Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhronga cráifeacha religious groups
" Gníomhaireacht mhaoiniúcháin atá inti le hacmhainn phoiblí a bhronnadh ar eaglaisí agus ar dhronga cráifeacha a sholáthraíonn cabhair do na boicht.
an-chráifeach very devout
" Thug bean amháin, atá an-chráifeach, bonn naofa domh le cur sa charr.
chráifeacha devout
" Tharla sé seo agus VOTF - grúpa de Chaitlicigh chráifeacha atá ag brústocaireacht ar son leasuithe atá, dar le go leor, measartha - ar tí cúpla caibidil nua a oscailt i mBrooklyn agus Queens.
thar a bheith cráifeach deeply religious
" ) Tá an cur síos atá ag Maier ar an mhatriarc Rose, a bhí thar a bheith cráifeach, an-chaolchúiseach, agus cé go mbaineann sé suaitheadh as an léitheoir uaireanta, is díol spéise an-mhór an méid atá ráite fúithi.
go cráifeach devoutly
" Tógadh Wilkins go cráifeach mar Chaitliceach, agus thosaigh sé ag imirt na cispheile mar a thosaigh go leor (glúnta) Gael-Mheiriceánacha: i gcomórtais sraithe an Catholic Youth Organization (CYO).
saothar cráifeach religious work
" Ina measc tá Peter Howson, ealaíontóir conspóideach agus Críostaí as an nua a bhfuil cáineadh déanta aige ar dhánlanna de bharr gan iad a bheith sásta saothar cráifeach a chur ar taispeáint.
cráifeach devout
" Tógadh é i dteach a bhí an-bhríomhar ó thaobh cúrsaí polaitíochta de - ba shóisialaí a athair a bhí sáite i gcúrsaí ceardchumainn sa chathair, chomh maith le bheith ina Chaitliceach cráifeach agus comaoineoir laethúil.
cráifeach religious
" Tá an túr féin mar chuid den suíomh cráifeach darb ainm Campo dei Miracoli, a chiallaíonn "Páirc na Míorúiltí".
cráifeach religious
" Duine cráifeach, cliste, greannmhar, leathanaigeanta a bhí ann agus thug sé léachtaí Gaeilge ag Hyde Park Corner.
ina phictiúir chráifeacha in his holy pictures
" Léirigh sé fíordhaoine ina shaothar agus ba é an realachas garbh seo a d'úsáid sé ina phictiúir chráifeacha a spreag daorbhreith agus cáineadh air.
cráifeacha holy
dhaoine cráifeacha religious people
" 1395-1441), a chuir tús leis an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach agus an duine a thug teicnicí péintéireacta ola chun foirfeachta; Rogier Van Der Weyden (1400-64), a rinne staidéar ar dhaoine cráifeacha inár éirigh leis a bpearsantacht a léiriú; Hieronymous Bosch (1450-1516), ealaíontóir eile a rinne staidéir chráifeacha ach a raibh teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha taobh thiar díobh; agus Pieter Bruegel Sinsear (1525-69), a d’úsáid tírdhreacha na hOllainne agus saol mhuintir na tuaithe mar amhábhar a chuid pictiúr.
chráifeach pious
" Thuas ar bharr an bhosca ina bhfuil dealbh an Chroí Ró-Naofa i lár na sráide a bhí ár laoch, agus bean chráifeach sin an phaidrín fhada agus an bhéil mhóir ag scairtí air in ard a cinn ó thús deireadh na paráide.
cráifeacha devout
" Deir Kennaway é féin go gcuireann an ceangal seo le paraimíleataigh brón agus déistin i gcroí daoine macánta cráifeacha an Oird.
cráifeach religious
" Thiar i lár na seachtú haoise déag a chum Dáibhí Ó Bruadair an t-amhrán cráifeach “Adoramus te Christe”.
ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í on holy sculpture on Iona
" Tá cuais mar seo le feiceáil ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í agus in áiteanna eile.
creideamh cráifeach. pious faith.
" Sa chuid eile den dán, déanann sé comparáid aorach ghreannmhar idir an fiabhras peile agus creideamh cráifeach.
cráifeach pious
" I ndiaidh cúpla uair an chloig eile, d’admhaigh sé go raibh an Tóirse i bhfolach i dteach paidreoireachta i gContae Mhaigh Eo, áit a raibh sagart cráifeach, agus bean ní ba chráifí fós, ag maíomh gur míorúilt a bhí ann nuair nach raibh siad in ann an Tóirse a chur as.
cráifeach pious, sanctified
" Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.
chráifeach pious
" Ba bhean chráifeach fhlaithiúil í Mary MacKillop, a chaith a saol oibre ag obair ar son daoine faoi mhíbhuntáistí, ach ní raibh a saol gan conspóid.
cráifeach pious
" Balor: Cén sórt gaoil a bhí agat le Cuach Robinson ón tús, agus cad é mar a théann sibh ar aghaidh le chéile anois?Circín: Bhuel, bhí muid beirt i gcónaí iontach cráifeach.
chráifeach pious
" Tá a scéal chomh casta leis an ‘Da Vinci Code’ le Dan Brown! Tá go leor ar eolas againn faoi Phádraig, an Bhreataineach chráifeach a tháinig go hÉireann sa gcúigiú aois.
cráifeacha pious (matters)
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
Bean chráifeach a pious woman
" Bean chráifeach a bhí inti fosta, a d'éist le haifreann go rialta.
cruinníonn inneachar an champa go cráifeach all of the camp inhabitants piously gather
" Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine.
an-chráifeach very pious
" Bhí muintir na tuaithe fós an-chráifeach agus an-phiseogach.
iris chráifeach ar bith any pious magazine
" Ní bheidh cead ag aon duine iris chráifeach ar bith a thabhairt isteach ar Thoraigh feasta, ar eagla go mbeadh ceann de na pictiúir náireacha seo istigh inti.
cráifeach pious
" Bhí triúr ‘máistir’ ag Northup ó dheas – William Ford (Benedict Cumberbatch), Críostaí cráifeach, duine lách, fear a chomhlíon focal Dé sa Bhíobla, mar a thuig sé é, i gcomhthéacs chultúir, sochaí, mhóráltacht agus béasaí na haimsire sin.
cráifeach pious
meáite ar an saol cráifeach a leanúint decided on following to a religious life
" Tagann uafás ar Alina áfach nuair a thuigtear di go bhfuil a cara Voichita meáite ar an saol cráifeach a leanúint agus go bhfuil sí ina nóibhíseach anois.
an Eite Dheas Chráifeach the Religious Right
" Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin.