Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
craiceáilte crazy
" Córas craiceáilte é sin, a dhéanann dochar don tionscal agus don stoc éisc araon, agus nach bhfreagraíonn do leas na sochaí ina iomláine.
as a meabhair crazy
" "Tá siad go léir rud beag as a meabhair.
le buille buile an cheoil mhire with the mad beat of the crazy music
" Agus murach go n-éisteann Willie Cunningham le 2FM agus é ag tiomáint ar fud na tíre ar nós an diabhail, a chos dheas ag preabadh le buille buile an cheoil mhire, ní thiocfadh leis an Stát seo méid a chuid costaisí a sheasamh.
Má chuireann an áit seo soir ise if this place drives her crazy
" Agus muid ag dul amach as an doras, dúirt mé léi, "Má chuireann an áit seo soir ise, is cinnte go ndéanfaidh sé an rud céanna i mo chás-sa.
Ná bainigí triail as eachtraí mire don't try crazy adventures
" "Ná bainigí triail as eachtraí mire ar nós ionsaithe pointeáilte," a dúirt ceannaire Chúba ag deireadh na míosa seo caite.
iriseoireacht bhuille crazy journalism
" Is breá liom iriseoireacht bhuille a léamh.
craiceáilte, crazy,
" Toisc nach raibh mórán tuisceana agam ar rugbaí, cheapas go raibh an treoir seo craiceáilte, ach rinne mé an méid a dúradh liom a dhéanamh agus bhí na *lads* eile do mo mholadh.
ildaite agus craiceáilte multic-coloured and crazy
" Bhí an nós seo le feiceáil den chéad uair tríocha bliain ó shin i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhrac – bhíodh íomhánna agus *tags *(is é sin, ainm cleite an ealaíontóra) ildaite agus craiceáilte ar fud na dtraenacha mar a bheadh craiceann coimhthíoch ann.
hiasachtaí mire crazy loans
" Is beag duine nár thuig go raibh foirgníocht tráchtála i dtrioblóid faoin am sin, ach bac ná maolú níor chuir an rialtóir ar na hiasachtaí mire seo.
splanctha i ndiaidh crazy about
" ” Mire mhílaoiseach Ach má tá Palin claonta i leith Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha i ndiaidh na tíre bige sin.
ar mire gone crazy
" Ba ghearr ina dhiaidh sin go mbeadh an t-urlár lán le daoine, an áit ar mire, daoine ag dul fiáin, ag preabadh thart faoi dhraíocht ag ceol meidhreach ríleanna ón gCiarraíoch ar an mbosca, Pádraig Ó Sé.
iomlán ar mire totally crazy
" Is maith an rud go bhfuil siad ina gcónaí gar go leor dá chéile, óir chuirfeadh trácht na Nollag iomlán ar mire thú.
Ainneoin na baothchainte despite the crazy talk
" Cad a bhí i gceist ag an Aire mar sin nuair a thug sé an fhainic lom úd do na heagraíochtaí san Fhómhar? Ainneoin na baothchainte, níl aon taighde, meamram, anailís nó tuarascáil, ar chomhaid a Roinne féin le tacú leis an mholadh.
le báiní enraged, crazy
" Bhí Vrubel le báiní nuair fuair sé seic cúítimh do €3,000 sa phost ón *East Side Gallery*.
chraic bhailithe airgid thapa a crazy quick way to gather money
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
gheallchathair crazy city
" Bhuel níorbh fhada gur athraigh Brian cúrsaí go mór faoin taobh sin tíre, agus níorbh fhada go raibh vóta ag gach duine faoi lár na tíre, agus déine fosta; agus níorbh fhada gur chuir siad Brian mar theachta go dtí an gheallchathair cois Life, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur corónaíodh Brian ina rí.
rún mire a crazy compulsion
" Tá teacht ag Roman ar ghunna láimhe agus rún mire ann na sagairt ina scoil phríobháideach a lámhach.
