Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
constaic obstacle
" Tá an Trimbleach ar ndóigh ag smaoineamh anois ar an chéad olltoghchán Tionóil eile ar an chéad lá de Bhealtaine 2003, agus chan é amháin go bhfuil sé ag déanmah na *splits *leis an dá thaobh den pháirtí a choinneáil le chéile ach tá an síorsceitheadh líomaintí ó "fhoinsí slándála" ag cur an-bhrú air; agus tá caint arís ann fá smachtbhannaí in éadan Shinn Féin, constaic eile ar an bhóthar iarainn a bhfuil traein na síochána air.
chonstaic obstacle
" An chonstaic is mó roimh na feachtasóirí ná gur ceantar bocht é Doire agus an tír máguaird, agus tá ráta ard dífhostaíochta ann.
constaicí obstacles
" Is cosúil nach bhfeiceann siad constaicí ar bith sa mbealach.
constaic obstacle
" Ach is iomaí constaic agus dris chosáin atá curtha rompu ag na húdaráis.
constaic obstacle
" Fadhbanna níos leithne ======= Ó tharla go bhfuil constaic amháin sáraithe ag breith na Cúirte Uachtaraí, níor mhiste díriú anois ar fhadhbanna níos leithne a bhaineann le ceart slí.
constaic obstacle
" Dá mbeadh córas reifrinn san eaglais, tá seans maith ann go molfaí go mbeadh cead ag cineálacha éagsúla daoine, idir fhir agus mhná, singil agus pósta, aontumha agus a mhalairt, dul leis an tsagartóireacht, gan bac nó constaic.
sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu they overcame every obstacle put in front of them
" An bóthar fada, casta a thaisteal siad, deich gcluiche ar fad, ach sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu.
constaic obstacle
" Ach is constaicí iad cuid de na leasuithe atá tagtha ar an Acht le déanaí ar an oscailteacht seo.
constaicí móra big obstacles
" Cinnte tá an-suim san iomáint le fáil sna “contaetha laga” agus daoine ag obair go dian chun í a chur chun cinn, ach tá constaicí móra roimh fhorbairt dháiríre, go háirithe i measc lucht peile nach cás leo iománaíocht ar chor ar bith.
sáraíodh an chonstaic sin that obstacle was overcome
" An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).
constaic obstacle
" Agus na geataí curtha díom agam bhí constaic amháin eile le sárú: daoine ag bailiú airgid leis na reiligí a choinneáil.
constaicí móra big obstacles
" Ach más mian le Sinn Féin dul chun cinn a dhéanamh ó dheas, tá constaicí móra roimh an pháirtí.
constaicí obstacles
" Ní thig leo asamhlú a dhéanamh agus ní thig leo na constaicí a shárú ar chúiseanna éagsúla.
constaicí móra le sárú big obstacles to be overcome
" ** ** **Constaicí**Feictear dom, áfach, go bhfuil constaicí móra le sárú ag Kevin Rudd má tá sé chun a bheith ina phríomh-aire.
constaicí impediments
" Ba mhaith leo go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ag daoine dul ag brabhsáil ar an idirlíon le gléasanna soghluaiste tapa agus tá siad ag iarraidh teacht timpeall ar na constaicí atá cruthaithe ag leithéidí Vodafone agus O2.
constaicí obstacles
" Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” – mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
constaicí obstacles
" Tá leisce orainn a leithéid a dhéanamh - creidimid gur chóir go mbeadh a laghad constaicí agus is féidir idir nuachtán laethúil Gaeilge ar líne agus an léitheoir - ach, mar sin féin, tá sé riachtanach go gclúdófaí na costais a bhaineann le *Lá Nua* a chur ar fáil ina iomláine ar an idirlíon gach lá, mar aon le podchraoladh laethúil.
constaic obstacle
" Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
chonstaic obstacle
" - SMM: Mar a chéile, leis an dath gruaige, ar chuidigh sé leat go raibh is go bhfuil d’ainm i nGaeilge agat, nó a mhalairt, ar chonstaic ort d’ainm féin a bheith i nGaeilge agus tú ag saothrú agus lonnaithe anseo i gCúige Laighean mar a bhfuair Normannaigh is Sasanaigh talamh go leor dóibh féin? BNC: Mm, mm.
