Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhleacaithe comrades
" Cad chuige an t-airgead agus cén fáth nár déanadh iarratas i scríbhinn ar a shon? An bhfuil bealach ar fáil don Seanadóir Ó Murchú le hidirbheartaíocht a dhéanamh lena chuid comhleacaithe i bhFianna Fáil seachas dul tríd na gnáthrúibricí? Cén dóigh a bheidh a fhios ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuiltear ag fáil luach a gcuid airgid ón mhéid a tugadh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann nuair nár leagadh aon phlean foirmeáilte os a gcomhair roimh Cáinaisnéis 2009? Cén chumhacht draíochtúil atá ag an Ard-Stiúrthóir nuair a d’éirigh leis 60 oiread airgead ná mar a bhí á lorg aige a chrú as an Roinn fad is a bhí faobhar á chur ar an chorrán? Is cinnte go mbeadh suim faoi leith ag Údarás na Gaeltachta i bhfreagra na ceiste sin.
comhleacaithe comrades
" Agus cén dream is mó atá thíos leis na moltaí úd? Colm McCarthy agus a chuid comhleacaithe a chur a oiread sin dua orthu féin clár ciorruithe a chur le chéile, clár ar tugadh droim láimhe dó don chuid is mó.
comhleacaithe comrades
" Ó tharla go raibh lámh an tsaoiste i bhfostú sa sparán, mheas roinnt dá chuid comhleacaithe go raibh a leithéid d'iompar inghlactha.