éigiallta crazy
" Anuas den díon leis an mbeirt ansin, bia, alcól agus sóláisti eile á mbailiú acu ón gcuisneoir don gcampáil éigiallta amuigh! Níl in aon ní ach seal Ach is i mbreathnú agus in éabhlú an chaidrimh idir Roman agus Maru is fearr a leagann Neranjo lorg sainiúil a láimhe ar ‘I’m Going to Explode’.
díchéillí crazy
" Anamchara a thiomáinfidh thar barr do chéile neomat amháin tú, is a chuirfidh meidhréis meanma díchéillí ort an chéad nóiméad eile.
phlean buile crazy plan
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
bán i ndiaidh crazy about
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
le báiní crazy
" Pé rud ba chionsiocair leis, chuaigh na hagóideoirí Uígireacha le báiní.
ar mire crazy
" Bhí an banna ar mire leis – óir bhí orthu dhá amhrán a chanadh seachas na trí chinn a bhí ag dul dóíbh.
as do mheabhair crazy
" "An bhfuilir as do mheabhair?" Mhínigh mé dó go raibh m'intinn athraithe, ach ní ar na sruthanna a bhí seisean ag smaoineamh, ach ar an bhfuacht.
Amaideach crazy
" BNC: Íomhá! Amaideach! Suntas na Ruaidhe SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’.
Ba dhiabhalta it'd be crazy
" Ba dhiabhalta an rud dá bhfeicfí Rialtas Iosrael ag tabhairt aon airgead do lucht séanta Uileloscadh na nGiúdach sa tír seo, ar nós Irving thuasluaite.
Nach diabhalta how crazy
" Nach diabhalta an rud é seo! An bhfuil ciall ar bith leis? Cúpla lá ó shin, tháinig mé ar an ráiteas giorraisc seo ar an idirlíon: “Let’s get down to specifics.
ar mire crazy
" An trá is áille ar domhan, an fharraige is goirme ar domhan agus fliúirse slí ann dom le dul ag spaisteoireacht im’ aonair, nuair nach mbínn ag dul ar mire le mo dheartháireacha.
Baothchainte crazy-talk
" Agus is fíorbheagán de sin a fhaigheann Balor Bocht Brúite na Baothchainte.
saoithiúil crazy, weird
" Cá dtosóidh mé? Mothaíonn sé gur sa chianaimsir a bhí muid ag treabhadh frí oilbhéim Iris Robinson agus sinn ag dréim go mór le tuilleadh scéalta fá iompar drúisiúil ar chúl na gcuirtíní lása, ach go tobann, in áit an uafáis, tháinig an pholaitíocht chun cinn ar mhodh thar a bheith saoithiúil.
gealtach crazy
" Beidh sé i gcónaí ann chun Biffo a choinneáil ar bhóthar a leasa agus é ag cúlú ó gach gealltanas gealtach a thug sé féin ná a Rialtas riamh.
chúis mire crazy
" Ba chúis mire é an chaoi a mbíodh daoine ag dul i muinín staidreamh ar an daonáireamh ar úsáid na Gaeilge chun cur i gcéill go raibh an teanga ag seasamh an fhóid lár an chéid seo caite.
dúnghaois gan chéill crazy policy
" Ó Cuív is cúis leis an dúnghaois gan chéill seo.
le báiní crazy
" Ach, cé gur breá é an teas agus an brothall, tá taobh eile leis mar scéal, taobh nach bhfuil taitneamhach ach a mhalairt, agus is é sin go ndúisítear na míoltógaí beaga as a suan agus go dtéann siad le báiní de thoradh an bhrothaill chéanna.
Seafóid crazy
fhile na buile the crazy poet's
" Dúirt Socraitéas ‘Má thagann duine chuig doras na filíochta, nach raibh i dteagmháil riamh le buile seo na héigse, agus a chreideann go ndéanfaidh scileanna cumadóireachta file maith de, ní bhainfidh a shaothar stuama céim na foirfeachta amach go deo, mar a dhéanfaidh saothar fhile na buile.
le báiní crazy
" Cheadaigh an réiteoir cúl don Mhí agus chuaigh idir imreoirí agus lucht leanúna an Lú le báiní.
craiceáilte crazy
" Is minic a chumtar scéalta áiféise nó tugtar ardán do mholtaí craiceáilte leis an bhfolús a líonadh.
síceapatach scaipthe crazy psychopathic
" Nach iad go deimhin an drong óigfhear síceapatach scaipthe céanna atá ina scáil dhubh ar shráideanna shuaracha Luimnigh agus Bhleá Cliath againn féin le blianta beaga anuas? Ach tá an mháthairphearsa seo ar scála lasmuigh fiú amháin den mhínádúrthacht choiteann – ise an ais ar a chasann an t-olc breoite uile.
amaideach crazy
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
beartas amaideach crazy plan
" Ba léir do chách ó Dhomhnach na Fola ar aghaidh gur beartas amaideach a bhí ann agus i 1981 bhí mé féin sa *Troops Out Movement*, buíon a bhí ar son réiteach polaitiúil agus in aghaidh chos ar bolg Arm Shasana.
