Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chostais mhíochaine his materia medica costs
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
costais ard reatha high running costs
" Is le scairdeanna beaga dúigh a chuireann na printéirí marc ar leathanach agus cé go bhfuil na scairdphrintéirí féin réasúnta saor, bíonn costais ard reatha ag baint leo.
i dtaca le costas de as regards cost
" Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.
éifeachtúlacht costais cost effectiveness
" Ní raibh siad furasta a úsáid nó níor oibir siad i gceart agus, ar an tséala sin, theip orthu cloí leis an ghealltanas a tugadh fán éifeachtúlacht costais a bhí maíte le haois an idirlín.
costas seachadta distribution cost
" Mar sin de, tá deis curtha ar fáil do chomhlachtaí suíomh lánfheidhmeach ríomhthráchtála a bheith acu, ceann ina bhfuil rialú stoic, ina bhfuil nuashonrú déanta ar phraghsanna ar líne, ina bhfuil cumas ríofa CBL agus costas seachadta atá bunaithe ar mheáchan na n-earraí.
costais bheartaíochta transaction costs
" Beidh deireadh le costais bheartaíochta (suas go 0.
chun na costais mhaireachtála a ghlanadh to pay the living costs
" Ní raibh air íoc as an oiliúint a fuair sé sa scoil ach b'éigean dó a bheith ag obair chun na costais mhaireachtála a ghlanadh.
chostas táirgíochta production cost
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Faigheann muid tacaíocht ó Bhord na Leabhar Gaeilge a ghlanann cuid mhaith den chostas táirgíochta do chuid de na leabhair.
costas maireachtála cost of living
" Ar ndóigh, is sna cathracha sin is airde atá an costas maireachtála freisin, go háithrid costas tithíochta.
le costais a ghlanadh to clear costs
" Maidir le díolachán na leabhar, ní mór dhá mhíle cóip ar a laghad a dhíol de gach teideal le costais a ghlanadh.
costais arda idirlín high Internet costs
" ) Tá sé seo tábhachtach i dtíortha le costais arda idirlín ar nós na hÉireann ach níl sé ina chur isteach mór i Meiriceá, mar shampla.
déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion the total cost of the venture is comprehensively examined
" Baineann tuarascáil amháin leis an tionchar a bheas ag MOX ar an timpeallacht, agus sa dara ceann déantar costas iomlán an fhiontair a scagadh go mion.
costas tógála building cost
" Sa tuarascáil eacnamúil a thug an "solas glas" don mhonarcha nua bhí rud beag amháin fágtha ar lár: an costas tógála.
chostas maireachtála cost of living
" Níl a fhios agam go cruinn cé mhéad euro a bheadh ann, dá ndéanfaí an tsuim sin a aistriú agus dá gcuirfí san áireamh an boilsciú sa chostas maireachtála ó 1994 i leith, ach ní shamhlóinn go mbeadh mórán soinseála agat as €60 milliún i dtéarmaí an lae inniu.
costais mhaireachtála cost of living
" Ní hionann an dá thír ó thaobh méid agus costais mhaireachtála de, rud a mhéadaíonn ar na difríochtaí idir an dá chultúr, go háirithe maidir le tábhacht an teaghlaigh.
costais arda chothabhála high maintenance costs
" Is féidir le daoine a chaith blianta fada ag tógáil páistí tithe móra teaghlaigh a fhágáil ina ndiaidh, agus faoiseamh a fháil ó na costais arda chothabhála a bhaineann leo.
chostas daonna an fhoréigin the human price of violence
" Ar an dóigh seo, bhí McKeown agus Campbell ábalta bualadh le hiarphóilíní agus a ndearcadhsan a fháil, chan amháin ar chúinsí na coimhlinte, ach ar chostas daonna an fhoréigin, ar an rud a spreag daoine le dul isteach san RUC, agus mar sin de, dul taobh thiar de *stereotype "an black bastard.
costas ard maireachtála high cost of living
" Ní hamháin go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur isteach ar chúrsaí turasóireachta, ach tá sé ina bhac ar infheistíocht iasachta chomh maith.
