Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coirpigh criminals
" Cén fáth go dtabharfaí agus na coirpigh faoi ghlas? Níor cuireadh suim rómhór ach oiread sna fiche éigin Arabach a bhí ag freastal ar ranganna eitilte le déanaí cé go raibh amhras ag cuid dá múinteoirí orthu.
an t-airgeadra nua coiriúil the new criminal currency
" Go deimhin, tá baol ann go n-úsáidfear an euro mar an t-airgeadra nua coiriúil go hidirnáisiúnta, in áit an dollair Mheiriceánaigh.
coirpigh criminals
" Tuigeann na coirpigh a eagraíonn na turais seo an chontúirt atá i gceist agus déanann siad iarracht dallamullóg a chur ar na daoine bochta a bhfuil siad ag teacht i dtír orthu trí dhul ar bord iad féin ag tús an turais.
a réim choiriúil his criminal reign
" Rinneadh iarracht gach uile rud a bhí ceangailte le Hitler agus a réim choiriúil a dhíbirt (rud nár éirigh leo a dhéanamh go hiomlán - ach sin scéal eile).
an Chúirt Choiriúil Speisialta The Special Criminal Court
" Léirigh an Chúirt Choiriúil Speisialta iontas go bhféadfadh Hanley agus O'Shea agallamh a chur ar Ward agus gan fios acu go raibh faoistin déanta aige cheana féin.
iarchoirpigh ex-criminals
" Ach más léiriú é ráiteas cheannaire an GRA - gur iarchoirpigh agus *subversives *formhór na ndaoine a dhéanann gearán faoi iompar na nGardaí - ar mheon an fhórsa i gcoitinne, is féidir a bheith measartha cinnte go bhfuil troid láidir roimh pé rialtas a thugann faoi seo a chur i bhfeidhm.
an mBille Ceartais Choiriúil Criminal Justice Bill
" Ach ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí sa Dáil an mhí seo caite ar an mBille Ceartais Choiriúil, is léir ní hamháin nach bhfuil an Rialtas sásta dúshlán thionscal na ndeochanna a thabhairt, ach ní mian leo a aithint, nó tá siad dall ar an gceangal, atá idir an Tíogar Ceilteach agus mí-úsáid alcóil sa Stát a bheith ag dul in olcas.
coirpigh criminals
" Cén t-aire Sasanach a thuigfeadh fadhbanna seanbhunaithe Bhóthar na Seanchille? Cé a thuigfeadh an meascán saoithiúil sin de laochra áitiúla agus coirpigh? "Tá muid ag bogadh ar shiul ó fhadhb amháin go dtí ceann eile, ach is iad na 'himreoirí' céanna ata páirteach," arsa Jack McKee.
choiriúil criminal
" Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.
na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta The International Criminal Court
" Tá na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaí in case of criminals found guilty of assault
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
an tAcht Ceartais Choiriúil The Criminal Justice Act
" Anuas air sin, deir an tuarascáil nach bhfuil an tAcht Ceartais Choiriúil, 1999 á chur i bhfeidhm i gceart.
cúiseanna coiriúla criminal charges
" Mhol an coimisiún go gcuirfí cúis dlí i leith 56 ceist a bhain leis an gcomhlacht, cúiseanna coiriúla a leath acu sin.
gluaiseachtaí coirpeach the movements of criminals
" Sin eolas atá á úsáid ag na Gardaí cheana féin chun gluaiseachtaí coirpeach a leanúint.
an Chúirt Choiriúil Speisialta the Special Criminal Court
" Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.
cúrsaí coireachta criminal matters
" Is léir ó cháipéis eile de chuid MI5 ar a dtugtar "Telegram to Washington" go raibh amhras ar cheannasaí rannóg na nGardaí a phléann le cúrsaí coireachta agus le cúrsaí slándála an stáit seo, An tArd-Cheannfort Bleachtaireachta Dermot Jennings, faoi Rupert.
