Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag gearán complaining
" Bíonn an páirtí i gcónaí ag gearán nach reáchtáiltear polaitíocht na tíre seo ar bhonn deas-clé mar a dhéantar i dtíortha eile.
ag ceasacht complaining
" Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr meidhréiseach cruinnbhallach.
ag gearán complaining
" I ndairíre, ní dhéanfaidh an argóint seo difear ar bith de bharr nach bhfuil fonn ar Shinn Féin dul isteach sa rialtas go fóill mar go bhfuil sé níos fusa acu seasamh taobh amuigh agus a bheith ag gearán faoi gach polasaí.
a cheasnaíonn complains
" "Mura dtógtar an Bertie Bath sin go luath, cá háit eile in Éirinn a ndéanfaidh muid ár gcuid níocháin go poiblí?" a cheasnaíonn Balor an Sianaí.
údar clamhsáin cause to complain
" Is annamh a bhíonn feilméaraí na hAstráile gan údar clamhsáin.
ag cnádán complaining, going on and on
" Bhí a hathair ag cnádán ó d'fhógair Mark go raibh sé féin agus Ruth le pósadh.
ag gearán complaining
" Glacfaidh os cionn 4,000 ceoltóir páirt sna comórtaisí, ceaptar go mbeidh os cionn 10,000 ceoltóir ag freastal ar an bhFleadh agus os cionn 200,000 duine ag triall ar an mbaile! Ní haon iontas mar sin go mbíonn daoine ag gearán go mbíonn an iomarca de shlua i láthair agus go gcruthaíonn sé sin deacrachtaí do na ceoltóirí seisiúin mhaithe a bhaint amach i gcompord.
clamhsán complaining, fault-finding
" " "Ní dhéanfaidh an clamhsán maith ar bith duit nó tachtóidh Ruth í féin thú muna mbíonn sé ort," arsa Niall.
ábhar clamhsáin reason for complaining
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
ag gearán complaining
" Thosaigh na póilíní ag gearán faoi gach rud arís agus bhí an chuma ar an scéal nach gcuirfí tús leis an phríomhpharáid ar chor ar bith.
ag cnádán complaining
" "Orú, tá tú i gcónaí ag cnádán fán phíopa.
ag clamhsán complaining
" Is minic a bhíonn daoine ag clamhsán faoi chomórtais den chineál seo, ag rá i gcás na hamhránaíochta go mbíonn tionchar diúltach acu ar stíl na bhfonnadóirí.
ag clamhsán complaining
" Ach in ionad áthas a bheith ar lucht na meán go bhfuil leasuithe breise á mbeartú tá ceardchumann na n-iriseoirí ag clamhsán mar gheall ar roinnt de na moltaí eile a chreidtear a dhéanfaidh an tAire iarracht a shleamhnú isteach sa bhille.
ag gearán complaining
" Is fada iriseoirí na tíre ag gearán faoi cé chomh héagórach is atá na dlíthe leabhail faoin Acht seo, ach ní go dtí 1999, nuair a cáineadh go láidir dlíthe leabhail na hÉireann i dtuarascáil a chuir Abid Hussain, *rapporteur *speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, le chéile ar tugadh aird ar bith ar an gclamhsán seo.
a cheasnaíonn complains
" Bí cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson nó Paddy nó fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche ná a mhalairt nach bhfaighidh mé ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana," a cheasnaíonn Balor na Baothchainte.
moladh do gach duine a rinne gearán leo to advise everyone who complained to them
" Tá rogha shimplí acu sa scéal uafásach seo - moladh do gach duine a rinne gearán leo dul chuig an Gharda Síochána agus an gearán sin a dhéanamh go foirmeálta.
ag gearán complaining
" Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
ag clamhsán complaining
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
ag gearán complaining
" De ghnáth ar maidin! Ach is aoibhinn liom a bheith ag seinnt tar éis meán oíche agus bíonn na comharsana béal dorais ag gearán.
clamhsán complaining
" Cnáimhseáil, clamhsán agus gearán.
ar tí gearán os ard about to complain aloud
" Bhí sé ar tí gearán os ard nuair a tháinig foireann dochtúirí faoi luas lasrach agus otharcharr á leanacht, an slua ag cúlú siar agus ag oscailt cosán caol isteach dóibh.
clamhsán complaining
"clamhsán dhá dhéanamh le fada faoi sholáthar uisce na Ceathrún Rua.
