Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chodarsnachtaí contrasts
" Bhí sé d'ádh orm a bheith ag taisteal san Ind agus ón gcéad chuairt a thug mé uirthi sa bhliain 1987, chuaigh an tír, atá lán de chodarsnachtaí, i bhfeidhm go mór orm.
i gcodarsnacht in contrast
" Mhothaigh mé an chailliúint agus, i gcodarsnacht leis sin, bhí láithreacht ann ag an am céanna.
codarsnacht contrast
"codarsnacht ollmhór idir an áit agus Béal Feirste, ar ndóigh, áit a bhfuil dhá phobal den dath amháin, atá go hiomlán scartha.
i gcodarsnacht leis in contrast to
" Caitheann na hoibrithe óga seo cultacha galánta, i gcodarsnacht leis na seanéadaí atá á gcaitheamh ag na tógálaithe.
chodarsnacht contrast
" Ach cad é mar is féidir *modus vivendi *a chothú má tá an chodarsnacht íospartach/déantóir coire beo beathaíoch? Caithfidh poblachtánaigh bheith ábalta níos mó ná "seo na fáthanna gur mharaigh muid do Dhaidí" nó "phléasc muid do chosa ó do cholainn mar rinne an RUC seo nó siúd" a rá.
i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach in contrast with the Modernist generation
" Tagann Iglesia as glúin a thosaigh ag obair ar shuiteálacha sna hochtóidí agus, i gcodarsnacht leis an ghlúin Nua-Aoiseach a tháinig rompu, ba obair fhíorach a bhí i gceist acu den chuid is mó.
socruithe codarsnachta contrast settings
" org/) is féidir na socruithe codarsnachta sna pictiúir a athrú agus píosaí de na pictiúir a mhéadú chun gné faoi leith a dhéanamh níos soiléire.
codarsnacht láidir strong contrast
" Lasann sé a haghaidh le solas láidir óna taobh clé chun codarsnacht láidir a chruthú agus chun í a léiriú go drilseach.
I gcodarsnacht leis in contrast with
" I gcodarsnacht leis an dearcadh atá againne ar ár n-oidhreacht, i Sasana tá £200 milliún á chaitheamh acu ag cur bóithre faoi thalamh, agus mar sin de, thart ar Stonehenge.
contrárthacht contrast
" Is é an chéad rud eile a mbeadh dúil ag an léitheoir leis sa scéal ar léamh na n-abairtí tosaigh sin dó - ós rud go gcastar Bullaí Mhártain air agus é ag imeacht as baile ag fógairt catha ar shaol sin an rince nár casadh ar an léitheoir go fóill - go léireofar sa scéal contrárthacht a bheith fada buan idir an dá ghné de shaol Bhullaí Mhártain, idir saol an bhaile agus saol an rince.
an chodarsnacht the contrast
" Chun an chodarsnacht idir é agus an gnáthshaol a léiriú, rinne mé crosanna na ngadaithe as adhmaintí cuisneora agus buidéil uisce bheannaithe.
codarsnacht contrast
"codarsnacht an-mhór idir seo ar fad agus an áilleacht nádúrtha atá thart timpeall.
codarsnacht contrast
" Léiríonn an stíl *chiaroscuro* (codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas) a úsáideann sé an mhaitheas agus an t-olc agus go bhfuil beatha agus bás thart timpeall orainn i gcónaí.
codarsnacht contrast
"codarsnacht an-mhór idir seo ar fad agus an áilleacht nádúrtha atá thart timpeall.
contrárthacht contrast
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
chodarsnacht contrast
" Bhí sciar maith d’fhéiníomhá na bProtastúnach bunaithe riamh anall ar an chodarsnacht idir iad agus a gcomharsana Caitliceacha agus tá sé fíor inniu – tá drochdhóigh ar cheantracha Protastúnacha mar gheall ar “*concessions to republicans.
cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile the players are compared and contrasted
" De ghnáth, cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile, tacaithe v tosaithe ar an dá thaobh, etc.
codarsnacht contrast
" ) I gcodarsnacht leis seo, tá pictiúir tógtha aige de dhaoine ag na rásaí capall i nDúrlas, Contae Thiobraid Árann, agus an t-atmaisféar bríomhar agus ardaithe.
