Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lánúin couple
" Thuas staighre, mar shampla, bhí lánúin as an Pholainn agus a n-iníon bheag, lánúin as Gána agus fear as Eritrea.
lánúin couple
" Thosaigh Maureen agus Desmond Ó Cionnaith an siopa sna 40í; ag an am ní raibh ann ach seomra amháin agus an lánúin ina gcónaí i gcúl an tí.
lánúin couple
" Grianghraf de lánúin óg Sheapánach agus iad ar bogshodar.
lánúin couple
" Ach an meallfadh an lánúin seo, an SDLP agus Fianna Fáil, vótóirí breise ó thuaidh? Ní dócha go meallfadh.
lanúineacha couples
" Cé gur pósadh measctha atá aici féin agus Len Graham, níor theith siad ó thrioblóidí an Tuaiscirt riamh, mar a rinne go leor lanúineacha eile le tríocha bliain anuas, ach lean orthu ag cur fúthu ar an Mhullach Bán i ndeisceart Ard Mhacha.
seanlanúin an old married couple
" Chonacthas aghaidheanna brónacha seanlanúin Phrotastúnach a bhí ag fágáil an tí ar shíl siad a mbeadh siad ann an chuid eile dá saol mar gur caitheadh buama peitril air agus gur scriosadh an teach.
an tseanlánúin the old couple
" Ba iad tuistí mo mháthara a thóg mé, agus ós rud é go raibh mise i mo ghamhain seanbhó comh maith le mo mháthair, bhí an-eolas ag an tseanlánúin ar stair na Fionlainne - ghlac siad féin páirt inti.
fá cheann cúpla mí de phósadh within a couple of months of marrying
" "Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.
lanúin neamhchoitianta unusual couple
" Is lanúin neamhchoitianta iad Paul agus Linda.
fá cheann cúpla slat within a couple of yards
" D'éirigh leis sa deireadh cibé agus tharraing sé an veain suas fá cheann cúpla slat de dhoras tosaigh an tí.
lánúin chairdiúil friendly couple
" Bhí siúlóid bhreá fiche bomaite i gceist - suas cnoc agus síos go dtí an cuan eile, áit a bhfuil brú de chuid An Óige agus lánúin chairdiúil darb ainm Richard agus Janet ina bhun.
lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic a cheerful newly-wed couple from Slovakia
" I measc na n-aíonna, bhí lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic, agus iad ag ceiliúradh mhí na meala.
an lánúin óg the young couple
" " Phós Bríd fear as a ceantar dúchais féin, Antóin Rodgers, i 1960 ach, ó tharla Antóin a bheith ag obair mar fhiaclóir ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha ag an am, b'ansin a bhog an lánúin óg.
lánúineacha couples
" Is é an t-aon lá sa bhliain a ligeann an mháthair a scíth, rud a bhíonn de dhíobháil go crua uirthi; tá sé de nós ag lánúineacha sa tír seo teaghlach mór a bheith acu agus, mar sin, bíonn an mháthair de shíor ag obair sa teach.
lánúin chairdiúil a friendly couple
" Dúirt muid le chéile agus muid ar crith: "Bheadh radharc ar dóigh ann - lá éigin eile!" Ar an bhealach síos, chuaigh mé i mbun comhrá le lánúin chairdiúil ó Dhùn Deagh darbh ainm Charlie agus Kathleen.
lánúineacha aonghnéasascha same-sex couples
" In áit féachaint air seo mar cheist ar cheart do dhaoine cead a bheith acu a rogha féin a dhéanamh mar gheall uirthi, thug an tUachtarán Bush isteach an Leasú Pósta Feidearálach, dlí a chuirfeadh cosc ar lánúineacha aonghnéasascha pósadh.
i gceann a chéile together, a couple
" Ní raibh Cathal ná Bríd le feicéail ar chor ar bith agus, ar ndóighe, níorbh iontas mór ar bith sin, nó ghlacfá a bheith i do bhodhrán amach mura n-aithneofá go raibh an bheirt udaí i gceann a chéile.
lánúin couple
" Ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rath ar an lánúin seo.
go bhfuil rath ar an lánúin seo that this couple is successful
" Ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rath ar an lánúin seo.
lánúineacha óga young couples
" Phill neart lánúineacha óga - as Albain, Sasana, agus Meiriceá fiú - agus shocraigh siad go ndéanfadh siad iarracht an Ghaeilge a labhairt lena bpáistí.
lánúineacha óga young couples
" Seans fosta go mbeidh buntáiste geilleagrach ann do lánúineacha óga mar go gcáileoidh siad do na tithe a chuirfear ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
lánúin couple
" D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.
lánúin couple
" Dhá bhliain ó shin, phós lánúin ansin! **Tuilleadh eolais:** Archaeolink Prehistory Park, Oyne, Insch, Aberdeenshire.
lánúin couple
" Tá ceathrar mac agus iníon amháin ag an lánúin – casann an mac is sine, Niall, ar an chonsairtín; seinneann Cillian, an dara mac, leis an ghrúpa Lúnasa; bíonn Caoimhín luaite go minic leis an ghrúpa drámaíochta *Dubbeljoint*; tá Lorcan ina ealaíontóir agus, ar deireadh, tá Máire, an t-aon chailín, atá ag teagasc Béarla sa tSeapáin faoi láthair.
lanúin couple
" Bíonn rogha le déanamh ag lanúin nuair a bheirtear a gcéad leanbh cé acu an bhfuil siad sásta €800 sa mhí a dhíol le haghaidh cúram leanaí nó an mbeidh siad ábalta maireachtáil ar an teacht isteach ó ioncam amháin.
Lánúin couple
" Lánúin ó Watford, Louise agus Stewart, a bhí i gceannas an bháirse agus iad ar laethanta saoire lena gclann, agus bhí siad breá sásta síob a thabhairt do bheirt siúlóirí a bhí fliuch báite.
lánúineacha aeracha gay couples
" Ba í an teachtaireacht bholscaireachta ba dhuibhe a bhí ag na Liobrálaigh ná gur dhream iad Harper agus an eite dheas atá ag bagairt ar chearta daonna trí shrian a chur le saoirse mhná a hintinn féin a dhéanamh suas faoi ghinmhilleadh agus trí cheist cead pósta a bheith ag lánúineacha aeracha a athoscailt.
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús the daughter of a couple who first met
" Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin, iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú *An Gael* ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.
do lánúineacha pósta amháin for married couples only
" Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas! Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
cúpla foinse a couple of sources
" Rugadh Thomas Bracken i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin in 1843 (deir cúpla foinse gurbh as Cluain Aodha i gContae na Mí dó).
cúpla ceann de na comharthaí a couple of the signs
" Seo thuas cúpla ceann de na comharthaí go bhfuil an margadh cianaistir á roinnt.
lánúin couple
" Bhain tubaiste don lánúin nuair a fuair a gcailín beag, Liza, bás agus gan í ach cúig mhí dhéag d’aois.
cúpla bairille pórtair, a couple of barrels of porter,
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
Cúpla uair taistil A couple of hours travel
" ** ** Tongariro Cúpla uair taistil síos an bóthar agus tá tú ag Tongariro, ar sliabh mór maorga é.
cúpla conradh mór a couple of big contracts
" Agus cúpla conradh mór faighte acu, thóg siad an foirgneamh ina bhfuil siad go fóill.
ar chúpla rian. on a couple of tunes
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
ar chúpla rian. on a couple of tunes
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta so that unmarried couples be included
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
lánúineacha homaighnéasacha homosexual couples
" Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú.
siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta. because of taking it with a couple of pints
" Ní amháin go gcuireann sé brí agus spiorad sa té a thógann é, ach smaoinígí air seo – ní bhfuair duine ar bith riamh bás siocair é a chaitheamh in éineacht le cúpla pionta.
an lánúin óg seo this young couple
" Thug an lánúin óg seo a lán cuairteanna ar Bennelong i gcaitheamh an fheachtais, go minic i gcuideachta Maxine McKew, agus labhair siad le grúpaí Síneacha ina dteangacha dúchais.
trí lánúin phósta three married couples
" Dódh dáréag go bás – Protastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.