costais bhreise extra costs
" Sin méadú ón chúigear a bhí againn don nuachtán seachtainiúil suas go dtí deireadh mhí an Aibreáin 2003, agus tá na costais bhreise an-dian orainn.
an costas ard maireachtála the high cost of living
" Ach, thar aon rud eile, an bochtanas agus an costas ard maireachtála is cúis le daoine a bheith gan dídean.
costais thógála building costs
" Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais thógála agus an meántuarastal.
costas áiféiseach ridiculous cost
" Easpa maoinithe ón stát is cúis go pointe le lagiarracht na n-údarás aitiúil san obair seo, go háirithe nuair atá costas áiféiseach ar thalamh athchúrsáilte.
chostais iompair transport costs
" Tá muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin.
an costas maireachtála the cost of living
" Cé nach bhfuil an costas maireachtála i dTuaisceart Éireann ard - tá costas tithíochta íseal go leor, cuir i gcás - ní féidir leat mórán airgid a shábháil agus an pá sin á shaothrú agat.
costas tithíochta housing costs
" Cé nach bhfuil an costas maireachtála i dTuaisceart Éireann ard - tá costas tithíochta íseal go leor, cuir i gcás - ní féidir leat mórán airgid a shábháil agus an pá sin á shaothrú agat.
a gcostais táirgthe a laghdú to lower their production costs
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
costais bhreosla fuel costs
" Idir an dá linn, bhí lucht drioglainne Bowmore ag iarraidh a gcostais táirgthe a laghdú, costais bhreosla go áirithe.
costais mhéadaithe árachais increased insurance costs
" Freagracht ======= Ardaíonn costais mhéadaithe árachais ceisteanna bunúsacha faoin fhreagracht ba chóir nó nar chóir a bheith ar eagraíochtaí spóirt.
costais reatha running costs
" Nuair nach bhfuil sé d'iallach ar aon duine páirt a ghlacadh i spórt, an bhfuil sé ceart go mbeadh club nó cumann amaitéarach freagrach as gach timpiste agus eachtra a tharlaíonn ar pháirc imeartha? Fad agus nach ndéanann cumann nó eagraíocht faillí agus go ndéanann sé gach iarracht réasúnta chun aire a thabhairt do na himreoirí faoina chúram agus iad a bheith clúdaithe maidir le costaisí leighis, cén fáth a mbeadh ar an gcumann níos mó ná sin a dhéanamh? Tá scéimeanna éigeantacha árachais ag cur go mór le costais reatha na gcumann spóirt.
chostas maireachtála the cost of living
" Tá sé deacair rud ar bith a dhéanamh faoin chostas maireachtála ach tá go leor is féidir a dhéanamh chun an tír a dhéanamh níos glaine.
chostas na ngnáth-thithe the cost of ordinary houses
" Ach ní léir go bhfuil aon ísliú, sa ghearrthéarma ar a laghad, i ndán do chostas na ngnáth-thithe, costas atá ag méadú in aghaidh na bliana.
costais tógála building costs
" Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais tógála agus an meántuarastal.
gan aon chostas breise without any extra cost
" Beidh úsáideoirí na bpacáistí sin in ann an Paca Comhéadain Teanga speisialta a íoslódáil ón idirlíon agus a chur ag obair gan aon chostas breise.
costas maireachtála cost of living
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
costas breise extra cost
" Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.
costais phoist postal costs
" Is léir go gceapann siad go mbeidh daoine níos sásta gnó a thabhairt do chomhlacht "áitiúil"! Bíonn na seirbhísí seo réasúnta saor (cé gur gá íoc as costais phoist anuas ar an gcostas próiseála) agus ní thógann sé rófhada orthu na grianghraif a sheoladh ar ais chugat de ghnáth.
chostas daonna human cost
" Chomh maith leis an chostas daonna, bhí costaisí eile ann nach féidir a mheas go furasta.
costas maireachtála cost of living
" Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.
faoinár gcostais mhaireachtála about our living costs
" Morgáistí ollmhóra ======= Ar an drochuair, is minic nach mbíonn muid réalaíoch faoinár gcostais mhaireachtála agus is fíorannamh a chuirtear suim airgid ar leataobh d’éigeandálaí.
