Pota Focal Intergaelic
caw | chow | cob | coc | cod
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba á dtiomáint cows being driven
" Éinne a chaitheann a saol sa chathair, lena mór-is-fiú, lena brú tráchta agus a brú daonna, is milis léi boladh na móna agus comharthaí sóirt an tseanchultúir - seandaoine scéalacha, naomhóga, ba á dtiomáint síos na bóithríní - ach ní ar aislingí amháin a mhaireann na daoine.
an líon bó the number of cows
" Aon tagairt do thionscail bhain sé leis an gceilp, an iascaireacht, sníomh agus fíodóireacht, lásadóireacht agus an líon bó a bhí ag aon teaghlach.
bhleán na mbó the milking of the cows
" Le linn a óige ba é an gnáthchleachtas ná a bheith ag imirt iománaíochta gach oíche den samhradh tar éis bhleán na mbó agus uaidh sin go clapsholas.
géim bó low of cows
" Nach raibh sé le rá ag lucht staire tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis léirscrios na Banraíona Eilíse, "ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan".
tréad bó herd of cows
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
ba ramhra donna fat brown cows
" Tá cuma gharbh ar an talamh, ach bhí ba ramhra donna ar féarach anseo is ansiúd agus laonna leo.
ag seoladh a bó brice driving her speckled cow
" "Hoirt amach! Hoirt amach as sin!" Chuala Peadar hoirteanna Mháire Cháit ag seoladh a bó brice abhaile di.
ba gearradharcacha shorthorned cows
" Chuir Jimmy in aithne mé d'ainmhithe na feirme - sicíní dubha lonracha agus cosa gairide orthu ar a dtugtar Scots Dumpies; coileach scanráil darb ainm Eric Mór; gabhar óg darb ainm Dhuie (ón fhocal Gàidhlig ar Blackie); Rosie, capall cairdiúil Clydesdale; agus ba gearradharcacha, an pór is sine sa Bhreatain.
sheanbhualtrach old cow-dung
" Ba é an McGlinchy seo ba chúis leis an chéad *barbeque *riamh in Éirinn, nuair a thit seanbhó leathadharcach, leathshúileach, ceanndána, cadránta dá chuid isteach i dtine ar a raibh sé ag dó sheanbhualtrach na bó bundúnaí céanna.
bó dhiaga divine cow
" ) Is iomaí bó dhiaga a roinn siad le chéile, iad ag caitheamh siar bairillí pórtair 'fhad is a bhí siad á gcogaint.
ag grinniú phutóga bó scrutinizing a cow's intestines
" Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach.
Ghlas Ghaibhleann cash cow
" Ní haon Ghlas Ghaibhleann é an státchiste ar féidir airgead a shíorbhleán uaidh agus a chur isteach i soithigh gan tóin ar nós Aer Lingus.
ba ollmhóra very large cows
" Chuala mé fuaim nach raibh mé ag súil léi: géimneach bó! Bhí roinnt puball ansin, stríoca glasa agus bána iontu, agus ba ollmhóra ar taispeáint iontu, iad ina suí ansin go foighdeach.
sprúilleach na bó rósta fragments of the roast cow
" Bhí sé féin agus Balor ag pulcadh sprúilleach na bó rósta isteach ina gclab ag an am.
craiceann agus úth bó the skin and the udder of a cow
" Tarraingíodh an cnuasach saothar seo le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla ar fud an domhain agus tá seoda icónacha le feiceáil ann, ar nós an *Virgin Shroud *(1993) ina n-úsáidtear acmhainní neamhghnácha (craiceann agus úth bó) mar amhábhar an tsaothair.
ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir. hopping around like a cow in heat.
" Isteach le Balor sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar naoi míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé tábla nach raibh leathamadán inteacht in airde air, ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir.
i dtaca leis an dá bhó sin. as regards those two cows.
" Éist liom go cúramach anois agus míneoidh mé duit polaitíocht na hÉireann i dtaca leis an dá bhó sin.
Leabhar na hUidhre, Book of the Dun Cow,
" ” Is éard atá i gceist leis an saothar *History of the Irish Book* ná stair an leabhair Éireannaigh ón tús – na lámhscríbhinní, Leabhar Cheanannais, Leabhar na hUidhre, Leabhar Laigheanach agus a leithéid sin anuas go dtí deireadh an 20ú céad.
laethanta na bó riabhaí, days of the brindled cow
" Deirtí fosta go mbíodh an-stuif sna cearca a bheirtí sa Mhárta, go mbíodh daoine chomh corrthónach leis an ghaoth Mhárta, agus go mbíodh laethanta na bó riabhaí, nó na laethanta ag deireadh na míosa seo, ar na laethanta ab fhuaire sa bhliain.
ón bhó mhire from the mad cow
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
bha Fríseacha Freisian cows
" Shílfeá go mbeadh ceantair thuaithe mar Cheshire idéalach – bíonn radhairc mar bha Fríseacha ag ithe sna páirceanna glasa le feiceáil, cuir i gcás.
faoi scáth cowed
" Dá ndéarfainn go raibh mé faoi dhraíocht agus faoi scáth agus mé i measc na bpeileadóirí cáiliúla go léir a bhí sa seomra sin, ní bheinn ach ag insint cuid den scéal.
Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í a cow has many assets
" Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í ================= Is í príomhfheidhm na treibhe Masai an t-eallach.
bhó cow
" ‘Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin.
Chac Bó cow dung
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
ag fosaíocht aige ar éill minding a tethered cow
" Ag dul trí bhaile Teiuş dúinn, bhí fear cois bóthair agus bó ag fosaíocht aige ar éill.
bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne I know about the milch cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
mbó thirim dry cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
an mbó choinníollach the conditional cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
cró na mbeithíoch the cow byre
" Seo mar a labhair sé: “Scór bliain ó shoin ba é an iothlainn, an tom, nó ba é cró na mbeithíoch a bhí mar leithreas ag 95% den mhuintir an cheantair seo.