coirpigh criminals
" Is ar éigean ar féidir leat leithéidí Ian Paisley nó Gregory Campbell nó Peter Robinson ná fiú David Trimble a lochtú nuair a deir siad, "Cén fáth ar chóir dúinne dul i rialtas le coirpigh?" Sin go bunúsach is bun le líomhain an Aire.
gníomhaíochtaí coiriúla criminal activities
" Creidtear go bhfuil gadaíocht ealaíne ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla is luachmhaire ar domhan anois, i ndiaidh drugaí agus gáinneáil daoine.
ghnáthchoirpigh ordinary criminals
" Ba léir nach raibh toghlaigh Fhear Manach/Deisceart Thír Eoghain, Cabhán/Muineacháin nó Contae Lú ar aon intinn le tuairim Thatcher gur ghnáthchoirpigh a bhí sna príosúnaigh phoblachtánacha nuair a thogh siad Bobby Sands, Kieran Doherty agus Paddy Agnew fá seach.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" I Márta 1973, cuireadh an bheirt deartháireacha ar ais go hÉirinn agus cuireadh iad faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.
gach sórt coirpeach all sorts of criminals
" Seo ag am nuair a bhí spraoithiománaithe agus gach sórt coirpeach ag rith thart ar an chathair gan stró.
coiriúil criminal
" Agus scéal Danny Greene, a d’úsáid a cheangal leis na ceardchumainn agus pléascáin chun *niche *coiriúil a bhaint amach dó féin i gcathair nach raibh ró-Éireannach, Cleveland.
i ndúnmharú coirpigh aitheanta in the murder of a known criminal
" Chuir *The Star *tús leis an chéasadh faoin cheannlíne *“Lotto Dolores Family Link to Gang War”* agus d’fhoilsigh siad sonraí faoin bhaint a bhí ag nia léi i ndúnmharú coirpigh aitheanta i Luimneach.
choirpeach criminal
" Chaith Gotti sé bliana sa phríosún as Jimmy McBratney a mharú, ach deir roinnt daoine gur mharaigh sé é chun a cháil mar choirpeach a chothú, agus gur seo an dúnmharú a chuir tús le blianta de dhoirteadh fola a chinntigh sa deireadh gur bhain sé ceannasaíocht amach sa domhan faoi choim.
ná gníomhartha coiriúlachta a thuairisciú than to report criminal acts
" Ba thábhachtaí i bhfad cumhacht na hEaglaise a chothú, is léir, ná gníomhartha coiriúlachta a thuairisciú.
mionchoirpigh minor criminals
" Tá na mílte acu ann, iad ag gabháil thart i riocht gardaí agus *gurriers*, múinteoirí agus mionchoirpigh, cioclóip agus ciontóirí.
ghníomh coiriúil criminal act
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
coirpeach criminals
" Ni haon ionadh gur chuir an cabal coirpeach timpeall ar Milosevic corp an deachtóra le holagón agus deora fá scáth an chrainn teile ina ghairdín dúchais ag 41 Sráid Nemanjina, i Pozarevac, Dé Sathairn, an 18 Márta 2006.
an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv International Criminal Tribunal for the former Yugoslavia
" An binse fiosraithe ======= Ní féidir déileáil le bás Milosevic gan an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv a mheas agus a scagadh.
taifead coiriúil criminal record
" De bhrí gur dhuine mé nach raibh taifead coiriúil aige, mheas mé nach raibh mé “fóirsteanach” mar gur iriseoir mé agus nach raibh na húdaráis ag iarraidh go bhfaigheadh a bpolasaí sna príosúin aon phoiblíocht.
coirpigh criminals
" Ba léir go raibh coirpigh ann a thapaigh an deis sa bhroid oibre a ngnó féin a dhéanamh, rud a chuir brú breise orainne sa bheár.
i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach engaged in solving the criminal problems of the Free State
" Agus beidh comhrialtas Fhianna Fáil agus Shinn Féin ina suí go te, agus beidh an tAire úr Dlí agus Cirt Máirtín Míleata Mac Gnéas i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach agus a shocrú ina bhealach díreach diúid féin.
