Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhpháirteanna components
" Tá sé an-deacair dramhaíl leictreonach a athchúrsáil toisc go bhfuil a lán ábhair agus comhpháirteanna i gceist.
mar chomhpháirt de shláinte mhaith as a component of good health
" In ainneoin áit lárnach an bhia i gcultúr Mheiriceá agus bhunriachtanais an nádúir dhaonna, áfach, tá sé riachtanach go bhféachfaí ar bhia mar chomhpháirt de shláinte mhaith seachas mar bhac ar shláinte mhaith, más mian linn dea-bhail fhisiciúil agus mhothúchánach a bhaint amach.
comhpháirteanna simplí leictreonacha simple electronic components
" Go dtí seo is maighnéid agus comhpháirteanna simplí leictreonacha a bhí in úsáid sna clibeanna frithghadaíochta i siopaí.
gcomhpháirteanna leictreonacha electronic components
" Is cinnte go méadaíonn sé seo na costais a bhaineann le lasta eitleáin, más gá costas an turais fholaimh ar ais a chur san áireamh i gcostais iompair na nglasraí nó na mbláthanna nó na gcomhpháirteanna leictreonacha.
i gcomhpháirt le in conjunction with
" Rinne sé ionradh – i gcomhpháirt le harm Uganda – ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa bhliain 1996 agus arís sa bhliain 1998.
léiríodh í i gcomhpháirt leis it was produced in conjunction
" Bhí an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile agus léiríodh í i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín.
i gcomhpháirt leis along with
" Ó bhunaigh James Whelton Coderdojo i gcomhpháirt leis an bhfiontraí idirlín Bill Liao i mí Meithimh 2011, tá breis agus 130 club nó dojo mar thugtar orthu oscailte ó Árainn Mhór go *St Petersburg*, d’fhonn scileanna ríomhchlárúcháin a mhúineadh don aos óg faoi bhun sé bliana déag d’aois.
i gcomhpháirt le treoraithe cáilithe along with trained guides
" I Mí na Márta, nuair a bheidh an mheánscoil críochnaithe ag Enderson, cuirfidh Mídia Periférica tús le turais lae go Sussuarana, i gcomhpháirt le treoraithe cáilithe.
a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son which produce car parts for
" Caillfear na poist sin go léir agus is baolach go gcaillfear poist go leor eile sna gnólachtaí beaga a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son na monaróirí móra.