Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbun comhraic engaged in combat
" Seo an t-am den bhliain do na cluichí móra freisin agus na himreoirí móra-le-rá a fheiceáil i mbun comhraic.
ag dul i mbun comhraic arís going into combat again
" Tríocha nóiméad d'am breise le himirt! An cheist mhór agus na foirne ag dul i mbun comhraic arís ná cé acu a raibh an toil agus an croí acu chun an bua a ghnóthú.
a chéile comhraic his competitor
" ** Níl cead ag imreoir a chéile comhraic a bhrú, greim a fháil air nó cor coise a chur ann.
an príomhchéile comhraic the main opponent
" Le linn an fheachtais toghcháin anuraidh, ba é Francesco Rutelli (46), ceannaire an Pháirtí Radacaigh, an príomhchéile comhraic a bhí aige.
céile comhraic opponent
" Bhuaigh an Clár orthu toisc go raibh siad níos láidre agus bhí siad in ann an céile comhraic a bhrú as an mbealach go dlisteanach agus go minic go neamhdhlisteanach (ní fhaca an réiteoir an méid feallanna is a chonaic an lucht féachana).
bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic trick their opponents
" Tá sé deacair go leor ag réiteoir súil a choinneáil ar thríocha imreoir atá ag déanamh a seacht míle ndícheall bua a fháil agus bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic gan duine éigin eile a bheith ag teacht ar an bpáirc agus a fhoighid a thástáil.
céile comhraic toghchánaíochta election rival
" Ag an am sin, bhí ag éirí go maith le hEdmund Stoiber, céile comhraic toghchánaíochta de chuid an Aontais Shóisialaigh Chríostaí.
sos comhraic ceasefire
" Ag an am bhí sos comhraic i bhfeidhm idir an IRA agus Arm na Breataine.
a gcéilí comhraic their oponent
" Barr an chnoic oighir? Go dtí go bhfuil achan duine sásta leithéidí Dubbeljoint a thriail, agus iarracht a dhéanamh spreagadh agus croí a gcéilí comhraic a thuigbheáil, mairfidh an díobháil chogaidh in áit na síochána go ceann tamaill eile.
ar a gcéilí comhraic for their opponents
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
a gcéile comhraic their rivals
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
sos comhraic ceasefire
" Tar éis trí lá inar imir muintir Chorcaí slad ar mhuintir na hAlban, agus a mhalairt ar feadh trí lá eile, bhí sos comhraic ann.
an céile comhraic ba dhainséaraí the most dangerous opponent
" Trí bhuille marfach a bhualadh ar fhaicsean poblachtánach an pháirtí bhí ar chumas an Loingsigh agus a chomrádaithe na seanslabhraí a chaitheamh díobh agus treo nua a thabhairt don pháirtí agus, anuas ar sin uilig, d'éirigh leo an céile comhraic ba dhainséaraí a bhí acu a chur as an imirt ar feadh tréimhse fada.
an sos comhraic the ceasefire
" “Bhí mé ag éisteacht le tuairisc ar TG4 aréir mar gheall ar an sos comhraic agus chuala mé cainteoir dúchais as Conamara ag rá ‘an fhoréigean’ mar thuiseal ainmneach tríd síos.
gcéilí comhraic opponents
" Rinneadh ionsaithe ar ghluaisteáin na gcéilí comhraic, ceann ar cheann, scaoil siad urchair lena chéile, péinteáladh “LVF” ar phubanna a raibh baint acu leis an UVF.
sos comhraic ceasefire
" Níos measa fós, go dtí seo measann rialtas na Breataine go bhfuil sos comhraic an UVF i bhfeidhm! Tá Caitlicigh buartha fosta fá dhrogall an PSNI admháil gur ionsaithe seicteacha a bhí sna buamaí peitril a caitheadh ar thithe Caitliceacha in Áth Eochaille, Co Aontroma.
chéilí comhraic opponents
" Tá idir ábhar cartlainne, agallamh leis an aoi féin agus léirmheasanna ó chéilí comhraic agus ó thráchtairí i ngach clár.