costas an turais fholaimh ar ais the cost of the empty journey back
" Is cinnte go méadaíonn sé seo na costais a bhaineann le lasta eitleáin, más gá costas an turais fholaimh ar ais a chur san áireamh i gcostais iompair na nglasraí nó na mbláthanna nó na gcomhpháirteanna leictreonacha.
costais neamhdhíreacha comhshaoil indirect environmental costs
" Agus feicfimid freisin níos mó béime ar logántacht, de réir mar a éireoidh costais iompair níos soiléire agus níos soiléire (agus ní na costais airgid amháin atá i gceist ach na costais neamhdhíreacha comhshaoil).
costais bhreise extra expenses
" Beidh tuarastal de bhreis is $20,000 (€12,500) sa mí acu agus costais bhreise i gcomhair taistil ar fud an toghlaigh.
ar chostas íseal at a low cost
" Tá cuid mhaith de na físeáin sin ar fáil saor in aisce, agus tá a lán ceann eile ann atá ar fáil ar chostas íseal.
i leaba costas iompair a íoc. instead of paying transport costs.
" Is gearr go mbeidh sé níos saoire na caoirigh a mharú i leaba costas iompair a íoc.
costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais the cost of rates, energy, transport, environment and insurance
"costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.
níos gaire ó thaobh costais de nearer in price
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
chomh maith leis an gcostas maireachtála as well as the cost of living
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
costais inmheánacha a laghdú to lower internal costs
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála to tackle the high cost of living
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
an costas maireachtála, the cost of living,
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
aeriompar ar chostas íseal. low-cost air travel
" Aeriompar ar chostas ísealBhí Ryanair agus easyJet ar na céad aerlínte san Eoraip a chuir tús le haeriompar ar chostas íseal.
costais tuarastail a spáráil to spare salary costs
" Ní féidir le haerlíne iad a chur ag obair chun costais tuarastail a spáráil a thuilleadh.
ar chostas geilleagrach na cinedheighilte neamhurchóidí seo. on the cost of this benign apartheid.
" Costas geilleagrachNíl anseo ach mioneachtra a tharla dom féin, agus tá scéalta uafásacha le hinsint ag daoine eile, ach bhí alt ag David McKittrick in The Independent an mhí seo caite a chuir síos ar chostas geilleagrach na cinedheighilte neamhurchóidí seo.
an costas dáileacháin the distribution cost
" Laghdaíonn sé sin an costas dáileacháin agus tugann sé níos mó deiseanna dóibh eagráin faoi leith a fhoilsiú do réigiúin éagsúla.
costas ar gá don cheannaitheoir íoc as as cost which the buyer has to pay
" How do you move a piece of work like this, how do you display it and how do you insure it?"* Bhí Luti Fagbenle den tuairim go gcosnódh sé £5,000 leis an íomhá a bhaint den bhalla agus leis an bhalla a dheisiú ina dhiaidh – costas ar gá don cheannaitheoir íoc as mar bharr ar an bhunphraghas a íocadh as an saothar é féin.
costais mhóra big costs
"costais mhóra ag baint le satailít a chur sa spás agus, mar sin, caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile.
chostais reáchtála running costs
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
costais lónadóireachta catering costs
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
éilimh ar chostais taistil, travel cost claims,
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
beimid in ann na costais sin a sheachaint we will be able to avoid those costs
" I gceann cúpla bliain, b’fhéidir, beimid in ann na costais sin a sheachaint trí úsáid a bhaint as léarscáileanna foinse oscailte.
costais arda high costs
" costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis.
bheadh an costas sin i bhfad níb airde the cost would be much higher
" Dealraíonn sé, mar sin, gur chosain gach bonn óir a bhuaigh an fhoireann i mBéising beagnach $16 milliún! Dar le Dochtúir James Connor, ar saineolaí spóirt é leis an Australian Defence Force Academy, bheadh an costas sin i bhfad níb airde dá gcuirfí san áireamh gach costas a bhaineann le spórt éilíteacha sa tír.
do chostais leighis your medical costs
" Má íocann tú cáin íoc mar a thuillir ÍMAT cláraigh leis an gcóras "féinseirbhís ÍMAT" atá curtha i bhfeidhm acu toisc go mbeidh tú in ann do chúrsaí cánach féin a bhainistiú ar líne ansin - agus aisíoc a lorg ar do chostais leighis srl.