ar chúpla cúis. for a couple of reasons
" Ní nach ionadh, tháinig cuid de na ceisteanna céanna chun solais arís: cé aige a mbeadh cead vótála, cén dóigh a n-eagrófaí é agus cén úsáid a bhainfí as an toradh leis an fhadhb a réiteach? Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an phobal vótála ar chúpla cúis.
dála go leor lánúineacha eile like a lot of other couples
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
Léirigh sé cúpla ceann he displayed a couple of
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
cúpla deoch a couple of drinks
" Nuair a d’fhill mé ar an óstán, bhí cúpla deoch agam sa bheár le fear ón bhFrainc.
cúpla bosca toitíní a couple of boxes of cigarettes
" Agus mé ag siúl timpeall na háite, chuala mé Giúdach fir ag labhairt lena bheirt mhac faoi chúrsaí brabúis – nach aoibhinn an saol é! Cheannaigh mé cúpla bosca toitíní i siopa áitiúil – €14 a d’íoc mé ar 200 B&H! Nílim ag magadh! Cheannaigh mé cúpla buidéal fuisce – an branda sin Paddy – ar €7 an buidéal.
cúpla leathanach dubh agus bán a couple of black and white pages
" Bhíodh sé lá nó dhó déanach i gcónaí agus ní bhíodh ann ach cúpla leathanach dubh agus bán ach ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor.
le cúpla ceist a chur ort to ask you a couple of questions
" ceart go leor, a eagarthóir, seo é: Balor: Míle buíochas leat, a Ian, siocair gur roghnaigh tú mise as measc iriseoirí uile na Gaeilge agus an Bhéarla agus na Polainnise, le cúpla ceist a chur ort agus tú anois ag teacht chuig deireadh do réime.
an tseanlánúin seo this old couple
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta full rights of the traditional married couple
" I ndiaidh don Bhille um Páirtíocht Shibhialta a bheith rite, ní bheidh cearta iomlána na lánúine traidisiúnta pósta ag lánúnacha aeracha ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh foirmiúil ó thaobh an dlí de.
in imeacht cúpla bliain. in the space of a couple of years
" Léiríonn taighde nach bhfuil ach tuairim is 100 acu in ann an teanga a labhairt go líofa ach mar sin féin is mó an t-athrú é in imeacht cúpla bliain.
gcúpla deoch couple of drinks
" Lá breá a bhí ann (bhí sé ag doirteadh báistí in Éirinn!) agus ba mhór an taitneamh a bhaineamar as an atmaisféar, as na cluichí, as an mbia agus as an gcúpla deoch a d’ólamar i rith an lae.
lánúin aerach a gay couple
" Tá an ceann is deise, uimhir 600 amuigh ar cíos ag lánúin aerach is cosúil, a scríobhann scéalta grá faoin ainm cleite “*Judith Gould*”.
dornán couple
" Tá leide tugtha aige le dornán míonna anuas gur mhaith leis go mbeidís ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta mar Údarás na Gaeilge feasta agus go nglacfaidís go leor d’obair Fhoras na Gaeilge orthu féin sa dóigh is nach mbeadh feidhm ag an Fhoras ach ar imeachtaí trasteorainn.
Lánúna (the) couple
" Scéal na Lánúna Teiripeoir is ea an fear chéile – scríbhneoir seasc is ea a bhean.
lánúine couple
" I gcás na lánúine a mbriseann ar an bhfoighne acu is a théann os comhair na haltóra gan cead, tá gach seans go radfar isteach i ngéibheann iad.
leannán couple
" Agus muna dtuigimid ar an toirt gur scannán é seo ar fhoréigean, agus ar bhás is ar chollaíocht na beirte leannán, ní fhágann céad mhír an bheo-aicsin féin - na beola thuasluaite san áireamh - i mórán amhrais sinn.
lánúin a couple
" Ó thosaigh an comhlacht Fiacla, lánúin go bunúsach, ag táirgeadh taos fiacaile i ngaráiste beag le taobh an tí, thosaigh mé dhá cheannach.
lánúin phósta married couple
" An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad.
alpha agus óimige na beirte seo this couple’s beginning and end
" In ionad an múchadh mall saoil a tharlaíonn don a lán, imrítear alpha agus óimige na beirte seo amach in aon iarnóin amháin.