Is leamh it’s crazy
" Is leamh gur ‘sceilpeanna máinliachta’ a thugann siad ar na botúin a dhéantar san Áis as féachaint ar scáileán in ionsamhlóir in Oregon, sceilpeanna a chuireann daoine den saol in ionad a slánú mar dhéanfadh máinlia.
Mire crazy
" Mire, eh? Tharla an rud céanna i 1969 nuair a rinneadh ionsaithe fíochmhara ar cheantracha Caitliceacha - ar shráid Bombay ach go háirithe - agus ba bheag gunna a bhí ann lena gcosaint.
Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte a completely crazy situation
" Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte ============ Tá rudaí saorga, mar clár fógraí amaideach agus binsí plaisteacha fós sa charrchlós ag Bun Glas, os comhair aillte Sliabh Liag agus graffiti péinteáillte i litreacha móra dearga *‘Carl loves Breege’* díreach ag deireadh Cosán an Aon Fhir, cóngarach do bharr an sliabh.
soilse mearbhallacha ag scairteadh crazy lights flashing
" Bhí na soilse mearbhallacha ag scairteadh, cluais le héisteacht ar na héin órga agus ar na foghlaithe mara, agus Disco Paradise ag bíogadh ’s ag bogadh arís tar éis leathbhliain seaca.
Saol ar Mire a crazy life
" Saol ar Mire ======= Tar éis do na húdaráis é a scaoileadh amach ar a chead sa bhliain 1963, is cosúil go ndeachaigh Cassady bocht le craobhacha ar fad.
le craobhacha crazy
" Saol ar Mire ======= Tar éis do na húdaráis é a scaoileadh amach ar a chead sa bhliain 1963, is cosúil go ndeachaigh Cassady bocht le craobhacha ar fad.
ar na craobhacha crazy
" “Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.
ina sheanmóirí mire a crazy preacher
" Bhí a athair ina sheanmóirí mire, fuair a mháthair agus a dheirfiúr bás nuair a bhí seisean óg agus chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair.
i saol craiceáilte in a crazy world
" Bhí muid ag maireachtáil i saol craiceáilte a bhí á stiúradh ag tíogar buile, mar a dúirt sé féin.
tíogar buile a crazy tiger
" Bhí muid ag maireachtáil i saol craiceáilte a bhí á stiúradh ag tíogar buile, mar a dúirt sé féin.
bhí sé fiáin he was crazy (about acting)
" Imeacht ó Phost ======= **CF: Caithfidh go raibh dúil mhór aige san aisteoireacht ón chéad lá, an raibh?** PNC: Á, bhí sé fiáin agus sa deireadh, bhí Áine óg, is dóigh liom, bhí obráid croí aige, *murmur*, ach níor chuir sé isteach air in aon chor… Bhí sé ag obair sa *Bonding Company*, ach bhí *The Full Shilling* (dráma le Lee Dunne, Joe McPartland sa phríomhpháirt) ar siúl i 1971.
Ar mire crazy
an dúil mhór mhillteach a crazy appetite
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
méid sheafóideach airgid a crazy amount of money
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
thar a bheith amaideach really crazy
" ‘Bhi sé thar a bheith amaideach’ a dúirt Kapoor agus é ag caint faoin damhsa áiféiseach a rinne siad mar aithris ar cheann PSY, ‘ach bhí gá leis.
ag imeacht le craobhacha going crazy
" Comhluadar Cistéirseach a ghlacann an cinneadh fanúint lena mbráithre Muslamacha in iargúltacht Shléibhte Atlas na hAilgéire, an lasair sa bharrach agus fórsaí dubha (treallchogaithe agus stáit) ag imeacht le craobhacha ina dtimpeall.