ag gearán complaining
" Chuir an t-eagarfhocal seo iontas orm mar, de ghnáth, ní bhíonn an nuachtán seo ag gearán faoin Ord Oráisteach ar chor ar bith.
ag gearán complaining
" Ní haon ionadh mar sin go bhfuil iascairí tíortha ar nós Senegal agus Mauritania ag gearán go bhfuil an Atlantic Dawn ag cur a slí bheatha traidisiúnta féin i mbaol.
ag gearán complaining
" D'inis siad dom go raibh sé in aghaidh an dlí leatrom a imirt ar dhuine de bharr é a bheith ag gearán faoin chiníochas.
ag gearán fá dtaobh díomsa complaining about me
" Chaith sé cuid mhaith den am ag gearán fá dtaobh díomsa agus an dóigh ar thug mé an scéal don *Lecturer*, agus dúirt sé liom go mbeadh trioblóid ann faoi sin.
ag gearán complaining
" Le blianta fada tá eagraíochtaí ar nós Comhlámh ag gearán go bhfuil an tAontas Eorpach ag dumpáil bia ar mhargaí na dtíortha neamhfhorbartha ar phraghsanna atá thar a bheith íseal, díreach chun fáil réidh leis na sléibhte ime agus mairteola, na lochanna bainne agus na lochanna fíona.
ag casaoid complaining
" Lena chois sin, thosaigh go leor úinéirí tí Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh de Manhattan ag casaoid nuair a léirigh Bloomberg tacaíocht do chánacha maoine mar chuid den iarracht buiséad Nua-Eabhrac a chomhardú.
ag casaoid complaining
" Smaoinigh an t-ionadh a bhí orm nuair a bhuail mé le daoine a bhí ag casaoid faoin mhí-ádh a bhí orthu gur chuir Dia i bhfad rófhada ó thuaidh iad, in ionad iad a lonnú in aice le farraigí teo na Gréige! Ar feadh dhá mhí, bhain mé taitneamh as an fháilte a chuir teaghlaigh Éireannacha romham agus mé ag dul timpeall na Gaeltachta - i dtigh Johnnie Sheáin Jack san Aird Thiar, Conamara, mar shampla; i dtigh Shéamais Uí Choirbín i gCois Cladaigh, An Bun Beag, Co.
shíorghearán continuous complaining
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
ag gearán leis still complaining
" Bhí Seán ag gearán leis fán phéint, fán dath, fá na ballaí, fán tsaol.
ag gearán complaining
" Scríobh cara eile, Christy McHale, litir chuig an *Sunday Telegraph *ag gearán faoi McLaughlin agus Hall: ".
ag gearán complaining
" Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá "Ros na Rún" ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga.
ag gearán complaining
" Is fada lucht mheáin chumarsáide na hÉireann ag gearán go bhfuil an tAcht Um Chlúmhilleadh 1961, agus an dlí maidir le leabhal sa stát seo, éagórach.
de shíor ag clamhsán forever complaining
" Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.
ag gearán de shíor endlessly complaining
" Mar a dúirt colúnaí de chuid *New York Newsday*, Ellis Henican: "Cén fáth ar cheart do na fir a bheith as póca díreach mar gheall ar go bhfuil mná áirithe ann a fheiceann na leithris phoiblí mar chlubthithe príobháideacha inar féidir leo: déanamh cinnte go bhfuil siad cíortha glanta, comhairle a chur ar a chéile, an nasc lena gcairde a láidriú, a bheith ag gearán de shíor faoi na fir ina saol.
cnádán complaining
" " "Cén cnádán a bhí ar do chuidse i mbliana cibé?" arsa Nuala.
ag cnádán fán teilifís complaining about the television
" Bheadh Aindí ag cnádán fán teilifís agus ní bheadh clár ar bith á shásamh.
a cheasnaigh sé he complained
" "Ní cóir cead a bheith ag tábhairneoirí caitheamh le caiteoirí mar sin," a cheasnaigh sé an tseachtain seo caite i ndiaidh dó a bheith caite amach arís.
ag clamhsán go minic often complaining
" Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).
ag déanamh gluaireáin grumbling, complaining
" Go bunúsach, ní raibh duine ar bith ag déanamh gluaireáin mar gheall ar an chosc.
ag cnádán complaining, bickering
" Bhagair sí orthu gan a bheith ag sceamhlaigh agus ag cnádán ach ní raibh maith a bheith leo.
ag gearán complaining
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
an síorchlamhsán the continuous complaining
" Deir sí go bhfuil meas mór aici ar mhúinteoirí ach cuireann an síorchlamhsán a bhíonn ar bun ag cuid acu isteach uirthi.
ag gearán complaining
" "Is cuimhin liomsa múinteoirí a bhíodh ag gearán an t-am ar fad faoi chomh crua is a bhí an obair.