lánúin óg young couple
" Tá gach gné díobh sin agus eachtraí eile nach iad tábhacht, ní hamháin duit féin ach don lánúin óg atá ina gcónaí i ngar duit ar chimí geilleagair anois iad i dteach nó in árasán a raibh orthu a cheannach mar go raibh gasúr ar an mbealach.
le blianta beaga anuas for the last couple of years
" Cinnte, tá an ráta os cionn 1% níos airde ná an ráta ab éigean dúinn a íoc le blianta beaga anuas, ach tá an ráta níos ísle ná an ráta 6.
lánúin a couple
" Tá piseog eile faoin dolmain sin, go gcaithfidh lánúin siúl timpeall agus na clocha a chomháireamh, duine ar dhuine.
le seachtain nó dhó anuas for a couple of weeks now
" Trí cinn le seachtain nó dhó anuas a chuaigh go mór i bhfeidhm orm.
cúpla fail a couple of bracelets
" Cheannaigh muid cúpla fail le bheith béasach agus thairg siad fíoreireaball wildebeast do m’fhear céile, ceann a úsáidtear i ndeasgháth timpeallghearrtha go hiondúil.
lánúin chomhghnéis a same-sex couple
" Ritheadh leasú don Acht Bunchíosa náisiúnta sé bliana ó shin, cuirim i gcás, a thug pinsean do dhuine de lánúin chomhghnéis tar éis bhás an chomhpháirtí.
lánúineacha couples
" Níor luaigh sé, áfach, go bhfuil an ceart ag lánúineacha comhghnéis páistí a uchtú agus a altramú, nó fiú iad a bhreith ag baint feidhme as toirchiú in vitro nó as an máthairionadaíocht, cuir i gcás.
lánúineacha couples
" Tá an-tóir ar na hOileáin Mhic Cùga i gcomhair bainiseacha agus mí na meala na laethanta seo, go háirithe i measc lánúineacha as Nua-Shéalainn, an Astráil agus as Meiriceá.
le cúpla lá anuas for a couple of days
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
lánúin couples
" Nuair a léigh Sachs an bunreacht óg chun cearta nua a thabhairt do thrúáin éagsúla - thug sé an vóta do choirpigh, ceart pósadh do lánúin homaighnéasacha, agus seans do mháithreacha imeacht as géibheann ar mhaithe lena bpáistí – ní léir an é cumhacht nó leochaileacht a bhí á tháispeáint aige? Díoltas Cuí Polaitiúil ========== Thaispeáin Sachs réimse ait mothúcháin i rith an ama.
lánúin choilíneach colonist couple
" Chuaigh na tablóidí Sasanacha le craobhacha, mar is iondúil leo, ag maíomh go raibh an “lánúin choilíneach” seo ag maslú bhanríon “na hathartha”.
lánúin a couple
" Tagann sé le mála amháin, ach fágann sé le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin.
a n-imríonn an dá lánúin orthu féin the two couples work on each other
" Ach, is oth liom a rá, bíodh is gur bhaineas an-scléip agus craic agus sásamh as an díothú agus an slad agus an choscairt a n-imríonn an dá lánúin orthu féin is ar a chéile le linn fad ochtó nóiméad *‘Carnage’*, ba chuma sa frig liom faoi cad a bhain dóibh ar deireadh.
cúpla mí anuas a couple of months past
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
le dornán blianta anuas for a couple of years past
" D'inseodh dlíodóir ar bith duit gur lú i bhfad an méid Gaeilge a úsáidtear iontu le dornán blianta anuas de thairbhe a laghad Gardaí atá in innimh í a labhairt go líofa.
aontaíonn lánúin mheasctha mixed couples agree
" Is spéisiúla nuair a aontaíonn lánúin mheasctha ar an mhéid a shonraíonn siad sna tíortha éagsúla.
lánúin an scéil the couple in question
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
Chonacthas don lánúin it appeared to the couple
" Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.
an lánúin ag bogadh the couple moving
" Níl ach $5,000 de dhíth orthu chun an togra seo a chur i gcrích! Nuair a smaoiním ar na milliún a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge gach bliain! Chun an togra a chur i gcrích, beidh an lánúin ag bogadh go Tír Chonaill ar feadh dhá mhí chun páirt a ghlacadh i gcúrsa Gaeilge agus máistreacht a aimsiú.
