Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag corraíl oiread na fríde moving even slightly
" Má fhillim ar an óstán seo i gceann deich mbliana, áfach, agus má fheicim mo dhuine romham, an mbeidh sé gafa? An mbeidh lúidín a choise ag corraíl oiread na fríde? Agus cad a imeoidh ar na striapacha nuair a thógfaidh cailíní níos óige a n-áit? Caithfidh mé teacht ar ais anseo lá níos faide anonn i mo choirnéal in Arm an tSlánaithe dom.
freagrach as an gcorraíl responsible for the unrest
" Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
chorraíl unrest
" Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
chorraíl shibhialta civil unrest
" Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
Corraíola disturbance
" Céim Siar na Corraíola Is léir nach ar leas na n-ollscoileanna i gcoitinne an chorraíl seo ó thaobh íomhá náisiúnta nó idirnáisiúnta.
corraíl unrest, disturbance
" Nuair a phill siad ar Pháras i 1913, an uair seo Nijinsky agus Stravinsky péireáilte ag Diaghilev, bhí corraíl agus anord níos measa an iarraidh seo nuair a léirigh siad “Le Sacre du Printemps” i Théâtre des Champs-Elysées.
corraíola sibhialta civil unrest
" Meastar gur maraíodh suas le 120 duine le linn na corraíola sibhialta a lean an bás sin.
corraíl disturbance
" Cén fáth an chaint seo i gceantar Neuilly, áit nár thuig easpa agus nár bhaol dá mhuintir círéibeacha nó corraíl shibhialta.
corraíl movement
" Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
Corraíl Oibre agus Ealaíne turbulence in work and art
" ”* Corraíl Oibre agus Ealaíne ============= Bhí atmasféar fíor-réabhlóideach sa chathair mí nó dhó ina dhiaidh sin le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
Leis an gcorraíl due to the turbulence
" Leis an gcorraíl a bhí san Eoraip sna tríochaidí, cuireadh cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh.
bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd those games had a special excitement and taste
" Cé go bhfuil sé ráite gurb í an choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘*Dubs*’.
dtarlóidh corraíl disturbance shall occur
" Agus Corn an Domhain 2014? ============= Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
caithfear rud éicint a rá in am corraíola something has to be said in turbulent times
" Bíonn ciúin ciontach agus caithfear rud éicint a rá in am corraíola leis na meáin.
tráth a raibh éiginnteacht agus corraíl when there was uncertainty and agitation
" An t-am ba láidre é, bhailigh an ghluaiseacht mná as gach aicme tráth a raibh éiginnteacht agus corraíl ar fud na hÉireann agus d’aontaigh sé mná (ar bhealach) bíodh siad Caitliceach, Protastúnach, Náisiúnach nó Aontachtach, Poblachtánach nó Dílseach.
corraíl turbulence
" Tá gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.
corraíl disturbance
" Míshásamh, corraíl, uisce faoi thalamh, - tá scéal Phríomh-Aire úr na hAstráile ag Bearnaí Ó Doibhlin dúinn te bruite as taobh theas an domhain.
chorraíl turbulence
" Cuimhníonn Donncha Ó hÉallaithe siar ar chorraíl na hardchathrach a lean Domhnach na Fola 1972.
corraíl éicint some move
" Is mór an gar go bhfuil corraíl éicint ar na bacáin ar an Chreagáin i lár na tíre ar son na teanga, ar son na príomhchathrach agus ar son an gheilleagair.
ré chorraíola a period of disturbance
" Tá Brian Ó Broin den tuairim gur ré chorraíola agus achrainn atá I ndán do shaol na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.