Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcomhthionól conference
" Tá sé mar cheannasaí ar an gcomhthionól atá ag a hord rialta agus taistealaíonn sí go dtí na clochair eile thar lear, san Afraic agus Meiriceá Theas, mar shampla; rinne sí obair ar bhochtanas i dtíortha na hEorpa; bhunaigh sí an múnla atá anois ann do sholáthar seirbhísí sóisialta sa tír seo; bíonn baint aici go leanúnach le taighde; tá sí ag bunú eagraíochta, Social Innovations Ireland, chun riachtanais atá ag pobail ar an imeall a chur chun cinn; tá ionad *holistic* á bhunú aici do dhaoine a thugann aire do dhaoine eile, múinteoirí, banaltraí, oibrithe sóisialta, mar shampla; cheap an tUachtarán í ar Chomhairle an Stáit; bhí sí ina Cathaoirleach ar Combat Poverty agus mórán Éireann eile.
ó thitim an Comhthionóil dheireanaigh from the fall of the last Assembly
" Doiligh daoine a mhealladh ======= Rud eile a chuireann isteach ar an SDLP, dar le Bríd, ná go raibh 23 éigin bliain ann, ó thitim an Comhthionóil dheireanaigh i 1975, nuair ba bheag polaitíocht a bhí ann; bhí sé dainséarach a bheith páirteach sa pholaitíocht agus bhí cogadh cathartha ann i ndáiríre.
comhthionól assembly
" “Agus fógróidh sé cruinniú agus comhthionól agus teacht le chéile.
na comhthionóil déabhlóide réigiúnacha the regional devolved assemblies
" Is léir nuair a bhunaigh Páirtí an Lucht Oibre na comhthionóil déabhlóide réigiúnacha nár chuir siad na ciallachais a bheadh acu do Shasana agus do Westminster san áireamh.
chomhthionóil communal
" Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
Chomhthionól Assembly
" html ) Ina aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an 24ú Meán Fómhair, mhaígh Benjamin Netanyahu go raibh ’an tsibhialtacht in aghaidh an bharbarachais’ sa choimhlint idir Iosrael agus an Iaráin.
Comhthionól assembly
" Ar 18 Mí na Nollag 1990, mar shampla, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an gConradh Idirnáisiúnta um Chosaint Chearta Oibrithe Imirce Uilig agus Bhaill a dTeaghlach.
comhthionól convention
" Gheall an Lucht Oibre go mbunóidís comhthionól bunreachtúil a dhéanfadh scrúdú ar an bhunreacht ar fad agus a dhéanfadh moltaí dá thoradh sin.
chomhthionól assembly
" “Cad chuige ar mharaigh Jack Ruby – Iosraelach – Oswald?” a d’fhiafraigh sé den chomhthionól.
Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe the General Assembly of the UN
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
Chomhthionóil the Council
" Léiríodh míshástacht faoi Phríomh-Ionadaí Chomhthionóil an Chéid Náisiúin a roghnaíodh, Shawn Atloe, agus bheartaigh ceannairí ó Ontario agus Manitoba (dhá chúige i gCeanada) gan freastal ar an gcruinniú.
na comhthionóil seo these get-togethers
" Ós rud é go raibh cúpla Euro ar fáil chun na comhthionóil seo a chur le chéile, rinne daoine iarracht an-mhór ar fad an dubh a chur ina gheal ar Gabriel Byrne, Ambasadóir Cultúrtha na hÉireann, fear a dúirt nach raibh i gceist leis an Tóstal ach shakedown nó scéim chun airgead a bhaint de chuairteoirí a bhí ag teacht chun na hÉireann.
Comhthionóil Bhliantúil annual assembly
" Thug tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Comhthionóil Bhliantúil Eaglais na hAlban i 1923 foláireamh faoi: *‘The menace of the Irish race to Scottish nationality.