Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthbhaint close connection
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
dlúthbhaint close connection
" Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.
nasc connection
" De réir an tseanchais, ós rud é gur tógadh an staid díreach os comhair reilige, b'in an chéad rud a a d'fheicfeadh an dream slánaithe nuair a d'osclódh a gcónra! Daingníodh an nasc Éireannach nuair a leag an chéad phátrún, an tírghráthóir agus bunaitheoir Chonradh na Talún, Micheal Davitt, fód as Éirinn ar an gciorcal i lár na páirce.
dlúthbhaint close connection
" Is cinnte go bhfuil dlúthbhaint ag dílseoirí le cúrsaí drugaí le fada an lá.
baint éicint some connection
" Ceapann daoine eile go raibh baint éicint aige le cruicéad.
baint connection
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
ceangal idirlín internet connection
" Ansin, fuair mé ceangal idirlín agus d'fhiafraigh mé i seomra cainte cén áit a bhféadfainn an Ghaeilge a fhoghlaim.
cheangal connection
" "Níorbh é an gnáthchlár teilifíse faoin cheol dúchais a bhí ann; ní raibh an bhéim ar dhaoine a bheith ag seinm, ach ar an cheangal idir daoine agus an ceol.
dlúthbhaint a strong connection
" Nuair a chanann amhránaithe i dteanga na tíre, bíonn dlúthbhaint ag na focail le saol an ghnáthdhuine.
dlúthbhaint strong connection
" Tá comóradh á dhéanamh i mbliana ar dhá eachtra i stair na hAstráile a raibh dlúthbhaint acu le hÉirinn agus le hÉireannaigh.
ceangal connection
" Ní bhíonn an ceangal chomh láidir idir muintir na háite agus foireann sacair de chuid an Premiership i Sasana is a bhíonn idir muintir na háite agus foireann de chuid Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn.
dlúthbhaint close connection
" Ba iad na ceardchumainn a bhunaigh an páirtí i 1900; d’íoc na baill as reáchtáil an pháirtí agus, mar sin, bhí dlúthbhaint eatarthu riamh anall.
dlúthbhaint close connection
" ” An dóigh a luaigh sé an tOrd Oráisteach, shílfeá gur cuid den rialtas áitiúil a bhí ann, seachas grúpa seicteach a bhfuil dlúthbhaint aige le sceimhlitheoirí sa chathair.
ceangal idirlín internet connection
" Ciallaíonn sé seo gur féidir aon ríomhaire le ceangal idirlín a úsáid chun eagarthóireacht a dhéanamh ar cháipéis.
pointe nasctha connection point
" Is é Aerfort Heathrow i Londain an bealach isteach trasatlantach is mó san Eoraip (bhí breis is aon mhilliún déag paisinéir ann anuraidh, ag dul go dtí nó ag teacht ó Mheiriceá), agus is pointe nasctha é do mhórán paisinéirí a bhíonn ag fáil eitilte eile.
an dlúthchaidreamh the close connection
" Tá trácht ag Freud air seo ina dhírbheathaisnéis agus tá sé ráite aige go bhfuil “dóchas, cuimhne, collaíocht agus caidreamh” ag baint lena shaothar, rud a léiríonn an dlúthchaidreamh go minic a bhí idir é féin agus an duine a bhí faoi scrúdú aige.
ceangal connection
"ceangal aige leis an tír seo le fada agus chaith sé tréimhsí anseo ar cuairt anuas trí na blianta agus a rian sin le feiceáil ar a shaothar.
ceangal fisiciúil, a physical connection,
" Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil. if there was a fast internet connection available
" Tá seirbhísí teoranta ar fáil cheana féin a dhéanann é seo ach d’fheabhsóidís go mór dá mbeadh nasc tapa idirlín ar fáil.
dlúthbhaint close connection
" “Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.
an nasc sin that connection
" Sheinneamar ceol a bhí an-chosúil le ceol na hÉireann lena chéile – poirt, ríleanna agus mar sin de – agus bhraitheas go raibh an nasc sin ann.
teagmhálacha iontacha great connections
" Caithfidh go bhfuil teagmhálacha iontacha aige; cén chaoi a n-éiríonn leis rannpháirtíocht na gceoltóirí mór le rá uilig a chinntiú? "Muinín.
