Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corraitheacha exciting, stirring
" " Ba bhlianta corraitheacha iad sin i stair an tuaiscirt.
corraitheach exciting
" Bíonn urraí an ghradaim, Gailearaí an Tate agus Channel 4, ag brath go mór ar chonspóidí chun rud *avant-garde*, corraitheach agus radacach a dhéanamh den ghradam.
chorraitheach moving
" Chomh maith leis sin, tá stair an-suimiúil phianmhar chorraitheach ag an áit nach raibh eolas ar bith agam fúithi roimhe seo, agus rinne mé iarracht rud beag a fháil amach mar gheall uirthi.
corraitheach exciting
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
corraitheach touching
" Tá scéal daonna corraitheach taobh thiar de na bairéid chéanna.
an Aigéan corraitheach Atlantach the exciting Atlantic Ocean
" Tá sé soiléir, áfach, gurb í an fharraige is mó a mhúsclaíonn a chuid suime, go bhfuil croí an fhir lártíre tógtha ag an Aigéan corraitheach Atlantach.
am corraitheach stirring times
" An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh “Sinn Féin /IRA” ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh? Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
corraitheach exciting
" “Mar sin, bhí na fadhbanna seo uilig ann agus muid ag ullmhú don fhéile phíobaireachta, ach ba é rud a fuair na daoine a chuir an stró orthu féin dul chuig an chéad fhéile amach, ná go raibh sé corraitheach, ilghnéitheach, agus spraíúil.
saol corraitheach exciting life
" “Bhí tionchar ag an airgead gasta orm,” a deir sé, “ag na mná agus an saol corraitheach.
as cuimse corraitheach really moving
" Tharla ócáid Ghaelach a bhí as cuimse corraitheach i mBéal Feirste i mí na Samhna.
corraitheach moving
" Am iontach corraitheach, tochtmhar a bhí ann mar is cuimhin le duine ar bith a bhí beo ag an am.
cluichí corraitheacha exciting games
" Sna *Minor Leagues*, déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra.
an-chorraitheach very moving
" Bhí sé an-chorraitheach iad a fheiceáil i mbun ceoil amuigh faoin spéir agus na cnoic sa chúlra.
forbairt an-chorraitheach a very exciting development
" Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.
forbairtí corraitheacha exciting developments
" Go pointe áirithe, bheinn sásta a bheith ag ceiliúradh leo, mar níl aon amhras ach gur forbairtí corraitheacha iad na cinn atá ag tarlú faoi láthair.
corraitheach. exciting
" Mar a deirim, fáilteoidh mé roimh dheireadh an réamhbhabhta seo, a mhair ar feadh trí nó ceithre mhí níos faide ná mar a shíl aon duine go leanfaí de, ach ní hionann sin is a rá nach raibh sé corraitheach.
na nithe corraitheacha the exciting things
" (Ach níos mó ina thaobh sin ar ball!) Nuair a bhuail mé le de Spáinn, bhí meanma an-mhaith aige agus é ag caint faoi na nithe corraitheacha atá ag titim amach sa Chonradh faoi láthair.
corraitheach exciting
" Tá sé deacair dom smaoineamh ar aon ní chomh corraitheach is a bhí an banna “mór” le linn dó a bheith ag cleachtadh i halla na scoile i rith am lóin.
thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach she faced a new dramatic challenging journey
" Ghlac sí le hiomarcaíocht dheonach ansin, agus sa bhliain 1977, thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach ina saol: an feachtas Éireannach ar son dí-armála núicléiche.
an-chorraitheach very moving
" “Mothaím go bhfuil sé sin an-chorraitheach, gríosaitheach agus greannmhar go minic.
am corraitheach stirring times
" ” Meiriceá I ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Rúis, áfach, bhog Conor agus a bhean, Zhanna Maumova, go Washington agus arís am corraitheach a bhí ann mar bhí an Páirtí Daonlathach, muintir Clinton ach go háirithe, ag cur suime i bpróiseas na síochána ó thuaidh.
corraitheacha exciting
" Tá pleananna corraitheacha ag an Chomhairle na cnoic a chur ar fáil do lucht spaisteoireachta ar bhealach i bhfad níos éascaí, áis iontach do mhuintir na cathrach agus lucht turasoireachta araon.
déagacht corraitheach turbulent teen years
" Cíorann Sam Taylor Wood déagacht corraitheach John Lennon i ‘*Nowhere Boy*’, scéal an triantáin ilchasta ghrá idir an reibiliúnaí óg ceoltóra, a Mham is a Aintín - triúr, is baolach, a raibh an brachán doirte eatarthu.
an-chorraitheach very moving
" Ceapaim go mbeadh sé go hiontach príomhscannán a fheiceáil as Gaeilge a bheadh an-ghreannmhar, an-chorraitheach nó an-scanrúil agus a mbeadh tionchar aige ar aigne mhuintir na hÉireann i dtaobh a dteanga.
