Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach ndeachthas chun cainte leosan that they weren't consulted
" Bhí fearg orthu nach ndeachthas chun cainte leosan faoi na leasuithe a bhí á ndéanamh, leasuithe a mbeadh tionchar an-mhór acu ar a dtodhchaí.
ag dul i gcomhairle leo consulting them
" Tá na hiascairí ag rá go mbeidh cúiteamh, traenáil agus scéim fostaíochta ag teastáil do dhaoine a chaillfidh a gcuid postanna agus tá an rialtas ag dul i gcomhairle leo faoi láthair faoi na ceisteanna sin.
ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe consulting their workers
" Tá na húdaráis áitiúla ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe faoi chosc ar thobac ina gcuid foirgneamh - hallaí baile agus mar sin de.
ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de consulting ordinary people about it
" Beidh siad ag caitheamh £7 milliún gach bliain ar an phlean agus ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de sa samhradh i mbliana.
dul i gcomhairle leo to consult with them
" Tuigeann Ibarretxe go maith nach mbeidh idirbheartaíocht cheart ann idir na dá rialtas agus tá sé ráite aige le rialtas sóisialach Zapatero nach dtuigfidh an chuid is mó den phobal Bascach drogall an rialtais lárnaigh dul i gcomhairle leo chun teacht ar shocrú.
dul i gcomhairle leis na páirtithe eile to consult with the other parties
" Ach ó tharla nach bhfuil móramh aige, beidh ar Harper dul i gcomhairle leis na páirtithe eile sula dtógfaidh sé aon chinneadh conspóideach, baineadh sé sin le cúrsaí sóisialta, cúrsaí geilleagracha nó an comhshaol.
go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad. that we would have been very grateful to him if he had consulted with us first
" Ag féachaint siar anois, tá mé den tuairim go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad.
Ach tar éis dul i gcomhairle le having consulted with
" Ach tar éis dul i gcomhairle le hoifig an Ard-Aighne thug an státseirbhíseach Seán Ó Ríordáin míniú i nóta lámhscríofa don Taoiseach faoi staid an cháis: *“The present position is that Ó Monacháin can not be put in jail unless the State presses for execution of outstanding warrant (District Court fines.
tré idirbheartaíocht leo by consulting with them
" ’ Rogha an dá díogha a bhí ag na ceardchumainn: glacadh le athruithe a bhí i socrú Bhóthair Haddington, a bhí oibrithe amach tré idirbheartaíocht leo, nó glacadh le hathruithe níos measa a chuirfí i bhfeidhm gan aon idirbheartaíocht.