Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
bhreith na cúirte the court's judgement
" Ach b'fhéidir go bhfanfainn le haghaidh bhreith na cúirte i dtosach.
an tsuirí courting
" " Ach tá fear na súile nimhe i ndiaidh an tsuirí agus an tochmharc, an chointinn agus an chonspóid a fhágáil ina dhiaidh.
an Chúirt Bhunreachtúil the Constitutional Court
" D'éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh.
gCúirt Uachtarach Supreme Court
" D'ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás scriosta d'aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr.
díspeagadh cúirte contempt of court
" D'fhéadfadh feidhmeannaigh BAT agus cuid de na dlíodóirí a bhí fostaithe acu a bheith ar a dtriail de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.
an Chúirt Choiriúil Speisialta The Special Criminal Court
" Léirigh an Chúirt Choiriúil Speisialta iontas go bhféadfadh Hanley agus O'Shea agallamh a chur ar Ward agus gan fios acu go raibh faoistin déanta aige cheana féin.
ag suirí courting, love-making
" Táim anois i mo shaineolaí ar oifigí Shéarlais, gruagaire Diana, árasán Mohammad Al Fayed inar chaith Diana agus Dodi am ag suirí, cistiní na Banríona, agus seoid an turais - soláthróirí fo-éadaí na Banríona.
Mullach na Seangán Florence Court
" Go híorónta, mar gheall ar an 12 Iúil agus ceiliúradh bhua an Rí Liam ag Cath na Bóinne, bhí Mullach na Seangán tréigthe.
Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí a former Supreme Court judge
" Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí i Victoria, Alec Southwell, a bheas i mbun an fhiosraithe agus is dóigh go mbeidh sé dhá mhí nó trí sula mbeidh toradh air.
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé he doesn't court with his money anyway
" "Sin an rud fá Frank," arsa sise léi féin, "chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.
chás cúirte frith-iontaobhais anti-trust court case
" " Cás cúirte ======= Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe.
na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta The International Criminal Court
" Tá na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
teannas suirí courting tension
" Cuireann an boladh cumhra agus Eau de Cologne leis an teannas suirí, ar ndóigh.
dúshlán cúirte court challenge
" Agus má éiríonn le dúshlán cúirte atá ar bun ag an gcomhlacht in aghaidh ComReg, an rialthóir teileachumarsáide, beidh ardú de 25 faoin gcéad ar an gcíos líne, anuas ar na harduithe eile.
an Chúirt Choiriúil Speisialta the Special Criminal Court
" Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.
an Chúirt Uachtarach the Supreme Court
" Chuir an Chúirt Uachtarach stop leis an tógáil arís tar éis na Nollag, ag rá nach féidir leis an Aire bóthar a fhógairt trí Shéadchomhartha Náisiúnta a bhfuil a aireacht féin freagrach as.
cás cúirte court case
" Chuir an méid sin olc ar an mbainisteoir agus thóg sé cás cúirte i gcoinne an chara / na gcairde i ngeall ar bhriseadh conartha.
sa gCúirt Chuarda in the Circuit Court
" Déanadh achomharc sa gCúirt Chuarda faoin toradh ach d'fhan rudaí mar a bhí agus an suíochán ag John Bonham.
sa gCúirt Uachtarach in the Supreme Court
" Muna mbíonn ach bearna bheag idir na hiarrthóirí an turas seo bí cinnte go gcríochnóidh ceist na vótála leictreonaí sa gCúirt Uachtarach thall - faoi mar a tharlós sa tír seo.
a gcuid cúirtéireachta their courting
" Má dheineann an dream óg a gcuid cúirtéireachta tré Ghaeilge, má ólann siad a gcuid piontaí tré Ghaeilge agus má imríonn siad a gcuid spóirt tré Ghaeilge, mairfídh sí.
ag suirí leis an SDLP courting the SDLP
" Cé a bheas leis? ======= Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
go rachadh sé rite leis na daoine cás cúirte a ghnóthachtáil that it was unlikely that these people would win a court case
" Fuair an rialtas tuairim ó dhlíodóirí go rachadh sé rite leis na daoine cás cúirte a ghnóthachtáil.
i mbun cúirtéireachta courting
" Arsa Corinne: "Nuair a bhíonn an cromán i mbun cúirtéireachta, faigheann sé greim ar choinín, eitlíonn sé bunoscionn agus tugann sé dá leathéan é.
