Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chriticeoirí critics
" Ní haon ionadh é sin mar go bhfuil ardmholadh faighte aige ó chriticeoirí le bliain go leith anuas.
lucht cáinte na heaglaise church critics
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
criticeoirí critics
" Scríbhneoir cruthaitheach is ea mé ach san ollscoil bhíos i gcampa an namhad, na criticeoirí.
lucht na léirmheastóireachta critics
" Tá andúil agam i scríbhinní Mháire, nó tá Gaeilge iontach iontu, cibé locht atá orthu mar litríocht - agus sílim go bhfuil an iomarca déanta de na lochtanna ag lucht na léirmheastóireachta.
criticeoir scannán film critic
" Tháinig a lán altanna suimiúla chun tosaigh, ina measc altanna le Godfrey Cheshire, criticeoir scannán sna Stáit Aontaithe, le Ziba Mir-Hosseini, taighdeoir ag Ollscoil Londan, agus le Dr Jamsheed Akrami, léachtóir sa Stáit Aontaithe.
lucht cáinte critics
" Ach tá an lucht cáinte ciúin go maith le píosa mar go bhfuil seans maith anois ann go dtógfar é.
criticeoirí critics
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
chriticeoirí na díthógála the deconstruction critics
" ) Ba dhuine de lucht leanúna scoil na Ginéive i dtús ama é ach, mar a tharlaíonn, d'athraigh a chuid smaointe in imeacht na haimsire agus bhí sé le háireamh ar ball ar chriticeoirí na díthógála a bhí ag saothrú in Yale.
chriticeoir critic
" ) Ba dhuine de lucht leanúna scoil na Ginéive i dtús ama é ach, mar a tharlaíonn, d'athraigh a chuid smaointe in imeacht na haimsire agus bhí sé le háireamh ar ball ar chriticeoirí na díthógála a bhí ag saothrú in Yale.
lucht a cháinte its critics
" Beidh sé níos deacra ag lucht a cháinte, dá bharr seo, cur ina leith nach bhfuil ann ach seó aonaigh.
ár Léirmheastóir Liteartha our Literary Critic
" "Níl ann ach cuid mhór seanchaca!" a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide: Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: *The McGlinchy Commode*.
lucht a cháinte his critics
" Cé go ndeir uachtarán reatha Wikipedia, Jimmy Wales, nach mbeidh an suíomh ach chomh maith leis na scríbhneoirí agus leis na heagarthóirí a bheidh ag obair air, deir lucht a cháinte nach bhfuil sé seo maith go leor.
lucht cáinte na nguthán póca mobile phone critics
" Ach easaontaíonn lucht cáinte na nguthán póca, daoine mar an síciteiripeoir Rozie Friedman, leis an mheon seo, agus deir siad go bhfuil sé mar chuid de “Chultúr an Fhaitís” atá tagtha chun cinn ar fud na Stát Aontaithe ó tharla ionsaithe 11 Meán Fómhair.
criticeoirí critics
" Dúirt Hugh Mulholland, stiúrthóir an ghrúpa Éireannaigh, gur deis mhór é seo do na healaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint sa *Biennale *agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go spreagfadh an chuairt seo spéis criticeoirí agus stiúrthóirí ealaíne idirnáisiúnta sa saothar suntasach neamhghnách atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo faoi láthair.
lucht a gcáinte their critics
" Déarfadh lucht a gcáinte nach bhfuil i bhfeachtas an chúigir atá i bpríosún ach sampla eile den *nimby*achas atá rábach ó cheann ceann na tíre.
na criticeoirí ealaíne art critics
" Ar chúiseanna pearsanta fosta, tá Brian míshásta le cuid de “mhóruaisle” an deiscirt, na criticeoirí ealaíne.
léirmheastóir ealaíne art critic
" “This is an object that is so forthright, so plain, that it falls short of being art,” dar leis an léirmheastóir ealaíne Jonathan Jones.
léirmheastóir ceoil music critic
" Chaith sé roinnt blianta mar léirmheastóir ceoil leis an *Examiner* freisin.
criticeoirí critics
" Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!” Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí? “Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
lucht a cháinte his critics
" Chuir lucht a cháinte ciníochas ina leith.
cuid dá lucht cáinte some of his critics
"cuid dá lucht cáinte marbh anois agus Dixon chomh beo gránna is a bhí riamh.
léirmheastóir critic
" “Tháinig a láidreachtaí éagsúla le chéile go foirfe,” a scríobh an léirmheastóir Leonard Maltin ina leabhar *Of Mice and Magic: A History of American Animated Cartoons*.
an lucht critice the critics
" Deir sé go raibh an lucht critice an-dian orthu, fíochmhar, fiú.
critic neamheaglach fearless criticism
" Ach tá ábhar ansin ar cheart do gach duine ar spéis leis critic neamheaglach a léamh arís agus arís agus is trua nár scríobh tuilleadh ar an réimse seo nó tugann siad léargas breá ar mheon an Phiarsaigh agus ar a dhearcadh i leith na staire.
criticí an chogaidh critics of the war
" Ar ndóigh, tá saorchead anois ag criticí an chogaidh na cosúlachtaí idir Vítneam agus an Iaráic a fhógairt go poiblí.
cáinteoirí critics
" Glacann cuid mhaith cáinteoirí leis gurb é díomas Bush agus a chomhairleoirí is cúis leis an tsáinn ina bhfuil an tír anois.
an-mholadh ó lucht critice. high praise from the critics.