ó choirpigh. from criminals.
" Agus beidh muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar tí Máirtín Míleata a naomhú as siocair go mbeidh sé i ndiaidh an Saorstát a aisceadh agus a ghlanadh agus a sciomradh saor ó choirpigh.
ar dhúnfoirt na gcoirpeach, on the criminal strongholds,
" Agus seo é an dóigh a mbeidh sé i ndiaidh an t-éacht sin a chur i gcrích: tabharfaidh Máirtín Míleata cuairt bheag chairdiúil ar dhúnfoirt na gcoirpeach, mar atá An Cnoc Theas, An Taobh ó Thuaidh, Iarthar Bhaile Átha Cliath agus Oirthear Ghleann Cholm Cille.
ó choirpeach go coirpeach from criminal to criminal
" Agus rachaidh Máirtín ó choirpeach go coirpeach agus cuirfidh sé cogar beag bídeach isteach ina gcluas chlé.
sa Cúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Phléadáil sé ciontach sa Cúirt Choiriúil Speisialta agus gearradh príosún ocht mbliana i bPort Laoise air, áit a raibh sé i sciathán an IRSP.
coirpigh thuaithe rural criminals
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
a chuirfeadh coirpigh ar atreo, which would change criminals' direction,
" Seachas breathnú orthu mar áiteanna a chuirfeadh coirpigh ar atreo, tá daoine, go háirithe lucht vótála na heite deise, ag iarraidh go gcuirfí pionós ar phríosúnaigh thar a dtréimhse ar fad sa phríosún.
sa Chúirt Achomhairc Choiriúil in the Court of Criminal Appeal
" Bhí cúigear fear as Cathair Luimnigh sa Chúirt Achomhairc Choiriúil ar an 26 Iúil.
ar cheannasaí droinge coiriúla é, who was the leader of a criminal gang,
" Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu.
coirpigh de chuid dhronga chathair Luimnigh criminals belonging to the gangs of Limerick City
" Agus dár ndóigh, tá leas an phobail i gceist gan amhras agus coirpigh de chuid dhronga chathair Luimnigh os comhair na cúirte.
damáiste coiriúil, criminal damage,
" I measc na gcoireanna ar féidir leis an phobal tuairisciú a dhéanamh orthu tá gadaíocht, buirgléireacht, damáiste coiriúil, coireanna áirithe a bhaineann le gluaisteáin agus coireanna a bhaineann le fuath nó ciníochas a spreagadh.
cóiriúla criminal
" Déanann siad rudaí drochbhéasacha, aineolacha agus, i gcásanna áirithe, cóiriúla.
beirt choirpeach cogaidh two war criminals
" Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí *yakuza* a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
brathadóirí agus coirpigh spies and criminals
" Ach cén fáth go raibh suim ag brathadóirí agus coirpigh in eaglais Moon? Is cosúil gur thosaigh cuid de Sheirbhís Shicréideach SAM ag plé le coiriúlacht, drugaí ina measc, agus iad in ainm is a bheith ag troid an Chogaidh Fhuair.
má bhíonn baol ann go bhfuil coirpeach armtha. if there is a danger that a criminal is armed
" Ó na seachtóidí i leith tá aonaid speisialta ag gach contae, nach mór, ar a dtugtar SWAT – *Special Weapons and Tactics* – a mbaintear úsáid astu má bhíonn baol ann go bhfuil coirpeach armtha.