codarsnacht mhór a big contrast
" An gcreideann muid i ndáiríre go mbeidh an oiread céanna turasóirí ag tarraingt ar an tír seo má leantar leis an lot atá á dhéanamh ar cheantair ardáilleachta? Bhíodh Gearmánaigh, Meiriceánaigh agus Sasanaigh ag tarraingt ar an tír seo ar mhaithe leis an spás agus le ceantair sáráilleachta nádúrtha a fheiceáil a raibh codarsnacht mhór eatarthu agus na cathracha tionsclaíocha ónar fáisceadh iad.
codarsnacht mhór big contrast
"codarsnacht mhór idir iompar an GMP agus iompar Merseyside Police.
i gcodarsnacht leis in contrast with him
" Nuair a thaispeáin mé an pictiúr *Tom Trubert’s Blues* ar an “Late Late Show” dúirt mé, mar mhíniú air, go bhfaca mé an bheirt seanfhear seo ina seasamh ar an phromanáid i mBré – duine amháin acu agus cuma an-ghléasta shnasta air agus an duine eile, i gcodarsnacht leis, agus cuma bhriste chráite air.
I lomchodarsnacht le in total contrast to
" I lomchodarsnacht le Corn Shanski Jerzy Phatski Danski, ní bheidh an teorannú céanna ar líon na n-iomaitheoirí a bheas in ann cur isteach ar an chomórtas úr damhsa ar an sean-nós – damhsa ar an sean-nós i stíl na Rúise is ea é.
I gcodarsnacht in contrast
" I gcodarsnacht ghéar le Kevin Rudd, tá Howard beagnach seachtó bliain d’aois.
na contrárthachtaí the contrasts
" Tá stailc na gcúntóirí ranga atá ar siúl faoi láthair ó thuaidh an-suimiúil agus tugann sé léargas glinn dúinn ar na contrárthachtaí taobh istigh de Shinn Féin agus ar an bhearna sin idir idé-eolaíocht agus praiticiúlacht atá fealsaimh pholaitíochta a phlé leis na céadta bliain.
codarsnacht mhór a big contrast
"codarsnacht mhór idir abhatár Jeffrey Lipsky agus an duine atá ann, dáiríre.
go hiomlán i gcodarsnacht leis an ríogachas. totally contrasting to royalism
" Tá an poblachtachas go hiomlán i gcodarsnacht leis an ríogachas.
codarsnacht, contrast,
" B’fhéidir go mbainfeadh lucht ollscoile pléisiúr as codarsnacht, trastagairtí, macallaí na n-ainmneacha agus rianta an phlota a lorg sa dá théacs, ach baineann an léirmheastóir seo go dlúth le campa an ghnáthléitheora – an duine glórmhar sin a thógann leabhar áirithe ina lámh má tá fonn air é a léamh agus nach santaíonn fo-nótaí ná tráchtas a léamh sula dtugann sé faoi.
codarsnachtaí contrasts
" Is cuid den India é atá lán codarsnachtaí ó thaobh tírdhreacha, dúlra, creidimh agus cultúir de.
chodarsnacht contrast
" Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
chodarsnacht contrast
" Chomh maith leis sin, tá tuiscint iontach ag Michael ar an pheirspeicíocht líníoch, ar chodarsnacht línte agus ar na marcanna éagsúla a chuireann toin agus uigeachtaí an cheantair i láthair go feidhmiúil.
codarsnacht contrast
" Tá An Chultúrlann féin neadaithe go báúil i Sráid álainn Shéamais Mhóir agus cruthaíonn línte glana an fhoirgnimh codarsnacht spéisiúil le brící dearga na dtithe atá thart timpeall air.
codarsnacht contrast
" Bealach Eile Ealaíne Déanann saothar Wright codarsnacht shuntasach le healaín iar-rannpháirtithe eile i gComórtas Turner ar nós Damien Hirst nó Tracey Emin.
gcodarsnacht contrast
" Ní luaitear a leithéid sa dréachtstraitéis agus go deimhin, is beag a deirtear faoin oideachas dara leibhéal i gcodarsnacht leis an gcur síos mion (agus inmholta) a dhéantar ar an mbunscolaíocht.
codarsnaí contrasts
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil togra “an aontais aontachtaí” ag titim as a chéile mar thoradh ar na codarsnaí inmheánacha níos mo ná rud ar bith eile.
chodarsnacht contrast
" Státseirbhíseach ar breá leis na hócáidi seo - an crocadh thart - an chodarsnacht ghéar idir saol an státseirbhísigh agus saol an ardáin.
gcodarsnacht contrast
" I gcodarsnacht le scéal Thiobraid Árann, chaill Corcaigh craobh na Mumhan agus thug Cill Chainnigh léasadh agus ceacht iomána dóibh ina dhiaidh sin.