suirí courting
" Ainneoin áilleacht románsúil chaisleán Leeds, is beag suirí, gan a bheith ag caint ar shuirí phoiblí, a bheas ar siúl taobh istigh, ach tá na téarmaí réamhphósta le feiceáil.
ag suirí lena chéile courting
" Sin an comhartha is mó go bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag suirí lena chéile agus go bhfuil socrú beagnach bainte amach, ach tá fadhbanna cruthaithe ag Paisley dó féin mar gur cháin sé David Trimble as an oiread dímhíleataithe a bhí ceannaire an UUP sásta cur suas leis.
idirghabháil cúirte court intervention
" Cháin na grúpaí Gael-Mheiriceánacha moladh chomh maith a thabharfadh níos mó cumhachta don rialtas daoine nach saoránaigh iad a dhíbirt gan éisteacht nó idirghabháil cúirte.
sa Chúirt Chorónach in the Crown Court
" Ní raibh mórán suime acu i gcás sa Chúirt Chorónach anseo i Learpholl ar an 14 Nollaig, nuair a gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar dhílseoir mór le rá as taisce gunnaí agus armlóin bheith ina sheilbh aige.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" I Márta 1973, cuireadh an bheirt deartháireacha ar ais go hÉirinn agus cuireadh iad faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.
fíneáil cúirte court fine
" Níor mhór a mheabhrú gurb é McSharry féin a chinn ar dhul go príosún cionn is nach raibh sé sásta fíneáil cúirte de €300 a dhíol.
sa Chúirt Chorónach in the Crown Court
" Tá drochchlú fosta ar Merseyside faoi láthair, áfach, mar gheall ar thriail atá ag dul ar aghaidh sa Chúirt Chorónach in Preston.
tchífidh sé thú i dteach na cúirte he'll see you in court
" Sin é scéal Bhalor, mar a thug sé ar ais dúinne é, Dia lena bhéal (nó Íosa, b’fhéidir), agus má tá bréag ann, dar leat, tchífidh sé thú i dteach na cúirte.
urghaire cúirte court injunction
" Ansin b’éigean do The Edge urghaire cúirte a fháil le cosc a chur ar *The Sunday World *sonraí faoina iníon, atá ag éileamh in Otharlann na Leanaí i gCromghlinn más fíor, a nochtadh.
os comhair na cúirte before the court
" Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh Joanne agus a muintir os comhair na cúirte go dtí go tobann gur aimsigh na Gardaí corp linbh eile in aice fheirm mhuintir Hayes, díreach san áit a ndúirt Joanne go mbeadh sé.
na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta the International Court of Justice
" Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.
gCúirt Uachtarach Supreme Court
" Mar shampla, tá ceart crosta ag Seanad Mheiriceá ar cheapacháin uilig an Uachtaráin, mar a fuair na breithiúna Harriet Miers agus Samuel Alito amach le déanaí agus iad ag cur isteach ar shuíocháin i gCúirt Uachtarach na tíre, ach tá an ceart crosta féin ag an uachtarán ar dhlíthe na Comhdhála.
Cúirt Uachtarach Supreme Court
" Mar shampla, tá ceart crosta ag Seanad Mheiriceá ar cheapacháin uilig an Uachtaráin, mar a fuair na breithiúna Harriet Miers agus Samuel Alito amach le déanaí agus iad ag cur isteach ar shuíocháin i gCúirt Uachtarach na tíre, ach tá an ceart crosta féin ag an uachtarán ar dhlíthe na Comhdhála.
bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí the judges of the Supreme Court
" Freagracht sách trom, mar sin, atá ar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus sin an fáth gur díríodh an méid sin airde le déanaí ar cheapacháin an Uachtaráin Bush.
i gCúirt Chorónach Winchester in Winchester Crown Court
" Gearradh trí théarma príosúin saoil ar Ronnie McCartney i gCúirt Chorónach Winchester i mí na Bealtaine 1976 as iarracht a dhéanamh triúr póilíní a dhúnmharú i Southampton.
an Chúirt Achomhairc the Court of Appeal
" Bhí raic faoi seo agus cásanna eile agus chuaigh riail 37 go dtí an Chúirt Achomhairc cúpla uair.
sa Chúirt Uachtarach in the Supreme Court
" Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.
breithiúnas na cúirte the judgement of the court
" Ag deireadh mhí na Bealtaine, scaoil iar-chomhghleacaithe de chuid Haddock sé huaire é i dtuaisceart Bhéal Feirste le linn dó bheith amuigh ar bannaí agus é ag fanacht le breithiúnas na cúirte.
sa Cúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Phléadáil sé ciontach sa Cúirt Choiriúil Speisialta agus gearradh príosún ocht mbliana i bPort Laoise air, áit a raibh sé i sciathán an IRSP.
léigear na gCeithre Cúirteanna the siege of the Four Courts
" Tá Liam Ó Maoilíosa le feiceáil ag caint i mBaile Uí Bhódáin, léigear na gCeithre Cúirteanna agus cath i Sráid Uí Chonaill agus go leor eile.
cás cúirte court case
" Mar shampla, má thacaím le cás cúirte atá tógtha ag aontachtach, beidh daoine amuigh ansin a shílfidh nach náisiúnaí mé a thuilleadh.
sa Chúirt Achomhairc Choiriúil in the Court of Criminal Appeal
" Bhí cúigear fear as Cathair Luimnigh sa Chúirt Achomhairc Choiriúil ar an 26 Iúil.
díspeagadh dlí contempt of court
" Is cuma leis céard atá ar siúl ag na meáin, a fhad is nach bhfuil díspeagadh dlí i gceist nó a fhad is nach bhfuil an triail á cur i mbaol ag na tuairiscí.
os comhair na cúirte. in court.
" Agus dár ndóigh, tá leas an phobail i gceist gan amhras agus coirpigh de chuid dhronga chathair Luimnigh os comhair na cúirte.
go n-éireodh leo sa chúirt that they would succeed in court
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
os comhair na cúirte. to court
" Cuireadh na póilíní ar an eolas faoin scéal agus tógadh an teaghlach os comhair na cúirte.
Ceithre Cúirteanna Four Courts
" **Triail**In Aibreán na bliana 2002, sheas Patrick Naughton sna Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath, agus é cúisithe as éigniú a iníne.
breitheamh den Ard-Chúirt High Court judge
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
ón gCúirt Uachtarach. from the Supreme Court.
" Go deimhin, tá cuid de na dlíthe sin fós le feiceáil i mbunreachtanna na stát, cé go bhfuil cosc ar a bhfeidhmiú le hordú ón gCúirt Uachtarach.
Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe the US Supreme Court
" Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go láidir in aghaidh an chleachtais in 1890, agus chuir an eaglais deireadh leis sa bhliain chéanna.
ag bailiú tabhartas don chás cúirte, collecting donations for the court case,
" Dar lena dhlíodóir, Annette Sykes, a bhí taobh leis ag bailiú tabhartas don chás cúirte, beidh cás Iti ina ollchás náisiúnta.
coimircí cúirte ward of court
" Rinneadh coimircí cúirte di agus ba í a coimirceoir ná baintreach Éamoin Ceannt, duine de lucht sínithe Fhógróra na Cásca 1916.
chás cúirte court case
" Tá raic i Nua-Eabhrac faoi láthair mar gheall ar chás cúirte a bhí ar siúl le déanaí in Queens, ceann amháin de na cúig bhailecheantar i gCathair Nua-Eabhrac.
á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach being given to the European Court of Justice
" Bheadh ár bhflaitheas á lagú arís agus forlámhas á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ar Bhunreacht na hÉireann.
gCúirt Bhreithiúnas Eorpach European Court of Justice
" D’aithin Cowen chomh maith go raibh daoine buartha faoi neodracht na tíre seo agus eagla orthu go dtiocfadh leis an gCúirt Bhreithiúnas Eorpach rialú a dhéanamh i réimsí conspóideacha mar an ginmhilleadh.
le dul i mbun cáis cúirte. to get into a court case
" Ar deireadh, ba í an chomhairle dlí a fuaireamar ná gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad mar go raibh an tsuim airgid a bhí i gceist róbheag le dul i mbun cáis cúirte.
chás dlí a chur sa tsiúl putting in motion a court case
" B’éigean do Robinson gníomhú agus táthar ag caint ar chás dlí a chur sa tsiúl le go bhfillfear ar an leagan ar aontaigh an Tionól air.
fiosrúchán cúirte court inquiry
" Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.
cúirt uachtarach na tíre supreme court of the country
" In ainneoin gur le toil fhollasach an phobail a rinneadh an beart, chuir an National Rifle Association (NRA) an dlí ar an gceantar agus shocraigh cúirt uachtarach na tíre nach raibh cead ag Washington D.