costais mhaireachtála the cost of living
" Don chuid eile, mholfainn córas iasachtaí ón Stát a bhunú, mar atá i dtíortha go leor eile, le hairgead a chur ar fáil le híoc as na táillí agus as costais mhaireachtála na mac léinn.
costais is tairbhe costs and benefits
" Shíl mé go mbeadh anailís costais is tairbhe ann mar aon le réamh-mheastachán faoin bhuntáiste a bhainfeadh an teanga as cuideachtaí a chónascadh nó a chomhchuimsiú agus as athstruchtúrú iomlán a dhéanamh ar na heagraíochtaí deonacha.
costas maireachtála cost of living
" Tá Éire ar cheann de na tíortha a bhfuil costaisí áirithe – an costas maireachtála go ginearálta – an-ard ar fad inti.
chostais inghearáin helicopter costs
" Leanann conspóid i dtólamh é faoi chostais inghearáin, turas chuig Corn Ryder srl.
chostas cost
" Ar chostas an-ard a d’éirigh liom é a dhéanamh, a léitheoirí dílse, agus ar mhórán dua, ach faoi dheireadh d’áitigh mé ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, Seosamh Mac Slua Muirí, dul faoi agallamh.
chostas mór great cost
" Níl aon cheo sa stráitéis chun dul i ngleic leis an ngéirchéim teanga atá sna ceantracha Gaeltachta sin ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid? Caithfear airgead amú ag réiteach pleananna teanga ar chostas mór do cheantracha oifigiúla Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge imithe sa gcill iontu, mar ghnáth-theanga labhartha, le glúin nó dhó.
chostas sceimhliúil a terrible price
" Tugann ‘Don’ na gcimí fána sciathán é, ach ar chostas sceimhliúil.
na gcostas of the costs
" Sin ráite, is cinnte go ndéanfaidh na vótóirí is Críostúla agóid éigin in éadan an pháirtí mar gheall ar iompar Iris, ar scannal na gcostas, ar an chaidreamh úr idir an DUP agus Sinn Féin.
gcostas maireachtála cost of living
" Bheinn sásta fanacht in Éirinn, ach ní féidir liom sin a dhéanamh leis an gcostas maireachtála atá abhus anseo.
costas oideachais education cost
" Le hairgead a fháil chun costas oideachais a íoc, téann roinnt déagóirí isteach sa *Territorial Army* (Arm páirtaimseartha).
idir thuarastal agus chostais taistil salaries and travel costs included
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
chostais ghaolmhara related costs
" 5 billiún, sea, B(illiún), in aghaidh na bliana, idir íocaíocht as cúram sláinte, tháirgiúlacht laghdaithe agus chostais ghaolmhara eile nach iad a eascraíonn as caitheamh tobac.
feidhmiúlachtaí costais a mheas estimate the cost practicalities
" Tá luach geilleagrach i gceist agus go teoiriciúil d’fhéadfaí na feidhmiúlachtaí costais a mheas.
costais is tairbhe cost and benefit
" Ní foláir gach dúnghaois a mheas go grinn agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh sula gceadófaí aon phlean mór.
Costais an tSotail the price of arrogance
" Costais an tSotail ========= D’fhoilsigh an tÚdarás Iomaíochta tuarascáil ar chostais dlí sa bhliain 2005.
costais a fhógairt announce costs
" De réir an chórais nua, beidh ar dhlíodóirí costais a fhógairt go cruinn roimh ré.
druideann costas tairgeadh cost of production draws
" Nuair is féidir é sin a dhéanamh, druideann costas tairgeadh an bhunruda i ngar do neamhní.
costas bia agus leaba san áireamh food and accommodation expenses included
" Íocann an comlacht corradh le 13,000 yuan (€ 1300) in aghaidh na ráithe le cúrsa Béarla a chur ar fáil do Peter, costas bia agus leaba san áireamh.
costas na leice the cost of the gravestone
" Chuaigh an eachtra sin chomh mór sin i bhfeidhm ar fhoireann na loinge Mackay-Bennett, gur chabhraigh siad le costas na leice don ghasúr.
