Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar comhchéim on equal footing
" Roimhe sin, bhí na daoine ar fad ar comhchéim, ach níl anois.
ar comhchéim leis the equivalent of
" De réir an *New York Times*: "D'fhéadfadh an Irish Hunger Memorial atá á oscailt inniu ar Abhainn an Hudson in aice le rinn theas Manhattan a bheith ar comhchéim leis an Vietnam War Memorial i Washington, saothar poiblí ealaíne atá in aghaidh coinbhinsin, a mhúsclaíonn mothúcháin dhoimhne i ndaoine, a théann i bhfeidhm ar lucht féachana de gach cineál agus a mhéadaíonn ar thuiscint daoine ar céard go díreach ba cheart a bheith i gcuimhneachán poiblí.
ar comhchéim on equal terms
" Cuirfidh sin deireadh leis an mhagadh!" Níor lig Balor a chuid maidí le sruth ná níor thug sé caoi d'Ian Mór anáil a tharraingt, ach isteach go beo leis an Iriseoir calma clúiteach agus chuir ceist chliste chrua eile ar an DUPE mór, díreach suas lena bhéal: "Plean ar bith eile agat, a Ian?" "Agus mé i m'Ard-Rí beidh mé ar comhchéim le hÍosa Mac Giolla Mháire thíos ansin sa Saor Stát," a d'fhreagair Ian Mór an Páiseadóir.
ar comhchéim on a par
" Idir 2002 agus 2003, thit an líon bailte a raibh drochfhadhb bruscair acu ó dhá thrian go dtí an ceathrú cuid, agus anuraidh bhí seacht gcinn a bhí ar comhchéim leis na bailte is glaine san Aontas Eorpach.
ar comhchéim on a par
" Seirbhísí don óige, le Gaeilge, ar comhchéim (ar a laghad) le seirbhísí in aon teanga eile in Éirinn.
ar comhchéim le as good as
" Dúradh go raibh sé ar comhchéim le hAuden agus Dylan Thomas agus go raibh áit faoi leith ag dul dó i litríocht na tíre.
ar comhchéim le on a par with
" Tá an duais seo ar comhchéim le Corn Uí Riada.
ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla on a par with professional photographers
" Chomh maith leis sin, caitheann muid níos mó ama ag amharc ar phictiúir a sheolann muid chuig a chéile ar an idirlíon – bealach bríomhar idirnáisiúnta cumarsáide a ligeann duinn ár dtaithí saoil a chur i láthair pé pobail atá ann lena fheiceáil agus a chuireann muid ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla a bhíonn ag tuairisciú ó na tíortha a bhfuil trioblóid iontú.
ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla on a par with professional photographers
" Chomh maith leis sin, caitheann muid níos mó ama ag amharc ar phictiúir a sheolann muid chuig a chéile ar an idirlíon – bealach bríomhar idirnáisiúnta cumarsáide a ligeann duinn ár dtaithí saoil a chur i láthair pé pobail atá ann lena fheiceáil agus a chuireann muid ar comhchéim le grianghrafadóirí gairmiúla a bhíonn ag tuairisciú ó na tíortha a bhfuil trioblóid iontú.
ar comhchéim leo on an equal footing with them
" Bhíodh éad orm ansin roimhe seo nuair a bhíodh daoine timpeall orm ag brabhsáil leo ar an idirlíon – ach anois bheinn féin ar comhchéim leo.
ar comhchéim leis on a par with
" org)), go mbeidh sé idir trí agus cúig bliana eile go mbeidh an tseirbhís leathanbhanda in Éirinn ar comhchéim leis an tseirbhís atá ar fáil i dtíortha eile.
ar comhchéim leo on an equal footing with them
" Bhíodh éad orm ansin roimhe seo nuair a bhíodh daoine timpeall orm ag brabhsáil leo ar an idirlíon – ach anois bheinn féin ar comhchéim leo.
ar comhchéim on a par
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
ar comhchéim on the same level
" Measann saineolaithe go gcaithfear 141,000 post úr a chruthú roimh 2015 le go mbeadh an tuaisceart ar comhchéim leis an Ríocht Aontaithe.
ar comhchéim le on a par with
" Déarfainn go mbeidh sé ar comhchéim le hOireachtais eile agus b’fhéidir rud beag níos fearr.
ar comhchéim leis na spánna móra on a par with the big spas
" Ó thaobh an tsaoil shóisialta de, agus áiseanna leighis agus caitheamh aimsire, bhí an spá ar comhchéim leis na spánna móra ar mhórthír na hEorpa.
le go mbeidh duine acu ar chomhchéim so that one of them is on the same level
" **Comhurraim**Faoin reachtaíocht úr comhurraime sna Sé Chontae beidh duine den mhuintir Phrotastúnach le ceapadh ina chairdinéal le go mbeidh duine acu ar chomhchéim leis an Ardeaspag Pápach agus Cairdinéal úr Séan Ó Brádaigh.
ar comhchéim lena chéile. as good as each other.
" Cuir isteach an focal Protastúnach nó Caitliceach agus, 410 bliain níos moille, táthar ag streachailt leis an choincheap chéanna – go bhfuil gach duine daonna ar comhchéim lena chéile.
ar comhchéim at the same standard
" Bíonn beagáinín athbhreithnithe ag teastáil ó na daoine a d’fhreastail ar rang an bhliain roimh ré agus is cuma leo siúd má dhéantar rudaí simplí a chleachtadh ar feadh cúpla seachtain go dtí go mbíonn na tosaitheoirí beagnach ar comhchéim leo.
ar comhchéim at the same level
" Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist, ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.
ar comhchéim equal
" ” Nach íorónta é áfach, a deirim le Conor, go raibh na poblachtaí Sóivéadacha agus an tSin ag iarraidh a bheith ar comhchéim leis an iarthar chaipitleach agus anois, nuair atá siad anois ina mbaill den chlub, go bhfuil an caipitleachas go hiomlán in aimhréidh.
ar comhchéim le on the same level as
" Domsa, Eorpach a d'fhás aníos in Éirinn agus a raibh trí bliana caite aige sa Ghearmáin agus i Sasana, ní raibh amhras ar bith orm go mbeadh iompar poiblí Mheiriceá ar comhchéim le córais na hEorpa.
ar comhchéim le on an equal footing with
" Bheadh an foréigean as ar baineadh feidhm le go mbeadh rialtas i Sráid Chill Dara ar comhchéim le láimh láidir an IRA.
ar comhchéim leis on a level footing with
" Cheap mé go raibh sé seo suntasach mar dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar shuíomh oifigiúil na huachtaránachta, bheadh sé den tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla in Éirinn.
ar comhchéim on a equal footing
" "Má tá réiteach ann maidir le hiar-sceimhlitheoirí a bhí gníomhach, is cóir go mbeadh sé amhlaidh i gcás bhaill fhórsaí slándála na Breataine,” ar sé, ag cur an dá ghrúpa ar comhchéim.