Achta um Cheartas Coiriúil Criminal Justice Act
" Bheadh a leithéid rangaithe mar "*racially motivated hate crime*" de réir shuíomh gréasáin Merseyside Police agus de réir an Achta um Cheartas Coiriúil sa tír seo.
neamhaird choiriúil criminal disregard
" Dá rachadh sa chás seo, léireodh sé go soiléir an neamhaird choiriúil atá á tabhairt ag an gcomhphobal idirnáisiúnta ar leas mhuintir na hAfraice, agus go háirithe an dochar atá déanta ag an neamhaird seo ar mhuintir na Somáile cheana féin.
coirpigh aitheanta well-known criminals
" Dála an scéil, an General agus coirpigh aitheanta eile na tíre, is sna hinstiúidí céanna sin a múineadh an mhoráltacht dóibh.
choirpigh criminals
" Tá Loach an-siúrálta le greann, le fir oibre, le mná oibre, le spórt, le foréigean/brúidiúlacht na bpóilíní, le foréigean/brúidiúlacht choirpigh nua-aoiseacha na háite.
Coiriúil criminal
" ” Is é an post ollscoile atá ag Ivana ó 1996 ná Ollúnacht Reid sa Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht ach tá sé éagsúil le gnáthphost acadúil.
Coiriúla criminal
" net/ Cén t-ionadh? Níorbh aon ionadh é mar sin gur mhol Coimisiún na hAlban um Athbhreithniú Cúiseanna Coiriúla i 2007 gur chóir achomharc eile a thabhairt do al Megrahi.
coirpeach criminal
" Ní haon maidrín lathaigh é an té a shiúlann chun saoirse ar deireadh, ach coirpeach crua craosfhuilteach.
choiriúil criminal
" Trí mholadh faoi leith san iris a thug mise suntas dóibh: go mbunófaí fondúireacht le maoiniú a dhéanamh ar fheachtais dlí a bheadh chun leas na teanga, go gcaithfí leis an Ghaeilge mar theanga mhionlaithe seachas mar theanga oifigiúil agus go mbeadh cead ag duine coiste, nó giúiré, dátheangach a bheith aige i dtriail choiriúil.
choirpeach criminal
" Ar dtús ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an dualgas ormsa nó ar mo chara an tiománaí bus seo a mharú? Is í an dara ceist ná an bhfuil cead againn cúpla €uro a thabhairt do choirpeach óg dífhostaithe éigin chun an jab a dhéanamh? Caitheann mo chéile bríste a bhfuil dhá chineál snáithe ann, mar atá cadás agus polyester.
coiriúla criminal
" Sheas an breitheamh Stevens an fós ar son íospartaigh an leithcheala, oibrithe agus cosantóirí coiriúla.
taifead coiriúil criminal record
" Ar ndóigh, bíonn coinníollacha éagsúla le comhlíonadh i dtíortha éagsúla agus ag amanna éagsúla ach, de ghnáth, bíonn ar an té a chuireann isteach ar phróiseas rialtachta taispeáint nach bhfuil taifead coiriúil aige is go bhfuil obair nó tairiscint oibre aige.
coirpigh criminals
" Fáilte chuige saol mífheidhmiúil mhuintir Cody, coirpigh mhíthrócaireacha Mhelbourne na hAstráile.
nár choirpigh not criminals
" (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla various criminal activities
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
Mionchoirpeach a petty criminal
" Mionchoirpeach ar imeall na coiriúlachta sráide i mbruachbhailte Barcelona is ea é.
choiriúil criminal
" ”* Bhí amhras ar an FBI faoin ngníomhaire faoi cheilt a d’úsáid na póilíní, áfach, agus ní raibh siad sásta aon bhaint a bheith acu leis an gcúis choiriúil.
choirpigh criminals
" Nuair a léigh Sachs an bunreacht óg chun cearta nua a thabhairt do thrúáin éagsúla - thug sé an vóta do choirpigh, ceart pósadh do lánúin homaighnéasacha, agus seans do mháithreacha imeacht as géibheann ar mhaithe lena bpáistí – ní léir an é cumhacht nó leochaileacht a bhí á tháispeáint aige? Díoltas Cuí Polaitiúil ========== Thaispeáin Sachs réimse ait mothúcháin i rith an ama.