ábhar gearáin reason to complain
" Is cinnte go bhfuil ábhar gearáin ag tábhairneoirí maidir leis an dlí nua a chuireann cosc ar dhaoine óga faoi ocht mbliana déag a bheith istigh i dteach leanna i ndiaidh a naoi a chlog san oíche.
de shíor ag gearán forever complaining
" Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
ag gearán complaining
" Agus am Mòd seo faoi lán seoil, beimid ár gcrá féin ag smaoineamh cheana féin ar na fadhbanna a bhainfidh le Mòd 2005! "Níl mé ag gearán - is seachtain iontach í agus tá ríméad orm go bhfuil mé in ann mo chion féin a dhéanamh di.
ag clamhsán go géar complaining bitterly
" Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo.
ag mairgnigh complaining
" "Nach bhfuil tú i gconaí ag mairgnigh nach bhfaigheann tú blas den tsaol áitiúil agus tú ar shiúl.
ag gearán complaining
" Mura gcaitheann tú vóta, níor chóir duit a bheith ag gearán, a dúradh linn.
ag casaoid complaining
" Tá siad ag casaoid, ag éagaoin agus ag gearán go bhfuil siad díreach socraithe isteach san áit i ndiaidh dóibh bogadh aniar as Conamara seachtó bliain ó shin.
ag clamhsán complaining
" An chéad bhliain sin, bhí go leor daoine ag clamhsán faoin bhfoireann pheile, go mór mór toisc nár roghnaíodh Mícheál Ó Conaill agus Mícheál Ó Duibhir as Ciarraí.
ag gearán faoi complaining about
" Ceangal láidir ======= Bhí sé suimiúil Ian Paisley a chloisteáil roimh an Nollaig ag gearán faoi "lucht na ngunnaí" i measc na bpoblachtánach agus ag iarraidh grianghraf den acht díchoimisiúnaithe.
ag gearán complaining
" Is duine iontach dáigh mé!” Is minic a chloistear mic léinn thaighde ag gearán faoin saol uaigneach atá acu, agus iad scoite amach ina n-aonar, ar a ndícheall ag iarraidh “an diabhail tráchtas” a chríochnú.
ag clamhsán complaining
" Tá cuid de na saothraithe fíniúna ag clamhsán go bhfuil an tóin tite as an margadh dá gcuid fíonchaor agus nach mbeidh brabach ar bith le déanamh acu i mbliana.
ag clamhsán complaining
" Bhí na meáin eile ar buile, ag clamhsán faoi “iriseoireacht an tseicleabhair”, rud a bhíonn ar siúl acu féin nuair a fheileann sé.
a cheasnaigh Balor Lúfar complained Athletic Balor
" Nach aisteach sin anois?” Agus cad é faoi chúrsaí rugbaí sa Nua Shéalainn agus tubaiste an tSathairn thragóidigh sin nuair a rinne Umaga agus Mealamu iarracht Brains Ó Drisceoil a chur ag fás bunoscionn as ithir mhéith Christchurch? “A chonách sin ar roghnóirí na Leon,” a cheasnaigh Balor Lúfar ar chluinstin dó mar a caitheadh go fealltach leis an Éireannach a bhí ina chaptaen orthu.
ag gearán complaining
" Cé gur dhiúltaigh John Prescott do thuairim Ringo – “Níl sé ina chónaí i Learpholl,” ar seisean - tá a lán suime sa scéal i measc lucht leanúna na mBeatles ar fud an domhain, agus tá litreacha seolta ó na Stát Aontaithe, agus ó thíortha eile, chuig na meáin chumarsáide anseo, ag gearán faoin phlean atá ann Dingle a scrios.
