Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan trua gan taise without pity or compassion
" Deich lá agus oíche gan trua gan taise.
gan trua without compassion
" Duine gan trua a bhí ann, ach cad é faoi ról a mhná céile, Primrose, a bhí i láthair nuair a mharaigh sé cuid de na daoine? De réir gaolta, ghoid sí seodra agus ornáidí ó na híospartaigh, agus fuarthas earraí mar seo ina dteach.
comhbhá felow-feeling, compassion
" Tá an bhá atá léirithe ag an domhan mór le híospartaigh an 11 Meán Fómhair dochreidte, agus tá comhbhá dhaonna tagtha chun cinn go láidir de bharr na tragóide uafasaí seo.
taise compassion
" Cuireadh tús le scoláireacht bhliantúil ina sheanscoil, Sewenhaka, le bronnadh ar na scoláirí is mó a mbaineann na tréithe leo a bhí go smior i McEneaney: ionracas, macántacht, taise agus stuaim.
gan taise gan trua without pity or compassion
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
taisce compassion
" Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú *thar* lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.
atrua compassion
" Níl an chúirt róchothrom faoi láthair agus beidh ar an uachtarán Obama duine a cheapadh in áit Stevens a bheidh in ann cathanna liobrálacha a throid, duine a mbeidh intleacht, atrua, agus cumas ann nó inti, faoi mar a bhí ag John Paul Stevens.
trua ón gcroí amach heartfelt compassion
" Ach do léiríodh sé daonnacht agus trua ón gcroí amach ina chuid scríbhinní.