fheidhmiúlacht chostais cost efficiency
" Ba léir nach mbeadh an moladh seo sásúil ar na saolta deireanacha seo agus an-bhéim á cur ar fheidhmiúlacht chostais.
costas maireachtála cost of living
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
bhuail an costas sin orthu hit them with charge
" Cailín óg a bhuail an costas sin orthu nuair ba chirte ticéad teaghlaigh a roinnt orthu.
na costais uilig all the costs
" Ní ghlanfadh an t-airgead a thógann tú ó Fundit na costais uilig a bhaineann leis agus caithfidh tú a bheith beo i rith an ama.
is cuma faoin chostas the cost doesn’t matter
" “Is éigean é a dhéanamh, ar son na bpáistí, tá a fhios agat, is cuma faoin chostas” an dearcadh atá ag daoine atá ar beagán airgid agus dóibh siúd agus dóibh sin a bhfuil a gcuid postanna i mbaol, tá rudaí ag dul in olcas.
le go laghdófaí costais riartha an stáit in order to pull back the costs of running the state
" Táthar i gcónaí a rá go bhfuil barraíocht daoine ag obair san earnáil phoiblí ó thuaidh agus go gcaithfidh an earnáil phríobháideach jabanna a chruthú dóibh le go laghdófaí costais riartha an stáit, ach níor fhás an earnáil phríobháideach le 58 mí anuas.
costas feighlí a chaitheamh spend the cost of a babysitter
" Ar an drochuair, níl an saothar is déanaí ó Bruce, Loopers, feicthe agam mar is fíor an rud a dúirt cara liom roimh theacht ár gcéad linbh: ní bhíonn fonn orm costas feighlí a chaitheamh ar oíche sa phictiúrlann! Nuair a chuala mé, mar sin, cúpla mí ó shin go raibh sé beartaithe ag Willis caingean dlí a thabhairt i gcoinne Apple faoi úinéireacht a bhailiúcháin ollmhór ceoil leo, bhioraigh mo dhá chluais.
chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas the cost of incarcerating thousands
" Agus tá sé fíor, ní féidir leat dul ar stailc nuair nach bhfuil post ar bith agat, ach tá sé fíor fosta go gcosnaíonn sé a lán airgid ceithre mhilliún duine a choinneáil dífhostaithe go fadtéarmach, gan trácht ar chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas nuair a théann siad i dtreo na coiriúlachta le hairgead a fháil.
ní raibh costas éadaí chomh híseal riamh the cost of clothes was never as low
" Is fíor go bhfuil an-chuid éadaí uasmhargaidh ar fáil sna siopaí móra, ach don té atá ag cuartú gnáthléine nó bríste ní raibh costas éadaí chomh híseal riamh ná mar atá sé inniu.
costais mhóra fánaíochta high roving charges
" (Níl gnóthaí teileachumarsáide mar chuid den Mhargadh Aonair faoi láthair, sin é an fáth a bhfuil costais mhóra fánaíochta san Eoraip).
i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe toward the costs, the employees’ wages
" De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin.
gcostas clódóireachta printing cost
" Téagar sa Táirge ======= Bhíodh thart ar €10,000 á chaitheamh ag Gaelscéal ar an gcostas clódóireachta gach seachtain.
cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe high production cost(s) were blamed
" Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.
costas ard saothair high labour cost(s)
" Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.
costais arda taistil high travel costs
" Samhlaím go bhfuil níos mó airgid acu ar an gcéad dul síos ná mar atá ag an ngnáthleantóir sacair – tá costais arda taistil, lóistín agus bia (gan trácht ar ól) i gceist agus lucht tacaíochta i bhfad ó bhaile agus bíonn ticéid do na cluichí daor.
ngearrfaidh siad costas they’ll charge the cost
" Cé nach bhfuil sé luaite sa phreasráiteas uathu (ar dheis sna naisc) glactar leis go ngearrfaidh siad costas próiseála íocaíochta ar na trádálaithe a úsáideann an córas frithchuimilte seo.
costais arda teileachumarsáide high communications costs
" Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor\.
costais a ísliú to lower costs
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.