nasc an-domhain very deep connection
" Braithim go bhfuil nasc an-domhain idir mé féin agus an uirlis seo – an fear ar cheannaigh mé í uaidh (Russell), cheannaíodh mo mhamó téada dá veidhlín óna sheanmhaistirsean sna fichidí.
teagmháil connection
" Insíonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann François Bégaudeau, scéal múinteora atá ag obair i meánscoil i gceantar ‘chaud’ agus an teagmháil atá aige leis na daoine óga atá faoina chúram.
an nasc the connection
" Agus thuig na páistí, den chéad uair, an nasc atá ag an aois leis an éag.
ceangal connection
" Bhí muid ag seinm le chéile sna seisiúin leis na blianta agus is éard atá taobh thiar den rud ar fad, an ceangal atá idir ceol na hÉireann agus ceol Mheiriceá.
nasc connection
" Tá lucht comhshaoil ag rá le roinnt blianta anuas gur gá dúinn an nasc idir fás an geilleagair agus gur gá fás na n-astuithe ceaptha teasa a bhriseadh.
cumarsáid a dhéanamh to make connections
" Bhí clisteacht ag baint leis an mbealach ar éirigh leis cumarsáid a dhéanamh lena chuid éisteoirí.
ceangal diamhaireach mysterious connection
" Ach go dtí gur thosaigh sí ag úsáid an My tobii is trína máthair a labhraíodh sí - ceangal diamhaireach eatarthu inar féidir lena máthair smaointe agus fonn a hiníne a léamh.
baint mhór a major role/connection
" Bhí baint mhór ag athair an tseanadóra i bhforcheilt ar cheann de na heachtraí ba scanrúla i stair mhíleata SAM.
uirlis teagmhála connection tool
" Sin ráite, rinne seisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fón agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, fágaim, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh.
baint mhór big connection
" ” Leithscéal an Chogaidh Fhuair Tá baint mhór ag stair na Somáile leis an bhfoghlaíocht mhara chomh maith, agus bhí ról nach beag ag na Stáit Aontaithe sa stair chorrach sin.
nascadh connection
" Is féidir go bhfuil mo nideog san áit a bhfuil an nascadh idir luachanna na teibíochta agus luachanna an mhargaidh.
sreang connection
" Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
ceangal connection
" An t-aon ceangal atá eatarthu ná an iníon, bean singil le leanbh óg.
ceangal connection
"ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
nasc connection
" Beidh le feiceáil an leanfar ar aghaidh leis an nasc sin le linn do McCausland a bheith ina Aire Saíochta ach i ndiaidh ionradh, gorta, díothú, neamhaird agus gach rud eile, glacfaidh sé níos mó ná an fear seo le tairne eile a cur i gcónra na Gaeilge.
naisc connections
" Scoitear iad as na háiteanna a bhfuil taithí acu orthu is naisc spioradálta acu leo agus cuirtear iallach orthu dul isteach i sochaithe coimhthíocha.
naisc chultúir cultural connections
" org/wiki/Turkic_languages) Moslamaigh iad a bhformhór mór a bhfuil naisc chultúir acu leis an Áis Láir agus tá roinnt díobh den tuairim gur cos ar bolg é a d’fhág ina cuid den tSín é Xinjiang.
nasc a connection
" Chreidtí go raibh nasc idir an ghealach agus an bás fosta agus go raibh contúirt bháis ceangailte le líonadh agus le lagan na gealaí nó nuair a ligfeadh madra uaill leis an ghealach lán.
gaol connection
" Braithim an gaol idir mé féin agus Paul uaim chomh maith sar a dtáinig buairt agus achrann an tsaoil eadrainn.
Nasc connection
" An Nasc Scaoilte Seasann Crois Mhartain, atá gearrtha amach as cloch sa stíl Éireannach, mar a bheadh Nasc leis na manaigh a thréig an oileáin i lár an naoú aois, de dheasca ionsaí na Lochlannach ar an oileán.
bhaint connection
" Ní fhéadfadh aon bhaint a bheith ag “bagairt” na Cóiré Thuaidh le hIosrael, nó an bhféadfadh? Ar an 29 Eanair, 2002, thagair George W.
nasc connection
" Bhí mé ag iarraidh dathanna a thabhairt isteach san obair ag úsáid crián cointé daite, ag iarraidh nasc a dhéanamh idir an líníocht agus ábhair sa cheantar seo.