a cheasnaigh Balor Lúfar complained Athletic Balor
" Nach aisteach sin anois?” Agus cad é faoi chúrsaí rugbaí sa Nua Shéalainn agus tubaiste an tSathairn thragóidigh sin nuair a rinne Umaga agus Mealamu iarracht Brains Ó Drisceoil a chur ag fás bunoscionn as ithir mhéith Christchurch? “A chonách sin ar roghnóirí na Leon,” a cheasnaigh Balor Lúfar ar chluinstin dó mar a caitheadh go fealltach leis an Éireannach a bhí ina chaptaen orthu.
ag gearán complaining
" Bhíodh meangadh mór gáire orthu i gcónaí, ní bhíodh siad riamh ag gearán, agus bhíodh siad i gcónaí ag iarraidh bheith ag caint leis an “*oboruni*” (an duine geal).
ag gearán complaining
" Bhíodh meangadh mór gáire orthu i gcónaí, ní bhíodh siad riamh ag gearán, agus bhíodh siad i gcónaí ag iarraidh bheith ag caint leis an “*oboruni*” (an duine geal).
gearánach given to complaining
" Bíonn lucht “tacaíochta” thar a bheith gearánach, cáinteach go minic agus lochtann siad bainisteoir gan an dara smaoineamh.
ag ceasacht go casaoideach complaining complainingly
" Breast RTÉ agus na scannáin chéanna arís agus arís eile Lá Nollag! Breast na pubanna a bhíonn druidte ar an lá is mó fonn óil sa bhliain!” Is beag gairdeas Nollag ná croí na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach.
ag clamhsán complaining
" Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, "Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor.
ag gearán complaining
" An Gaeilgeoir ======= Coinnigh do chloigeann síos, féach ar TG4, iarr seirbhísí i nGaeilge ar an Stát, ceannaigh *Foinse* agus *Lá,* léigh *Saol* gach mí, agus ná bí ag gearán faoi Fhoras na Gaeilge nó faoi Údarás na Gaeltachta.
ag gearán complaining
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
ag gearán complaining
" ” Bítear ag gearán go minic nach ndéantar eagarthóireacht cheart ar leabhair Ghaeilge, go gceartaíonn duine éigin na profaí ach nach gcuirtear moltaí ar fáil don scríbhneoir nó nach gcuirtear comhairle air faoin tslí a bhféadfaí feabhas a chur ar an saothar.
ag ceasnaí complaining
" nó duine geal nó duine donn nó duine buí – seachas an mhuintir bhuí ó thuaidh nach n-oibríonn ar chor ar bith ar scor ar bith, ach a chaitheann a gcuid ama ag olagón agus ag ceasacht agus ag ceasnaí agus ag casaoid, nuair nach bhfuil cúis ar bith acu bheith ag gearán.
ag casaoid complaining
" nó duine geal nó duine donn nó duine buí – seachas an mhuintir bhuí ó thuaidh nach n-oibríonn ar chor ar bith ar scor ar bith, ach a chaitheann a gcuid ama ag olagón agus ag ceasacht agus ag ceasnaí agus ag casaoid, nuair nach bhfuil cúis ar bith acu bheith ag gearán.
ag gearán complaining
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
ag clamhsán complaining
" Bhuel, níor cheart dom bheith ag clamhsán.
Ná déan gearán. Don't complain.
ag gearán complaining
" Ní raibh iontas orm a léamh sna meáin go raibh seomra príobháideach ag an UVF sa Derry Club, a bhí maisithe le bratacha na heagraíochta, mar tá mé ag gearán faoin áit chéanna le beagnach 20 bliain anuas.
ag gearán fúibh complaining about you
" Tiocfaidh an lá agus beidh go leor de na daoine atá ag gearán fúibh anois, beidh siad ag tacú libh agus ag rá gur iad féin an chéad dream a mhol an stáisiún.
ag gearán complaining
" Tiocfaidh an lá agus beidh go leor de na daoine atá ag gearán fúibh anois, beidh siad ag tacú libh agus ag rá gur iad féin an chéad dream a mhol an stáisiún.
ag déanamh gearáin complaining
" San alt deireanach a scríobh mé san iris seo, chaith mé go leor ama ag déanamh gearáin faoi ghléasanna seafóideacha éagsúla.
ag gearán barraíocht complaining too much
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
an chaisíneacht, an chnáimhseáil agus an cheasacht the grumbling, complaining and griping
" Bhí Balor ag Féile na nGael in Milwaukee an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí, agus an chaisíneacht, an chnáimhseáil agus an cheasacht atá déanta aige ó tháinig sé ar ais, níor chuala mé a leithéid riamh.
ag gearán complaining
" Ach bíonn daoine ag gearán faoi TG4 nuair atá rudaí deacair, mar atá faoi láthair.
ag gearán complaining
" Agus bíonn coisithe ag gearán faoi dhaoine a úsáideann a rothair ar chosáin.