chúirt fhiosrúcháin court of inquiry
" Ach ní raibh Admiral Issac Kidd, a bhí ina uachtarán ar chúirt fhiosrúcháin faoin ionsaí, chomh muiníneach as an údar sin.
gCúirt Uachtair Supreme Court
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
thabhairt chun coiste bring to court
" Is é sin, is cosúil nach raibh an stát sásta luíochán seachtain nó coicíse a eagrú le cúpla céad de mhuintir na scabhaitéireachta a ghabháil is a thabhairt chun coiste.
triail bhréige kangaroo court
" Glactar leis gur triail bhréige a bhí ann agus tógadh conspóid ar fud na cruinne mí na Samhna 1995 nuair a crochadh Saro-Wiwa agus ochtar eile, an ‘Ogoni 9’ mar a baisteadh orthu.
cúirte court
" html) Is i bpríosún in Auxerre, baile atá 170 ciliméadar siar ó dheas ó Pháras, a chaith Treiber breis agus cúig bliana agus é ag fanacht go dtabharfaí os comhair cúirte é.
Cúirt Uachtarach Supreme Court
" Chun Caingne ======= Is mar sin atá Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe faoi láthair, an chúirt a chíorann mórcheisteanna na tíre, go háirithe mar a bhaineann siad le bunreacht Mheiriceá.
os comhair na cúirte in court
" “Tháinig mé amach uair nó dhó chun cinntiú go raibh sí fós ina codladh,” a dúirt sé agus é os comhair na cúirte i gcathair Colmar in oirthear na Fraince, “agus chun an teas a chur ar siúl sa charr.
damhsa suirí courting dance
" Taispeánann an fireannach damhsa suirí faoin uisce chun an bhaineannach a mhealladh ó mhí an Mhárta ar aghaidh.
tithe cúirte court houses
" Le breis agus dhá bhliain, tá na daoine seo ag scríobh litreacha go dtí tithe cúirte agus parlaimintí stáit ag éileamh cruthúnais gur rugadh an tUachtarán ar thalamh Mheiriceánach.
os comhair na cúirte before the court(s)
" Rosemary Nelson ========= Chuala muid glór an dlíodóra Rosemary Nelson agus í ag caint ag éisteacht de chuid Comhdháil na Stát Aontaithe, ag cur síos go mion ar an chiapadh a bhí na póilíní ag tabhairt di cionn is go raibh sí maith ag a cuid oibre, ag cosaint daoine a bhí os comhair na cúirte.
de chaingin chúirte of court endeavour
" Tá an twitterati in ann luach na mílte punta de chaingin chúirte a chur ó mhaith le scríob amháin den mhéarchlár.
chuir ár gcúirt iachall ar our court forced
" “Thosnaíos ag gol nuair a chuir ár gcúirt iachall ar Rialtas na hAfraice Theas drugaí frith-HIV a thabhairt do leanaí nuabheirthe.
tharraingt os comhair cúirte bring before the court
" Don chéad uair, beidh sé de chead ag ballstát amháin ball eile a tharraingt os comhair cúirte mura gcloítear leis na rialacha.
glacadh roinnt dúshláin chúirte some court challenges were taken
" ' Dornán blianta ó shin, glacadh roinnt dúshláin chúirte a cheistigh bailíocht na mbreithiúna a bhí ag feidhmiú sa chontae de thairbhe nach raibh siad ábalta an teanga a labhairt.
gcinneadh cúirte court’s decision
" Tíortha an Iarthair ====== Rinne an tAE agus Stáit Aontaithe Mheirceá araon, chomh maith le roinnt grupaí cearta laistigh agus lasmuigh den Úcráin, cáineadh fíorláidir ar an triail agus ar an gcinneadh cúirte seacht mbliana ar an leaba chláir a ghearradh ar Tymoshenko anuraidh.
Chúirt Uachtarach Supreme Court
" Rinne Raymond Crotty gearán sa Chúirt Uachtarach, agus d’éist cúigear breitheamh leis, Thomas Finlay, Brian Walsh, Seamus Henchy, Frank Griffin agus Anthony Hederman.
chúirt achomhairc appeals court
" Seo mar a labhair an Breitheamh Lane sa chúirt achomhairc faoi na ráitis a rinne na póilíní faoin Cheathrar: *“a fabrication from start to finish, invented by some fertile constabulary mind.