nasc connection
" Eagraíocht shóisialta, chultúir thar aon ní eile is ea an Cumann Lúthchleas Gael a choinnigh an nasc leis an nGaeilge, más go siombalach é.
nasc connection
"nasc láidir cruthaithe agam le pobal, náisiúnta is idirnáisiúnta araon.
naisc connections
" Tháinig cumhachtaí móra na hÁise chun cinn agus dhlúthaigh na naisc thrasteorann eacnamaíochta go mór.
nasc connection
" Nuair a bhuaileann Gael le Gael eile, níl amaidí ar bith leis, bíonn an nasc sin ann láithreach (baineann Rónán smeachanna ordóige mar threisiú anseo), tá sé sa bhád chéanna leat, go bhfuil muid iontach bródúil, ag iarraidh rud maith a dhéanamh ó thaobh na teangan.
gceangal connection
" Meas in Athuair Aisteach go leor, in ainneoin fhianaise na staire, tá St Germain an lae inniu mórtasach as an gceangal seo leis na Seacaibítigh.
naisc connections
" org/html/) De réir a ráiteas misin, is “droichead intleachtach idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach” í an institiúid a bhfuil sé mar chuspóir aici ‘naisc tras-Atlantacha a dhaingniú.
ceangal connection
" org/wiki/The_White_Ribbon) Deir Haneke in agallamh le ‘Sight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine agus ‘cosaint’ na Naitsithe sin a mhaígh dá gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.
teagmhálacha connections
" Is féidir líonra a chothú ag úsáid líonraí seasta cosúil le *Twitter* nó *Facebook* nó teagmhálacha Gmail is do chairde ansin atá ar *Foursquare* a tharraingt isteach i do líonra gan stró.
nasc connection
" Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe.
dlúthbhaint definite connection
" Tiús Tráchta a Thugann an Slad Má dhéantar na staidrimh a scrúdú, tugtar faoi deara go bhfuil dlúthbhaint ag an méid tráchta a bhíonn ar na bóithre agus líon na dtimpistí bóthair iad féin.
nasc connections
" BD: An bhfuil cuairt ríoga ó Bhanríon Shasana mar thosaíocht ag d’Oifig? Uachtarán na hÉireann: Is í an tosaíocht is mó atá agam ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn i bpróiseas na síochána ó thuaidh, neartú na nasc agus na ngréasán trasteorainn, agus cothú na gaolmhaireachta measúla atá ann idir Éirinn agus an Bhreatain.
nasc connection
" Bush ar Giúdaigh iad a bhfuil nasc dlúth acu le bunaíocht mhíleata Iosrael.
nasc connection
" An ó dhúchas duine a thagann an chruthaitheacht? An féidir í a fhoghlaim? An mbraitheann sé ar an tréimhse ina maireann tú nó an áit a bhfuil cónaí ort? Is cinnte go bhfuil freagraí ar na ceisteanna seo ar fad ach tá tuairimí eile ann a dhíríonn ar an nasc a d’fhéadfadh a bheith idir an chruthaitheacht agus meabhairghalar.
nasc connection
" Rinne siad nasc an-nádúrtha idir na hamhráin traidisiúnta agus an ceol tíre.
dlúthbhaint a strong connection
" Tá eisceachtaí ann: leabhar Séamus Ennis mar shampla, ach bhí dlúthbhaint aige le Conamara.
nasc connection
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
cheangal connection
" Both had ‘Oxford’ backgrounds and were a bit posh!’* Ba é an rud ba shuimiúla faoin cheangal seo, ná ba léir ó dhialann Cesca go raibh Claude Chevasse ina phoblachtánach.
bhaint connection
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
cheangal leis connection to
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
a raibh baint mhór aige le had a strong connection
" **SMM: An fíor dom é go bhfuair tú an-oiliúint ag beirt d'aos teangeolaíochta a raibh a n-ainm in airde go hidirnáisiúnta, fear amháin díobh, Joshua Fishman, a raibh baint mhór aige le hÉirinn in am an Athar Colmán Ó hUallacháin.
