Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúis imní reason for concern
" " Ní cúis imní atá ann dó nach bhfuil an Bille Teanga a bhfuiltear ag trácht air le fada tagtha chun cinn go fóill.
imní concern
" Ba cheart go mbeadh an imní is mó orainn faoi dhá cheann ar leith: an *Irish Times* agus Raidió na Gaeltachta.
imní concern, anxiety
" *Beo!* na míosa seo caite), is cúis mhór imní é go bhfuil an "ré úr" sna Sé Chontae ag tosú le halbatrás mar seo thart ar a mhuineál, agus nach bhfuil an Státrúnaí sásta admháil go poiblí go bhfuil deacrachtaí móra ann.
cúis imní cause for concern
" Rinne an GMP fiosrúchán i Márta 1998 ach dúirt siad sa deireadh nach raibh cúis imní ann.
imní worry, concern
" "Níl muid chomh fada sin síos an bóthar, " a dúirt sí liom, "ach tá imní ann go bhfuil muid ag dul sa treo céanna.
imní worry, concern
" Is léir ón díospóireacht a bhí ar an mbille Dlí agus Cirt an mhí seo caite gur ceist í an mhí-úsáid alcóil seo atá ag déanamh imní do go leor Teachtaí Dála.
imní anxiety, concern
" Téann an bus fríd an tírdhreach aisteach clochach sin in aice leis an chósta a mhúsclaíonn imní ionam.
imní concern, worry
" Mar atá rudaí faoi láthair, tá cosc á chur ar thógáil go leor tithe aonair, go háirithe sa Ghaeltacht, agus imní ar roinnt mhaith de mhuintir na tuaithe nach mbeidh cead acu lonnú ina gceantar dúchais as seo amach.
ar cás leis ceart gramadaí who is concerned about correct grammar
" Sin an leabhar Gaeilge is toirtiúla agus is údarásaí dá bhfuil ann i láthair na huaire agus an ceann is minice a ndéantar tagairt dó mar fhoinse iontaofa ó thaobh na gramadaí de ag duine ar bith ar cás leis ceart gramadaí.
an chloch is mó atá ar an bpaidrín the biggest concern
" Obair ag teastáil ======= Ó thaobh cúrsaí daonra de, is í an chloch is mó atá ar an bpaidrín anois do cheantar Charna ná deis a thabhairt don daonra daoine óga atá ann fanacht sa gceantar.
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
Ábhar mór-imní cause of great concern
" Ceisteanna le freagairt ======= Ábhar mór-imní é más fíor gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh ar an eagraíocht atá freagrach as saoránaigh an stáit seo a chosaint.
imní concern
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
imshníomh worry, concern
" Níor ghá dhom aon imshníomh faoin spéir a bheith orm, mar ní rabhas ach deich nóimintí sa tigh nuair a bhraitheas ar mo sháimhín só.
imní concern
"imní, áfach, laistigh d'Fhianna Fáil go dtárlódh dó mar a tharla d'iarcheannaire Fhine Gael Michael Noonan, fear eile a raibh intleacht agus an-tuiscint ar chúrsaí polaitíochta aige.
ábhar buartha cause for concern
" Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
an chloch is mó ar a phaidrín his biggest concern, his priority
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
údar imní reason for concern
" Maidir leis an Sraithchomórtas atá beagnach thart, is údar imní é chomh lag is a bhí Áth Cliath agus Aontroim (gan bua ar bith) agus Laois agus Loch Garman (bua amháin) sa chéad bhabhta.
imní concern
" Saorchead isteach ======= Tá an-imní ar chuid mhaith eagraíochtaí in Éirinn (a bhíonn ag plé leis na tíortha neamhfhorbartha) faoi na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair ag an Aontas Eorpach, agus ag SAM, chun saorchead isteach sna tíortha neamhfhorbartha a chinntiú do thionscail seirbhísí Mheiriceánacha agus Eorpacha.
imní concern
" An cheist lárnach agus an chúis imní ná an tslí a dteastaíonn uathu a gcreideamh cúng a chur i bhfeidhm ar shaol daoine eile, agus an dóigh a bhfuil ag éirí leo é seo a dhéanamh de bharr a dtionchair ar an Pháirtí Poblachtach agus fuarchúis go leor de vótóirí na tíre.
ag cur ár n-imní in iúl expressing our concern
" "Is é mo thuairim féin gur cheart domsa rud éigin a rá ag cur ár n-imní in iúl agus, á, ag tabhairt le fios go bhfuil súil againn go mbeidh cainteanna ar siúl.
imní concern
" Ach cé chomh fada is a bheidh sé go mbeidh sé sin scriosta fosta? An bhfuil imní ar dhuine ar bith sa Roinn Turasóireachta nó i gComhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i nGleann Cholm Cille? *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
imní concern, worry
"imní ar lucht comhshaoil mar go bhfuil scrios déanta ag an mbuaf ar ainmhithe dúchasacha atá ar thóir an bhia chéanna.
is í an chloch is lú ar a bpaidrín í its the matter they're least concerned about
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
ábhar imní reason for concern
" Is ábhar imní dúinn é go bhfuil titim i líon na mac léinn atá ag tabhairt faoi chéim sna teangacha.
an imní is mó the greatest concern
" Tá úsáid guthán póca i measc na bpáistí is óige tar éis an imní is mó a chur ar dhaoine, go háirithe ó d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (NRPB) foláireamh ag rá nár cheart do pháistí faoi ocht mbliana guthán póca a úsáid.
bhí sé ag ithe uirthi she had a nagging concern
" Ach bhí sé ag ithe uirthi go mbeadh a cairde ag troid sula mbeadh an oíche amuigh.
tá cloch eile ar a phaidrín something else is concerning him
" Agus anois, tá cloch eile ar a phaidrín.
na húdair imní the causes for concern
" Bhí sé seo ar cheann de na húdair imní a léirigh an Cigire Moore agus níl aon ghá measúnú riosca eile a dhéanamh chun é seo a léiriú.
an chásmhaireacht shóisialta the social concern
" D'éirigh an chásmhaireacht shóisialta a bhí acu as a dtaithí phearsanta ar an angar sóisialta i Learpholl agus in Albain," a dúirt sé leis an slógadh taobh amuigh de Halla na Cathrach tar éis na paráide.
ag léiriú imní expressing concern
" Cheana féin tá go leor daoine ag léiriú imní nach bhfuil an cumas labhartha sa Ghaeilge atá ag go leor de bhunmhúinteoirí an stáit sách maith, agus go bhfuil ag teip ar an churaclam nua i go leor bunscoileanna dá bharr seo.
ag léiriú imní expressing concern
" Cheana féin tá go leor daoine ag léiriú imní nach bhfuil an cumas labhartha sa Ghaeilge atá ag go leor de bhunmhúinteoirí an stáit sách maith, agus go bhfuil ag teip ar an churaclam nua i go leor bunscoileanna dá bharr seo.
agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta and to pretend that they were concerned about the future of the Gaeltacht
" Deis a bhí iontu ligean don rialtas na caoirigh a chur thar abhainn agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta.
imní worry, concern
" Tá an-imní orainn, mar sin, go dtarlóidh an rud céanna sna meánscoileanna is atá i ndiaidh tarlú sna coláistí.
imní concern
"imní léirithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, nach bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an Acht um Shaoráil Faisnéise le dornán blianta anuas.
imní concern
" Tá cur síos ar imní na Roinne Oideachais i leith díláraithe le feiceáil sa scéim teanga atá aontaithe acu leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar chuid dá ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
imníoch concerned
" Tá siad imníoch go mbainfidh a leithéid de cheistiú bonn ó chreideamh na ndaoine.
an chloch ba mhó ar a bpaidrín the thing they were most concerned with
" Agus, ó thaobh reitrice ar aon nós, bhí athaontú na tíre mar an chloch ba mhó ar a bpaidrín.
imní concern
" Os a choinne sin, agus ceist na Gaeltachta á plé, is minic a léirítear imní faoi chás na scoileanna ansin agus an laghdú laethúil atá ar úsáid na Gaeilge iontu.
údar imní cause for concern
" I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
an-imní great concern
" “Ba chóir go mbeadh an-imní ar Hirst,” arsa saineolaí amháin.
imní worry, concern
" Ach tá ráitis ag teacht on pháirtí a léiríonn go bhfuil imní ag teacht orthu.
ainneoin an bhuartha atá orthu. despite their concern.
" Gheobhaidh muid amach an mhí seo cé acu is fir mhisnigh iad, ainneoin an bhuartha atá orthu.
ar chás leis cúrsaí comhshaoil who was concerned about environmental issues
" Ciúnas na reilige a bhí mar fhreagra sa tír seo ar fhoilsiú Thuarascáil Stern i dtús mhí na Samhna – tuarascáil a chuirfeadh alltacht ar éinne ar chás leis cúrsaí comhshaoil nó go deimhin todhchaí na cruinne.
t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh education is what concerned them
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
cúis imní a cause for concern
" Cuireann líon na mbád a théann timpeall ar Oileáin Whitsundays gach lá an-bhrú ar an sceir agus ar bheatha na mara, cúis imní agus rud atá le feiceáil in Cairns freisin.
údar imní cause for concern
" Ach údar imní do mhuintir Átha Cliath luath go maith sa séasúr gur chaill foireann na hardchathrach a bealach, mar a déarfá, ar nós mar a tharla i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann an samhradh seo caite tar éis tús maith spleodrach.
ábhar buartha cause for concern
" Faoi mar atá sé faoi láthair, tá Uíbh Fhailí, an Clár, Luimneach agus Loch Garman tite ar gcúl ó laethanta glórmhara na nóchaidí agus is ábhar buartha é sin do mhuintir na hiomána.
níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, there if only one major subject with which the public are greatly concerned,
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
údar imní reason for concern
" Bhí sé ina údar imní do ghrúpaí éagsúla in Éirinn – ceardchumainn, oibrithe agus muintir an Iarthair Láir ina measc – nuair a fógraíodh go ndéanfaí an t-iompróir náisiúnta, Aer Lingus, a fholuainiú sa bhliain 2005.
maidir le hathbhunú concerning the re-establishment
" “In 2005, chuir mé féin, Danny, Conor, Barry, Ronan McBride agus Conal Beag tús le plé maidir le hathbhunú an chlub.
páirtithe leasmhara parties concerned
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
chomh fada agus a bhaineann leis an tír seo as far as this country is concerned
" Ba é an t-éacht ba mhó spóirt a baineadh amach in 2007 – chomh fada agus a bhaineann leis an tír seo – ná bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine.
dar leis an mbulaí, as far as the bully is concerned,
" Níl san íospartach, dar leis an mbulaí, ach íomhá ar scáileán agus tá sé deacair grafaicí agus focail chlóscríofa a chomhcheangal leis an té atá ann, dáiríre.
i mbun gach coise concerned with each foot, ie working each foot
" Bhí duine amháin i mbun gach coise agus triúr ar bharr an struchtúir, a rinneadh sa bhFrainc as cruach agus adhmad.
chloch is mó ar phaidrín cause of greatest concern
" Tuigeann na Pailistínigh go maith, áfach, nach é sábháilteacht na mac léinn an chloch is mó ar phaidrín leithéidí Emanuel.
imní worry, concern
" Thug seisean neamhaird ar imní Sibel, áfach, agus mhol sé di dearmad a dhéanamh de.
Cúis imní cinnte a cause for concern, definitely
" Cleas an philibín Cúis imní cinnte do rialtas Sarkozy.
is cúis imní é it's a matter for concern
" Gan amhras, is cúis imní é an líon bád atá á ngabháil ag foghlaithe mara amach ó chósta na Somáile le tamall, mar is ceann de na bealaí farraige is gnóthaí ar domhan é.
an chloch ba mhó ar phaidrín the greatest concern / desire
" B’é Saddam Hussein an chloch ba mhó ar phaidrín Saban ag an am.
na clocha is mó ar a phaidrín his greatest concern
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
n-imní concerns
" D’éirigh leis aird an domhain a dhíriú ar scéal na nOgoni agus i 1994, fágaim, scríobh Comhdháil na Stát Aontaithe chuig deachtóir míleata na Nigéire, Sani Abacha, chun a n-imní mar gheall ar sháruithe ar chearta an duine in Ogoniland a chur in iúl.
gafa concerned, caught up
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
buartha concerned
" (SMM ag breathnú buartha)BNC: - Ag magadh fúm a bhí sé, muise, go raibh maith a’t.
buaireamh concern
" An buaireamh a bhí ar roinnt den fhoireann nach bhfaca le tamall roimhe sin í, an bharróg agus an fiafraí sláinte go léir.
chloch is mó ar phaidrín the greatest concern
" Mar aon le rialtas Iosrael agus a lucht tacaíochta thar lear, is iad airm núicleacha na hIaráine nach ann dóibh an chloch is mó ar phaidrín Ottolenghi anois, ó cuireadh deireadh le ‘bagairt’ na hIaráice.
imní concern
" Cé go ngealltar sa straitéis go mbeidh an tÚdarás nua lonnaithe sa Ghaeltacht agus go gcoimeádfaidh sé formhór d'fheidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta, léiríodh imní cheana féin go bhfuiltear ag lagú ceann de phríomhfhorais phoiblí na Gaeltachta.
fá dtaobh de concerning it
" Ach ní raibh mé ag súil leis an sórt ceolánacht náisiúnta a bhí ann fá dtaobh de.
ar an chloch is mó ar an phaidrín of great import, concern
" Nó ní raibh aon éalú ó mhaíomh na tuarascála nach raibh tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a dúradh ann.
ag dó na geirbe causing concern
" Mar a dúirt mé, seo ceann de na rudaí is mó atá ag dó na geirbe ag daoine éagsúla ar labhair mé leo le tamall anuas.
an chloch is mó ar a bpaidrín their greatest concern
" Thuigfeá cad tuige nach mbeadh tógáil na macasamhla ar an chloch is mó ar a bpaidrín ag am nuair atá pinginí gann agus an bhróg ag teannadh ar gach aon eagraíocht.
an chloch is mó ar a phaidrín his greatest concern
" Ag Obadh Obama agus ag Neartú Netanyahu ================= Ní hamháin gurb é Iosrael an chloch is mó ar a phaidrín, ach is cosúil nach bhfuil cloch ar bith eile air.
ábhar imní cause for concern
" Is ábhar imní é an ráta ard inimirce reatha ag daoine áirithe abhus, ach go mór mór i measc na ndaoine a chónaíonn i mbruachbhailte na gcathracha móra.
ar nós cuma liom with no great concern
" 
“Ní athróidh próiseacht s'againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé.
údar imní cause for concern
" Spriocanna Margaíochta ======== B’fhéidir go bhfuil údar imní ag tuismitheoirí.
údar imní a cause for concern
" Is Gá Athrú ===== Creideann Hessel go bhfuil údar imní agus feirge ag daoine sa chaoi a bhfuil cúrsaí sa Fhrainc faoi láthair.
a mbuairt their concern(s)
" Ba iad bunaitheoirí SymbioticA, Oron Catts agus Ionat Zurr, a chruthaigh na figiúirí beaga seo agus déanann siad tagairt don traidisiún Guatamalach ina gcuireann páistí a mbuairt in iúl do bhábóg.
údar imní a matter for concern
" I bhFad Níos Tromchúisí =========== Is cuma, ar shlí, cibé bille atá níos fearr ná a chéile – is údar imní í go raibh dhá dhream éagsúla ag obair ar an ábhar céanna - cur amú ama agus airgid é amach is amach.
príomhchúram an réiteora the referee’s prime concern
" Is é sábháilteacht na n-imreoirí príomhchúram an réiteora a deir Aodán Mac Suibhne, iar-réiteoir idir chontae agus oiliúnóir réiteoirí óga.
príomhdhualgas major obligation, concern
" Cad é príomhdhualgas an réiteora?** A.
ina ábhar buartha a matter for concern
" Cinnte, tá dul chun cinn na Shinners ina ábhar buartha acu, ach ar an taobh eile, measann siad gurb é Fine Gael an páirtí “is Aontachtaí” ó dheas.
clocha móra ar phaidrín the major concerns
" Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.
faoi shárimreoirí concerning the best players
" As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe.
an chloch ba mhó ar a bpaidrín their greatest concern
" Baineadh sé le dearcadh creidimh na bProtastúnach nó ná baineadh, ba é an chóir fhioscach riamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín (mura miste leat an meafar!).
Údar Imní cause for concern
" Údar Imní ===== De réir an *Independent Police Complaints Commission* (IPCC) ba údar imni dóibh nach raibh suim ag na póilíní eile san eachtra, ach ba é a dtuairim, nach raibh aon chur i gcéill ann.
níos dírithe ar more concerned with
" An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine? Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr =============== Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac.
gan mórán aird acu ar without much concern for
" Is náisiúnaithe / poblachtaigh b’fhéidir 80% de phobal na cathrach anois agus gan mórán aird acu ar ríochtaí aontachtaithe, ach tá mionlach aontachtach fós sa chathair agus is tábhachtach leis an chathair an mionlach sin a aithint agus féacháil lena dhlúthú leis an chuid eile den phobal.
an chloch is mó ar phaidrín prime concern
" Ar ndóigh, ní hí an stair an chloch is mó ar phaidrín Robinson ach idé-eolaíocht, bosca stáin ina sánn tú an stair, a bhrú agus a mhúnlú le go mbeidh sé in oiriúint do do dhearcadh polaitíochta.
nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín it wasn’t his greatest concern
" " An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil? =============== Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
ina cloch is mó ar a bpaidrín is their greatest concern
" Chuige sin, is í an tSínis atá ina cloch is mó ar a bpaidrín – cé nach bhfuil a fhios ag cuid acu cén rud é an paidrín.
ina thaobh concerning it
" Is í seo nua-smaoineamh na bliana agus tá suíomh idirlín ina thaobh á chur ar fáil faoi láthair.
róghafa lenár gcuraimí féin too preoccupied with our own concerns
" Conas nach bhfacamar ag teacht é? Cén fáth ar ghéill gach éinne don réimeas nua? Bhíomar ar fad róghafa lenár gcuraimí féin, lenár dtuairimí féin, chun aird a thabhairt ar an stair, chun foghlaim ón stair; róbhogásach ar fad a bhíomar.
Siocair Buairimh a cause for immediate concern
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
bhí beagán imní orm I was a little concerned
" Cuireamar siar é go dtí 2012 agus bhí beagán imní orm ag tús na bliana seo go mb’fhéidir nach dtarlódh sé mar gheall ar chúrsaí airgid ach tháinig muid thart air sin.
an chloch ba mhó ar an bpaidrín the matter of greatest concern
" Ach b’é an tarna chonradh, Acht na hEorpa Aontaithe, an chloch ba mhó ar an bpaidrín.
Bheadh eagla orm I’d be concerned
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
Séard a bhí i gceist this concerned
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
is beag an scéal é faoi láthair it’s not of much concern at the moment
" Ach in ainneoin na tairbhe a bhaintear as an spás, is beag an scéal é faoi láthair, ach amháin nuair atá rud éigin as an ghnáth ar siúl.
ina mórúdar imní sna ceantair a major cause of concern in the areas
" Léiríonn siad freisin, áfach, go bhfuil an cheist ina mórúdar imní sna ceantair ina gcuireann formhór na dteifeach fúthu.
i dtaca leis na concerning the
" Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.