Reáchtáladh coiste cróinéara a coroner’s court was held
" Reáchtáladh coiste cróinéara ar bhás Bebensee in Darwin tar éis na trialach agus níor chuir an cróinéir fiacail ann ina thuarascáil.
na cúirteanna a aithint recognizing the courts
" I ndiaidh bliana, bhí díospóireacht ag dul ar aghaidh i measc poblachtánach faoi na cúirteanna a aithint.
os comhair na cúirte before the court
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
ach iad an chúirt a aithint by them recognizing the court
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
Cúirt Bhreithiúnais court of justice
" Mar gheall ar rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE anuraidh, áfach, caithfidh an Stát ligean do roinnt díobh filleadh ar thír bhreithe a leanaí.
an Chúirt Uachtarach the supreme court
" Ba leis an Stát a thaobhaigh an Chúirt Uachtarach.
thug sé mionn éithigh sa chúirt he perjured himself in the court
" D'admhaigh sé gur thug sé mionn éithigh sa chúirt agus fianaise bréige in éadan Mhaolra Seoighe.
dhúshlán cúirte a court challenge
" Ba mar thaca don chosaint a bhí á ullmhú ag an Ard-Aighne ar dhúshlán cúirte a bhí á ghlacadh ag Tomás Ó Monacháin, Gaoth Dobhair, in éadan an stáit a cuireadh an chomhairle seo ar fáil.
na Cúirte Dúiche the district court
" Ó Monacháin os comhair na Cúirte Dúiche ar an Bhun Beag, i nGaeltacht Dhún na nGall, mar thoradh ar thoghairm a d’eisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall.
nuair a thionscnaigh sé cás Ard-Chúirte when he started a case in the High Court
" Tar éis ceithre lá, scaoileadh amach ar bhannaí é nuair a thionscnaigh sé cás Ard-Chúirte ag iarraidh go gcomhlíonfaí Alt 71 d’Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924.
mheas cléireach na cúirte the court clerk reckoned
" ”* Dúradh sa mheamram chéanna gur mheas cléireach na cúirte a bhí ar dualgas an lá sin gurb é *“the Donegal accent and the speed of delivery of the evidence in Irish”* ba chúis le deacrachtaí an Bhreithimh.
caingean dlí a thabhairt i gcoinne to bring a court case against
" Ar an drochuair, níl an saothar is déanaí ó Bruce, Loopers, feicthe agam mar is fíor an rud a dúirt cara liom roimh theacht ár gcéad linbh: ní bhíonn fonn orm costas feighlí a chaitheamh ar oíche sa phictiúrlann! Nuair a chuala mé, mar sin, cúpla mí ó shin go raibh sé beartaithe ag Willis caingean dlí a thabhairt i gcoinne Apple faoi úinéireacht a bhailiúcháin ollmhór ceoil leo, bhioraigh mo dhá chluais.
rialaigh Cúirt Uachtarach na the Supreme Court ruled
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
achainí ar chúirt a plea to a court
" Nuair a dhéanann duine achainí ar chúirt reacht éigin a chrosadh ina iomlán, tugtar ‘*facial challenge*’ nó “gearán ginearálta” ar sin agus cuirtear iachall ar an nduine a dhéanann an gearán a thaispeánt ná féidir an reacht sin a chur i bhfeidhm riamh gan dochar éigin a dhéanamh.
ar tí teacht os comhair na gcúirteanna about to come before the courts
" Tharla sé seo ag am nuair a bhí dúshlán faoin ábhar ar tí teacht os comhair na gcúirteanna.
chás na n-ulacha cúirte the matter of the court cairns
" 
 Mar shampla, scríobhann Burgess, léachtóir le Béarla in Ollscoil Notre Dame, ar chás na n-ulacha cúirte in Éirinn.
Cúirt Uachtarach supreme court
"Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ag plé an dlí os comhair na sluaite daoine ar son agus in aghaidh pósta aerach.
cúirteanna cuarda district courts
" Cheana féin tá cúirteanna cuarda, contae, agus stáit tar éis an t-éileamh a chumhdach, agus má leantar leis an gcumhdach sin sa Chúirt Uachtarach, scriosfar an tAcht um Chosaint Pósta.
Caingean Saibhseála a Thionscnamh bringing a test case to court
" Caingean Saibhseála a Thionscnamh ================ Ar ndóigh má theipeann ar an fheachtasaíocht, b’fhéidir gur fiú a bheith ag machnamh ar chaingean saibhseála a thionscnamh.