baint agat le you’ve a connection to
" D'fhiafraigh sé díom, “Is Direánach thú agus tá baint agat le muintir Árann -- tuige a bhfuil gach teanga eile a’t - bhí na seacht dteangacha a’m faoin am sin – cén fáth a bhfuil gach teanga eile a’t nuair nach bhfuil Gaeilge a’t?” Ar ndóigh, ní raibh an deis a’m ar an teanga a fhoghlaim roimhe sin, dháiríre.
gaol connection
"gaol an-láidir idir an talamh agus an fharraige anseo, agus bíonn scéalta go leor eile le hinseacht, gan trácht ar na dolmainí agus cromleaca - uaigh Dhiarmaid is Ghráinne - agus na maen hir, nó ‘clocha fada’ atá le feiceáil ar fud na bpáirceanna faoi mar a bheadh laochra faoi dhraíocht ag cumhacht nach n-aithnítear a thuilleadh.
nasc ar dheis connection to the right
" Thiocfadh liom “d'inis mé sin daoibh” a rá mar scríobh mé faoi na caismirtí a bhí ag Arm Shasana san Afganastáin idir 1839 agus 1881 i mBeo i bhfad siar sa bhliain 2001 (sa nasc ar dheis).
nasc aibhléise electric connection
" Deirtear san iris Bretons gur tharla rud as an ngnáth thiar sna 1970í nuair a chuir Alan Stivell nasc aibhléise lena chláirseach.
cheangal connection
" Tá said ag moladh fosta go laghdófaí líon na dteachtaí Dála, agus go ndéanfaí ceannairí na n-áisínteachtaí stáit a cheapadh go hoscailte agus go mbeadh na ceapacháin seo bunaithe ar chumas an iarrathóra seachas ar a cheangal le páirtí polaitíochta ar leith.
bhaint connection
" Ach, cén bhaint atá ag an Eolaí Óg le cúrsaí spóirt? Bhuel, is ar chúrsaí spóirt a dhírigh cuid de na heolaithe óga a n-aird, ní nach ionadh.
nasc díreach direct connection
"nasc díreach idir an díobháil litearthachta agus an choiriúlacht,” ar sé.
teangmháil ghnó business connection
" Bhíodar ag smaoineamh ar an gceangal a bhí ag Cathair na Gaillimhe leis an nGaeltacht - le Conamara agus le hÁrainn - ag cuimhneamh ar an teangmháil ghnó, daoine ag teacht isteach as na ceantair sin ag caitheamh airgid anseo.
gaol gairid a close connection
" Agus ar ndóigh, bhí gaol gairid acu leis an eaglais Chaitliceach.
a mbaint reatha their current connection
" au/exhibitions/irish_in_australia/personal_stories/) Roghnaíodh cúig dhuine dhéag, meascán idir Éireannaigh a tháinig chun na hAstráile ar inimirce agus dhaoine de shliocht Éireannach, agus iarradh orthu a mbaint reatha le hÉirinn a insint.
ceangal connection
"ceangal ag níos mó ná 75% den daonra leis an inimirce.
teagmálacha connections
" Is trí ghrúpaí gur féidir an tionchar sin a fhás agus teagmálacha a fhorbairt leo siúd gur spéis leo an t-ábhar céanna nó a d’fhéadfá gnó a dhéanamh leo.
nasc connection
" Is ar éigean a bhuaileadh Holden an bóthar anuas go Meicsiceó gan cloigeann spailpín suarach a réabadh ar an tslí, agus gan léacht stairiúil a aithris a rinne nasc idir imeagla an tSeantiomna agus lúcháir Dante.
nasc connection
" Ní hiontas ar bith é sin, mar tá Carraig Fheargusa mar eiseamláir den dílseacht idir Ulaidh Phrotastúnach agus Coróin Shasana agus an ciníochas a shíolraíonn as an nasc sin i gcásanna áirithe.
tsnaidhm connection
" “Mura gcoimeádfaimid an tsnaidhm idir sinne agus ár dtimpeallacht, strainséirí a bheidh ionainn inár dtír féín”.
nasc brónach sad connection
"nasc brónach idir an t-oileán seo agus Learpholl, mar sheol cuid mhaith den loingeas a tháinig i dtír ansin as Abhainn na Mersey, cuir i gcás an Virginius le 476 paisinéir ar bord.
dlúthnasc a close connection
" Sa lá atá inniu ann tá dlúthnasc idir thíortha an domhain.
