha ina áit.
comharbaí successors
" Aer Lingus ======= Áit eile a bhfuil athrú mór ag teacht ná ar struchtúr Aer Lingus, agus tá níos mó i gceist ná an gá atá ann comharbaí a fháil ar "an triúr *musketeers*" a d'éirigh as a bpostanna.
chomharba successor
" ” Thosaigh Ó Muirí ag obair leis an *Irish Times *den chéad uair deich mbliana ó shin ag scríobh corralt do “Beocheist” nuair a bhí Liam Ó Muirthile, agus níos déanaí a chomharba Uinsionn Mac Dubhghaill, ina n-eagarthóirí Gaeilge leis an nuachtán.
a chomharba his successor
" Mar sin féin, le blianta beaga anuas tá cáipéisí úra tar éis a theacht chun solais a chaitheann fíoramhras ar an teoiric sheanbhunaithe gur shábháil an Naomh Ó Loingsigh agus a chomharba, an Máilleach, an stát ó dhream fanaiticeach poblachtánach, Ó hEochaidh ina measc, a bhí i mbun tréasa.
earcaíocht chomharba Scott McClellan the recruiting of Scott McClellan's successor
" Is cúis iontais é earcaíocht chomharba Scott McClellan, an t-iriseoir Tony Snow ón mbealach teilifíse coimeádach Fox News.
comharba successor
" Deirtear go mbeidh sé ag feidhmiú go sealadach in áit an fhíor Joe Mac Donagh go dtí go gceaptar comharba Joe.
earcaíocht chomharba Scott McClellan the recruiting of Scott McClellan's successor
" Is cúis iontais é earcaíocht chomharba Scott McClellan, an t-iriseoir Tony Snow ón mbealach teilifíse coimeádach Fox News.
a chomharba his successor
" Chóirigh Hooker (agus a chomharba don chath féin, an Ginearál George Meade) línte a airm i leathchiorcal soir ó thuaidh ón mbaile féin, agus thar trí lá bhrúigh arm Lee an leathchiorcal sin soir ó dheas, tríd an mbaile agus amach ar an taobh eile.
mar chomharba as successor
" I lár na n-ochtóidí, ceapadh Ó Coileáin ina Ollamh le Léann na hÉireann i Harvard mar chomharba ar Kelleher agus thug sé féin, a bhean agus a gceathrar iníonacha aghaidh ar Mheiriceá ag an am sin.
a comharba her successor
" Bhí d’ádh orm gur shocraigh a comharba mar aire, Michael D Higgins, an ról céanna a thairiscint dom.
comharba successor
" Tá Harold Ford, duine gorm a bhfuil dlúthcheangal ag a mhuintir le polaitíocht an stáit sin, ag seasamh in aghaidh Bob Corker, iar-mhéara Chattanooga agus comharba ar Bill Frist, iarcheannaire Pháirtí Parlaiminte na bPoblachtánach.
mar chomharba as successor
" Dúirt an t-eagarthóir,Gerry O\'Regan, a tháinig mar chomharba ar Vinnie Doyle, nach raibh séde cheart aici a colún bheith foilsithe ná bheith curtha ar an eolasroimh ré nach bhfoilseofaí.
ag cur míshásaimh ar go leor de mo chomharbaí. much to the displeasure of many of my successors.
" “Chuaigh mé ar scor sa bhliain 2000 ach tá mé gníomhach liom, rud atá ag cur míshásaimh ar go leor de mo chomharbaí.
a chomharba, his successor,
" Thug a chomharba, Gordon Brown, tacaíocht don chogadh in 2003, cé go raibh drogall air á dhéanamh sin, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén dóigh a n-éalóidh sé as an tubaiste san Iaráic.
ar chomharba Bush. on Bush's successor.
