Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mháinlia contae county surgeon
" Mar a dúrt, ní raibh mo mham róshásta bogadh agus bhí mo dhaid siar agus aniar agus ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís go dtí go bhfuair sé post mar mháinlia contae i dTiobraid Árann, in Aonach Urmhumhan.
na Sé Chontae faoi Fhorghabháil the Occupied Six Counties
" Bhí seisean ag tagairt do chaidreamh trasphobail, ach in áit bheag mar na Sé Chontae faoi Fhorghabháil, comhairle mhaith atá ann maidir le suíomh ar bith ina bhfuil tú.
a chontae dúchais his native county
" asp) Aistríodh Mícheál arís i 1981, an uair seo go Luimneach, a chontae dúchais.
contaetha cáiliúla iomána famous hurling counties
" Sna contaetha cáiliúla iomána tá an-tábhacht leis an traidisiún a bhaineann leis an gcluiche.
sa Chontae Ríoga in the Royal County
" Ag tús ré Sheáin bhí contae na Mí in umar na haimléise ó thaobh fhoireann pheile an chontae de, in ainneoin thraidisiún na peile a bheith an-láidir agus an-fhada sa Chontae Ríoga.
comhairleoirí contae county councillors
" Bíonn cluas le héisteacht ag oibrithe monarchan, ag polaiteoirí, ag comhairleoirí contae, agus ag lucht timpeallachta, iad ag faire amach do scéalta a bhainfidh leo.
coiste contae county committee
" Is cóir dualgas a chur ar gach club, gach coiste contae agus gach comhairle chúige nithe praiticiúla a dhéanamh ar nós: An Club: camán do gach ógánach faoi 14 bliana, oiliúnóirí a chur ag obair ar fud gach contae, foirne a chur le chéile faoi 12 bhliain, faoi 14 bliana mar thús - aon chlub nach ndéanann na nithe seo, ní bhfaighidh siad deontas ná ticéid do Chraobh na hÉireann, etc.
chomhairleoirí contae county councillors
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
Coiste Gairmoideachais an Chontae the County Vocational Education Committee
" Bíonn plé againn freisin le gníomhaireachtaí stáit agus le dreamanna mar Fhoras na Gaeilge, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coiste Gairmoideachais an Chontae, etc.
dornán contaetha handful of counties
" Nó do na feidhmeannaigh a bheas ag plé le cúrsaí na mara i gContae an Chabháin, ceann den dornán contaetha nach bhfuil aon chósta leo.
na Sé Chontae Atá Faoi Chois the Occupied Six Counties
" Cibé eile is féidir a rá faoi "na Sé Chontae Atá Faoi Chois", na flaithis atá iontu ó thaobh seandálaíochta de.
ag cruinnithe comhairlí contae at county council meetings
" " Agus iarrthóirí de chuid lucht na dteifeach ag seasamh i nGaillimh, i gContae an Chláir agus i Ros Comáin, an mbeidh iolrachas nua na hÉireann le feiceáil ag cruinnithe comhairlí contae amach anseo? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4.
chomhairlí contae county councils
" Cá bhfágann casadh na taoide seo muid don tréimhse atá romhainn? Tá ionadaithe ag Sinn Féin anois ar chomhairlí contae, sa Dáil agus i bParlaimint na hEorpa.
chomrádaithe contae county comrades
" Maidir leis an imreoir, tá seans ann nach mbíonn mórán deise aige taitneamh a bhaint as an éacht atá déanta aige féin agus ag a chomrádaithe contae toisc go bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar an gcéad dúshlán eile i gcraobhchomórtas na gclub ina chontae féin.
bunadh na sé chontae people from the six counties
" D'fhág neart an phunta Sterling a rian ar thírdhreach Ghaeltacht Thír Chonaill, atá breac le tithe saoire ar le bunadh na sé chontae iad den chuid is mó.
dúnmharú an iar-chomhairleora contae the murder of the former county councillor
" Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú.
choistí contae county committees
" Tharla sin i ndiaidh na gcéadta cruinniú agus díospóireacht a d’eagraigh cumainn éagsúla de chuid na heagraíochta ar fud na tíre sna míonna roimhe sin agus ina ndiaidh sin cruinnithe de choistí contae sna contaetha ar fad beagnach.
