Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite there wasn't a twist or turn in her life that wasn't discussed
" Tharraing scéal amháin scéal eile agus sula raibh an oíche istigh ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite.
corr-rois cainte a dhéanamh to have the odd short conversation
" Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta.
chorr-státseirbhíseach the odd civil servant
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
an duine corr the odd one out
" Is cinnte gurbh é an Príomh-Aire an duine corr ar an ócáid sin, ós rud é nach raibh sé beartaithe ag rialtas na Spáinne trúpaí a chur amach go dtí an Iaráic.
i gcorr-áit in the odd place
" Tá éagsúlacht éan, éisc agus ainmhithe ann nach bhfuil le fáil ach i gcorr-áit ar domhan.
corr odd
choirre oddness
" Ach, de réir an Ollaimh Murphy, bhí tréithe go leor eile seachas an choirre ag baint le Nicholson, agus tá a cuid oibre - sóisialta agus liteartha - fós luachmhar sa lá atá inniu ann.
corr ghainimh sand eel
" Nuair a fhaigheann siad corr ghainimh eitlíonn siad go gasta díreach os cionn na dtonnta, ag iompar an bhéile bhig ar ais go dtí a n-ál, sna neadacha ar oileáin thart ar an loch.
corr odd
" An bhfuil mise corr nó an gcreideann sibhse fosta gurb é jab an rialtais é bheith ag tabhairt aire dá chuid saoránach? Páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag fanacht uair an chloig mar go bhfuil an tseirbhís tacsaí curtha ar ceal.
corr weird
" "Duine corr," a dúirt mé liom féin agus lean mé ar aghaidh ina threo.
chorr odd
" Níl inti ach seanchailleach cham chantalach chorr.
éan corr an odd person
" Is féidir a bheith deimhin de i gcónaí go mbeidh éan corr amháin agat i rang Gaeilge: má bhíonn leat, ní bheidh an t-ál iomlán suite os do chomhair, iad ag grágaíl d’aonghob.
ceisteanna corra odd questions
" Bhí mé ag súil le go leor ceisteanna corra nuair a chuaigh mé leis an mhúinteoireacht ardscoile, ach seo ceann nach raibh mé ag súil léi.
corr-ríomhphost a sheoladh chucu to send them the odd email as well
" Le teacht an idirlín, déanann sé iarracht corr-ríomhphost a sheoladh chucu freisin, ach dar leis féin, cliseann an litriú air, ó nár fhoghlaim sé Gearmáinis ariamh ach ó bhéal a thuismitheoirí.
corr strange
" ” Duine corr ab ea Padaí, gan amhras, ach bhí sé greannmhar fosta.
gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr that baseball came from rounders
" Sasana Is cosúil gur thosaigh an daorchluiche i Sasana san 18ú haois (cé go raibh cluichí dá leithéid thart le fada, agus tá daoine ann a mhaíonn gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr, a eagraítear faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn!).
corr-Éireannach agus Albanach the odd Irish person or Scot
" Níl sé i bhfad ó shin ó bhí laochra an chluiche thall ina Sasanaigh den chuid is mó, agus corr-Éireannach agus Albanach ina measc.
éan corr. odd man out, outsider.
" Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr.
corr-shracfhéachaint the odd glance
" Bhailíomar ár ngiuirléidí go ciúin agus d’imigh amach ar an tsráid arís, ag caitheamh corr-shracfhéachaint ar ais ar an bhfoirgneamh mór laistiar dínn a bhí clúdaithe le sreang dheilgneach.
cluiche corr an odd game
" Sórt *theme park* a bhí ann ina raibh cluiche corr ar siúl sa chúlra, agus tá súil agam nach mbeidh an staid nua atá Gillett agus Hicks ag brath a thógáil anseo mar a gcéanna.
corr-rothaí eile, the odd other cyclist,
" Turas ciúin a bhí againn ar an Greenway anseo, gan aon rud le feiceáil ach corrbhean ag siúl lena púdal, corr-rothaí eile, agus tugaí na cathrach ag tarraingt nó ag brú bád réthónach síos an abhainn thoir.
éan corr outsider
" D’aithin Mac Grianna é féin ina éan corr i measc na bpáistí eile.
corr-réalta scannáin nó rac-cheoil the odd film or rock star
" De ghnáth, bíonn lár an bhaile plódaithe le turasóirí mála droma, agus bíonn corr-réalta scannáin nó rac-cheoil ag spaisteoireacht ina measc freisin.
corr-thagairt occassional reference
" An-leabhar, dar leo féin – “*a British Classic*”! Bhí siad cinnte de; chomh cinnte sin nach raibh focal ar bith faoi Enright agus an cúpla míle cóip de *The Gathering* a bhí díolta sna siopaí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, ach corr-thagairt do “*another depressing Irish novel*”.
corr-rud a fhágáil ar lár. to leave the odd thing out.