" ComharbaDeirim seo agus mé ag smaoineamh ar chomharba Bush.
comharba successor
" comharbaDeirim seo agus mé ag smaoineamh ar chomharba Bush.
gan chomharba, without a successor,
" Tá sé in aice le Croxteth Hall Country Park, áit a raibh Lord Sefton ina chónaí sa teach mór go dtí go bhfuair sé bás, gan chomharba, sa bhliain 1972.
a comharba, her successor,
" Lean sí ar aghaidh leis na polasaithe céanna, rud a rinne a comharba, John Major, fosta sa bhliain 1990, agus mhéadaigh an leibhéal dífhostaíochta go ceithre mhilliún.
comharba successor
" “Sílim gur botún a bhí ann iarracht a dhéanamh comharba a fháil ar Christy.
chomharba successor
" Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh.
comharba successor
" Eachtra ar leith "Defining moment" a bhí ann nuair a sheas McGuinness, iar-Cheannaire an IRA i nDoire, taobh le Peter Robinson, fear Chluain Tiobrad agus Ulster Resistance agus Príomh-Chonstábla an PSNI (comharba an RUC), Sir Hugh Orde.
chomharba took over from
" Tháinig Thatcher mar chomharba ar Ted Heath i 1975 agus nuair a bhain na Tóraithe toghchán 1979, bhí daoine ó dheas sásta deis a thabhairt do Thatcher - bhuail Jack Lynch léi cúpla lá i ndiaidh di bogadh isteach i Sráid Downing.
chomharba successor
" Bliain thubaisteach curtha isteach aici, ach d’fhéadfadh rudaí dul i bhfeabhas ó tharla í a bheith luaite go láidir mar chomharba ar Charlie McCreevy sa Bhruiséil.
chomharba successor
" Beirt atá ina n-eiseamláirí de ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ ná Paul Wolfowitz agus, a chomharba mar Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, Robert Zoellick.
chomharba successor
" Cé gur tháinig uachtarán sibhialtach mar chomharba ar Sani Abacha i 1999, níor tháinig deireadh leis an drochíde atá á fulaingt ag na hOgoni.
mar chomharba in place of
" Ná déan dearmad gur ghlac an Coimisiún cinnidh - go háirithe maidir le mórshiúl Ard Eoin - nach raibh náisiúnaigh sásta leis agus is cinnte go mbeidh cearta na n-áitritheoirí aitheanta i cibé eagraíocht nó córas a thiocfaidh mar chomharba ar an Choimisiún.
ina chomharba in place of
" Is beag seans go dtabharfaí cluas thuisceanach do na Rohingya sna cúrsaí seo, is cuma cén sórt rialtais a thiocfadh ina chomharba ar na húdaráis reatha atá i mbun cinedhíothaithe.
comharba successor
" Ba bheag Gaeilge a labhair comharba Uí Loingsigh, Cathal Ó hEochaidh san Oifig 'ach bhíodh sé an-chúramach leathleathanach as Gaeilge a úsáid i ngach óráid mhór a bheadh le tabhairt aige ó am go ham – ag an Ard-Fheis gach bliain, mar shampla, agus ag ócáidí stáit i nDáil Éireann.
a chomharba his successor
" Fuair Rudd a thópar i mí an Mheithimh agus ba léir ina céad ráiteas go raibh a chomharba, Julia Gillard, ag éisteacht leis na cúlbhinseoirí thuas.
comharba successor
" Níorbh iad na Murphys amháin a bhí gníomhach sa chiorcal spiaireachta seo de chuid an SVR, seirbhís spiaireachta na Rúise, agus comharba an KGB; bhí Anna Chapman (fíorainm: Anna Vasilievne Cuistiencó) ag gníomhú i Manhattan, go hoscailte mar dhíoltóir tithe i gceantar Nua-Eabhraic, ach ag eagrú ciorcal, ar an gcúlráid, timpeall na cathrach chun eolas a bhailiú faoi dhúnghaoisí na Stát Aontaithe.
comharba ar a successor
" Sa bhliain 2012, nuair a dhéanfar bunú Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1912 a chomóradh, nach mbeadh sé tráthúil comharba ar James Connolly a bheith ina Thaoiseach ar an stát! B’fhéidir nach bhfuil ar bun agam ach taibhreamh.
chomharba replacement
" Theip go tubaisteach airsean i dtoghchán na hEorpa agus sna toghcháin áitiúla agus níor éirigh a dhath níos fearr lena chomharba in olltoghchán na bliana seo (2016), ainneoin an méid fadhbanna a bhí ag an rialtas.