Fháltais ó Choiriúlacht criminal proceeds
" Reachtaíodh an tAcht um Fháltais ó Choiriúlacht sa bhliain 2003 chun scéim a bhunadh san Astráil le teacht isteach ó choiriúlacht a choigistiú.
gcoirpeach criminal(s)
" Tá an fhreagracht ar Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, rannóg atá neamhspleách ón rialtas, cásanna cúirte faoin reachtaíocht seo a thabhairt i gcoinne na gcoirpeach.
choirpeach criminal(s)
" Más féidir Troy Davis a chur chun báis ar fhocal beirt choirpeach, cad chuige nárbh fhéidir le dream ar bith fianaise bhréagach a thabhairt i dtaobh dhúnmharuithe agus agairt an bháis a tharraingt ar dhuine neamhchiontach? Agus seo ar aigne acu, rinne Amnesty International, An Pápa Benedict XVI, an t-iar-Uachtarán Jimmy Carter, an tArdeaspag Desmond Tutu, agus go leor eile, iarrachtaí idirghabháil a dhéanamh thar ceann Davis.
coirpeach a criminal
" Agus beidh siad ag íoc as an £30,000 an duine a chosnaíonn sé chun coirpeach a choinneáil ar an leaba chláir ar feadh bliana, i gcarcracha atá beagnach lán anois mar gheall ar an *"feeding frenzy in sentencing"* a tharla tar éis na gcíréibeacha, de réir Eoin McLennan-Murray, ceannaire na rialtóirí príosúin.
teist choiriúil criminal record
" Cosúil le 75% de na daoine a bhí os comhair cúirte tar éis na gcíréibeacha, bhí teist choiriúil air - mangaire drugaí is ea é.
coirpigh criminals
" Ba léir ag an mórshiúl easaontach go raibh aithne mhaith ag Mac Intyre ar na ceoltóirí le Banna Ceoil Jim Larkin agus chuala mé go raibh sé ag fíosrú an ceangal idir easaontóirí agus coirpigh.
choirpeach aitheanta well-known criminal
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
coireachta criminal
" Cé nár Iosraelach é Ruby – nó Jacob Rubenstein mar a rugadh é – bhí sé ag obair do shindeacáit coireachta Meyer Lansky a bhí ag smuigléireacht gunnaí i bpáirt leis an gcoireacht faoi choim Iosraelach.
coirpigh criminals
" Chuir ceannaire na droinge seo, Newt Gingrich, cáipéis amach ag tathant ar bhaill den Pháirtí Poblachtánach cur síos ar na Daonlathaigh mar "fealltóirí", "fímínigh", "coirpigh", agus a leithéid.
eagraíocht choiriúil criminal organization
" Is beag faoiseamh a bhí ag Seirbiaigh na Cosaive, ámh, ó thug “buamáil ar son na síochána” de chuid ECAT stát nua do Hashim Thaçi agus a chuid “Arm Saoirse na Cosaive,” nó an eagraíocht choiriúil atá, de réir thuarascáil Chomhairle na hEorpa, ag gáinneáil ar dhrugaí, airm agus ar orgáin an duine féin.
coirpeach díotáilte indicted criminal
" Fiú mura raibh aon bhaint ag rialtas na hIaráice leis na hionsaithe, dúirt siad nár mhór do na Stáit Aontaithe tacú go huile is go hiomlán leis na daoine a bhí ag cur in aghaidh Saddam Hussein, mar atá, a gcairde i gComhdháil Náisiúnta na hIaráice faoi cheannas Ahmed Chalabi, an bréagadóir cruthanta agus coirpeach díotáilte ar thug Eoghan Harris s’againne oiliúint chumarsáide dó.
coirpigh criminals
" Agus tá coirpigh, chomh maith lena chuid iarchomrádaithe, ar a thóir.
iarbhithiúnach an ex-criminal
" Ghlac an Ministir Andy Cramed le freagracht na sochraide, iarbhithiúnach ó bháid an Mhississippi sular bhuail taom naofachta é nuair a bhí sé i bhfeighil ar theach áitiúil striapachais sa Bella Union.
gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin that just foreign criminals
" D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo.
bhforghabháil chrualách choiriúil cruel criminal usurpation
" Agus í ag léamh ráitis ar son Tymoshenko os comhair an tslua, dúirt iníon léi, Eugenia Tymoshenko, “Is é ár ndualgas diaga chun an Úcráin a shaoradh ón bhforghabháil chrualách choiriúil seo.
choirpigh chontúirteacha dangerous criminals
" Is téarma míchruinn mífhéaráilte é sa mhéid go gcuireann sé sinn ag smaoineamh ar choirpigh chontúirteacha, cé gur gnáthdhaoine iad tromlach na n-inimirceach seo nach bhfuil uathu ach deis a fháil ar shaol níos fearr.
bheith gan taifead coiriúil have no criminal record
" Tá orthu a bheith gan taifead coiriúil agus meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe nó fós ar siúl acu.
ghránna choireacha horrible, criminal
" Thiocfadh sé idir mé agus codladh na hoíche dá bhfeicfeadh duine ar bith de bhunadh an oileáin na pictiúir dhamanta ghránna choireacha sin.
raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa he had to admit that he was responsible for a criminal scam relating to credit cards
" B’éigean dó a admháil go raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa fad is a bhí sé i Singeapór sular tháinig sé chun na hAstráile.
coiriúla criminal
" Áirítear go bhfuil €25 billiún á saothrú gach bliain ag eagraíochtaí idirnáisiúnta coiriúla as an ngnó seo.
ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire the bold clerical lads’ criminal acts
" ’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire.
nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle they were just mean criminals
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh she takes on a war criminal
" Fad is atá sí lonnaithe ann, tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh agus ar mhangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile.
coirpigh agus striapacha criminals and prostitutes
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
cé go raibh taifead coiriúil aige despite him having a criminal record
" Tháinig Athrú Sheán na Scuab Air ================ Glacadh mar bhall den uasaicme é agus baisteadh an teideal oinigh ‘scuibhéir’ air, cé go raibh taifead coiriúil aige.
ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach was for small groups of longterm criminals
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu put a completely new shape on their old criminal system
" Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh.
Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do the criminal facilities which were suitable for
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
i mbéarlagair lucht na coiriúlachta in the criminal jargon
" Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí.
in ainneoin a n-iompar coiriúil despite their criminal behaviour
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla an industry which earns for criminal organizations
" I bhfianaise na soghontachta seo a thréithríonn saol is stádas na mban ar imirce, ní dhéanfar iontas de gurb iad mná is cailíní is mó a bhíonn mar íospartaigh ag an ngáinneáil ar dhaoine, tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla na billiúin euro as in aghaidh na bliana.
is duine réasúnach é an coirpeach the criminal is a reasonable person
" De réir Becker, is duine réasúnach é an coirpeach.
An é gur lú an méid coirpeach is it that less criminals
" An é gur lú an méid coirpeach atá ar na sráideanna de bharr go bhfuil siad i ngéibhinn cheana féin? B’fhéidir é, ach i gCeanada, áit ar laghdaigh na rátaí coiriúlachta fosta, níor tháinig aon fhás faoi líon na gcimí faoi mar a tháinig i Sasana agus sna Stáit.
teip an cháis choiriúil the failure of the criminal case
" Súil Uí Dhubhda ====== Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil.
díormaí coiriúlachta criminal gangs
" Léiríonn leabhar úr a dhéanann cur síos ar an bhaint a bhí ag imirceoirí as Éirinn le díormaí coiriúlachta i nGlaschú an méid scéalta atá fós gan insint sa leagan oifigiúil de stair na tíre seo.
Dronga Coirpeach criminal gangs
" *’ Dronga Coirpeach ======== Sa bhliain 1928 chuaigh toscaireacht de mhinistéirí go dtí an Rúnaí Baile, Sir William Joynson-Hicks, ag impí air srian a chur ar líon na nÉireannach a cheadófaí isteach go hAlbain.