An rud is amaidí faoi seo the craziest thing about this
" An rud is amaidí faoi seo ar ndóigh, is iad mo leitheidse, iad siúd lena ndóthain airgid/ spéise/ moráltachta cultúir is mó spéis do na fogróirí! Ach mar a thuigimse freisin é, íocann Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora.
Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh wearing a crazy-hot miniskirt
" Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh aici.
Is deargsheafóid é seo this is completely crazy
" Is deargsheafóid é seo nach bhfuil ag déanamh mórán leasa don Ghaeilge, ach amháin go bhfuil sé ag tabhairt fostaíocht mhaith sa Bhruiséal do dhornán beag daoine le cumas agus ardchaighdeán Ghaeilge.
faoin chíor thuathail seo about this crazy mess
" Mífhonn Comhrá na Múinteoirí ============= Bhí Balor ag iarraidh agallamh a chur ar phríomhoide scoile faoin chíor thuathail seo, ach i ndiaidh alt na míosa seo caite inar chuir ár dtuairisceoir tuisceanach agallamh ar Dháithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, ní raibh príomhoide ar bith sásta dul i mbun cainte leis.
le mionsonraí éigiallta with crazy little details
" Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse, chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach.
tá sé seafóideach it’s crazy
" Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
An rud is seafóidí ar fad the craziest part entirely is
" An rud is seafóidí ar fad ná an bealach ar féidir le seanadóir córam a iarraidh agus go gcaithfear an obair a chur ar athló go dtí go mbíonn córam i láthair.
mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh if the whole thing wasn’t so crazy
" Thiocfadh fearg orm mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh.
Níl na Daoine Chomh Splanctha people aren’t as crazy
" Nó, an é gur lú an líon daoine atá in ann deoch mheisciúil a cheannach go rialta, go háirithe daoine óga, siocair an ghanntanais airgid? Níl na Daoine Chomh Splanctha ============= Tá smaointe eile ann nach mbeifeá ag súil leo.
Leanfar leis an bhaothchaint seo this crazy talk shall continue
" An tSeilbh san Áit a bhFuil an Cúram – Bord na Gaoithe ====================== Leanfar leis an bhaothchaint seo, áfach, go dtí go nglacfaidh an stát seilbh cheart ar an tionscal.
Smaoineamh craiceáilte ba ea seo this was a crazy idea
a fhoilsíonn baothchaint which publishes crazy talk
" Ní éireoidh le foilseachán éadrom atá dírithe go príomha ar fhoghlaimeoirí, nó a fhoilsíonn baothchaint ar son na cúise i leaba iriseoireacht cheart neamhspleách a théann faoin gcraiceann.
An bhfuil me as mo mheabhar am I crazy
" An bhfuil me as mo mheabhar? Tosaíonn muid go mall, slua mór ag bogadh mar thriacla suas an tsráid agus timpeall an choirnéil.
reathaithe craiceáilte crazy runners
" Daoine ar na sráideanna anois ina bpitseámaí, tagtha amach chun na reathaithe craiceáilte a fheiceáil.
millteanach místuama á choinneáil siar a really crazy (structure) holding it back
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
laethanta buile sin those crazy days
" Dlí na nImeallchríocha, déarfainn - sna laethanta buile sin nuair ba threise seilbh ná páipéar.
leantóir mire crazy supporter(s)
le linn laethanta buile luatha during the crazy early days
" Cuireadh an t-easnamh sin ar shúilibh an Phríomh-Aire Julia Gillard, le linn laethanta buile luatha a réime ghairide.
is mire craziest
" Bhailigh Pollock €130,500 mar an dara duine is mire agus ghlac Clarke leis an seic ollmhór go toilteanach.
Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile everyone crazier than the next
" Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile ================ Le tamall rófhada, tá muid ag plé le daoine atá craiceáilte as a meabhair mar a bheadh saoithe iontu.
soir in iomlán iad (send) them completely crazy
" Drochscéala ‘Eugene Goostman’ ============= Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí muiníne acu cheana, déarfainn gur chuir an nuacht is déanaí faoi Dhuais Turing soir in iomlán iad.
níl ann ach seafóid that’s crazy
" Maidir le síniú banna síochána, níl ann ach seafóid! Is mise an gníomhaí ar son na SÍOCHÁNA.
saoithiúil crazy, weird
" Tá Robert McMillen den bharúil gur saoithiúil an dóigh a athraíonn saol na polaitíochta i bhfaiteadh na súl.