Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cruálacht cruelty
" Cruálacht na Seapánach an rud is mó a d'aidhn spéis na ndaltaí scoile agus mise ag éirí aníos, a dúrtsa leis, go háirithe na pionóis a chuirtí ar phríosúnaigh cogaidh.
chruálacht an bháis the cruelties of death
" Mar sin de, agus na daoine óga seo ar fad chomh corraithe sin, agus iad breá sásta a bheith ag crostacht leo, an bhféadfadh saothar Sheridan dul i bhfeidhm orthu, gona scéal casta grá, faoin streachailt a bhíonn le déanamh ag tuismitheoirí, agus faoi chruálacht an bháis? An bhféadfadh scéal Éireannach an croí a bhogadh ag na déagóirí seo, as áiteanna ar fud an domhain mar Háití, Boisnia, an Cholóim agus Portó Ríce ina bhfuil saol an-chorrach ag daoine? An-tógtha leis ======= Múchadh na soilse, agus tosaíodh ag taispeáint an scannáin, agus roimh i bhfad ba léir go raibh na daoine óga seo as Manhattan an-tógtha le scannán an stiúrthóra Éireannaigh.
cruálacht cruelty
" Baineann brúidiúlacht agus cruálacht leis an eachtra agus íocann an teaghlach agus an pobal áitiúil go daor as sa deireadh.
chruálacht an tsaoil and life’s hardship(s)
" Castar gach fonn le dearfacht agus le stuaim– tréithe nach mbíonn ach ag an té a thuigeann idir áilleacht agus chruálacht an tsaoil.
cruálacht cruelty
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.