Ní luaithe mé ag gearán No sonner am I complaining
" Ní luaithe mé ag gearán nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – *Dúirt Bean Liom* (Coiscéim, €7.
ag gearán complaining
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo.
bhídis ag gearán go minic they used to be complaining regularly
" Le linn na mblianta a chaith mé le RTÉ, fuair mé tuiscint an-ghlé ar fad ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gcríochdheighilt: ní chuireadh an pobal mór suim rómhór i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhídis ag gearán go minic go mbíodh an iomarca béime á leagan againne ar a raibh ag titim amach ann.
ag gearán faoi na Francaigh bhochta complaining about the poor French
" Ní theastaíonn uaim a bheith ag gearán faoi na Francaigh bhochta i ngach alt a scríobhaim, ach caithfidh mé a rá gur ar éigean a gheobhaidh tú *après-ski* sa Fhrainc.
ag gearán complaining
" Ní chóir do na bochtáin a bheith ag gearán faoina bhfuil i ndán dóibh, dar leis – “is fearr dearcadh dearfach a chothú”, mar a dúirt sé uair amháin.
Ceasacht complaining
" CeasachtMá fheiceann Meiriceánach rud a chuireann as dó, maidir le gné ar bith den saol, déanfaidh sé nó sí cibé rud is gá chun an scéal a leigheas.
cnáimhseáil complaining
" Is gréasán é cultúr an duine, gréasán a chuimsíonn teanga, uimhríocht, scríobh, feisteas, ceardaíocht, ailtireacht is foirgníocht, nósmhaireacht díola is ceannaithe, mórán eile nach iad agus cuimsíonn sé gach gné den tsochaí a mbeidh lámh ag an duine ann, cnáimhseáil, cúbláil, luadráil, pleanáil, srl.
troid agus ag achrann fighting and complaining
" D’imigh sé leis cosa in airde agus é sásta go mbeadh roinnt suaimhnis aige agus é ag tiomáint in ionad a bheith ag éisteacht le daoine ag troid agus ag achrann ar a chúl sa charr.
lán gearáin a lot of complaining
" Cé go raibh a lán gearáin faoin aimsir fhuar an Geimhreadh seo agus bíodh gur chuir an sneachta isteach ar a lán daoine, go mór mór i Londain, ba gheimhreadh iontach é do lucht na sléibhteoireachta.
ag gearán complaining
" Fear óg gléasta mar a bheadh Ché Guevara ann, gruaig chatach, féasóg mhór dhubh agus cóta míleata air i gcuideachta cúpla ógánach ón cheantair na Lorgan agus Craigavon a bhí ag gearán go raibh an PSNI “heavy-handed" le linn cuartaíochta sa cheantar.
ag casaoid complaining
" Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi.
gearán complaining
" Ní bhíonn sé ag gearán faoina Giúdaigh anois, ach Moslamaigh.
casaoid complaining
" Cluinim daoine ag gearán agus ag casaoid agus ag soifniú faoi Aire na Gaeltachta agus ag rá nach fada eile a bheidh sé ann, ach mar a déarfadh sé féin: “Ara, is breá liom a bheith im’ aire, a fheara.
casaoid complaining
" Beidh roinnt daoine ag casaoid, cinnte, ag rá nach leor an 450 rothar atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath le hais an 20,000 Vélib atá ar shráideanna Pháras.
clamhsán complaining
" Is fada iad ag clamhsán gur beag sochar airgid a bhaineann siadsan as an siúl sléibhe agus nach bhfuil uathu ach a sciar féin den teacht isteach.
ag gearán complaining
" Tá fonnadóirí na Gaeilge ag gearán faoi na ciorruithe sna hamhráin.
ag ceasacht complaining
" Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg.
ceolánacht complaining, whinging
" Ach ní raibh mé ag súil leis an sórt ceolánacht náisiúnta a bhí ann fá dtaobh de.
clamhsán complaining
" Ní rachaidh mé isteach sa scéal go mion, ach tá mé dubh dóite di ag gearán de shíor agus ag clamhsán gan stad.