lánúin ag íoc a couple paying
" Chonaic mo dhá shúil féin lánúin ag íoc €45 as eachtraíocht bheag turasóireachta nár mhair tada thar 25 nóiméad.
an lánúin a baineadh de the couple he lost
" Ní léir ar bhain Vidal úsáid as an scríbhneoireacht mar áis leithleach, chun díoltas a bhaint amach ar an saol mór de dheascaibh an mháthar bhrúidiúil a tugadh dó, nó/ agus an lánúin a baineadh de.
cúpla slat uathu a couple of yards from them
"cúpla slat uathu, bhí lucht leanúna na bhFear Dubh, ag bualadh bos agus ag damhsa le foinn na mbuíonta, idir eatarthu bhí na línte póilíní.
bhí cúpla gasúr agam I have had a couple of boyfriends
" Le cúpla bliain anuas, bhí cúpla gasúr agam agus ainneoin gur scar mé leo, tá mé cairdiúil go fóill leo uilig.
Is grástúil an lánúin iad they are a graceful couple
" Is grástúil an lánúin iad Georges agus Anne, iarmhúinteoirí ceoil.
thug muid scata daoine we brought a couple of people
" Chonaic muid anseo le cúpla cruinniú a thugas muid féin le chéilí, oíche Dé hAoine seo a caitheadh, thug muid scata daoine le chéilí a bhíof ag piocadh na bhfataí fadó agus tháinig os cionn céad duine le chéilí.
lanúin atá gafa a couple preoccupied
" Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
cúpla céad slat a couple of hundred yards
" “Ní raibh muid ach cúpla céad slat ón teorainn.
mhalartaigh an bheirt a móidí pósta the couple exchanged their marriage vows
" Cuireadh cathaoireacha amach ar an trá i gCapitola, agus mhalartaigh an bheirt a móidí pósta os comhair feidhmeannaigh oifigiúil.
faoi shaol éachtach na lánúine cáiliúla about the famous couple’s lives
" (Beidh féile ar siúl i gClár Clainne Muiris, Contae Mhaigh Eo, ar 29/30 Meitheamh, faoi shaol éachtach na lánúine cáiliúla.
in ann cúpla teach a choinneáil ag dul able to keep a couple of houses going
" Is ar éigean atá muid in ann cúpla teach a choinneáil ag dul ar an tuarastal suarach a fhaigheann muid.
seachas beirt phósta rather than a married couple
" De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó.
le cúpla punt meáchan a chur suas to gain a couple of pound weight
" Bhí clú agus cáil ar sceallóga agus éisc Leo Burdock fiú in DC féin, agus bhí FLOTUS ag súil go mór le cúpla punt meáchan a chur suas… ar son na cúise.
a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair which lasted a couple of hours
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
beirt óg i mbaclainn a chéile ann a young couple embraced
" An dara huair, bhí beirt óg i mbaclainn a chéile ann.
chúpla meandar a couple of seconds
" Bhí Martin marbh taobh istigh de chúpla meandar.
cúpla lá ina dhiaidh san a couple of days later
" Buadh orainn sa chluiche ceannais nuair a bhíos sa cheathrú bliain agus cúpla lá ina dhiaidh san bhíos imithe ón ollscoil! Bhíos dhá bhliain is fiche an uair sin agus bhí fonn orm céim éigint a bhaint amach.
Cúpla meandar a couple of seconds
" Cúpla meandar sular thosnaigh sí a hóráid, chuir sí ceist imníoch ar an gcomhairleoir a bhí ina teannta.
lánúineacha couples
" Cuireadh go mór leis an bhfeachtas nuair a rinneadh pósadh comhghnéis dleathach sa Nua-Shéalainn i mí Aibreáin na bliana seo agus thug lánúineacha comhghnéis Astrálacha áirithe aghaidh ar ár gcomharsa béal dorais lena mbainis a reáchtáil ann dá bharr.
Le cúpla mí anuas for a couple of months past
" Le cúpla mí anuas táthar in ann iad a úsáid, ní hamháin ar Twitter, áit ar tháinig siad chun tosaigh, ach ar Facebook freisin.