chun cinn ar fhormhór na gcontaetha ahead of most of the counties
" Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu chun an aidhm sin a bhaint amach.
do na contaetha laga for the weak counties
" In ainneoin grád a dó agus a trí a bheith i gceist, chonaiceamar caighdeán ard scile agus imeartha ó na himreoirí agus ní mór dúinn comhghairdeas agus buíochas a ghabháil leis an gCoiste a mhol agus a chuir tús leis na comórtais nua do na contaetha laga.
chinn coiste an chontae ar the county committee decided
" Ach bhí imreoirí éagsúla nach raibh ar fáil ar chúis amháin nó ar chúis eile agus, ar deireadh thiar, chinn coiste an chontae ar Humphrey a bhriseadh as a phost.
as ucht imirt dá gcontae for playing for their county
" Beagnach an chéad abairt as béal Nicky tar éis a thofa ná nach mbeadh aon cheist faoi íocaíocht nó pá a thabhairt d’imreoirí as ucht imirt dá gcontae chomh fada is a bheidh sé féin ina uachtarán.
as na contaetha máguaird from the surrounding counties
" Is minic leis go mbíonn daltaí as na contaetha máguaird ag freastal ar na coláistí móra iomána agus peile.
i dtaca leis na Sé Chontae as regards the Six Counties
" Luaigh Collins an “chothromaíocht bhréagach” atá á cothú le fada an lá ag na meáin chumarsáide i dtaca leis na Sé Chontae.
go mbronnfadh an chomhairle chontae chuí that the appropriate county council would grant
" Is dócha ná a mhalairt go mbronnfadh an chomhairle chontae chuí cead pleanála don tionscadal.
geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh the jersies of the various counties being worn
" D’fheicfeá geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh ag na scoláirí mar léiriú ar an tsuim mhór sna cluichí agus coinníonn an clúdach teilifíse gach duine ar an eolas.
faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla about the progress of the various counties
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla that groups from other counties would follow the example
" Má éiríonn leis an gcoincheap, ba mhaith linn go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla.
na contaetha laga the weak counties
" Ardaíonn sé an cheist arís: an bhfuil deireadh ré ag druidim le Craobhchomórtas Peile na Mumhan nó an bhfuil córas an chúldorais ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh seachas na contaetha laga a thabhairt chun cinn? Bealach éasca a fuair foireann Átha Cliath tríd go dtí an leathchraobh, gan aon fhoireann taobh amuigh de Chúige Laighean le himirt acu.
bunadh na Sé Chontae the people of the Six Counties
" B’fhéidir nach bhfaigheadh bunadh na Sé Chontae ach stoca lán guail mura n-aontaíonn na páirtithe ar dhul chun cinn i gcúrsaí póilíneachta agus cirt agus ar roinnt na cumhachta.
ar gheilleagar na Sé Chontae, on the economy of the Six Counties,
" ) Ag breathnú ar gheilleagar na Sé Chontae, tá cuma mhaith ar an scéal.
dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, if a state or county got on well,
" Dá mbeadh bliain thar barr ag pobal áirithe, nó dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, ghairtí a leithéid mar altú do Dhia as an dearlacadh.
imreoirí maithe na gcontaetha laga the good players of the weak counties
" Bhí deis iontach ag imreoirí maithe na gcontaetha laga imirt ar stáitse mór agus bonn an-luachmhar ó thaobh onóra de a bhuachaint – iománaithe as Laois, Áth Cliath, Ciarraí, peileadóirí as Fear Manach, Liatroim, Tiobraid Árann (Babs Céitinn, mar shampla) agus araile.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
talamh méith an chontae sin the fertile land of that county
" Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
i gcontaetha na teorann. in the border counties.
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
i gcontae na reibiliúnaithe, in the rebel county,
" Ó dheas i gcontae na reibiliúnaithe, táthar ag tógáil na líne idir Cathair Chorcaí agus Mainistir na Corann, agus is é mí Iúil 2008 an dáta oscailte atá tuartha di anois (moill eile: dhá bhliain ó shin, ghealladh 2007).
níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, Kidare doesn't have a reputation for singing in the native style,
" AÓF: Ach níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, go speisialta i nGaeilge.
bunadh fadfhulangach na Sé Chontae the long-suffering people of the Six Counties
"bunadh fadfhulangach na Sé Chontae ag dúil le go bhfaighidh siad rialtas a bheas lena leas.
seachas na contaetha móra apart from the big counties
" An fhianaise dó sin ná nár bhuaigh aon chontae an chraobh seachas na contaetha móra – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann – ó 1998, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí í tríd an gcúldoras.
crá mhuintir na Sé Chontae. bothering the people of the Six Counties.
