Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge the International Committee of the Red Cross
" Dá bharr sin, deir Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur cheart go mbeadh cosc ar bhuamaí crobhainge a úsáid in éadan spriocanna míleata i gceantracha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.
ag bun na Croise at the bottom of the Cross
" Ar ndó, bhí sí freisin ag bun na Croise fadó nuair a bhí Mac Dé ar crochadh uirthi.
Thuras na Croise the Stations of the Cross
" Is cuimhin leis comhrá Gaeilge a bheith aige ar an 15 Lúnasa, 1933 le seanmhná in Óméith a bhí ag déanamh Thuras na Croise.
thuras na croise the stations of the cross
" * Seanbhean a bhíonn i bpáirt Maurya sa dráma sin go minic, ach tá máithreacha i bhfad níos óige feicthe agamsa a chuirfeadh Pietà Michaelangelo nó an tríú stáisiún déag de thuras na croise i gcuimhne, Muire an Mháthair, le corp stromptha a mic ina baclainn aici.
chosa croise stilts
" Bhí lámhchleasaithe ann, agus daoine ag siúl ar chosa croise.
leac croise cross-slab
" An dealbh is fearr atá faighte go dtí seo ná leac croise atá thart fá thrí mhéadar ar airde, agus snoíodóireacht álainn chasta ar an dá thaobh di.
na céadta coinneal i gcruth croise hundreds of candles were placed in the shape of a cross
" Ar Chearnóg Pilsudski i lár na cathrach, cuireadh na céadta coinneal i gcruth croise in ómós don iar-Phápa.
mar aon le hualach na croise ar a dhroim as well as the burden of the cross on his back
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
na Croise Naofa Holy Cross
" Sa mhír ar an Uileloscadh, cheol páistí ó Scoil na Croise Naofa Ode to Joy de chuid Schiller (agus cuid de 9ú Siansa Beethoven) mar chomhartha greannaithe dá ngardaí géibhinn ach d'amharc muid go héidreorach ar na páistí ag dul thart linn i leoraí oscailte a fhad leis an bhás, sceimhle ina súile agus réaltaí buí ar a gcótaí.
ar chaitheamh na croise móire the wearing of the large cross
" Maíonn an rialtas PQ go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le beartas seo na cairte, a chuirfeadh cosc ar chaitheamh na croise móire, an burqa, an hijab, agus an yamalke d’éinne a oibríonn sa chóras poiblí - státsheirbhísigh, múinteoirí, altraí agus dochtúirí san áireamh.