Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhbhrón sympathy
" " Déanann Balor cásamh agus comhbhrón lena iar-sheanchara, Cathal Ó hÍthá, iar-ArdRí Éireann agus iarchaiteoir charbhait Charvez, agus é anois ina dhídeanaí.
lá náisiúnta comhbhróin national day of mourning
" Níl aon cheist faoi, ach an oiread, go raibh fearg agus an-bhrón ar mhuintir na tíre seo tar éis eachtraí uafásacha an aonú lá déag de mhí Mheán Fómhair agus gur thacaigh tromlach an phobail le cinneadh an Taoisigh nuair a d'fhógair sé lá náisiúnta comhbhróin an Aoine dár gcionn.
comhbhrón condolence
" Ní raibh iontas orm, mar sin, nuair a dúirt an iris choimeádach *The Spectator *go raibh an dóigh a ndearna muintir Learphoill comhbhrón le muintir Bigley ait.
comhbhrón condolence
" Is mian le Gael Linn comhbhrón a dhéanamh lena bhean chéile Máirín agus lena chlann.
comhbhrón sympathy
" Déanann a chomhghleacaithe BBC comhbhrón ó chroí le clann Kieran agus le gach duine a raibh grá aige dó.
comhbhrón sympathy
" Rinne mé comhbhrón leis an teaghlach ach b’éigean dom filleadh go Learpholl roimh an tórramh ar an 16 Márta.
comhbhróin commiserations
" Rinne Rudd agus ceannaire an fhreasúra, Malcolm Turnbull, ráitis i dTeach na Parlaiminte ag déanamh comhbhróin le muintir an naonúir.
ceiliúradh agus comhbhrón a dhéanamh de shíor to continually celebrate and sympathize
" Labhair an tUachtarán mar gheall ar na seanriachtanais phoiblí: an dualgas a bhraitheann sé ócáidí ar leith a chomóradh, méid na rudaí a chuirtear fé chomóradh poiblí a leathnú, seans a thabhairt do gach aon traidisiún a chuid mórtais a fhógairt os ard, an tsamhlaíocht stairiúil a spreagadh, ceiliúradh agus comhbhrón a dhéanamh de shíor.
comhbhrón leo sympathy with them
" Déanfaimid ceiliúradh leo agus laochra díobh má bhuann siad, comhbhrón leo má chailleann agus smaoineoimid, ar feadh nóiméad beag amháin b’fhéidir, gurb é an glacadh páirte atá tábhachtach agus ní an bua.
lucht an chomhbhróin mourners
" Feictear sochraidí plódaithe New Orleans go luath, ócáidí casta ceolmhaire nuair a shiúlann lucht an chomhbhróin cúpla mile fiú ón séipéal go dtí an reilig.
leabhar an chomhbhróin the book of condolences
" Ghoill sé ar bhallstáit an Chomhlathais go linn bhuí na gcaolán nuair a shínigh an Taoiseach, Éamon de Valera, leabhar an chomhbhróin faoi bhás Adolf Hitler i mí na Bealtaine 1945, cé nach raibh i gceist ach nósmhaireacht taidhleoireachta.
cárta comhbhróin a sympathy card
" “Cúpla lá ina dhiaidh, tháinig na péas chun na hoifige le hinse dom go raibh mé i gcontúirt mo bháis ón UVF agus cúpla lá ina dhiaidh sin arís, fuair mé cárta comhbhróin agus suaitheantas an UVF air.
a rinne comhbhrón agus comhghairdeas leis who sympathized and congratulated
" Ina measc bhí Jimmy Not Winning Matches Mc Guinness, pearsa Dhún na nGall na bliana seo caite, a rinne comhbhrón agus comhghairdeas leis an Uasal Ó Cuinneagáin.