" Tá 63% de gheilleagar an tuaiscirt bunaithe ar an earnáil phoiblí i gcomparáid le 43% sa “chuid eile den Ríocht Aontaithe”; de réir *Bare Necessities*, tuairisc a d’fhoilsigh an Economic and Social Research Centre i Sasana, tá corradh le 500,000 duine ó thuaidh ag maireachtáil faoi “líne na bochtaineachta” agus tá lear mór fadhbanna eile ag crá mhuintir na Sé Chontae.
ar cosúla le comhairle contae é which is more like a county council
" Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas ar cosúla le comhairle contae é – le fadhbanna a mhuintire.
ar fhoireann shóisearach an chontae on the county minor team
" D’imir mé ar fhoireann shóisearach an chontae agus ní fhaca m’athair mé ag imirt.
i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, in the north of County Dublin,
" uk/ An seachtú agus an t-ochtú míle 30/6/07 – 1/7/07: Rinceoil, féile don teaghlach ar fad sa Ros i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ansin taisteal fada romhainn chuig na Cealla Beaga agus féile eile ansin.
a bhuafaidh Contae Aontroma that County Antrim will win
" Tá mé ag fanacht ar athbheochan na Gaeilge, ar athaontú na hÉireann agus ar an lá a bhuafaidh Contae Aontroma Corn Mhic Uidhir leis na blianta anois!” *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin agus tá céim aici san iriseoireacht ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
a chum duine as contae Mhuineacháin which somebody from County Monaghan composed
" De ghnáth, baintear úsáid as an gcéad cheann, a chum duine as contae Mhuineacháin i dtosach mar dhán sa bhliain 1876.
an mórtas cathrach agus contae sin that city and county pride
" Tháinig Bob Welch ar an saol i gCorcaigh agus admhaíonn sé go bhfuil an mórtas cathrach agus contae sin ann a dhiúltar ó chíocha gach máthar cois Laoi.
pá íosta na Sé Chontae a ísliú. to lower the minimum wage in the Six Counties.
" Tá rún ag Gordon Brown pá íosta na Sé Chontae a ísliú.
in iarthar Chontae Átha Cliath in west County Dublin
" Naoi mbliana ó shin a bunaíodh cumann CLG Chaisleán Cnucha in iarthar Chontae Átha Cliath agus cheana féin tá Craobh na hÉireann gnóthaithe.
chomhairle contae county council
" D’éirigh go maith liom agus bronnadh scoláireacht chomhairle contae orm le freastal ar an meánscoil.
comhairlí contae county councils
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
dhá choiste contae two county committees
" Míníonn Tommy Walsh ina leabhar go raibh dhá choiste contae de chuid CLG i Sasana faoin am sin, coiste Londan agus coiste Learphoill, ach go raibh siad neamhspleách ar a chéile roimh 1926.
fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae about a 32-county Socialist Republic
" Agus an mana fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae mar dhlúthchuid dá *raison d'être* polaitiúil, shílfeá go mbeadh lántacaíocht an Aire ag na cúntóirí ranga atá i gcoimhlint lena bhfostóirí - na Boird Oideachais agus Leabharlann – le 12 bhliain anuas maidir le cúrsaí pá.
bratacha na gcontaetha go léir, flags of all the counties
" Bhí bratacha na gcontaetha go léir, nach mór, crochta as an tsíleáil agus ar na ballaí, mar aon le grianghrafanna de cheoltóirí, d’aisteoirí agus de lucht spóirt na tíre seo.
comhairlí contae county councils
" Ar leibhéil níos ísle, toghtar comhairlí contae agus cathrach freisin.
Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae Hanafin's grandfather was a county councillor
" Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sé ar dhuine de na daoine sin a chuaigh le Fianna Fáil agus le hÉamonn De Valera.
lucht tacaíochta an Chontae the County supporters
" Rinne gach taobh dearmad ar lucht tacaíochta an Chontae agus iad buailte ag an Corcaighzheimers.
comhairlí contae conuty councils
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe that the planning pressure group Airdeall had to threaten legal action against Galway County Council
" ” Tuigtear dom gurbh éigean don bhrúghrúpa pleanála Airdeall an dlí a bhagairt ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chúpla ócáid nuair nach raibh siad sásta an socrú dlí a shíniú, ainneoin go raibh an forbróir sásta a leithéid a dhéanamh.
Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! It is clear that the wheels of the County Council move as quickly as a glacier!
" Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae. to undertake a language plan for each county.
" Mar shampla, chuir Conradh na Gaeilge iarratas faoi bhráid an Fhorais roimhe seo le maoiniú a fháil chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae.
smacht ar chomhshaol na Sé Chontae control of the environment of the Six Counties
" Ni féidir leis sin a bheith fíor mura bhfuil an domhan ach 4,000 bliain d'aois! Múinteoir scoile a bhí in Sammy sula bhfuair sé smacht ar chomhshaol na Sé Chontae ach tá sé ar nós na ndaltaí sin a dhéanann iarracht a chruthú go bhfuil siad níos cliste ná an múinteoir.
achan chontae every country
" Cé go bhfuil craobh láidir den eagraíocht faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath, tá tuairim is 25 craobh eile lonnaithe lasmuigh den ardchathair agus bíonn ranganna ar siúl in achan chontae in Éirinn – agus sa tSairdín! Eagraítear ceardlanna in áiteanna a raibh easpa dúile sa rince i gceist iontu go stairiúil.
sna Sé Chontae The O Shea country
" ” (ainmneacha bainte amach ag an eagarthóir) Daichead faoin chéad de cháin bhreise le gearradh ar iriseoirí na Gaeilge atá lonnaithe sna Sé Chontae agus a bhfuil dlúthbhaint acu le hIarthar Chorcaí agus a chaitheann spéaclaí.
bunadh na Sé Chontae The Six County People
" Beidh bunadh na Sé Chontae ag cur na ceiste sin ar a gcuid polaiteoirí an Nollaig seo agus an méadú sa lion dífhostaithe níos mó ná méadú ar bith eile le 30 bliain anuas.
Choiste an Chontae county committee
" Ach, tá painéal láidir go maith ag Áth Cliath don chéad uair le blianta fada, a bhuíochas sin de dhúnghaoiseanna Choiste an Chontae le deich mbliain anuas agus don obair éachtach atá déanta ag pobal na hiomána sa chontae.
comhairlí contae county councils
" Níl ach mí fágtha go mbeidh na toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn le comhaltaí a roghnú do na comhairlí contae, comhairlí cathrach agus do na comhairlí baile.
Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha 32 County Sovereignty Movement
" Ní fhaca mé riamh dúnghaois chuimsitheach de chuid Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha, atá ceangailte leis an Fhíor-IRA, a chuaigh i ngleic le réadúlachtaí an lae inniu, le castachtaí Éire na 21ú?haoise.
bunadh na Sé Chontae the people of the 6 Cos
" Nach raibh sé i ‘gConradh’ Cameron le bunadh na Sé Chontae “Tuaisceart Éireann a chur ag croí an aontais”? Nárbh é Paterson a thionscain na cainteanna rúnda a raibh sé mar aidhm aige aontas Aontachtach a chothú i dTeach Hadfield? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil UCUNF - más ann dó go fóill - ag déanamh neamhaird ar, cuir i gcás, lán Pháirc Mhic Easmainn, daoine nach mbeadh ag iarraidh a bheith i gcroí an aontais? Sin ráite, nárbh é Ted Heath a chuir Stormont ar ceal i 1972? Nárbh í Margaret Thatcher a chuir an Comhaontú Angla-Éireannach i bhfeidhm i 1987? Agus nárbh é Peter Brooke a dúirt nach raibh *“selfish economic or strategic interest”* ag an Bhreatain i dTuaisceart Éireann? Triúir Coimeádach! An tseachtain seo caite, fógraíodh gur cuireadh cuireadh ar Martin McGuinness labhairt ag bricfeasta ar imeall Chomhdháil na gCoimeádach in Birmingham i mí Dheireadh Fómhair.
idir chathair agus chontae both city and county
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
idir chontae both county
" Is é sábháilteacht na n-imreoirí príomhchúram an réiteora a deir Aodán Mac Suibhne, iar-réiteoir idir chontae agus oiliúnóir réiteoirí óga.
