Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
costas maireachtála cost of living
" Ar ndóigh, is sna cathracha sin is airde atá an costas maireachtála freisin, go háithrid costas tithíochta.
chostas maireachtála cost of living
" Níl a fhios agam go cruinn cé mhéad euro a bheadh ann, dá ndéanfaí an tsuim sin a aistriú agus dá gcuirfí san áireamh an boilsciú sa chostas maireachtála ó 1994 i leith, ach ní shamhlóinn go mbeadh mórán soinseála agat as €60 milliún i dtéarmaí an lae inniu.
costas ard maireachtála high cost of living
" Ní hamháin go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur isteach ar chúrsaí turasóireachta, ach tá sé ina bhac ar infheistíocht iasachta chomh maith.
an costas ard maireachtála the high cost of living
" Ach, thar aon rud eile, an bochtanas agus an costas ard maireachtála is cúis le daoine a bheith gan dídean.
an costas maireachtála the cost of living
" Cé nach bhfuil an costas maireachtála i dTuaisceart Éireann ard - tá costas tithíochta íseal go leor, cuir i gcás - ní féidir leat mórán airgid a shábháil agus an pá sin á shaothrú agat.
chostas maireachtála the cost of living
" Tá sé deacair rud ar bith a dhéanamh faoin chostas maireachtála ach tá go leor is féidir a dhéanamh chun an tír a dhéanamh níos glaine.
costas maireachtála cost of living
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
costas maireachtála cost of living
" Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.
chomh maith leis an gcostas maireachtála as well as the cost of living
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála to tackle the high cost of living
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
an costas maireachtála, the cost of living,
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
costas maireachtála cost of living
" Tá Éire ar cheann de na tíortha a bhfuil costaisí áirithe – an costas maireachtála go ginearálta – an-ard ar fad inti.
gcostas maireachtála cost of living
" Bheinn sásta fanacht in Éirinn, ach ní féidir liom sin a dhéanamh leis an gcostas maireachtála atá abhus anseo.
costas maireachtála cost of living
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.