a chéilí comhraic san fhreasúra his opponents in the opposition
" Anuas air sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó geana ag an phobal air go fóill ná mar atá ar a chéilí comhraic san fhreasúra.
lena gcéilí comhraic with their opponents in battle
" A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
óna chéile comhraic from his rival
" I Nua-Gheirsí, mar shampla, tá an t-iarrthóir Daonlathach, Bob Menendez, go mór faoi bhrú óna chéile comhraic Tom Kean, a bhfuil stair fhada pholaitiúil ina mhuintir.
a gcéilí comhraic their opponents
" An mbeidh 80,000 duine i láthair? Ar éigean é ach is cinnte go mbeidh beagnach chuile dhuine as Baile Locha Riach ann agus seans maith go n-ardóidh siad cúpla véarsa de “The Fields of Athenry”, a gcéilí comhraic i gcraochchluiche an chontae, roimh dheireadh an chluiche! Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
ar chéilí comhraic on opponents
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
cloigeann a chéile comhraic the head of his opponent
" Má bhí na hAstrálaigh ag breathnú ar an gcéad chluiche idir Baile Átha Cliath agus an Mhí, seans go raibh cineál mearbhaill orthu nuair a chonaic siad imreoir de chuid na Mí, ar iarchaptaen fhoireann na hÉireann sna cluichí idirnáisiúnta é, ag caitheamh doirn faoi dhó le cloigeann a chéile comhraic agus a lámh timpeall ar mhuineál imreora eile geábh eile.
trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic by taking advantage of its old opponent
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic to get the better of his opponent
" ***Buntáistí:* **Fear éirimiúil atá ann atá lán ábalta an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic i ndíospóireachtaí.
chéile comhraic counterpart
" De réir gach pobalbhreithe le bliain anuas nach mór, bhí Obama chun tosaigh ar a bheirt chéile comhraic, Hilary Clinton agus John McCain, mar rogha na ndaoine.
chéile comhraic opponent
" Tá sé le tabhairt faoi deara go fóill, mar shampla, go dtagannn an bithiúnach isteach ar an taobh chlé ‘dorcha’ den ardán agus a chéile comhraic, an tSióg Mhaith, isteach ar an taobh dheas.
chéile comhraic opponent
" Cúlra an chluiche Agus é sin ráite nach aisteach an spórt é an snúcar le hais spórt eile: bord mór i spás beag; lucht féachana ina dtost don chuid is mó; gan aon teagmháil phearsanta le do chéile comhraic; an t-imreoir i gcoinne na liathróidí.
gcéilí comhraic opponents
" Bíonn imreoirí ag tabhairt maslaí dá gcéilí comhraic, ag rá rudaí tarcaisneacha lena chéile, ag iarraidh cur as dá chéile i slite gránna, gairgeacha.
céilí comhraic opponents
" An bhfuil focal níos fearr ná “chutzpah” – focal Giúdaise a chiallaíonn “dánacht gan náire” – le hiompar Netanyahu agus a chomhbhádóirí a chur in iúl? In ionad a admháil gurb é Iosrael an t-aon tír amháin sa Mheánoirthear a bhfuil airm eithneacha aige, díríonn lucht Iosrael aird an domhain ar bhagairtí nach ann dóibh óna gcuid céilí comhraic sa taobh sin domhain.
chéile comhraic opponent
" **CMS: Cad é an chéad chomórtas a bhuaigh tú agus cá raibh sé ar bun?** KT: Níor bhuaigh mé Craobhchomórtas Náisiúnta riamh ar an ábhar nach raibh aon chéile comhraic le fáil in Éirinn.
sheanchéile comhraic fellow combatant
" Sin ráite, n’fheadar cad a bheadh le rá ag mo sheanchéile comhraic Ratzinger faoi ‘Kakera’.
a céile comhraic her opponent
" Mar sin féin, ní mó ná sásta atá a céile comhraic léi.
a céile comhraic her opponent
" Agus 56% de na vótaí aici, fuair Rousseff an lámh in uachtar ar a céile comhraic, José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh (PSDB.