Coiste an Chontae The County Board
" Cuirimse agus cuireann measúnóirí eile ár dtuairim ar aghaidh chuig Coiste an Chontae faoi chumas agus dul chun cinn réiteoirí atá ag tosnú amach.
ar bhonn contae on a county basis
" Forbairt an Cheantair ============ **SMM: Chonaic daoine cuid d'áilleacht an cheantair sa scannán sin An Píopa agus rinneadh iarracht, áitiúil, leis an idirlíon daoine a mhealladh isteach ar saoire, ach ar cheart tuilleadh a dhéanamh ar bhonn contae nó go hidirnáisiúnta? – Dá ndéanfaí nascadh le ranna Gaeilge sna forais tríú leibhéal, nó le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge abair?** BNC: Ceapaim go bhfuil deiseanna iontacha ansin, forbairt a dhéanamh ar an méid a dúirt tú ansin.
Choiste an Chontae Co. Committee
" Chuir an mheitheal cúig phríomh-mholadh os comhair Choiste an Chontae: 1.
chontaetha an iarthair the western counties
" Bhí an scéal amhlaidh ar fud chontaetha an iarthair agus chontaetha cois teorann.
craobh an chontae the county championship
" Is amhlaidh go bhfuil cuid shuntasach de na himreoirí is fearr ag fanacht sa bhaile de bharr na dílseachta atá acu dá gclubanna, go bhfuil seans acu craobh an chontae a bhuachan agus go bhfuil a gclubanna ag brath orthu.
bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae the county committee officials saw enough to convince them
" Ach léas dóchais dó gur ceapadh é mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi bhliain is fiche don bhliain 2010 agus cé gur bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais sin, bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae le post an bhainisteora shinsearaigh a thairiscint do Mhag Géibheannaigh nuair a d’éirigh John Joe Ó Dochartaigh as an bpost.
a chontae dúchais his native county
" Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile.
m'fhoireann chontae féin go hainnis my own county team terrible
" Cé go bhfuil m'fhoireann chontae féin go hainnis - chaill siad arís an deireadh seachtaine seo - tá sprid an Chumann Lúthchleas Gael, dá lochtai é mar eagraíocht, beo beathach i dtír an phelota - má éiríonn linn RTÉ a fháil ar shaitilít.
Tá dóchas ag roinnt contaetha arís some counties have hope again
" Tá dóchas ag roinnt contaetha arís, Corcaigh, Port Láirge, Áth Cliath, Luimneach, Gaillimh.
siúd a scar an contae amach who cut the county off
" Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
Comhairlí Chontae county councils
" 2 (m) san Acht Pleanála 2000 dualgas ar na Comhairlí Chontae féachaint chuige go mbíonn chosaint na Gaeilge mar theanga pobail sa nGaeltacht mar chuid lárnach den chóras pleanála.
ar a thréimhse ghairid mar imreoir contae of a short time as a county player
" Tá sé an-mhórálach as an ngaisce a rinne sé agus tá cuimhní iontacha aige ar a thréimhse ghairid mar imreoir contae agus club.
an Contae go leith the county and a half
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
na Trí Fhichead Contae the 30 counties
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
sna contaetha mórthimpeall in the surrounding counties
" **SMM: Bíonn tú gnóthach i mbun múineadh damhsa ar an sean-nós thart sna contaetha mórthimpeall ort le Sean-Nós ar an tSionainn.
chomhairlí contae county councils
" Tá drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.
íocaíochtaí d'imreoirí idir-chontae payments for inter-county players
" Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d'imreoirí idir-chontae.
Oifigeach Ealaíon an Chontae, County Arts Officer,
" Labhair Antaine Ó Faracháin le beirt ón gcomhairle atá bainteach leis an tionscnamh, Rosaleen Molloy, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus a comhghleacaí Ann Brazil.
tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, every Irish speaker in the Six Counties is being penalised,
" Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.
Sé Chontae Six Counties
" Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil athrú ag teacht ar dhearcadh mhuintir na Sé Chontae mar gheall ar nochtú fhírinne roinnt de scéalta na ndaoine a maraíodh agus roinnt de scéalta na ndaoine atá ar marthain!