nasc connection
" Léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí, ámh, nach bhfuil ach tuairim is 40 faoin gcéad de mhuintir na tíre ar son an nasc leis an gcoróin Shasanach a bhriseadh.
ceangal connection
"ceangal déanta idir Milwaukee agus Gleann Cholm Cille.
ceangal connection
" Ba as Baile Átha Cliath seanathair an Mhéara, ach téann an ceangal idir an leathinis agus an Life i bhfad níos sia siar ná sin, ar ndóigh, mar a mhínigh an tOllamh Harding ina leabhar ‘Ingimund's Saga: Norwegian Wirral’ *(Countrywise Publications, 2000)*.
gan nasc seasta without a permanent connection
" Tá an bogearra seo dírithe go háirithe ar dhaoine gan nasc seasta idirlín ar ardluas.
dlúthcheangal solid connection
" Cé nach raibh siad sásta dul ar an taifead mar dhaoine aonair lenár dtuairisceoir cróga, bhí siad sásta a bheith oscailte go leor mar dhrong faoina a síleann siad den tír seo agus dá muintir, agus faoi na pleananna atá chun an dlúthcheangal atá acu leis an tír seo a choinneáil agus a chothú.
nasc connection
"nasc ar leith ag cathair Halifax, Ceanada, leis an taobh eile den Atlantach, nasc nach bhfuil chomh mór i mbéal phobail an domhain áfach, mar gur cuid de scéal iarbháis an Titanic é.
Nasc connection
" Nasc an Dá Thír ======= Scéalta do-inste iad scéalta an Titanic do mhuintir Halifax a raibh baint dhíreach acu le himeachtaí na seachtainí tar éis na tubaiste, ach is léir chomh maith gur cothaíodh naisc dhearfacha idir Halifax agus Éirinn ó shin i leith.
an dlúthbhaint idir strong connection between
" Ba léir do na póilíní sul i bhfad an dlúthbhaint idir an dá eachra.
ceangal idir connection between
" An rud a bhí uaimse, ná an ceangal idir Éireannaigh agus an Ghaeilge a láidriú nó fiú a shoiléiriú dóibh.
cothú ceangal trádála nurturing trade connections
" Ba thréan iad buíon Scott sa phríomhchathair, agus ba é a ngnó ann ná gnó, is é sin, cothú ceangal trádála idir an stát atá faoina chúram siúd agus an Spáinn.
an nascadh sin that connection
" Domhnach Broc ====== **SMM: Mura ndéanfar an nascadh sin idir an dá sheirbhís, arbh fhearr libh a bheith scartha le Domhnach Broc, nó tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le Domhnach Broc?** ENíCh: Tá caidreamh agus teagmháil eadar Casla, Baile na nGall, Doirí Beaga agus Domhnach Broc i bhfad níos dlúithe anois ná mar a bhí.
an-cheangal a great connection
"an-cheangal againn leis an phobal agus mothaíonn muid go dtuigimid mianta an phobail.
Mothaím caidreamh iontach leo I feel a close connection with them
" Mothaím caidreamh iontach leo agus mé ag siúl ar na cnoic seo ainneoin na mílte bliain a bheith ár scaradh.
an nasc sin that connection
" Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód.
baint mhór a strong connection
" Buntáiste Fograíochta ========= Tá baint mhór ag an idirlíon freisin, gan amhras, leis an ísliú i gcostais taistil agus lóistín.
an dlúthbhaint the close connection
" com) agus a thuig go luath an dlúthbhaint atá ag caitheamh airgid le barrfheabhas inneall cuardaigh agus le fógraíocht sin íoc na cliceála (PPC).
nasc connection
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
naisc teaghlaigh family connections
" Is iomaí áiteamh maith is féidir a chur chun cinn ar son an bhirt seo, go háirithe i gcás inimirceach a bhfuil a lán ama tugtha acu i Stát áirithe agus i gcás daoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu leis an tír ina bhfuil siad ag cur fúthu go neamhdleathach.
nasc a connection
" Glactar leis go bhfuil nasc idir an dea-aimsir, aoibh mhaith, agus cuimhne níos fearr a bheith ag an duine i rith an earraigh, toisc go gcaitear tuilleadh ama amuigh faoin aer.