" Is é seo an dara leabhar dá cuid atá dírithe ar dhaoine fásta agus fuair *Bás Tobann*, an chéad leabhar uaithi, an-mholadh ó lucht critice.
léirmheastóirí, critics, reviewers
" Foilsíodh anuraidh é agus scríobh léirmheastóirí, cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, léirmheasanna an-dearfacha mar gheall air.
léirmheastóirí fáidhiúla prophetic critics
" ” Is é gnó Ware, mar sin, léirmheas a dhéanamh ar na léirmheastóirí fáidhiúla agus déanann sé sin ar bhealach simplí – scríobhann sé aiste ghairid ar na daoine is mó as an aois seo caite a chuaigh i bhfeidhm air féin.
lucht léirmheastóireachta critics
" ’ Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud.
lucht critice critics
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
criticeoirí scannáin film critics
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
léirmheastóra oinigh honorary critic
" Eisean a chaith súil an léirmheastóra oinigh ar scannáin d’irischlár tráthnóna RTÉ2.
léirmheastóir critic
" Chreid sí go raibh claonadh *‘macho’* ina gcuid oibre siúd agus lean sí a bóthar féin go dtí go bhfaca an léirmheastóir, Lucy Lippard, a cuid oibre i 1966 agus bhain úire agus éagoitinne a saothair geit aisti.
léirmheastóirí critics
" Cuireann léirmheastóirí an dóigh go mbaineann sé feidhm as canúint Bhaile Átha Cliath ina chuid leabhar i gcosúlacht le drámaí Sheáin Ó Casey agus tá Roddy Doyle sásta a thionchar a admháil: *“I revere him.
aiste fhada chritice a long critique
" Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
lucht critice the critics
" O Brien - Hunter McCracken - Jack O Brien Óg - Seán Penn - Jack O Brien Mór - Fiona Shaw - An tSeanmháthair Mar seo leanas a labhair lucht critice faoi *‘The Tree of Life’:* Peter Bradshaw, ‘The Guardian’ - *‘an unashamedly epic reflection of love and loss’.
léirmheastóirí gairmiúla professional critics
" Ní sin an sórt cainte a chloisfeá tar éis taispeántas preasa ina mbíonn na léirmheastóirí gairmiúla Éireannacha i láthair.
léirmheastóireachta critic’s (column)
" Ina cholún léirmheastóireachta san *‘Observer’* scrí Clive James mar seo leanas: *‘A man is born to do one thing,’ Colm C.
thréad an cháinte the critics
" Don dara mí as a chéile, molaim dibh gan aon cheann a thabhairt do thréad an cháinte.
léirmheastóirí sna meáin chumarsáide critics in the media
" Éacht, gan amhras ar bith, a rinne an dream a chuir TnaG ar an aer ó thaobh lucht féachana a mhealladh agus ó thaobh aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár ó léirmheastóirí sna meáin chumarsáide.
na criticeoirí doirte di the critics love her
" 
Tá Julie i ndiaidh sraith choirmeacha rathúla a dhéanamh i Nua-Eabhrac agus na criticeoirí doirte di; tá sí i ndiaidh a bheith ag ceol le cóir i 10 n-ionad éagsúla; tá sí ag scríobh ceoldráma faoi láthair agus, idir eatarthu, rinne sí taighde ar a ginealach féin.
léirmheastóir chantalach éigin some cantankerous critic
" Rinne Seoirse Mac Clúin iarracht ceachtanna Matthew Arnold a mhúineadh do lucht na Gaeilge ina leabhar Infhiúchadh ar Phrionnsabail, Fuirmeacha agus Léirmheastóireacht na Litríochta (1926), leabhar a mhol “*the Arnoldian view of literature as a criticism of life…*” Chuir léirmheastóir chantalach éigin i gcoinne an leabhair seo de dheascaibh na bhfoinsí Breatanacha, ach go háirithe Arnold agus aistí dianmhothaitheacha radacacha William Hazlitt agus rinne sé gearán mar gheall ar “dath gallda” iarracht Mhic Clúin.
t-aon chriticeoir saolta only human critic
" Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’*12 Years a Slave*’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.
an léirmheastóir the critic
" Dúirt Giacometti, agus é ag caint leis an léirmheastóir David Sylvester gur rud neamhdheontach a bhí ina mhodh oibre agus gur mheas sé féin go raibh fírinne agus beocht ag baint le comhréireanna caola a chuid dealbh nár mhothaigh sé nuair a d'amharc sé ar dhealbhóireacht chlasaiceach.
shaothair chritice critical works
" Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.
shaothair chritice critical works
" Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.
léirmheastóir critic
" Cé gur tógadh an gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus léirmheastóir Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath tá oiread scríofa aici i nGaeilge is atá sa Bhéarla.
criticeoirí teilifíse television critics
" Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár “Ní Gaeilgeoir mé” nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis.
lucht na géarmheastóireachta the intense critics
" Tá Pat Butler ag dul in aghaidh lucht na géarmheastóireachta an iarraidh seo arís agus molann sé dúinn súil a chaitheamh ar aisteoireacht François Damiens agus Audrey Tautou in ‘La Delicatesse’.