chonstaic obstacle
" Níor mhiste don CLG teacht ar sheifteanna chun an chonstaic sin a shárú ar nós gan na clogaid a bheith á gcaitheamh le linn an mhórshiúil roimh an gcluiche mór.
constaicí obstacles
" Bíonn orthu cead pósta a lorg, mar shampla, agus chun an cead seo a fháil bíonn constaicí éagsúla riaracháin le sárú.
constaicí obstacles
" Tá an freasúra náisiúnta agus cuid de na rialtais stát in éadan na n-athruithe atá beartaithe, agus is léir go bhfuil constaicí go leor le sárú ag an rialtas cónaidhme sula rithfí aon reachtaíocht.
chonstaic dosháraithe impassable barrier
" ” Líomhaintí ====== 
Ach ní sin iomlán an scéil, Bhí líomhaintí déanta in éadan RTÉ go raibh na cúinsí a leag siadsan síos - barántas €20 milliún san áireamh - ina chonstaic dosháraithe ag na comhlachtaí tráchtála.
constaic obstacle
" I mí Meán Fómhair 2004, d'fhogair Rúnaí Stáit na linne sin, Paul Murphy, go mbeadh fiosrúchán poiblí á reáchtáil mar thoradh ar thuarascáil Cory - agus thosaigh a chur gach constaic sa bhealach, an Inquiries Act, 2005 ar cheann acu, acht a raibh sé mar aidhm aige gníomhaithe an Stáit a chosaint níos mó ná an chóir a sholáthar.
ina chonstaic ar bheartais in the way of plans
" Beidh an daonlathas a bhronnann Bunreacht na hÉireann ar mhuintir na tíre seo ina chonstaic ar bheartais an AE nuair a fhéachfar le tíortha an AE ar fad a mhúnlú ina leac umhal gan mhothú.
constaicí loighice agus dothuisceana incredible and logical obstacles
" Táim féin den tuairim gurb iad foighde agus stuacacht na tréithe is mó atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir: foighde chun chur suas le cliaint dúra cosúil liomsa agus stuacacht chun leanúint leat i gcoinne constaicí loighice agus dothuisceana a bhíonn, go minic, féinchruthaithe.
chéad chonstaic first obstruction
" B'é an chéad chonstaic a chuir an Roinn ina dtreo ná gur cheart gur i bhfoirm WORD seachas PDF a bheadh an leagan Gaeilge den dréachtscéim.
Is mó constaic ar there are more obstacles
" Is mó constaic ar an mbóthar rompu, áfach, mar a léiríonn tuairisc a d’eisigh an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann anuraidh.
Léiríonn na constaicí seo an deacracht these obstacles demonstrate the difficulty
" Léiríonn na constaicí seo an deacracht a bhaineann le comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i réimse chomh conspóideach leis an imirce ina mbíonn drogall ar stáit aon phioc dá gcumhacht a thabhairt suas.
tá constaicí á gcur romhat obstacles are being placed before you
" Tá an córas oideachais nach mór naimhdeach agus tá constaicí á gcur romhat n’a’ haon lá.
ag iarraidh constaicí a chur trying to place obstructions
" Ní sa Bhreatain amháin atá na húdaráis ag iarraidh constaicí a chur i mbealach inimirceach.
constaic obstacles
" Rinneadh leasú ar an reachtaíocht cheana féin ag deireadh na bliana seo caite agus déanfaidh SBCA tuilleadh taighde ar na constaic atá ag cur bac le dul chun cinn i mbliana.
Easpa Teanga ina Constaic the obstacle of lacking the language
" Easpa Teanga ina Constaic ========= “Sin an fáth nach n-aithnítear go bhfuil a oiread sin Éireannach anseo.
an constaic is mó i leith an rothair the biggest obstacle regarding bikes
" 0 a chruthaíonn an constaic is mó i leith an rothair.
na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, the obstacles to the independence of Scotland,
" Féachann Breandán Delap ar na constaicí atá sa bhealach ar neamhspleáchas na hAlban, sprioc atá ag Alex Salamond agus a pháirtí, an SNP.
constaice obstacle
" Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.