Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aonaid chostasacha d'obráidí expensive operation units
" Tá clár seachanta níos saoire ag deireadh an lae ná aonaid chostasacha d'obráidí a thógáil agus a rith.
maorlathas costasach costly bureaucracy
" Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach a thagann sna sála orthu.
mórthionscadail chostasacha big costly projects
" Go dtí seo is ar mórthionscadail chostasacha is mó a bhí an bhéim, tionscadail a chothaigh neart conspóide ó cheann ceann na tíre go dtí seo.
athchóiriú costasach expensive refurbishment
" Dar le Campbell's go bhfuil ceart de réir dlí acu na fuinneoga a bhaint amach nuair a thréigfidh siad an foirgneamh ós rud é go ndearna siad athchóiriú costasach orthu.
costasach expensive
" Tá íoróin nach beag ag baint leis seo: tugadh neart eolais don té nach bhfuil aon taifead ar fáil dá iarratas ach níor tugadh a dhath don té a chuir iarratas oifigiúil faoi bhráid na Roinne! Tá mugadh magadh déanta ag an Aire, dar liom, don chóras seo mar gur léirigh sé gurbh fhearr i bhfad cara sa chúirt ná dul trí phróiseas fadálach, costasach.
imreoirí costasacha costly players
" Cá bhfágann sé sin an *Premiership*? Fágann sé é, mar atá ráite agam, le trí nó ceithre fhoireann láidre ar a bhfuil imreoirí costasacha as tíortha éagsúla den chuid is mó, agus clubanna eile atá ag streachailt le bheith beo i sraithchomórtas nach bhfuil leath chomh suimiúil is a deirtear agus atá ar chaighdeán an-dona.
sótheach saoire costasach a costly luxurious holiday home
" Is leis an bhilliúnaí Éigipteach Mohamed El Fayed Caisleán Balnagown anois agus is féidir leat sótheach saoire costasach a fháil ar cíos ar a eastát.
árasáin chostasacha, expensive apartments,
" Tá beáir fíona agus bialanna ann freisin, agus árasáin chostasacha, ach tá neart daoine bochta sa cheantar go fóill.
chostasach costly
" Ba é an duine a bhí i mbun an bhallraíocht chostasach a dhíol ná Charles de Haes, ar fhostaí de chuid Rothmans International é.
ag éirí costasach getting expensive
" Is cinnte go bhfuil sé ag éirí costasach dóibh a bheith lonnaithe anseo ach déanann siad brabús mór in Éirinn.
Ar chostasaí would be more costly
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
dhá staidéar costasacha two costly studies
" An méid a rinne sé ná am a mheilt agus airgead stáit a chur amú ar dhá staidéar costasacha.
Ionad cabairachta costasach a costly gossip center
" Ionad cabairachta costasach le cumhachtaí teoranta atá ann agus níl sé ag feidhmiú go fónta.