Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go fo-chomhfhiosach subconsciously
" Umhlaíocht is náire ======= D'umhlaigh na Baváraigh don dearcadh seafóideach sin gan fhios dóibh féin agus ghlac go fo-chomhfhiosach leis go raibh Gearmáinis cheart nó "mar ba chóir" á labhairt ag an dream a tháinig aduaidh (rud nach fíor, dála an scéil!).
go comhfhiosach consciously
" Ach téann, agus táimid seanchleachta leis sa litríocht fiú mura raibh na focail ná an smaoineamh féin ar eolas againn go comhfhiosach go dtí gur fhoghlaim muid ó na leanaí sa bhaile os comhair an ríomhaire iad.
comhfhiosach conscious
níos comhfhiosaí more conscious
" Uaireanta eile bím ag tógáil ar an méid sin ar bhealach atá níos comhfhiosaí.
idirdhealú fo-chomhfhiosach sub-conscious discrimination
" Ní raibh sa gclár faisnéise sin ach cruthú eile go ndéanann muid idirdhealú fo-chomhfhiosach idir daoine geala agus daoine dubha maidir leis an ról ba chóir dóibh a bheith acu inár sochaí.
cur chuige comhfhiosach conscious approach
" Agus léiríonn sé go raibh Ennis é féin an-ghéarchúiseach faoina sheinm agus go raibh cur chuige comhfhiosach aige.
go comhfhiosach consciously
" Dúirt sé féin go raibh gné chruinn eolaíoch ag baint le méarú na píobaireachta, rud a léiríonn gur oibrigh sé amach go cúramach agus go comhfhiosach a raibh ar siúl aige.
ciontachta fo-chomhfhiosaí subconscious guilt
" An Fo-Chomhfhios Luíonn croí an scannáin seo in oibriú amach na ciontachta fo-chomhfhiosaí sin a thiomáin í chuig na gníomhartha uafáis a d’imir sí uirthi féin is ar a fear istigh sa choill.
comhfhiosach conscious
" Gníomh comhfhiosach, gníomh tola a bheas ann feasta ag teaghlaigh Ghaeilge sna Gaeltachtaí stairiúla, ach tá borradh áirithe ann.
oibriú amach go fo-chomhfhiosach work out subconsciously
" Mar shampla, ceist diúide mar "An bhfaca tú an cluiche mór inné?" Ag brath ar an duine a bhfuil tú ag caint leis, caithfidh tú oibriú amach go fo-chomhfhiosach agus go hiontach gasta an bhfuiltear ag caint ar *Manchester United* in éadan *Arsenal* nó ar Thír Eoghain in éadan Bhaile Átha Cliath sa Chraobh.
cinneadh comhfhiosach an rialtais the government’s conscious decision
" Le haird a tharraingt ar an éileamh bunúsach seo, ba mhaith an rud é ‘comóradh’ a dhéanamh an chéad bhliain eile ar an an buille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bunaíodh an stát, ’sé sin cinneadh comhfhiosach an rialtais ar 29 Deireadh Fómhair 1974, deireadh a chur le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís agus a fhios ag Taoiseach na tíre ag an am, gurb é an toradh a bheadh ar an gcinneadh nach mbeadh an stát in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha!