Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos féinmhuiníní more self-confident
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
chéim mhuiníneach confident step
" Tá go leor eile den bharúil, áfach, gur léiriú é an leacht ar chéim mhuiníneach chun tosaigh ó thaobh cúrsaí ailtireachta de, agus nach bhfuil eagla orainn a bheith difriúil.
muiníneach confident
" Bhí mé sásta go leor, gan a bheith muiníneach, áfach.
ráitis mhuiníneacha confident statements
" "Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
an-mhuiníneach very confident
" Ach sular oscail mé mo bhéal, tháinig turasóir eile isteach agus é an-mhuiníneach.
muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol confident of the capacity of the Irish language to describe their lives accurately
" Go mbeadh an ghlúin óg muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol.
féinmhuiníneach self-confident
" Is duine é an Céideach a bhfuil pearsantacht láidir aige agus atá féinmhuiníneach amach is amach, rud a mbeifeá ag súil leis i gcás duine a bhfuil an oiread sin bainte amach aige ina shaol go dtí seo.
dóchasach confident
" Tá Colm féin ag obair ar albam aonair le fada, ach tá sé dóchasach go bhfaighidh sé deis é a chríochnú sna míonna atá romhainn.
an-fhéinmhuiníneach very self-confident
" Agus mé ag éisteacht leis ag caint faoina shaol oibre, rith sé liom gur duine é atá an-fhéinmhuiníneach ach níl éirí in airde ná sotal dá laghad ag baint leis.
muiníneach confident
" Duine láidir, muiníneach, ábalta agus dírithe ar a cuid oibre is ea í, agus ní dhéarfainn go bhfuil mórán foighne aici le daoine a chuireann a cuid ama amú.
muiníneach as féin self-confident
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? An fhís chéanna atá agam le fada - pobal forásach nua-aimseartha Gaeilge a bheith ann atá muiníneach as féin i measc chultúir eile na cruinne.
dóchasach confident
" Tá Yeates dóchasach go dtarraingeoidh an fhéile aird mhuintir na háite ar Ionad Axis agus go gcuirfidh na drámaí go mór le stádas agus íomhá na drámaíochta Gaeilge i gcoitinne.
dóchasach confident
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
dóchasach confident
" Tá mé dóchasach gur féidir 12,000 logainm riaracháin eile a chur leo sin faoi cheann cúig bliana, gan trácht ar na céadta logainm de chineálacha eile, ainmneacha aibhneacha, sléibhte etc.
muiníneach confident
" Bhí an-spéis ag an triúr againn sna hOileáin Fharó mar go raibh teanga dá gcuid féin acu nach raibh á labhairt in aon áit eile ar domhan, agus bhí sí á labhairt ag chuile aoisghrúpa ar na hoileáin, agus iad muiníneach aisti.
fhéinmhuiníneach self-confident
" Is bean láidir, fhéinmhuiníneach í a bhfuil an-acmhainn grinn aici, agus tá sé amuigh uirthi nach bhfuil foighid ar bith aici le daoine nach bhfuil meas aici orthu.
dóchasach confident
" Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.
muiníneach confident
" Ba mhaith liom go mbeadh daoine muiníneach go leor leis an nGaeilge a labhairt in aon suíomh ina bhfuil siad.
mhuiníneach confident
" Caithfidh siad é seo a dhéanamh ar dhóigh mhuiníneach, stuama, réadúil.
dóchasach confident
" Táimid ag súil go mór leis an dúshlán, áfach, agus táimid dóchasach gur féidir linn seirbhís den scoth a chur ar fáil.
muiníneach confident
" Ba mhaith liom go mbeadh daoine muiníneach go leor leis an nGaeilge a labhairt in aon suíomh ina bhfuil siad.
dóchasach confident
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
dóchasach confident
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
fíormhuiníneach extremely confident
" Athraíonn mo sceideal go rialta agus na cairde atá agam caithfidh siad bheith fíormhuiníneach.
teann go maith as féin confident enough in himself
" Bhí sé teann go maith as féin ar shlí.
muinín a spreagadh sna foghlaimeoirí to make the learners more confident
" “Tá ciorcal comhrá á eagrú againn agus is é an aidhm atá leis an tionscadal sin ná muinín a spreagadh sna foghlaimeoirí lena gcuid Gaeilge labhartha a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga.
cumasach féinmhuiníneach capable and self-confident
" Cumasach agus féinmhuiníneachBa dhuine cumasach féinmhuiníneach í Jeannie.
muiníneach, confident,
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
daoine óga féinmhuiníneacha young self-confident people
" Bí ag caint ar scanrúil – bhí lear mór daoine óga féinmhuiníneacha ansin a bhí díreach tar éis a mbunchéim a chríochnú in Ollscoil Luimnigh agus bhí an 99 faoin chéad eile acu díreach tagtha amach as institiúid inteacht eile.
chomh muiníneach as confident
" Ach ní raibh Admiral Issac Kidd, a bhí ina uachtarán ar chúirt fhiosrúcháin faoin ionsaí, chomh muiníneach as an údar sin.
muiníneach trusted, confident
" Is iarthaidhleoir é Rudd agus dúirt sé ag an am go raibh sé muiníneach nach gcuirfeadh ceist an úráiniam isteach ar chúrsaí taidhleoireachta ná ar chúrsaí trádála idir an dá thír.
mhuiníneacha confident
" ” Tá clú agus aitheantas náisiúnta ar ailtireacht Doherty as ucht na fhoirgnimh phoiblí fhísiúla, mhuiníneacha atá curtha ar fáil acu.
muiníneach confident
" Nílim muiníneach go mbeidh sí ciallmhar, áfach, ón méid atá ráite ar an ábhar ag Rudd, Abbott agus Minchin thuas.
muiníneach trusting, confident
" D’éirigh le Fianna Fáil a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann arís is arís eile go mba é an t-aon pháirtí polaitíochta as a bhféadfaí a bheith muiníneach le bheith i rialtas agus go mba páirtí é a chuir leas fadtéarmach na tíre roimh aon ní eile.
féinmhuiníneach self-confident
" Is bean óg féinmhuiníneach í an Riko chéanna.
lánmhuiníneach fully confident
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
lán-mhuiníneach fully confident
" Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
rómhuiníneach over confident
" B’fhéidir gur éirigh cuid againn rómhuiníneach asainn féin agus go bhfuil an chuid eile againn ag íoc go daor as anois.
An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne are you exceptional in being very confident
" **SMM: An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne? - Sa mhéid go bhfuil tú in ann imeacht ó thír go tír, agus ó theanga go teanga gan mórán stró, mar bheadh daoine go leor eile a bheadh rófhaiteach lena leithéid a dhéanamh?** BL: Tá mé á dhéanamh le blianta anois agus tá mé cleachta leis, ach braithim go bhfuil mé ag tuirsiú.
Bhí muinín ag were confident
" Bhí muinín ag an phobal astú féin: bhíomar chomh maith le tír ar bith eile ar domhain.
Cé gur féidir muinín a bheith agat as although you can be confident of
" Tá a fhios agat gur féidir brath uirthi chomh maith mar gheall ar an méid acu a bhíonn in úsáid ag tiománaithe tacsaí! Cé gur féidir muinín a bheith agat as an T250, rinneadh athghlao ar chuid acu i mí Aibreáin na bliana seo – .
má tá rómhuinín acu iontu féin if they’re too confident
" Níl aon rud níos deacra ó thaobh na bainistíochta de ná intinn imreoirí a dhíriú sa treo ceart má tá rómhuinín acu iontu féin.
a bheith in ann a bheith muiníneach to be able to be confident
" Tá ógra na hÉireann fíoracmhainneach agus tá sé tuillte acu a bheith in ann a bheith muiníneach as a bhfuil amach rompu agus a bheith bródúil as a dtír féin.
glórach, féinmhuiníneach loud, self-confident
" Ní hé seo an chéad chonspóid ina raibh an polaiteoir fuinniúil, ach an gcuirfidh an buille seo na hordóga ar a shaol polaitiúil? Fear mór, glórach, féinmhuiníneach is ea Rob Ford.
muiníneach faoi na mílte duine confident about the thousands of people
" Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.
níos muiníní le more confident with
" Ina n-intinn féin tá siad níos compordaí agus níos muiníní le coincheap an neamhspleáchais.
dóchasach confident
" In ainneoin go bhfuiltear ag súil leis an Aire Cosanta de Róiste a shaoradh ó mhilleán gan mhoill, níl Dónall Ó Maolfabhail dóchasach go nochtfar an fhírinne ar fad.