chomharba ar taking over from
" Níor mhiste a luadh i gcomhthéacs na gcluichí Gaelacha go ndearna Tony Hanahoe, captaen fhoireann peile Átha Cliath, éacht nótáilte agus é ina chomharba ar Chaoimhín Ó hIfearnáin mar bhainisteoir nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1977.
chomharba uirthi her replacement
" Sa ruaille buaille a tháinig de thoradh air, d’imigh ceannaire an pháirtí, Dawn Purvis, agus tháinig an Dr Jack Kyle mar chomharba uirthi ar feadh tamaill bhig go dtí gur toghadh Ervine i mí Dheireadh Fómhair 2010.
chomharba successor
" Beidh cur chuige úr ag teastáil ó chomharba pháirtí De Valera.
chomharba ar replacement for
" ’ Dírithe ar an Todhchaí ============== Tá an DUP ag taisteal ar shiúl ón bhunchreidmheachas a chleacht siad ó tháinig ann don pháirtí i 1971 mar chomharba ar an *Protestant Unionist Party* agus beannacht an phobail aontachtaigh acu.
Comharba replacement
" Comharba Palin ======== Le bliain nó mar sin, is í Michele Bachmann Comharba neamhoifigiúil Sarah Palin, agus is cosúil go n-éireoidh níos fearr léi ná lena réamhtheachta.
mar chomharba ar in the wake of
" Tá mé cinnte nach mbeidh aon áifeála orainn gur roghnaíodh polaiteoir stuama, intleachtóir misniúil agus saor focal gan sárú le bheith mar chomharba ar Mháire Mhic Giolla Íosa.
comharba dlisteanach legitimate successor
" Lena chinntiú nach bhfágfar an Ghaeilge ar lár, mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo, mholfainn do Chonradh na Gaeilge, tabhairt faoi chomóradh a dhéanamh ar The Necessity for De-Anglicising Ireland, in éindí le heagraíochtaí eile, ar chás leo todhchaí na tíre: Conradh na Gaeilge mar is é an comharba dlisteanach ar an ngluaiseacht náisiúnta a bunaíodh mar thoradh ar léacht de hÍde 120 bliain ó shin.
comharba Pheadair the Pope
"comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
a comharba her successor
" Agus sin an nós a bhí ag an chuid is mó den lucht oibre, sílim, nuair a chuala siad go raibh Thatcher marbh, mar bhí tubaistí pearsanta domheasta ag go leor leor daoine sa tír, áit a raibh ceithre mhilliún duine dífhostaithe i rith réimeas ‘an bhean iarainn’ agus a comharba John Major.
drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air a military junta put in to replace him
" Anuas air sin, rinne an CIA buíonta frith-Árbenz a armáil is a shlógadh agus faoi lár 1954 bhí Árbenz éirithe as mar uachtarán agus drong míleata curtha i gcumhacht mar chomharba air.
in éadan a chomharba against his successor
" Ba ríléir don domhan is a mháthair go raibh Rudd agus a lucht leanta i bPáirtí an Lucht Oibre ag cumadh ceannairce in éadan a chomharba, beagnach ón lá a bhfuair sé a thópar.
nach gceapfar comharba air that no one shall be appointed
" Ó chuaigh an tOllamh Steffan Zimmer ar scor i 2011, tá folúntas ina dhiaidh, agus an baol ann nach gceapfar comharba air.
mar chomharba ar taking over from
" Le Gael Linn ===== **CMacS: Cén uair a thosaigh tú ag obair le Gael Linn?** AÓC: Samhradh 2002 mar chomharba ar Herman Ó Briain as Camus.
ar a comharba to his successor
" D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.
chomharba successor
" Beidh na hÉireannaigh i Learpholl an-sásta go deo, dar le Tony Birtill, má cheaptar duine dá gcuid féin mar chomharba ar Mick McCarthy mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann.
chomharba successor
" Guímid gach rath air agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimh a chomharba, Roseanne Smith.