céile comhraic combatant
" Ag an am céanna, bhí céile comhraic nua ag na comhlachtaí traenach - an t-inneall dócháin inmheánaigh.
céile comhraic opponent
" “Déanaim agus déanann formhór na réiteoirí” a dúirt sé, “ idirdhealú idir úsáid fhánach na droch-chainte agus úsáid mhailíseach le céile comhraic nó le réiteoir.
ar sos comhraic in a truce
" Cheadaigh ceannaireacht an UVF an dúnmharú, ainneoin iad in ainm is a bheith ar sos comhraic.
a chéile comhraic the man he’s marking
" Comhairlítear dó fanacht sa lár agus gan taisteal i dtreo na dtaobhanna nó lár na páirce fiú amháin má dhéanann a chéile comhraic é sin.
céile comhraic opponent
" Tá sé ráite acu siúd a thuigeann an dornálaíocht ghairmiúil gur dornálaí an-chumhachtach é Annraoi Mac Giolla Chomhaill agus nach scaoileann sé go héasca le céile comhraic má fhaigheann sé deis buille mór a leagan air.
chéile comhraic his opponent
" Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.
a chéile comhraic his opponent
" Sampla den chur chuige sin ná an chaoi inar thaistil Kevin Heffernan, lántosaí Átha Cliath, i bhfad ó chúl na Mí ag mealladh a chéile comhraic Paddy O Brien, an lántaca, le dul ina dhiaidh.
chéilí comhraic opponent
" Ní deacair a mhíniú cén fáth go mbeadh clampar ann: míthuiscint faoi rialacha, easpa taithí ag imreoirí na peile Gaelaí ar an ngreamú a dhéanann lucht na peile Astrálaí ar chéilí comhraic agus an choimhlint ghéar san áireamh.
céilí comhraic opponent
" I measc na dtéamaí a scagann siad tá a leithéidí seo: frustrachas an imreora atá gortaithe; easpa féinsmachta; caint gharbh, ghránna le céilí comhraic; cultúr an ólacháin i measc imreoirí; easaontas le bainisteoirí; frustrachas an imreora nach bhfaigheann deis imeartha in ainneoin a chuid iarrachtaí; imreoirí ag teacht chuig deireadh a dtréimhse imeartha – an ceart imeacht nó fanacht?; íobairtí a dhéanann imreoirí chun a bheith aclaí; taicticí gránna – foréigean, imeaglú, falcaireacht; cur síos ar chluichí, scóranna, eachtraí calaoiseach.
céile comhraic fíormhaith an excellent opponent
" Bhí údar maith aici leis: babhta ceannais na gCluichí Oilimpeacha agus céile comhraic fíormhaith ar fad, an cailín Rúiseach, Sofya Ochigava.
bhféadfadh sé teacht suas lena chéile comhraic could he catch up to his rival
" Ní hé go bhfuil iarrthóir den scoth ag an bPáirtí Daonlathach, ach tá iarrthóir chomh dona sin ag an bPáirtí Poblachtánach gur deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfadh sé teacht suas lena chéile comhraic.
ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad they were determined natural combatants
" B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith.
níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin just one man marking (Páidí) was able
" In ocht gcluiche ceannais a bhuaigh Ciarraí níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin scór a fháil agus Páidí á mharcáil – éacht go mba dheacair a shárú.
do chéile comhraic one’s opponent
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic sinking his teeth into his opponent’s skin
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
mo chéile comhraic my opponent
" Chuireas ann paidir le hanamacha triúir Neligan: mo chéile comhraic, Maurice an máinlia, ar shlí na fírinne anois; an ‘David F’ fá mo chosa thíos - pé ar leis é - agus, beart a tháinig aniar aduaidh orm féin, paidir le hanam David Neligan, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Fórsaí an tSaorstáit, Trá Lí, 1923.
den gclaonadh chun comhraic of the tendency to do battle
" Na Fo-Ghiolcairí ===== Níl i scéal Bates ach blaisín amháin den gclaonadh chun comhraic atá ag borradh ar líne agus go minic ní bhíonn ach maslaí suaracha le feiceáil sna hargóintí is teasaí.