Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an choimhlint the contest
" Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
coimhlintí contests, rivalries
" Ar ndóigh ag tús an tsamhraidh bhí Corn an Domhain ar siúl, cineál *aperitif *roimh na coimhlintí móra a bhí le teacht ar ball anseo in Éirinn.
chruas na coimhlinte the toughness of the contest
" I gcuid de na fógraí tá pictiúir ina bhfuil cosa iománaithe le feiceáil agus iad ag imirt thar Chlochán an Aifir nó Aillte an Mhochair agus camáin á mbriseadh faoi chruas na coimhlinte.
an gComórtas Amhrán Eoraifíse The European Song Contest
" Ní cheapfadh mórán daoine go raibh baint ar bith ag an gComórtas Amhrán Eoraifíse le dul chun cinn na tráchtála leictreonaí i dtíortha atá i mbéal forbartha.
coimhlint ghéar a hard contest
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
an chomhraic the contest
" Buíochas le Dia ní tharlaíonn an saghas iompar frithspórtúil seo an t-am ar fad agus is breá an rud é imreoirí agus foirne a fheiceáil ag déanamh a seacht míle dícheall chun an bua a fháil agus ag croitheadh láimhe lena chéile ag deireadh an chomhraic.
coimhlint éachtach extraordinary contest
" Bhí coimhlint éachtach idir John Bonham (Fine Gael) agus Larry Kavanagh (Páirtí an Lucht Oibre) don suíochán deiridh.
fíochmhar sa choimhlint fierce in the contest
" Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
comórtas cumadóireachta amhrán. a songwriting contest.
" Is dócha gur thuigeas go rabhas ábalta amhráin a chumadh nuair a bhíos trí bliana déag, nuair bhuaigh mé comórtas cumadóireachta amhrán.
don Chomórtas Amhrán Eoraifíse. for the Eurovision Song Contest.
" ” An Comórtas Amhrán Eoraifíse Ní raibh Carrie ach bliain in RTÉ nuair a fuair sí glaoch teileafóin ag iarraidh uirthi triail ceamara a dhéanamh don Chomórtas Amhrán Eoraifíse.
leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair to present the Eurovision Song Contest
" Roghnaigh an stáisiún í leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.
ag coimhéad Chomórtas na Eurofíse. watching the Eurovision Song Contest.
" Turcaí Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí na hEorpa, tá súil ag Balor go raibh gach uile dhuine agaibh ag coimhéad Chomórtas na Eurofíse.
choimhlint contest
" I gcás na gcluichí Gaelacha, agus na hiománaíochta go mór mór, is deacair d’fhear amháin a bheith gar don choimhlint i gcónaí nuair is féidir le suíomh na coimhlinte athrú ó ionad go hionad ar an bpáirc ar luas lasrach.
coimhlintí contest
" Ach bí ag caint ar Mohamad agus na sléibhte, bhí John Ging i mBéal Feirste an mhí seo caite, ar cuireadh ó Thrócaire, le caint a thabhairt ar an dóigh is fearr le sibhialtaigh a chosaint le linn coimhlintí mileata.
choimhlint contest
" Ar bhealach is féidir amharc ar stair na sibhialtachta, ní mar choimhlint leis an chinniúnt ná leis an talamh, ach mar choimhlint i gcoinne chroí dorcha an duine féin.
cath fíochmhar fierce contest
" 
“Ní athróidh próiseacht s'againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé.
choimhlint contest
" Cuir barra ar an gcreatlach thuasluaite mar choimhlint le réiteach.
choimhlint contest, rivalry
" Anois, agus roinnt taithí ag formhór na n-imreoirí ar an gcluiche, tá an caighdeán imeartha ardaithe agus an choimhlint faighte níos géire.
tsíorhchoimhlint perpetual contest
" Tá an tsíorhchoimhlint idir na meáin úra agus na meáin thraidisiúnta dulta i mbinibe ó thosaigh díospóireacht faoi na ‘sárurghairí.
in iomaíocht leis contesting with
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
lániomaíocha fully contesting
" Mealladh na Sluaite =========== In ainneoin a bhfuil de chomhghéilleadh ag baint le cluiche na Rialacha Idirnáisiúnta, tá éirithe leis na himreoirí tríd is tríd leibhéal ard cumais agus máistreachta a bhaint amach agus tá cluichí lániomaíocha, coimhlintí géara agus cur chuige den scoth feicthe go minic.
coimhlintí géara sharp contests
" Mealladh na Sluaite =========== In ainneoin a bhfuil de chomhghéilleadh ag baint le cluiche na Rialacha Idirnáisiúnta, tá éirithe leis na himreoirí tríd is tríd leibhéal ard cumais agus máistreachta a bhaint amach agus tá cluichí lániomaíocha, coimhlintí géara agus cur chuige den scoth feicthe go minic.
coimhlint a contest
" Tá an Eoraip le bliain anuas faoi mar a bheadh coimhlint ann idir na margaí agus rialtais na dtíortha Eorpacha.
ag iomaíocht contesting
" Ní deacair a shamhlú, ach oiread, go mbíodh fir agus mná óga ag imirt cluichí simplí agus ag iomaíocht lena chéile, ag rásaíocht, ag léim, ag caitheadh cloch, ag dreapadh crann, ag iomrascáil agus eile.
coimhlint ghéar a sharp contest
" Fiú más iad na curaidh a bhí ina gcoinne, an fhoireann ab fhearr ar fad le roinnt blianta anuas, shíl chuile dhuine go ndéanfaidís cluiche maith de, go mbeadh coimhlint ghéar ann, go mb’fhéidir go mbeadh an imirt idir dhá cheann na meá suas go dtí an fhead deiridh.
a ndúil sa choimhlint agus sa bhua their interest in the contest and the win
" Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
a bheith ina coimhlint ghéar be hotly contested
" Léiríonn an fiasco i Westminster maidir le Teach na dTiarnaí gur féidir le ceist an Tí Uachtair a bheith ina coimhlint ghéar.
is géire coimhlinte most keenly contested
" Ar chaoi ar bith, beimid ag coinneáil súil ar ár gcuid féin, idir lúthchleasaithe, dhornálaithe agus eile, agus iad ag iomaíocht sna cluichí is géire coimhlinte ar domhan agus beimid ag súil go n-éireoidh go geal leo.
Ag seasamh don suíochán folamh seo contesting this empty seat
" Ag seasamh don suíochán folamh seo tá Tommy Thompson, iarghobharnóir an stáit a chaill go leor measa sa bhaile nuair a d'imigh sé go Washington chun obair le George W.
agus coimhlintí eile nach iad and other contests besides
" Bhí Páidí Ó Sé i lár na coimhlinte sin, agus coimhlintí eile nach iad le linn na tréimhse sin.
choimhlint dleathach the legal contest
" Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann.
an chomhlint ag the contest between
" Ar ndóigh, ní raibh an chomhlint ag an fheisire Sinn Féineach agus feithicil agus tiománaithe na feithicile réamhluaite.
ag spairneadh liom contesting with me
" Bheinn shattered dá mbeadh orm fanacht i dTithe an Oireachtas gan mo chomrádaí Alan ann mar Aire Dlí is Cirt le bheith ag spairneadh liom.
choimhlint contest
" Tá todhchaí an Taoisigh, Bertie Ahern, ag brath ar an toradh a bheas ar an choimhlint idir beirt iarrthóirí Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath i dtoghchán na hEorpa an mhí seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.