Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Craobhchomórtas Sacair na hEorpa European Soccer Championships
" Bhí altanna ag go leor de na páipéir ag cáineadh chinneadh an Chumainn toisc nach mbeadh mórán seans ag Éirinn Craobhchomórtas Sacair na hEorpa a chomhreáchtáil le hAlbain sa bhliain 2008 muna mbíonn an Cumann Lúthchleas Gael sásta a rá go mbeidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chomórtas áirithe sin.
Craobhchomórtais Championships
" Is údar imní é caighdeán na gcluichí iománaíochta i gCraobhchomórtais na bliana seo agus le cúpla bliain anuas.
Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann All-Ireland Senior Championship
" Déanann grúdlann Guinness urraíocht ar Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann agus tá a gcuid fógraí ina thaobh an-chliste agus éifeachtach ar fad.
Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain The World Snooker Final
" Thaispeáin Ken tréithe dochreidte ina charachtar le linn Chraobhchomórtas Snúcair an Domhain le déanaí.
Chraobhchomórtas Laighean Leinster Championship
" Mar léiriú, seo a leanas cuid de na cinntí a chuir díomá ar lucht leanta na hiomána (orm féin ar aon nós) go dtí seo i mbliana: Socraíodh nach n-imreofaí aon cheann de chluichí Chraobhchomórtas Laighean i bPáirc an Chrócaigh seachas an Chraobh féin: is ionann sin agus cluiche iomána amháin faoi choimirce Chomhairle Laighean sa Staid Náisiúnta.
Craobhchomórtas na hEorpa European Championships
" Sampla maith de sin ná an reathaí Éireannach Karen Shinkens a chríochnaigh sa cheathrú háit sa rás 400m ag Craobhchomórtas na hEorpa sa bhliain 2000.
craobhchomórtas championship
" Ina dhiaidh sin, d'éirigh le foirne de chuid Ollscoil Cornell a raibh McEneaney i gceannas orthu craobhchomórtas an NCAA a bhuachan dhá bhliain as a chéile, i 1976 agus 1977.
i gCraobhchomórtas Peile AIB Laighean in the AIB Leinster Football Championship
" Cuireadh Mark den pháirc i gCraobhchomórtas Peile AIB Laighean i gcoinne Phort Laoise i ndeireadh na bliana 2004.
fanta sa chraobhchomórtas still in the championship
" Go n-éirí go geal leo siúd go léir atá fanta sa chraobhchomórtas.
i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais in the league championship
" Críochnóidh an tsraith, agus b’fhéidir an séasúr iomlán, má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua, agus áit a fháil i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais dá bharr.
i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas in comparision with a championship game
" De ghnáth, ní tharraingíonn cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
cluichí breise sa chraobhchomórtas. extra games in the championship.
" Samhlaím go mb’fhéidir go raibh foireann Loch Garman na gcaogaidí cosúil leo ach nílim sách sean le labhairt faoi sin! Ag féachaint siar anois air, is deacair a thuiscint gur le linn na ré órga úd a thosaigh an brú i dtreo an dara seans agus cluichí breise sa chraobhchomórtas.
craobhchomórtas championship
" Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder.
go mbainfeadh siad áit amach i gCraobhchomórtas na hEorpa. that they would get a place in the European Championships.
" Lena chois sin, tá foireann sacair na hAlban in ard a réime agus bhí an chosúlacht ar an scéal go dtí le gairid go mbainfeadh siad áit amach i gCraobhchomórtas na hEorpa.
Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan European Women's Boxing Championships
" Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006.
craobhchomórtais championships
" Maidir le craobhchomórtais na gcoláistí tríú leibhéal, cuir i gcás, is é líon na n-oifigeach foirne atá ceadaithe in ionad imeartha ná seacht nduine dhéag ar a mhéad, ach ní bhíonn ach ochtar ceadaithe ar thaobh na páirce.
gCraobhchomórtas Championship
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
craobhchomórtais championship
"craobhchomórtais peile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael faoi lán seoil agus an t-alt seo á scríobh agam.
craobhchomórtais championship competitions
" Ní hamhlaidh áfach sna contaetha ar fud na tíre mar go bhfuil craobhchomórtais na gclub ag dul ar aghaidh i gcónaí agus tig linn a bheith ag súil is ag tnúth le cuid mhór de chluichí ceannais na gcontae a fheiceáil ar TG4 sna seachtainí atá amach romhainn.
gcraobhchomórtas championship
" D’imir sé a chéad chluiche i gcraobhchomórtas na Mumhan i 1998 agus chroch sé na seolta ar 15 Lúnasa 2010.
craobhchomórtais championships
" Ba chóir do dhuine a bheith ag tnúth le mórimeachtaí spóirt an tsamhraidh, na craobhchomórtais iomána agus peile sa bhaile, agus na himeachtaí spóirt idirnáisiúnta thar lear, go háirithe na Cluichí Oilimpeacha i Londain agus *Euro 2012* sa Pholainn/ Úcráin.
chraobhchomórtas championship
" Cait chun Cinn ar Chách ============ Anois, agus é seo á scríobh agam, tá gach foireann iomána chontae feicthe againn uair amháin ar a laghad ag imirt sa chraobhchomórtas, agus cheana féin tá cosúlacht mhór ar an scéal nach dtiocfaidh aon athrú suntasach ar ord nó ar stádas na gcontaetha in 2012 seachas mar a bhí i 2011.
Craobhchomórtas the championship
" Ní raibh Craobhchomórtas na Sé Náisiún sa rugbaí ach ar tí tosú nuair a bhí tuairimíocht ar bun faoi thodhchaí na sár-imreoirí úd Brian Ó Drisceoil agus Rónán Ó Gadhra atá 34 agus 36 bliain d’aois faoi seach.
díbeartha as craobhchomórtas na hÉireann relegated from the championship
" Athruithe de Dhíth ======= É sin ráite, tá an córas idirchontae an-lochtach i gcónaí ó thaobh na féilire de: bhí foirne Uíbh Fhaillí agus Aontroim díbeartha as craobhchomórtas na hÉireann, 2013, tar éis dóibh dhá chluiche a imirt, ceann i gcomórtas Laighean agus ceann i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh, lá sular imir Corcaigh a gcéad chluiche i gcraobhchomórtas na Mumhan.
chraobhchomórtas championship competitions
" Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.
gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain world athletics finals
" Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.
cluiche craobhchomórtais championship game(s)
" Bíonn corrchluiche dúshláin ag tús na bliana, agus cúpla cluiche sraithe i mí Aibreáin, cúpla cluiche craobhchomórtais i mí na Bealtaine agus sin a dheireadh go dtí an dara leath de Lúnasa ar a luaithe.
Chraobhchomórtais finals
" ’ Tá an chuma ar an scéal nach mbeadh trácht ar Gooch a bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae gan trácht ar Chraobhchomórtais Chlubanna na Mumhan.
Craobhchomórtas championship
" Cuireadh tús le Craobhchomórtas Gailf Oscailte na Breataine i 1890 agus ba é Fred Daly an chéad Éireannach a bhuaigh an comórtas cáiliúil sa bhliain 1947.
craobhchomórtas championship
" Féachann Colm Mac Séalaigh chun tosaigh go dtí craobhchomórtas na hiománaíochta agus déanann iarracht buaiteoirí na bliana seo a thuar.
buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána winners of the hurling and football championships
" Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar.
Craobhchomórtas na hÉireann the All-Ireland Championship
"Craobhchomórtas na hÉireann faoi lán seoil um an dtaca seo agus amharcann Breandán Delap ar an fhoireann a d’fhéadfadh ár dTaoiseach nua a chur chun páirce sa chomórtas.