" Rudaí nach raibh tada náireach ag baint leo ach bhí orm corr-rud a fhágáil ar lár.
chorr-Shatharn the occassional Saturday
" Bíonn ranganna ar siúl dhá thráthnóna sa tseachtain ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go mí na Nollag agus ó Fheabhra go Bealtaine agus ar chorr-Shatharn chomh maith.
Corr-bhraon báistí odd drop of rain
" Corr-bhraon báistí agus teas mhí Lúnasa san aer.
chorr a bheith almost
" Tá mé sásta go bhfuil an sprioc a bhí romham ag tús an turais chorr a bheith bainte amach agam – níl ach 10 ciliméadar le siúl inniu go Logrono! Ach, ar an taobh eile den scéal, níl fonn orm an Camino a fhágáil, turas a thug oiread sin sóláis dom le seachtain anuas.
corr-rud an odd piece
" Bhíodh corr-rud uaim féin ann chomh maith.
corr corner
" Fuisce níor ól sé ach corruair, a dúirt sé; capall níor shuigh sé ar dhroim bheathach capaill ariamh, agus is beag a mheas ar eallach.
corr odd
" Tá an ní céanna fíor faoi dhomhan na heolaíochta, áit a ndeirtear gur minic a thagann an innuachan is fearr agus is rathúla, ón ní fánach agus corr.
corr-rud maith odd good point
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
corr odd
" Is féidir an corrdhuine corr a fheiceáil ag scríobh ar a théirim ar an idirlíon, ach ar ndóigh, is féidir an t-idirlíon a sheachaint.
chorr-áit odd place
" " Cén t-iontas mar sin gur léirmheas thar a bheith fábhrach don chuid is mó atá déanta ar cheantair Ghaeltachta na tíre? Cé is moite den chur síos lom atá déanta ar chorr-áit ar nós An Rinn i bPort Láirge, nach nochtaítear aon tuairim maith nó olc faoi, ba léir go raibh na húdair thar a bheith tógtha le formhór na gceantar Gaeltachta.
chorr odd
" Ní mhúintear an Ghàidhlig ar chor ar bith sa ghnáthchóras scolaíochta in Albain, cé is moite de chorr eisceacht.
corr-Shasanach an odd Englishman
" Bhí corr-Shasanach ar fhoireann *Man City*: Joe Hart, Gareth Barry, Micah Richards agus James Milner.
corr éisc a heron
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
chluiche corr base ball
" Tógadh an tsiopalann millteanach seo ar staid chluiche corr na Minnesota Twins, agus sa suíochán sin a thit liathróid Harmon Killibrew, imreoir cáiliúil do na Twins, nuair a bhuail sé an Home Run ab fhaide a bhuail sé ariamh.
Corr-éan odd bird
an chluiche chorr baseball
" Ionad mór spóirt é Ollscoil Memphis agus tá lucht leanúna an-mhór ag foirne an choláiste, go háirithe i gcás na peile, na cispheile agus an chluiche chorr.
corr strange
" B’í *‘Penelope Longstreet’* an té ba fheargaí díobh uile, ach mar gur thosaigh sí amach ar leibhéal rótheann, ró-ard, ró-righinbhéalach, ní raibh aon ealó aici ó dul thar fóir sa taispeántas, corr nach rabhas ag súil leis ó aisteoir chomh greanta, de ghnáth, le Jodie Foster.
rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile some perfunctory reforms were done
" Sna hathchlónna éagsúla a foilsíodh anuas go 2004, rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile ach ní dhearnadh aon athbhreithniú substaintiúil ar na rialacha gramadaí.
chluiche corr baseball
" Rannpháirtíocht Réasúnta an Phobail ============ Ba léir le linn mo chuairte giorra go bhfuil suim mhór i measc mhuintir Mheiriceá sa pheil Mheiriceánach agus sa chluiche corr nó bhí an méid sin le léamh ar a raibh de chluichí sa dá spórt úd á gcraoladh ar stáisiúin éagsúla teilifíse chuile oíche agus na sluaite daoine i láthair ag na cluichí sin.
seachas an chorr-uair apart from the odd time
" Rith sé liom i ndiaidh an imeachta úid, agus ní don chéad uair é, gur beag an aird a thugtar ar spórt na mban i gcoitinne le hais a dtugtar do spórt na bhfear seachas an chorr-uair a dhéanann bean gaisce as an ngnáth ar an ardán idirnáisiúnta.
an bhéim chorr uneven stress
" Bíonn an bhéim chothrom agus an bhéim chorr ann, dhá rud a chuidíonn lena chéile de bharr go mbíonn siad ag tarraingt in aghaidh a chéile.
corr-liú áthais an odd shout of joy
" Ligeann na ceoltóirí corr-liú áthais astu ó am go chéile, nó cuireann siad lúibíní cainte leis an gceol de réir mar a bhualann an fonn iad.
d’fheicfeá an chorr-choismeig you’d see an odd step (of dancing)
" D’fheicfeá damhsóirí áitiúla sa bhaile, nó thiar i gCruachán (Ros Comáin), d’fheicfeá an chorr-choismeig ag duine éicint.
corr-rud occasional thing
" Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.