corraitheach moving, disturbing
" Bhí ceannródaíocht ag baint leis na meáin a roghnaigh Bourgeois lena saothar a chruthú agus d’úsáid sí cloch, adhmad, miotal agus éadach le píosaí a dhéanamh a bhí idir corraitheach, anghrách, céadfaíoch agus drochthuarach.
corraitheach disturbing
" **Scannán Lánfhada Éireannach** **Stiúrthóir: Robert Quinn** **Léiritheoir: ROSG** Is scannán samhlaíoch, corraitheach é Na Cloigne, scannán atá bunaithe ar bhunscript Dharach Uí Scolaí.
tréimhse an-chorraitheach a very turbulent period
" Rugadh Mary i gcampa ar thaobh an bhóthair os cionn leathchéad bliain ó shin agus tá cuimhne an-mhaith aici ar an saol crua a bhí ag an Lucht Siúil amuigh faoin dtuath, go mór mór sa tréimhse sin idir na Ceathrachaidí agus na Seascaidí – ar ndóigh ba ag deireadh na Seascaidí a thosaigh tréimhse an-chorraitheach i saol an Lucht Siúil in Éirinn – bhog formhór an Lucht Siúil Éireannach isteach sna bailte móra ag an tréimhse sin agus shocraigh a bhformhór ar shaol níos “buanlonnaithe” a bheith acu – an pobal ag dul chun cónaithe ar shuíomh champála agus i dtithe ar bhonn níos fadtéarmaí.
chorraitheach cinniúnach fateful turbulent
" Ba chorraitheach cinniúnach iad na tréimhsí thuasluaite seo i stair na Seice san aois seo caite.
Scéal corraitheach a insítear a story of turbulent times is described
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
is iomráití agus is corraithí dá raibh ann most famous and most moving ever
" Scríobh Eoghan Ó Néill sa nuachtán Gaelscéal i mí Iúil i mbliana go raibh sé ar “an agóid Oilimpeach is iomráití agus is corraithí dá raibh ann”.
cáineadh corraitheach sub silentio a silent moving censure
" Úsáideann Ó Giolláin réimse leathan de theangacha agus thaighde chun solas uilíoch a scaladh ar théamaí áitiúla, agus más ea, déanann sé cáineadh corraitheach sub silentio ar argóintí D.
lena amhrán corraitheach with his exciting song
" Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
leabhar corraitheach moving book
" Cé go mbaineann leabhar corraitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, go hoifigiúil le téamaí bunúsacha uilíocha - pá, ocras laethúil, cairdeas, uaigneas agus dóchas- d’éirigh leis téamaí níos teibí fós a iniúchadh freisin.
scéal corraitheach astu a moving story of them
" Tarraingíonn an t-údar fíricí tirime le chéile agus déanann sé scéal corraitheach astu.
le híomhá chorraitheach by means of a moving image
" Le linn díospóireachta cairdiúla i dtigh tábhairne éigin i Ulysses, d’éirigh le Joyce ionracas na dígnite sin a chur in iúl le híomhá chorraitheach.
ag tabhairt aghaidh ar an aistear nua corraitheach seo facing into this new and exciting journey
" Níl amhras ar bith ann go mbeidh dúshláin go leor ann, ach cabhróidh a thaithí foirne leis agus é ag tabhairt aghaidh ar an aistear nua corraitheach seo.
corraitheach exciting
" Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag streachailt na teanga le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil bóthar fada corraitheach le taisteal againn go fóill le contúirtí an domhandaithe is nósmhaireacht an bhéil bháin i measc bhunaíochta na tíre seo ina mbagairtí fhollasacha ag fís athghabhála na Gaeilge.
agallamh corraitheach a moving interview
" Roghnaigh Schama agallamh corraitheach le Sigmund Freud ar an mBBC ó 1938 mar sheoladh isteach don chéad chlár aige, rud a bhíog croí an lucht féachana.
bhí sé corraitheach na litreacha it was moving (to read) the letters
" Tá a lán ábhar pearsanta ar iasacht óna dheirfiúr Barbara Mc Narry agus bhí sé corraitheach na litreacha a scríobh an peileadóir óg chuig a theaghlach i mBéal Feirste a léamh.
scéalta corraitheacha a thairiscint in offering moving stories
" Ní foláir nó gur éirigh le Ripper Street scéalta corraitheacha a thairiscint mar aon le foclóir saibhir neamhghnách.
corraitheach exciting
" Ach níl siad chomh corraitheach agus a bhídís, dar le Brian Ó Broin.
scéal corraitheach seo this troubling matter
" D’amharc Bearnaí Ó Doibhlin isteach sa scéal corraitheach seo.