Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
crith talún earthquake
" Deirtear leat cad is ceart a dhéanamh má bhíonn crith talún ann.
creathanna vibrations
" "Nuair a bhuailtear an ghabhlóg thiúnta líontar an spás folamh thart timpeall air le creathanna beaga atá inláimhsithe .
creatha fuachta cold shivers
" Ní thiocfadh léi a rá cá fhad is a bhí sí ina suí ansin, ach thug creatha fuachta uirthi bogadh sa deireadh.
ar crith le sceon shaking with terror
" Má bhíonn turasóirí ar bith fágtha faoin am seo, bíonn siad ar crith le sceon.
éifeacht creatha talún earthquake effect
" In iMovie, mar shampla, is féidir mír físe a chur ag croitheadh chun éifeacht creatha talún a chruthú agus na dathanna a athrú go *sepia *chun go bhféachfadh an íomhá níos sine.
crith shaking
" " An reifreann ======= Éiríonn Titley feargach agus tagann crith ina ghlór nuair a thosaíonn muid a phlé an reifrinn ar shaorántacht a bheas ar siúl in Éirinn ar an 11 Meitheamh.
creatha shivers
" bunúsmost cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me faraoralas leaspáindancing, coloured lights before eyes ag gliosarnachglistening dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury le míshuaimhneasuneasily clóscríobhántypewriter úsáid inteachtsome use i sruthannain torrents (of words) ainmhí fiáinwild animal teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink déistinnausea samhnasdisgust ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt buarthaworried scalltawretched, puny sa bhúireachin the roaring ag preabarnaílthrobbing aicíd ghallda inteachtsome foreign disease folcadh mór fadaa very long bath tintreacha ifrinnthe sparks of hell i dtólamhalways galar na dúiseachtathe disease of wakefulness bándeargpink níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me seileogaspits mo mhacasamhailsethe likes of me doilighdifficult mo phlucmy cheek nimhneachsore conáiltefreezing ailleog cheoilburst of song i mo chuid samhlaíochtain my imagination creathashivers trupnoise gnúisface farraige fhíochmharferocious sea go fuarbhruitelistlessly ealaíswans faitíos millteanacha great fear tráidiretray
creatha fuachta cold shivers
" " "Ní dhearna," arsa Risteard, "ach tá mé ag meas nár shíl tú sin agus creatha fuachta ort agus eanglach i do chuid méar.
ar crith leis an fhuacht shaking with the cold
" Agus Réamó ag doirteadh *amach *cupán tae eile dó féin deir sé le hÉamó dul suas agus comhairle a chur ar an chréatúr bhocht *thuas *staighre sa seomra folctha atá ar shiúl sa chloigeann agus ar crith leis an fhuacht.
crith talún earthquake
"crith talún ======= Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche.
creathanna tobanna talún sudden earthquakes
" Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn.
ar crith shaking
" “Och, cad é atá déanta agat, a Artair?” Ba trína allas, agus é ar crith, a chonaic sé a colainn dhea-chumtha.
ar crith shaking
" Ní raibh aon dochar ann ar aon nós agus, cé go mbínn ar crith agus mé ag gabháil fhoinn asam féin, bhain mé an-sásamh as a bheith ag casadh le cór na scoile agus i ngrúpaí.
creathanna fuachta trembles of cold
" I lár na heaglaise, tá seanstaighre cloiche corraiceach a théann síos go dtí an lusca, a chuireann creathanna fuachta ort.
ar crith ar bhealach armónach lena chéile. shaking in a harmonious way together.
" Nuair a bhíonn gach rud ag obair i gceart lena chéile bíonn an veidhlín agus na sreanga atá air, an bogha, agus fiú an veidhleadóir féin, agus iad ar fad ar crith ar bhealach armónach lena chéile.
faoi bholcáin, creatha talún agus faoin gcultúr Maorach. about volcanoes, earthquakes and the Maori culture.
" Tá neart taispeántas idirghníomhach ann agus ranna éagsúla faoi bholcáin, creatha talún agus faoin gcultúr Maorach.
crith talún, earth quake
" Ní hamháin go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh loingseoireachta agus ó thaobh threorú carranna de, ach is mór an cuidiú é an córas satailíte má tharlaíonn éigeandáil – tuile nó crith talún, cuir i gcás – aon áit ar domhan.
crith talún earth quake
" Thit margadh na foirgníochta as a chéile mar a bheadh crith talún ann.
crith talúin earth quake
" Cuireann sí ceisteanna ar nós; conas a thiontaigh tromlach an iarainn go deannach? Ar an suíomh, tá mórchuid plé faoi 9/11, cúrsaí aimsire, crith talúin, an 'gléas troda fuinimh dírithe', NikolaTesla agus seanhippy ó Vancouver - John Hutchison.
crith talún earthquake
" I bhfad ó bhaile chonaic muid uafás an tsunami agus crith talún Háítí.
crith talún earthquake
" Tharla crith talún faoin bhfarraige san Aigéan Indiach 26 Mí na Nollag 2004 ba chúis leis an saoiste báite, nó an súnámaí, is mó a bhfuil cur amach ag domhan mór an lae inniu air.
crith talún earthquake
" In ainneoin an dochar a rinne crith talún agus creachadóirí ar an fhoirghneamh, maireann sé go fóill ina chomhartha de chumhacht Impireacht na Róimhe.
ar barr creatha quaking
" Tá an scannán beo agus ar barr creatha, go deimhin, le hachrainn teaghlaigh, le héad agus le cumhachtaí dorcha an tsaoil.
crith talún earthquake
" Dúirt sé gur tháinig an smaoineamh chuige an píosa seo a chruthú i ndiaidh an crith talún a tharla i Sichuan i 2008 agus chonaic sé scoil a bhí i ndiaidh titim isteach uirthi féin.
crith beag talún a small earthquake
" Ar éirigh leo? Anseo i Nua-Eabhrac bhí crith beag talún againn an tseachtain seo caite.
ar barr creatha shaking from head to toe
" Bhíos féin amuigh ag tabhairt bia do dhaoine nuair a chonaic an dream s’againn John Byrne agus é ar barr creatha leis an bhfuacht ar Dhroichead Uí Chonaill oíche Dhomhnaigh, an 3ú Iúil.
an crith talún the earthquake
" Rinne an crith talún a tharla ansin ar an 6ú lá de mhí Aibreáin 2009 dochar mór don séipéal beag áitiúil ansin – Séipéal San Lorenzo.
ar crith agus go humhal cringing and humble
" Ar Maos in Umhlaíocht ========== Mhínigh sé an fhadhb seo do dhochtúir Breatnach amháin agus dúirt go gceapann Éireannaigh a théann fé bhráid na ndochtúirí gurb ionann an triail sin is a “mar a ghabhfá isteach ós comhair maithe móire nó tiarna talún fadó, ar crith agus go humhal.
an crith talún the earthquake
" Tharla an crith talún nuair a bhí muid insa Tuirc, 1999.
ar barr creatha shaking head to foot
" Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é.
ar barr creatha le binb is alive with rancour
" Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ar barr creatha le binb, deir Brian Ó Broin.
gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin we ought to shake ourselves
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.