a leithéid de chodarsnacht such a contrast
" Ghoill sé ar John W Henry, gan amhras, nuair a chonaic sé na sráideanna bochta thart an pháirc sacair galánta atá aige anois – a leithéid de chodarsnacht! Agus imreoirí a faigheann pá gan insint do gnáthdhaoine.
i gcodarsnacht in contrast
" Gaoth Dobhair ======= Tionscadal eile a tharraing m’aird ó thaobh na gcluichí Gaelacha de ná ceann a rinne scata buachaillí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar mhinicíocht an drochíde béil móide an droch-chaint a thugann imreoirí d’oifigigh an CLG i gcodarsnacht leis an iompar i gcás imreoirí rugbaí.
codarsnacht contrast
" Tá lár chathair Dhoire breá bríomhar agus tá codarsnacht mhór idir é agus ceantar Caitliceach an Bhogaigh, lena mhúrmhaisiúcháin shuntasacha agus a leacht cuimhneacháin don cheithre dhuine dhéag a maraíodh ar an 30 Eanáir 1972 - Domhnach na Fola mar a thugtar air anois.
codarsnacht níos mó greater contrast
" Ach más rud é go raibh go leor i gcoitinne ag Wellington agus Tristan, ní fhéadfadh codarsnacht níos mó a bheith idir tíortha na beirte acu ó thaobh na reachtaíochta maidir le húinéireacht arm tine.
I gcodarsnacht in contrast
" '* I gcodarsnacht leis an mhéid seo, cuireann an Roinn Chosanta béim ar earcú gasúr.
codarsnacht contrast
"codarsnacht i gceist in Niagara idir áilleacht aiceanta an easa agus an baile é féin.
codarsnacht shoiléir clear contrast
"codarsnacht shoiléir le sonrú sa chás seo idir inchreideacht na meán fhadbhunaithe agus bréagadóireacht an idirlín.
gcodarsnacht contrast
" Tugtar geilleagar an dá luas air mar gheall ar an gcodarsnacht seo.
sheasann i lomchodarsnacht stand in complete contrast
" Tá a fhios ag an saol mór gur sagairt iad seo a bhfuil meas ag an phobal orthu, agus gur sagairt iad a sheasann i lomchodarsnacht le cuid áirithe eile den chléir.
I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin in complete contrast to the small that crowd
" I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin, d’fhreastail suas le deich míle duine ar na himeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh – agus bhí an tOireachtas sin iontach pléisiúrtha chomh maith.
lán de thagairtí do na codarsnaí seo full of references to the contrasts
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
i gcodarsnacht le gnáthscoileanna in contrast to the usual schools
" Ó thaobh bainistíochta na ngaelscoileanna, feictear gné mhór áirithe i gcodarsnacht le gnáthscoileanna.
codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas a strong contrast of light and dark
" Pictiúir dhubha agus bhána atá iontu, le cúlra monacrómach agus codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas iontu.
codarsnacht mhór a great contrast
"codarsnacht mhór idir buiséad agus poiblíocht an togra seo agus turais eile, macasamhail Slí an Atlantaigh Fhiáin, an togra is déanaí ó ‘Fáilte Ireland’.
codarsnacht láidir dhrámatúil a strong dramatic contrast
" Déanann saothar lom cnámhach Giacometti, atá i seomraí áirgiúla maorga an Villa, codarsnacht láidir dhrámatúil le dealbhóireacht Bharócach Gian Lorenzo Bernini, mar shampla, agus saothar Nuachlasaiceach Antonio Canova.
a bhí i gcodarsna which was in contrast
" Mar léiriú air seo, dúirt sé nuair a chonaic sé dealbhóireacht Ghréagach, agus é ar cuairt ar Iarsmalann na Breataine, nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta, rud a bhí i gcodarsna, dar leis féin, le heisint an fhíordhuine.
codarsnacht le a contrast with
" Déanann a cuid éadaí galánta coimhthíoch codarsnacht le héadaí bána uirísle na beirte eile agus tarraingíonn sé ár n-aird arís ar shaibhreas an éadaigh.
I gcodarsna in contrast
" I gcodarsna leis an méid sin, ba bhean díomhaoin gan chlann í mo mháthair bhaiste a bhíodh ag obair d’Aer Lingus agus a rinne an-chuid taistil dá bharr.
i gcodarsnacht lom in stark contrast
" Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.